ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 2 - Carmel Brennan, Ceann Cleachtais, Luath-Óige Éireann


Carmel Brennan

Is Ceann Oiliúna agus Cleachtais í Carmel Brennan le Luath-Óige Éireann, agus tá sí freagrach as obair na heagraíochta chun an curaclam a fhorbairt, chun feabhas a chur ar chleachtas agus chun tacú leis na seirbhísí chun iad a chur in oiriúint do na creata náisiúnta. Is é an aidhm atá acu ná chun teorannacha ár smaointeoireachta agus ár gcleachtais a shárú agus muid rannpháirteach le híomhá an pháiste inniúil, spraíúil. Chomh maith leis sin, d’oibrigh Carmel mar oideoir luath-óige, mar mheantóir luath-óige agus mar thaighdeoir luath-óige. Tá spéiseanna taighde aici i réimsí an churaclaim agus i súgradh an pháiste go háirithe – is é sin ábhar a tráchtais PhD. Níos déanaí, díríonn sí ar pháistí ag cruthú scéalta lena chéile trí bheith ag súgradh agus tríd an gcaidreamh idir súgradh agus na healaíona i saol an pháiste. Rinne sí eagarthóireacht ar fhoilseachán IPPA ‘Power of Play’ agus tá caibidlí de ‘Early Childhood Education and Care’ (Mhic Mhathúna agus Taylor (eagrán), 2012), scríofa aici atá mar chuid den fhoilseachán le Pen Green darb ainm ‘Using Evidence for Advocacy and Resistance in Early Years Services’ (McKinnon (Eag.), 2014) chomh maith le dhá thuarascáil Kids Own ar thionscadail ealaíne le páistí óga, ‘Lullabies’ agus ‘Being and Belonging’. Is í údar na haiste ‘Artistic Enquiry in Early childhood Education’ ar an tairseach seo.

Is ionann Ealaín an tSúgartha agus an cumas lántairbhe a bhaint as an saol.

Taitníonn saothar Colwyn Trevarthen go mór liom.  Sílim go dtugann sé isteach sa saol dáiríre i gcónaí muid ina bhfuil mianta agus dinimic an chine dhaonna agus cuireann sé i gcuimhne dúinn a iontaí atá an cine daonna. Chuir mé an grianghraf agus an t-athfhriotal thuas le chéile, mar, dar liomsa go léirítear sa ghrianghraf an ealaín a bhaineann le brionglóidí gnímh agus eispéiris a roinnt. Rinneadh bruach ailte den bhonn tarracóra ollmhór agus tá sé de mhisneach ag na páistí tumadh isteach sna huiscí – agus roinntear na brionglóidí gnímh agus eispéiris ar an gcaoi sin. Baineann a scéalsan le scéalta eile, le heispéiris agus le féidearthachtaí eile freisin. Tháinig an cur síos a dhéanann Alison Gopnik isteach i mo chuimhne, cur síos ar an ngné is uathúla de chuid an chine dhaonna.  Tá mé ag smaoineamh ar áitiú Bruner gurb í ár samhlaíocht an rud a shocraíonn cén sórt daoine a bheidh ionann – go bhfuil páistí sa phróiseas ina bhfuil siad ag casadh le daoine a bhféadfaidís a bheith cosúil leo agus á gcruthú féin trí na scéalta a chruthaíonn siad – d’fhéadfaidís féin a bheith cosúil le daoine amhail: máithreacha agus aithreacha, deirfiúracha níos sine, tógálaithe, spásairí, múinteoirí, siopadóirí, dochtúirí, dineasáir agus tumadóirí ailte sa chás seo. Agus cuimhním ar bhonn Carl Jung nach í an intleacht a chruthaíonn rud nua ach an tsamhlaíocht.  Agus is é Winnicott (1971:54) a deir an méid seo a leanas

‘Is sa súgradh, agus sa súgradh amháin, ina bhfuil an páiste nó an duine fásta aonair in ann a bheith cruthaitheach agus úsáid a bhaint as an bpearsantacht ar fad, agus faigheann an duine amach cé é féin trí bheith cruthaitheach, agus ní aon cheo eile’.  

An díol iontais é gur sheas an súgradh a chúrsa san éabhlóid ar fud na speiceas ar fad?  An díol iontais é go ndearna an cine daonna mínealaín bhreá den súgradh? Sin é anois agat é – na focail súgradh agus ealaín in aon abairt amháin!  Tá suim agam sa chaidreamh idir súgradh agus ealaín.

Tugadh aitheantas don chaidreamh seo i dtaighde a rinneadh in Éirinn le gairid. Tuarascáil ESRI/na Comhairle Ealaíon (2016) ‘Rannpháirtíocht Ealaíne agus Chultúrtha i measc Páistí agus Daoine Óga: Aithnítear sna léargais ón Staidéar Ag Fás Aníos in Éirinnmósáic na mbealaí ina gcuireann páistí agus daoine óga iad féin in iúl agus na mbealaí a bhfuil siad rannpháirteach i saol an chultúir’ agus mar sin, cuimsítear rannpháirtíocht páistí i súgradh cruthaitheach agus i gcluichí bréige leis an sainmhíniú atá acu ar ealaín. Fuarthas roinnt torthaí spéisiúla.  Ach an oiread le litearthacht agus uimhearthacht agus gach cineál forbartha, fuair siad amach gur réamhtheachtaí é súgradh bréige maidir le samhlaíocht ealaíne agus chruthaitheach a fhorbairt. Cuirim fáilte roimh an aitheantas seo don súgradh. Ní maith liom an téarma réamhtheachtaí – baineann sé leis an modh smaointeoireachta de thús áite a thabhairt d’fhoirmeacha aibíochta daoine fásta. Caithfimid a chur i gcuimhne dúinn féin go ndéanann páistí roinnt rudaí níos fearr ná daoine fásta, ina measc na rudaí sin tá; súgradh agus an t-aistriú éasca isteach i saol na samhlaíochta agus sa saol cruthaitheach. Tá an chruthaitheacht i mbarr a réime sa luath-óige – ní réamhtheachtaí é do rudaí níos fearr. Tá an chruthaitheacht i mbarr a réime de bharr go gcaithfidh na páistí an t-uafás a fhoghlaim i dtréimhse ama an-ghearr agus is é an tiomantas cruthaitheach ó dhúchas a chuireann ar chumas na bpáistí é sin a dhéanamh.

Díol spéise eile a fuarthas amach faoi ba ea, go nglacann páistí atá cúig bliana d’aois páirt i súgradh bréige de réir thuairimí a bpáistí agus nach bhfuil sé sin fíor do pháistí atá trí bliana d’aois. Cén fáth é sin?  Níl mise in aon amhras ach go bhfuil na tuismitheoirí seo ag imirt cluichí bréige lena bpáistí ó rugadh iad.  Ligeann siad orthu féin go bhfuil iontas orthu, gur baineadh stangadh astu, go bhfuil áthas an domhain orthu, go bhfuil siad caillte, go bhfuil siad ceart arís, go n-itheann siad méara coise, go n-alpann siad boilg.  Téann siad sa tóir ar na cloigne agus na lámha a chaill a bpáistí agus iad ag cur veist orthu féin nó spreagann siad na páistí a lámha a chur isteach i muinchillí.  Tiomáineann siad bugaithe ag ligean orthu féin go bhfuil inneall iontu. Ligeann siad orthu féin gur madraí nó cait iad agus aon ainmhí a dhéanann fuaim. Imríonn siad folach bíog.  Tugann siad bia do theidí agus cuireann siad a chodladh é.  Déanann siad na rudaí seo ar fad chun cuidiú leis na páistí, chun iad a bhainistiú, chun iad a choinneáil gníomhach, chun siamsaíocht a chur ar fáil dóibh agus chun iad a ghiúmaráil, de bharr go ndeir an nádúr linn gurb é saol drámatúil, mothúchánach, spraíúil an tsúgartha an bealach ceart chun na dinimic de chumarsáid daoine a thaispeáint dóibh, chomh maith le nósanna agus gnáthaimh an tsaoil, agus comhoibriú agus inniúlacht.  Is idirghníomhaíochtaí iad seo atá lán d’ealaín, de dhrámaíocht, de mhothúcháin, de ghluaiseacht, de chomharthaí coirp móra, agus de chruthú brí chruthaitheach ar ndóigh.  Is é sin an fáth a dtugann daoine ar nós Stern agus Trevarthen damhsa air. Is foirm ealaíne atá ann.

Ach ní ghlacann páistí páirt sa súgradh ar mhaithe le healaín a chruthú ar ndóigh. Is é príomhaidhm an tsúgartha, dar le Sutton Smith (1997), chun sásamh a bhaint as agus chun dul i bhfeabhas sa súgradh. Déantar gluaiseachtaí turgnamhacha coirp i leanaí, téada an ghutha a úsáid, bogadh ar chúl agus chun tosaigh, rolladh agus luascadh ar mhaithe leis na rudaí sin a dhéanamh, ar son an spraoi agus an phléisiúir a bhaineann leis an ngluaiseacht féin. Agus is é ceann de na cleasa iontacha atá le fáil sa dúlra ná nach amháin go bhfaigheann an cholainn pléisiúr as bheith ag léim ó leac ach forbraíonn sé an cholainn freisin, agus ag an am céanna, foghlaimítear faoi dhomhantarraingt agus úsáidtear an inchinn go mór mór, ionas go bhfanfaidh sí géarchúiseach, solúbtha agus nuálach.  Bíonn an cholainn agus an inchinn á bhforbairt le linn an tsúgartha.

Agus na páistí ag baint úsáid as foirm ealaíne eile, cuireann siad scéalta isteach sa súgradh.  Tugtar páistí le chéile nuair a chuirtear scéalaíocht sa súgradh agus cothaíonn sí comhluadar, cuireann sí sceitimíní sa súgradh agus cothaíonn sí an súgradh é féin. Teastaíonn scileanna cruthaitheacha ar leith ó na scéalta súgartha – smaointe, cumadh, rólimirt, samhlaíocht, forbairt phlota, dialóg chun cloí leis an persona – is scileanna dúshlánacha iad seo ar fad.  Caithfidh daoine atá ag glacadh páirte iad féin a chur in aithne mar dhaoine atá barántúil, áititheach, iontaofa chomh maith le nuálach agus mar dhaoine a thabharfaidh dúshláin. Tá sé tábhachtach a bheith mar rannpháirtí gníomhach sna scéalta súgartha, dá mba mhaith leat go n-éistfí le do thuairimí maidir leis an gcineál saoil atá le cruthú.  Dar le Stainton Rogers (1995) go bhfuil páistí ag cruthú ‘scéalta trína bhfaighimid tuiscint orainn féin agus ar an saol inár dtimpeall’ – dearcadh roinnte trína bhfaighimid tuiscint ar an saol. Bailím na scéalta seo agus bainimse sásamh astu de bharr go léirítear iontu an chomhbhá agus an cineáltas atá ag na páistí, chomh maith lena n-imní agus a sólás, ina n-eispéiris i saol an duine fhásta agus sna rialacha, sna nósanna agus sna coimhlintí cumhachta a bhaineann leis an saol céanna.  Deir Gussin Paley linn go bhfuil an súgradh cosúil le hamharclannaíocht agus go bhfuil téamaí uilíocha ag baint leis, mar shampla, nuair atá duine caillte agus cuireann sé aithne ar chara, nuair atá duine san fhaopach agus aimsíonn sé a ghrá geal, nuair a thugann duine aghaidh ar an saol agus ar an mbás, nuair atá duine lag agus éiríonn sé láidir. Cuimhnigh ar na téamaí seo agus tú ag léamh an scéil seo:

 Ritheann grúpa de chúigear/sheisear páistí chomh fada liom agus iad ag béiceadh agus ag gáire. Téim síos ar mo ghogaide agus fiafraím díobh céard a tharla. Tosaíonn siad ag caint faoin Dragan atá ina cónaí taobh thiar den bhothán. Téimid chun féachaint uirthi agus ritheann siad sna cosa in airde ag béiceadh. Molann Rob claimhte agus sciatha a fháil chun troid in aghaidh an dragain, aontaíonn na páistí eile leis, agus imíonn siad leo sa tóir ar ábhar úsáideach. Tugann siad scuaba, spáda, buicéid agus cláir bhruscair leo chun troid in aghaidh an dragain. Tagann siad ar chomhaontú ag an deireadh go bhfuil an dragan róláidir agus go gcaithfidh siad bealach eile a fháil chun troid ina haghaidh. 

Leagann Katie a claíomh ar an talamh agus téann sí taobh thiar den seid, rud a chuireann ionadh ar na páistí eile agus rud a gcuireann siad ina aghaidh. Tagann sí ar ais cúpla nóiméad ina dhiaidh sin agus míníonn sí gur “máthair í an dragan” a bhí ag iarraidh “a dragain bheaga a chosaint”. Tagann athrú mór ar chúrsaí. Déanann na páistí cinneadh an dragan a bheith acu mar pheata. Baisteann siad “Arnold” uirthi, agus bíonn an-spraoi acu ag eitilt thart in éineacht léi ar a seal. Agus na páistí istigh, tarraingíonn siad pictiúir de Arnold agus téann siad chuig an ngeata nuair atá sé in am chun slán a fhágáil léi.  

Feictear domsa go bhfuil na páistí seo ag oibriú ar mhoráltacht thábhachtach freisin – is é sin, go n-athraíonn an dearcadh gach uile shórt.  D’fhéadfadh dearcadh, peata a dhéanamh de dhragan ionas go dtabharfaí aire dó. Agus léiríonn Katie go bhfuil ceannaireacht agus misneach ag teastáil chun an dearcadh a athrú – agus is suaimhneach an rud í an chomhbhá do chách.  Chruthaigh na páistí eispéireas le chéile, chruthaigh siad mothúcháin láidre agus d’fhorbair siad scéal – agus is eispéiris ealaíne iad gach gné acu sin.

An ionann súgradh agus ealaín mar sin?  An mbaineann fonn leis chun dul sa tóir ar bhrí, ar fhiosracht, ar mhachnamh, ar mhothúchán, ar smaointeoireacht, ar shamhlaíocht, ar cheangal, ar léiriú?  An gcuimsítear rannpháirtíocht ghníomhach leis chun rud éigin nua a chruthú? An mbaineann sé le lúcháir a fháil? Is iad seo na heochairtháscairí d’eispéireas ealaíne dar le daoine ar nós Ann Pelo, Vea Vecchi agus Deb Curtis – agus baineann gach gné acu seo le súgradh bréige a dhéanann páistí.   Ná bíodh aon chathú ort chun ceachtanna a dhéanamh la páistí óga ionas go mbeidh siad in ann na gníomhaíochtaí a dhéanamh arís os comhair daoine fásta chun gaisce a dhéanamh. Is féidir linn oideachas a chur ar pháistí chun rudaí a dhéanamh mar ghnáthaimh – ‘Dia duit’, ‘le do thoil’ agus ‘go raibh maith agat’ a rá, ithe le spúnóg, iad féin a ghléasadh, an aibítir a aithris, focail a fhuaimniú, comhaireamh go dtí a deich, roinnt táblaí mata a fhoghlaim etc. ach.. mura nglacann siad páirt san ealaín de shaorshúgradh, ní bheidh na páistí; ar an airdeall, freagrúil agus ní bheidh siad in ann smaoineamh go héirimiúil. Níl rud ar bith chomh tábhachtach le heispéireas an tsúgartha ar mhaithe le bheith ag súgradh – ar mhaithe le spraoi – de bharr gurb amhlaidh go bhfoghlaímid na scileanna a theastaíonn le bheith ag súgradh agus go dtéimid i bhfeabhas – scileanna amhail tabhairt agus glacadh na hidirghníomhaíochta, smaointe a chruthú, ag glacadh le smaointe daoine eile, le bheith spraíúil, le bheith comhoibritheach agus flaithiúil mar chuid d’fhoireann, chun fuinneamh agus díograis a ghineadh, agus chun fadhbanna a réiteach ina gcloigne. Is é an rud is tábhachtaí a fhoghlaimíonn na páistí trína bheith ag súgradh ná an chaoi chun súgradh a dhéanamh go maith - is iad na tréithe céanna de shaol sláintiúil agus rathúil ar fud na speictream sóisialta, eacnamaíoch agus sláinte.  Ach an oiread leis na rudaí tábhachtacha ar fad sa saol, is iondúil nach ndéantar measúnú orthu, ach amháin nuair atá siad ag teastáil!  Cuimsítear an méid seo a leanas le súgradh: tobchumadóireacht, dráma, dearadh, úsáid chruthaitheach na n-ábhar, siombalachas, damhsa, cruthú scéalta agus scéalaíocht, carachtracht, fantaisíocht, samhlaíocht agus fiosrúchán sa saol dáiríre. Is ionann Ealaín an tSúgartha agus an cumas lántairbhe a bhaint as an saol.

Foilsithe

27/7/2017

Foirmeacha Ealaíne

Foirm il-ealaíne

Leibhéal

Na luathbhlianta

Réigiún

Contae Bhaile Átha Cliath