ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 1 - Kate Heffernan, Scríbhneoir


Rang a Trí ag an gCroí Ró-Naofa, Port Laoise

Kate Heffernan

Is scríbhneoir í Kate Heffernan nach raibh ina scríbhneoir i gcónaí. Bhíodh sí ag obair mar léiritheoir neamhspleách, mar dhearthóir agus mar eagarthóir, agus tá tionchar ag na nithe seo ar a cuid saothar. Bhain a céad dráma, ‘In Dog Years I’m Dead’ (léiriúchán de chuid ‘MIRARI Productions’) Gradam Iontaobhais Stewart Park an Drámadóra atá ag Teacht i gCrann amach sa bhliain 2013. Comhealaíontóir agus dlúthchomrádaí le Theatre Lovett, is í an scríbhneoir, dearthóir agus eagarthóir í chomh maith dá sraith clár mór le rá don lucht féachana óg. Tá Kate coimisiúnaithe ag an Mermaid Arts Centre faoi láthair chun ‘Live at the Montague’ a scríobh, taispeántas nua a fhiosraíonn stair seanóstáin ina baile dúchais, a bhíodh ina ionad ceol tíre agus atá ina ionad Soláthair Dhírigh anois. Is Ealaíontóir na Chéad Ghlúine Eile 2017 de chuid na Comhairle Ealaíon í Kate. In 2015, fuair Kate sparánacht ón gComhairle Ealaíon chun taighde agus iniúchadh a dhéanamh ar a tionscadal ‘Peat’ in éineacht le lucht féachana óg, téacs taibhithe do pháistí idir 9 agus 12 bhliain d’aois, a thosaigh mar iniúchadh ar fhia mór na mbeann nach ann dóibh níos mó. Is féidir leat súil a choinneáil ar dhul chun cinn ‘Peat’ agus saothair eile de chuid Kate anseo www.kateheffernan.ie

Ar an gcósta thoir, díreach ar imeall na hÉireann, tá portach ar a dtugtar Reilig an Fhia Mhóir. Anseo, rinneadh na céadta seanchnámharlach de chuid an fhia mhóir a thochailt amach as an móin.

Megaloceros Giganteus. Fia Mór na mBeann. An t-ollfhána deireanach ar oileán de, bhuel, neamh-ollfhána. Dhá throigh déag ar airde ó bhun na laidhre go barr na binne, ní raibh tásc ná tuairisc ar an bhfia mór in Éirinn ó thart ar 10,500 bliain ó shin, ní fios cén fáth: d’éirigh sé féin nó a chuid beann rómhór; rinneadh róshealgaireacht air; ídíodh a fhoinsí bia agus an domhan ag dul i bhfuaire. Bhí cónaí ar Fhia Mór na mBeann ar fud na hEorpa agus na hÁise, a chol ceathracha ar an Mór-roinn ag gluaiseacht leo soir, i dtreo na gréine, ag dul sa tóir ar shaol níos fearr. Le teacht na hOighearaoise, ba iad dream an oileáin seo a d’imigh gan tásc ná tuairisc i dtosach. Sáinnithe, gan aon áit eile le dul nuair a stop an sneachta ag leá.

In 2015, leag mé romham mo chuid scríbhneoireachta a iniúchadh agus a fheabhsú don lucht féachana óg. Tar éis na céad bliana a chaith mé i mbun taighde aonair, ag iniúchadh fhíorstair an fhia seo ar mhaithe le féidearthachtaí scéil a aimsiú, thosaigh mé ar an gcéim taighde i gcomhar le Rang a Trí an Chroí Ró-Naofa Phort Laoise agus leis an múinteoir Jennifer Buggie.

Tharraing ábhar Peat m’aird don aoisghrúpa seo mar gheall ar a chumas déileáil le smaointe coimpléascacha agus fírinne an tsaoil go bhfuil cónaí orainn i ndomhan a bhíonn gruama go minic. Bhí macallaí gréasáin Peatleathan agus tromchúiseach: an t-athrú aeráide, lorg carbóin, an bás, an díothú, an imirce: smaointe an duine fhásta a mbíonn baint laethúil ag páistí an aoisghrúpa seo leo. Agus níos gaire don chnámh: an chiall atá le bheith san áit is dual duit; an chaoi go n-airítear i gcorp agus i ndomhan atá ag athrú níos sciobtha ná mar a theastaítear.

Dhírigh mé ar shraith cheardlann sa seomra ranga do scríobh na drámaíochta seachas ar an ábhar féin, agus d’fhorbair mé an cur chuige bunaithe ar roinnt ceisteanna tosaigh: ó thaobh scéil de, cén chaoi a bhféadfadh píosa amharclannaíochta próisis smaointeoireachta shofaisticiúla agus mothúcháin chasta an lucht féachana a aithint agus meas a bheith aige orthu?; cén chaoi a bhféadfadh sé comhrá oscailte agus macánta faoin domhan mór fairsing ina mairimid a spreagadh, agus ag an am céanna treoir stuama thuisceanach a thairiscint chun do bhealach a dhéanamh tríd an ollfhairsinge sin?; cén chaoi a bhféadfadh an leagan amach amharclannaíochta modh difriúil le smaoineamh ar bhealach físiúil a mholadh - chun an lucht féachana a spreagadh a ndomhan a aithint mar rud ar féidir tionchar a imirt air, a láimhsiú, a chruthú, seachas mar rud a choinníonn srian orthu?

Mar scríbhneoir, táim an-ghafa le castacht an chultúir, na sochaí, na staire - leis an gcaoi go n-insítear, go gcuimhnítear ar, go gcoinnítear faoi smacht an scéal agus an stair, leis an gcaoi gur minic an chuma ar rudaí a tharla i bhfad ó shin go bhfuil siad an-ghar dúinn. Níl aon neart agam air ach lúb ar lár a aimsiú sa stair leis an méid a sceitear a fheiceáil.

Dhírigh an chéad cheardlann ar nádúr na scéalta, na scéalaíochta agus na miotaseolaíochta. Thosaigh mé trí phíosa scéalaíocht amharclainne a léamh don rang agus na súile dúnta acu - sliocht as The Encounter de chuid Complicite ina gcuimhníonn an príomhcharachtar ar an tráth a ndeachaigh sé go hiomlán ar strae sa dufair. Phléamar na híomhánna a samhlaíodh leis seo agus an mothú a spreag sé. Labhraíomar faoin gcuimhne, gur bunuirlis i mbosca uirlisí an scríbhneora í.

Spreagadh na scoláirí cuimhneamh ar thréimhse inar tháinig athrú ar rud éigin ina ndomhan féin. I mbeirteanna, roinn siad an chuimhne seo lena bpáirtí, agus labhraíomar faoin gcaoi a n-athraíonn an chuimhne go hiomlán nuair a insímid mar scéal do dhuine éigin eile í. Ansin iarradh ar gach duine scéal a pháirtí a insint don chuid eile den ghrúpa ag an mbord, iarradh orthu cloí leis na sonraí a chuala siad ach go gceadaítear cur le leagan amach agus ábhar an scéil chun go mbeadh sé ina scéal maith don lucht féachana. Uaidh sin amach, labhraíomar faoin athrú a thagann ar scéalta san athinsint, agus faoin gcaoi a dtagann miotais ar an saol.

Chuaigh na scéalta a d’inis agus a d’athinis na scoláirí i ngleic leis an saol, leis an mbás, leis an gcailliúint, leis an ngrá, leis an áthas agus leis an mbrón ar bhealaí a léirigh difríocht ollmhór san aibíocht mhothúchánach. Ba mhór an difríocht idir na freagraí a tugadh nuair a fiafraíodh díobh an fhreagracht a ghlacadh agus scéal duine eile a insint - ó mheas tuisceanach, go lúcháir dhiabhalta, go diomú agus agóid mar gurbh fhearr leo a cheann féin a insint. Spreag sé seo ann féin plé spéisiúil ó bhord go bord faoin gcomhchuimhne, scéalta coiteanna, reacaireacht, ag iompú i do charachtar, agus an té sa tsochaí a bhfuil cead aige labhairt thar ceann duine eile.

Bhí an griogadh deireanach bunaithe ar cheist a d’eascair as an bplé seo: cén chaoi a roghnaímid na scéalta a insímid? Dá réir sin thosaigh gach bord ag cur agus ag cúiteamh ar mhaithe le scéal amháin a roghnú a bheadh mar scéal a ngrúpa.

D’fhill mé roinnt seachtainí ina dhiaidh sin chun obair leis na scoláirí lena scéal a athrú ina phíosa amharclannaíochta.

Ba í Sparánacht na Comhairle Ealaíon maidir le Daoine Óga, Leanaí agus Oideachas a lig don fhorbairt tosaigh. Thacaigh Ionad Cultúrtha do Leanaí, an Áirc leis an bhforbairt in 2016. Le tacaíocht ón Áirc, ón Amharclannaíocht do Lucht Féachana Óg na hÉireann agus ó Chultúr Éireann, léiríodh taispeántas oibre atá idir lámha ag ‘On the Edge Birmingham’ Féile Dhomhanda na hAmharclannaíochta don Lucht Féachana Óg (stiúrtha ag Maisie Lee, léirithe ag Lloyd Cooney agus Nyree Yergainharsian)

[caption id="attachment_2211" align="alignnone" width="926"] Cnámharlach an fhia mhóir ag an Zú Marbh, Baile Átha Cliath[/caption]

Foilsithe

21/3/2017

Foirmeacha Ealaíne

Amharclann

Leibhéal

Bhunscoile

Réigiún

Laoise