ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 4 - Carmel Broderick, Múinteoir Bunscoile, Tionscadal Virtually There


Kids' Own Virtually There project, image by Lucy Hill

Carmel Broderick

 

Is múinteoir Rang 5 í Carmel Broderick i Scoil Náisiúnta Eoin, Balúnach, Trá Lí, Co.Chiarraí. Scoil mhór le trí shruth de gach bliainghrúpa agus os cionn sé chéad dalta.  Tá Carmel, agus a rang, meascán de chailíní agus buachaillí, ag glacadh páirt in Kids' Own Publishing PartnershipVirtually There  faoi láthair, Tionscadal Ealaíontóra Cónaitheach i gcomhar leis an ealaíontóir Lucy Hill.

 

Tá an blag seo mar chuid de chomhshraith le Virtually There, Ealaíontóir Cónaitheach Lucy Hill



Táimid mar mhúinteoirí ag éirí róghafa i dtáirgeadh ealaíne a bhfuil cuma mhaith air ar chlár taispeána agus nach bhfuil aon lochtanna uirthi. I mo thaithí féin níl na páistí ag dul i ngleic leis an ngnáthamh seo agus tá siad ag santú níos mó saoirse chun botúin a dhéanamh, rudaí a thriail níos mó ná uair amháin agus go leor ábhar difriúil a úsáid. Tá sé deacair ceacht ealaíne spreagúil a aimsiú do gach seachtain, go háirithe do ranganna níos sine mar tá go leor acu a rinne nó a d’úsáid múinteoirí cheana. Nuair a mhol mo phríomhoide Virtually There, bhí mé fiosrach faoi, ach bhí leisce orm dul i mbun a leithéid seo de thionscadal mar gheall ar an ngá le taithí mhaith TF a bheith againn agus cé chomh teoranta is atá ár dteicneolaíocht sa seomra ranga.

Lá taitneamhach d’obair bheirte idir an múinteoir agus an t-ealaíontóir a bhí i gceist le hionduchtú Virtually There. Ba bhealach iontach é le haithne a chur ar a chéile sular thosaíomar ar iarracht a dhéanamh ar an tionscadal féin a eagrú. I dtús báire, shíl mé go raibh sé deacair an tionscadal a chomhordú mar go raibh m'ealaíontóir don tionscadal, Lucy Hill​, lonnaithe i gCathair na Mart, Co. Mhaigh Eo agus mé féin ag múineadh i dTrá Lí, Co. Chiarraí. Le seoltaí ríomhphoist agus uimhreacha gutháin roinnte ar a chéile, shocraigh muid cathain agus cén chaoi a ndéanfaimis an ealaín leis na páistí i Rang a 5. Níor ghá dom a bheith buartha. Bhí Lucy toilteanach agus ar bís cuairt a thabhairt orainn agus oibriú timpeall ár sceidil laethúil. Thriaileamar Skype cúpla uair roimh ár ndáta tosaigh agus d’fheidhmigh sé go foirfe. Mar sin féin, i rith an tionscadail cliseadh ar go leor glaonna agus go háirithe ar an lá deireanach, lá an-ghaofar ar chósta thiar na hÉireann, rud a d’fhág go raibh orainn dul i muinín ár gcuid fón. Ina ainneoin sin mhothaigh mé gur éirigh go h-an mhaith leis an tionscadal agus gur lean mé féin agus Lucy ar aghaidh leis an ealaín agus mé ag coinneáil i dteagmháil le cibé teicneolaíocht a bhí ar fáil.

Bhí dúil mhór ag mo rang sa tionscadal, ag fiosrú uigeachtaí agus ábhair nua den chuid is mó, agus an tsaoirse tugtha dóibh iad a úsáid ar aon bhealach ar féidir leo. Bhí gluaiseacht, saoirse, foghlaim, cumadóireacht agus spraoi ann. Bhí smaoineamh úrnua ann gach seachtain chun na páistí a spreagadh. Mhíneodh Lucy an smaoineamh i dtús báire, thabharfaidís a bhfreagraí agus moltaí sula luífidís isteach ar an obair. I rith gach gné den cheacht rachadh na páistí i dteagmháil le Lucy ar scáileán an ríomhaire glúine chun a ndul chun cinn a thaispeáint, ceisteanna a chur agus moltaí a fháil maidir le coincheapa dearaidh. Bhí sé seo mar chuid éifeachtach de Virtually There a chinntigh go raibh na páistí machnamhach maidir le cruthú agus thug sé treoirlíne dóibh maidir le conas a bhainfidís an sprioc amach sa cheacht ealaíne. Lena chois sin bhí na páistí ag tnúth le léirmhíniú Lucy ar an méid a rinne siad gach uair a chloisteáil. Spreag a hionchur iad a thuilleadh nó chabhraigh siad leo féachaint ar a raibh déanta acu ar bhealach nua.

Bhí an deis chun blagáil a dhéanamh faoinár dtaithí i rith Virtually There ar na gnéithe ba tharraingtí den tionscadal domsa. Shamhlaigh mé go mbainfinn sult as roinnt scileanna litearthachta a chur leis an tionscadal chomh maith le blagáil a dhéanamh ar thopaic thábhachtach ábhartha do na páistí a raibh a gcroí istigh inti. Ní raibh na páistí chomh tógtha sin leis an bpróiseas blagála is a raibh mé ag súil leis. D’fhéadfadh sé gur tharla sé seo mar gheall ar theorainn a bheith leis an am a bhí le caitheamh ar an mblagáil de bharr ábhair seomra ranga agus srianta eile seomra ranga. Bhraith mé freisin gur go raibh sé fadálach Word Press a úsáid chun íomhánna a athrú etc. agus bhí orm tréimhse fhada a chaitheamh ag déanamh formáidiú ar leagan amach an leathanaigh. Dá mbeadh an t-ádh orainn a bheith páirteach in Virtually There nó tionscadal eile den chineál céanna arís, dhéanfainn iarracht níos mó ama a thabhairt don bhlagáil agus thabharfainn níos mó saoirse do na páistí na hathruithe go léir a dhéanamh, agus b’fhéidir grúpa difriúil i gceannas ar gach blag seachtainiúil.

Is cinnte go mothaím gur spreag Virtually There mé ligean do pháistí éirí mínéata tríd an ealaín, chun deiseanna a thabhairt dóibh gach cineál ábhar a úsáid, chun iad a spreagadh chun a samhlaíocht féin a úsáid agus a bheith cruthaitheach seachas cóip ghlan a dhéanamh de phíosa ealaíne.



Foilsithe

22/2/2017

Foirmeacha Ealaíne

Foirm il-ealaíne

Leibhéal

Bhunscoile

Réigiún

Ciarraí