ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 1 - Tom Dalton, Ealaíontóir & Oibrí Ealaíne


Tom Dalton

Is ealaíontóir agus oibrí ealaíon é Tom Dalton in Mayfield Arts Centre, Corcaigh. Is spás ealaíon tiomnaithe ar leith  é an t-ionad ealaíon atá lonnaithe i gcroílár Bhaile na mBocht i gcathair Chorcaí, ag Newbury House Family Centre. Cuireann Mayfield Arts deiseanna ar fáil do rannpháirtithe nascadh, foghlaim, machnamh a dhéanamh agus gníomhú trí phróisis chruthaitheacha. Is sampla é de dhea-chleachtas i réimsí na n-ealaíon pobail, an ionchuimsiú sóisialta, oideachas neamhfhoirmeálta agus pobail. Forbraíonn, bainistíonn agus soláthraíonn Mayfield Arts cláir ealaíon, oiliúna agus oideachais i gcomhairle leis an bpobal áitiúil agus soláthraíonn sé rochtain ar ghníomhaíochtaí agus próisis ealaíne a éascaíonn forbairt phearsanta agus pobail do dhaoine ar gach leibhéal cumais.  Is céimí de chuid Choláiste Ealaíne agus Deartha Crawford, Institiúid Teicneolaíochta Cheatharlach é. Tá ról ag Tom san ionad ealaíon tacú le forbairt ealaíonta agus chruthaitheach na n-ealaíontóirí stiúideo Cúig trí mheantóireacht aonair agus ghrúpa. Is grúpa de chúigear ealaíontóirí é Cúig ealaíontóir i stiúideonna tacaithe in Mayfield Arts Centre. Tá an tionscadal Cúig, le tacaíocht ó POBAL, in Mayfield Arts Centre ó 2008, agus is é an t-aon stiúideo tacaithe dá leithéid sa tír. Comhordaíonn agus éascaíonn Tom tionscadail for-rochtana do ghrúpaí scoile agus pobail ar fud na cathrach.



“What I Do When I Feel Blue”

Is féidir le blianta na ndéaga agus an luath-aosacht a bheith iontach deacair do bhealach a dhéanamh tríothu. De réir ‘My World’ National Survey of Youth Mental Health, bhí deacrachtaí meabhairshláinte ag duine amháin as gach triúr daoine óga ag pointe éigin (Headstrong agus Scoil na Síceolaíochta COBÁC, 2012).

Is féidir le daoine óga straitéisí chun déileáil le ceisteanna agus féinmheas a fhorbairt chun cosaint láidir a chur ar fáil dóibh féin agus iad ag bogadh isteach san aosacht. Tugann suíomh meánscoile deis teagmháil a dhéanamh le daoine óga sna blianta a bhfuil tionchar acu orthu agus uirlisí a chur ar fáil chun teacht aniar meabhrach agus mothúchánach a fhorbairt, rud a thugann scileanna dóibh chun déileáil leis na cora agus castaí isteach san aosacht agus níos faide anonn. Maoinithe ag Páirtíocht Chruthaitheach (NAPD) agus Coláiste Phádraig, is tionscadal beochana comhoibritheach é “What I Do When I Feel Blue” idir Mayfield Arts Centre agus Coláiste Phádraig i gCorcaigh.

Shainaithin June McCarthy, comhordaitheoir na hIdirbhliana, mian ar son na scoile go dtabharfadh daltaí faoi réimsí an mheabhairshláinte, folláine, piarthacaíochta, pobail agus muintearais. Tá dlúthcheangal ag Coláiste Phádraig le Mayfield Arts agus í páirteach i gcuid mhór Tionscadal Rannpháirtíochta Cruthaitheacha leo i gcaitheamh na mblianta. Thug cruinniú tosaigh le June deis dúinn tuiscint a fháil ar ghrúpa na ndaltaí ina iomlán, foghlaim faoina n-eispéiris leis an ealaín roimhe seo agus barúil a fháil ar a raibh súil acu féin agus ag an scoil a bhaint amach tríd an tionscadal seo. Níor fíosraíodh an scannánaíocht riamh ar Choláiste Phádraig, agus chonacthas go raibh sé oiriúnach, go háirithe don chineál seo tionscadail. Is meáin chumarsáideacha, inrochtana agus spraíúla iad físeáin agus beochan íomhá ar íomhá le bheith ag obair leo. Tugann an cumas a scannán a roinnt trí na meáin shóisialta agus Youtube éifeacht d'obair na ndaltaí freisin.

Gach Aoine ar feadh sé seachtaine, rinne grúpa de dháréag cailíní san idirbhliain an turas gairid suas an bóthar go Mayfield Arts. Don chuid is mó de na cailíní, ba é a gcéad uair dul isteach san fhoirgneamh. Tugadh bunphrionsabail na scannánaíochta agus beochaintí íomhá ar íomhá isteach do na daltaí ar an gcéad lá. Baineadh úsáid as taispeántais sleamhnán, taispeántais, samplaí agus réamhchleachtaithe. Nuair a bhí an grúpa eolach ar an bpróiseas, shuíomar go léir le chéile, d'ólamar tae agus rinneamar comhrá faoina gcuid smaointe don tionscadal. Tugadh cuireadh do na daltaí ceisteanna tábhachtacha a théann i bhfeidhm ar a saol agus ar shaol a bpiaraí a ainmniú agus freagairt a thabhairt orthu. Chuaigh macántacht na gcailíní i bhfeidhm orm agus a scéalta á roinnt acu. Trí chomhráite éascaithe, ba léir go raibh an grúpa ag iarraidh rud dearfach a chruthú a d'fhéadfadh cabhrú lena gcairde agus daoine eile a bhfuil deacrachtaí acu.

Chuamar i mbun liosta a chur le chéile de na rudaí a dhéanann siad nuair a bhíonn siad in ísle brí; rudaí a d'fhéadfadh a meanma a ardú i dtréimhsí deacra. Líonamar clár dubh iomlán go tapa le gníomhartha molta; ‘téigh amach!',’ ith seacláid! ’Glaoigh ar do chairde!' D’úsáid an grúpa córas vótála agus d’aimsigh sé na sé rud is mó a dhéanann siad lena meanma a ardú nuair a bhíonn siad in ísle brí. Ansin rinneamar tobsmaointeoireacht ar conas a d'fhéadfaimis na moltaí seo a léiriú trí bheochan. Bunaíodh róil laistigh den ghrúpa go nádúrtha, bhí fonn ar chuid acu a bheith os comhair an cheamara, bhí cuid eile i bhfách níos mó i gníomhaíochtaí ‘as an scáileán’ amhail ceamaraí a shocrú, seatanna a chur i bhfráma, an solas a rialú agus aisteoirí a stiúradh. D'oibrigh na cailíní go hiontach mar fhoireann, ag spreagadh smaointe, ag roinnt trealaimh, ag cabhrú lena chéile agus ag plé a gcuid torthaí. Bailíodh agus rinneadh athbhreithniú ar phíosaí scannánaíochta i ngrúpaí agus rinneadh eagarthóireacht orthu le tacaíocht ó éascaitheoirí. Iarradh aiseolas rialta ar ghrúpaí chun dul chun cinn a mheas agus tacaíocht a thairiscint nuair ba ghá.

Seoladh an scannán deiridh, beochan trí nóiméad a fheidhmíonn mar ‘tacar uirlisí don teacht aniar', agus taispeánadh i rith shearmanas clabhsúir na hIdirbhliana sa scoil. Chuir cúpla de na cailíní an tionscadal i láthair, roinn siad a gcuid smaointe, modhanna agus próisis lena gcomhghleacaithe, múinteoirí agus tuismitheoirí. Nuair a uaslódáladh chuig Youtube é, scaipeadh an scannán agus a theachtaireacht amach níos faide ná an scoil.

Bhí an t-aiseolas ón ngrúpa an-dearfach agus ba léir an bród a bhí ann as an méid a baineadh amach.

“Thaitin gach rud faoin tionscadal seo liom ach go háirithe go bhféadfaimis é a dhéanamh muid féin gan ach beagán cabhrach."

 “Ní athróinn rud ar bith, bhí sé an-suimiúil agus spraíúil .”

 Féach ar scannán na gcailíní anseo!

https://www.youtube.com/watch?v=9cku_n_IJ4w

Tá an tionscadal seo maoinithe ag Páirtíocht Chruthaitheach (NAPD) agus ó Choláiste Phádraig, Cnoc Ghairdinéir. Chun tuilleadh eolais a fháil téigh chuig mayfieldarts.ie



Foilsithe

20/6/2017

Foirmeacha Ealaíne

Scannán

Leibhéal

Iar-Bhunscoile

Réigiún

Corcaigh