ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 3 - Carmel Broderick, Tionscadal Virtually There, Múinteoir Bunscoile,


Carmel Broderick

 

Is múinteoir Rang 5 í Carmel Broderick i Scoil Náisiúnta Eoin, Balúnach, Trá Lí, Co.Chiarraí. Scoil mhór le trí shruth de gach bliainghrúpa agus os cionn sé chéad dalta.  Tá Carmel, agus a rang, meascán de chailíní agus buachaillí, ag glacadh páirt in Kids' Own Publishing PartnershipVirtually There  faoi láthair, Tionscadal Ealaíontóra Cónaitheach i gcomhar leis an ealaíontóir Lucy Hill.

 

Tá an blag seo mar chuid de chomhshraith le Virtually There, Ealaíontóir Cónaitheach Lucy Hill



Tionscadal Virtually There le Kids’ Own Publishing Partnership

Thosaigh Virtually There le teacht le chéile d’ealaíontóirí, múinteoirí agus eagraithe in Ionad Tacaíochta Oideachais Laoise.  Roimh ré, bhí orainn, na múinteoirí agus na healaíontóirí, cur i láthair gairid a ullmhú fúinn féin, agus sa chur i láthair seo thug mé na cúiseanna ar theastaigh uaim go mbeadh mo rang páirteach. Meabhraím gur mian liom go mothódh mo rang saor le bheith cruthaitheach, samhlaíoch agus ábhair agus a n-úsáidí a iniúchadh. Theastaigh uaim go háirithe go mbogfadh mo rang ar shiúl ó chóipeanna glana a tháirgeadh den ealaín a thaispeáin mé dóibh.  Theastaigh uaim freisin mo nósanna teagaisc féin a éagsúlú agus céim a ghlacadh ar shiúl ón ngnáthamh de phictiúr a phéinteáil do rang ealaíne. Bunaithe ar an gcur i láthair a thug gach duine a bhí páirteach, cuireadh na múinteoirí ina bpéirí le healaíontóir ansin. Ba phríomhchuid é seo i rath an tionscadail, Virtually There, i mo thuairim. Bhraith mé gur éascaigh mo phéireáil leis an ealaíontóir Lucy Hill, atá lonnaithe i gCaisleán an Bharraigh, an tsaoirse agus na ranganna ealaíne spreagúla a ba mhian liom i mo chur i láthair tosaigh.

Mar is amhlaidh le gach tionscadal nua d'fhiafraigh mé an bhfreagródh an rang go maith agus an dtabharfaidís faoin bpróiseas.  Bhí smaointe iontacha ag Lucy, shocraigh muid ar na hamanna agus sceidil, áfach, bhí an ealaín ag dul a bheith an-éagsúil leis an méid a raibh taithí ag na páistí air  agus go mbeadh na páistí ina ndearthóirí, ina n-ailtirí agus ina n-aireagóirí ar an méid a bhí siad a ghabháil a dhéanamh.  Cabhraigh sé ár gcéad lá de Virtually There a dhéanamh ina lá iomlán ealaíne, agus Lucy i láthair don lá ar fad, leis an tuiscint a thabhairt do na páistí gurbh ionann Virtually There agus rud a chruthú a bhí nádúrtha dóibh féin.

Tugadh roinnt ealaíontóirí cáiliúla a oibríonn le hábhair éagsúla isteach do na páistí ar an gcéad lá. Ina dhiaidh sin bhí stáisiúin taiscéalaíochta ann le 2T, 3T agus obair dhaite mar rogha. Ní raibh aon srian ná teorainn ar an stáisiún a bhféadfadh na páistí dul chuige ná ar na hábhair a d'fhéadfaidís a úsáid. Bhí siad gealgháireach le spleodar agus bhí iontas orthu go raibh cead acu pé rud a bhí uathu a úsáid. Bhí sé iontach páistí a fheiceáil, a dteastaíonn go leor treorach uathu de ghnáth, ag obair go neamhspleách agus toisc nach rabhamar dírithe ar an táirge críochnaithe, ní raibh aon faitíos ann maidir le rud éigin a chruthú a raibh cuma fhoirfe air.

Bhí ár gcéad cheacht ealaíne fíorúil le Lucy beo ar Skype i rith an cheachta. An rud a thaitin go mór liom faoin dara seisiún ná an éagsúlacht sna próisis i dtréimhse ghearr ama. Cuirfidh sé bonn faoin iliomad rang ealaíne dom sa todhchaí. Chaith na páistí roinnt ama ag tarraingt agus marcóirí in úsáid, dhírigh siad ar an gcaoi a bhféadfaí ábhair a chomhcheangal le chéile chun rud éigin nua a chruthú, ghlac siad grianghraif dá gcuid smaointe agus solas agus cúlra in úsáid agus chríochnaigh siad lena ndéantús a chur le chéile agus grianghraf a ghlacadh díobh sa timpeallacht lasmuigh. Ba bhuaicphointe é ag na páistí a bheith ag obair amuigh faoin aer agus smaointe á gcur le chéile ag baint úsáide as aimsir, timpeallacht agus spreagthacha amhairc.
D'éirigh na páistí an-chompordach ag obair sa timpeallacht ealaíne seo, áit a raibh réiteach fadhbanna agus innealtóireacht mar thoisc chun a gcuid dearaí a threorú agus bhí muinín acu anois triail a bhaint as ábhair agus modhanna nua dóibh féin. Bhí obair aonair, obair i mbeirteanna, obair i ngrúpaí beaga agus grúpa móra i ngach seisiún a bheag nó a mhór i gceist le Virtually There. Bhí ar a laghad cúig smaoineamh ealaíne éagsúla i ngach seisiún, agus mar a bhí ag súil leis, bhí Lucy agus mé féin á n-éascú cruthaitheach na bpáistí in áit a bheith ag insint dóibh an méid le déanamh.

In achar gearr ama, spreagadh mo rang go mór agus a gcuid samhlaíochta freisin. Tá neart smaointe agam chun bonn eolais a chur faoi mo cheachtanna san ealaín amach anseo tá mo spriocanna don rang i rith Virtually There bainte amach agam. D’fhorbair Lucy caidreamh iontach leis na páistí agus bhí siad ag tnúth go mór le gach seachtain. Bíodh is go raibh Lucy ar Skype i rith ár gceachtanna ealaíne níor mhothaigh na páistí riamh nach raibh Lucy mar chuid dá rang ealaíne, tar éis dóibh rud éigin a chruthú, léireodh na páistí a saothair agus mhíneodís iad dó Lucy trí Skype. Is cinneadh ionspioráideach é scileanna a thabhairt chuig seomra ranga go fíorúil, rud a chabhraíonn linn mar mhúinteoirí oideachas ilghnéitheach reatha a chur ar fáil do pháistí.

​Tá an blag seo mar chuid de chomhshraith le hEalaíontóir Cónaithe Lucy Hill mar chuid de Virtually There, Tionscadal Ealaíontóir Cónaitheach de chuid Kids' Own Publishing Partnership.​ 

Ealaíontóir Cónaitheach, Lucy Hill; Aoi-Bhlaganna sa tsraith; Blag 1 ar fáil anseo agus Blag 2 ar fáil anseo.



Foilsithe

30/1/2017

Leibhéal

Bhunscoile

Réigiún

Ciarraí