ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 1 - Éadaoin Quinn, aoi-bhlagálaí, ag caint faoin gCúrsa sa Scríbhneoireacht Chruthaitheach san Áirc


Cúrsa Samhraidh sa Scríbhneoireacht Chruthaitheach san Áirc

Éadaoin Quinn

Leabharlannaí scoile í Éadaoin Quinn i nGairmcholáiste Inis Córthaidh. Tá sí ar dhuine de na tríocha leabharlannaí atá ag obair ar Thogra Leabharlainne Chlár Scoile an Teastais Shóisearaigh (CSTS). Agus céimeanna bainte amach aici ó Choláiste na Tríonóide agus ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, chuir Éadaoin tús lena gairm mar leabharlannaí i leabharlanna acadúla tríú leibhéal. D’fhág sí Leabharlann Choláiste na Tríonóide in 2001 agus ghlac sí le post mar dhuine de na chéad leabharlannaithe CSTS. Is breá léi a post mar leabharlannaí scoile, ag spreagadh scoláirí i mbun léitheoireachta, ag tacú lena bhfoghlaim agus ag reáchtáil clár iomlán ealaíon, cultúir agus teicneolaíochta. Nuair nach mbíonn sí ag brú leabhar ar scoláirí, is maith léi a cuid ama a chaitheamh lena muintir nó ag rith agus ag rothaíocht amuigh faoin aer.

Cúrsa Samhraidh sa Scríbhneoireacht Chruthaitheach san Áirc 

Bhí an chuma ar an gcúrsa gurbh é go díreach a bhí uaim: “Scríbhneoireacht Chruthaitheach sa Seomra Ranga Difreáilte”, bhí mé ar bís faoin deis a bheith i mBarra an Teampaill i mBaile Átha Cliath i lár an tsamhraidh, agus níos fearr fós, a bheith ag obair as an Áirc’’.

Mar leabharlannaí scoile ag obair i scoil Deis mar chuid de Thionscadal Taispeána Leabharlainne CSTS, tá grúpa iarscoile scríbhneoireachta cruthaithí á reáchtáil agam le hocht mbliana anuas. Bím i gcónaí sa tóir ar smaointe nua chun mo chuid scoláirí a spreagadh agus a gcuid scríbhneoireachta a fhorbairt. Go rómhinic, bím ag iarraidh teacht ar na smaointe spreagúla seo agus mé tuirseach traochta ag deireadh an lae oibre.

Ba é an file Nell Regan a bhí i mbun an chúrsa. Mar gur oibrigh Nell mar mhúinteoir agus go mbíonn sí ag teagasc na scríbhneoireachta do pháistí i gcónaí, bhí an cúrsa seo thar a bheith ábhartha do shaol laethúil na scoile agus ní raibh an iomarca béime ar theoiricí ardnósacha. Bhain muid spraoi as an gcúrsa, rud a bhí tuillte againn ag deireadh na scoilbhliana, go háirithe ag na múinteoirí bunscoile a raibh slán fágtha acu lena gcuid daltaí cúpla lá roimh thús an chúrsa.

Rinne Nell cur síos ar ghníomhaíochtaí praiticiúla, spraíúla óna taithí féin, agus tugadh deis dúinn féin triail a bhaint as gach gníomhaíocht agus ansin machnamh a dhéanamh ar an gcaoi a n-éireodh léi inár seomraí ranga nó inár leabharlanna féin. Spreag an chomhroinnt smaointe seo plé iontach eadrainn. Bhí an-fhuinneamh agus atmaisféar iontach cuir le chéile idir na rannpháirtithe uile. Bhí sé an-suimiúil, ach go háirithe, taithí a roinnt idir an leibhéal bunscoile agus an leibhéal iar-bhunscoile. Bhí go leor le foghlaim againn óna chéile agus ó tharla go raibh taithí ag Nell ar an dá leibhéal bhí an cúrsa ábhartha dúinn ar fad.

Is spás álainn cruthaitheach an seomra tionscadal ar bharr an tí san Áirc, agus fuair muid an-chur amach air le gníomhaíocht amháin nuair a threoraigh muid a chéile, le dallóg ar dhuine amháin, timpeall an tseomra agus amuigh ar an mbalcóin (eek!) mar thaithí chéadfach.  Tugadh ar thuras muid ar thaispeántais na hÁirce agus d’fhoghlaim muid faoin gclár iontach físealaíon agus taibhealaíon a bhíonn ann.  Mheas mé gur timpeallacht an-spreagúil a bhí ann, chuirfeadh sé fonn cruthaitheachta ar dhuine.

Faoi thráthnóna Dé Céadaoin bhí mé tugtha agus thar a bheith sásta dá bharr suí siar agus éisteacht leis an aoi-áisitheoir, an t-údar do pháistí Patricia Forde. Duine thar a bheith fuinniúil í Patricia, d’inis sí scéal barrúil pearsanta dúinn faoi bheith ag fás aníos ar Shráid na Siopaí i nGaillimh agus faoin gcaoi ar thosaigh sí ag scríobh. Chuir sé ina luí orm an tionchar mór a d’fhéadfadh a bheith ag duine fásta, múinteoir nó leabharlannaí go háirithe, ar thuiscint páiste air féin mar scríbhneoir. Ag leanúint den chur i láthair sin bhí plé spreagúil againn ar leabhair do pháistí agus do dhéagóirí, agus bhí gach duine ag breacadh síos teidil leabhar agus ainmneacha údar.

D’eagraigh Nell cuairt ar Leabharlann Chester Beatty tráthnóna Déardaoin. D’úsáid muid taispeántais na leabharlainne le roinnt scríbhneoireachta a spreagadh chomh maith le smaointe don cheardlann déanta leabhar ar an Aoine. Ar an Aoine bhí páipéar drithleach, gliú agus ribíní go hascaillí orainn agus muid ag déanamh ár gcuid leabhar nótaí féin.  Ó tharla go raibh jab agam le linn na seachtaine sin cartán lóin a fhilleadh mar is ceart, níos tháinig sé seo go héasca chugam. Réitigh cuid de na rannpháirtithe leabhair nótaí áille. Ó mo thaobhsa, cheapfainn gur “gníomhaíocht scoláire-treoraithe” a bheidh ann.

Tar éis na seachtaine, tá an t-uafás smaointe anois agam, cuid acu ina leath-smaointe agus cuid acu cheana féin á bhforbairt i dtreo pleananna ceachta. Tá liosta curtha le chéile agam d’acmhainní ar líne a mhol Nell agus na rannpháirtithe eile agus is cinnte go mbeidh mé níos muiníní agus níos spreagtha anois agus mé ag tabhairt faoi mhúineadh na scríbhneoireachta cruthaithí an chéad bhliain eile.

Foilsithe

9/8/2017

Foirmeacha Ealaíne

Litríocht

Réigiún

Cathair Bhaile Átha Cliath