ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 3 - Aoi-bhlagálaí Milica Atanackovic, Bainisteoir Oiliúna & Cleachtais, Luath-Óige Éireann


Milica Atanackovic

Is Bainisteoir Cleachtais agus Oiliúna í Milica (Mili) Atanackovic le Luath-Óige Éireann. Tá taithí aici sna luathbhlianta, taithí a d’eascair as suim mhór sna hEalaíona Cruthaitheacha. Rinne Mili staidéar ar Chumarsáid Deartha sula ndeachaigh sí le Cúram agus Oideachas na Luath-Óige san Astráil.  Measann Mili gur príomhghnéithe iad oiliúint agus meantóireacht de na luathbhlianta, agus d’oibrigh sí mar Oideoir, mar Bhainisteoir agus Oiliúnaí Seirbhíse, baineann sí úsáid as taithí ar réimse disciplíní cruthaitheacha ina cuid oibre chomh maith.

Cruthaitheacht trí ábhair, spás agus am 

‘Ní féidir taiscéalaíocht a shárú, taiscéalaíocht nach bhfuil srianta ag rialacha agus ionchais maidir lenár bhfadhbanna a réiteach go cruthaitheach.’ Alison Gopnik

Tá níos mó taighde ag tabhairt le fios gur dócha go n-úsáidfear na rudaí simplí, neamhiata, go leanúnach, arís agus arís chun samhlaíocht na bpáistí a spreagadh beag beann ar aois na bpáistí. Cuimsítear leis na rudaí seo, cupáin, tiúba, fabraicí, chomh maith le rudaí nádúrtha lena n-áirítear coirt, maidí, clocha, cleití. Is ábhair iad seo is féidir a úsáid in go leor bealaí, agus úsáidtear agus sainmhínítear na bealaí seo trí thaiscéalaíocht an pháiste. Trí shuíomh – Creative Kids Walkinstown, Corduff Childcare agus YMCA Childcare Kidsworld Creche – a roghnaíodh chun páirt a ghlacadh i dtionscadal céadfach le ReCreate* agus le Luath-Óige Éireann, agus úsáidtear ábhair neamhiata sa tionscadal seo laistigh dá dtimpeallachtaí reatha. Bhí an tionscadal bunaithe ar an gcur chuige straitéiseach de chuid ReCreate agus Luath-Óige Éireann chun tacú leis na healaíona in oideachas na luath-óige, agus dírítear ann ar mheascadh na n-ealaíon agus na hoideolaíochta – úsáidtear na healaíona mar theanga fiosraithe, mar mhodh cumarsáide, taiscéalaíochta agus smaointeoireachta (Aistear 2009) sa luath-óige.

Baineadh úsáid as ábhair neamhiata ó ReCreate sa tionscadal céadfach ionas go n-úsáidfeadh na páistí a gcéadfaí ar feadh an tsúgartha. Réitigh an t-ealaíontóir Deirdre Rogers ó ReCreate gach seomra ach rudaí a chur iontu, rudaí a spreagfadh fiosracht, samhlaíocht agus taiscéalaíocht. Cuireadh an bhéim ar phróiseas na taiscéalaíochta – rud a chuireann ar chumas na bpáistí úsáid a bhaint as na hábhair, agus chun rudaí a chruthú gan toradh ar bith a lorg. D’fhág sé seo go raibh ról an ‘tríú múinteoir’ ag an timpeallacht – d’fhéadfadh timpeallacht oideachais luath-óige dóchas agus spreagadh a thabhairt don pháiste agus don oideoir, nó d’fhéadfadh go mbeadh easpa spreagtha ann, rud a chuirfidh frustrachas ar na páistí. Nuair a fheictear an timpeallacht mar mhúinteoir, cuireann sé i gcuimhne dúinn gur cheart go spreagfadh ár spásanna an fhoghlaim agus ba cheart go spreagaidís forbairt na hintinne.

Caithfear an deis a thabhairt do na páistí chun lán a gcumais a bhaint amach mar smaointeoirí agus mar chruthaitheoirí. Is iad na hábhair neamhiata agus súgradh neamhstruchtúrtha a spreagann na páistí chun a ndúshláin féin a chruthú, chun fadhbanna a réiteach agus chun smaoineamh go domhain ar a gcuid smaointe féin. Cuirtear isteach ar pháistí agus iad i mbun súgradh féinstiúrtha rómhinic. Déantar cruthaitheacht a chothú nuair a fhaigheann daoine fásta an scil chun breathnóireacht a dhéanamh agus iad ina dtost, agus ag tabhairt freagraí ar cheisteanna an pháiste nuair a iarrtar é sin orthu. I gcás an tionscadail chéadfaigh, tugadh ról na mbreathnadóirí agus na gcomhthaiscéalaithe do na hoideoirí, agus ní ról na dteagascóirí, chun tacú le spiorad cruthaitheach gach páiste.

Aidhm amháin a bhí ann, ba ea go n-úsáidfeadh na páistí na hábhair chun a n-inniúlachtaí réitigh fadhbanna féin a fhorbairt trí thriail is earráid. Agus na hoideoirí ag breathnóireacht, cuireann siad tuilleadh gríosú céadfach ar fáil agus rinne siad an gríosú seo a chomhtháthú sna spásanna seo chun cur le próisis thaiscéalaíocha na bpáistí. Baineadh úsáid as grianghrafadóireacht chun taifead a dhéanamh ar na próisis a raibh na páistí rannpháirteach iontu. Cuidíonn na grianghraif chun cuimhní na bpáistí a dhaingniú de bharr go gcuirtear na heispéiris agus na próisis i gcuimhne dóibh. Bhí na páistí muiníneach le linn an tionscadail, agus bhí siad mar a bheadh eolaithe agus iad dírithe ar fhadhbanna a réiteach agus ar cheistiúchán. Fuair Alison Gopnik amach, go bhfuil páistí cosúil le ‘heolaithe ag tástáil teoiricí’, cuireann siad a n-éirim in iúl trí na ceangail le daoine agus le rudaí go laethúil. D’fhéadfadh teagasc follasach cur isteach ar an méid atá ag páistí óga ó dhúchas.

Nuair a tugadh níos mó ama do na páistí chun a neamhspleáchas a thaispeáint agus le bheith rannpháirteach i ngach gríosú, agus chun tuairim a bheith acu ar a raibh ag dul ar aghaidh ina dtimpeall, thosaigh siad ag forbairt na tuisceana go bhfuil tábhacht ag baint lena smaointe agus lena dtuairimí. Bhog na páistí cumhdach bolgóideach tríd an spás, á phlabadh ina lámha agus faoina gcosa, cuireadh teicníc na léime i bhfeidhm agus úsáideadh an tolg mar phrapa chun níos mó airde a thabhairt isteach san eispéireas. Rinne siad fiosrúchán, mar shampla, ar an solas agus ar an scáil ach úsáid a bhaint as teilgeoirí, agus bhlais siad searbhas na líomóidí, agus chruthaigh agus scrios siad réimse leathan rudaí. Bhí comrádaíocht as cuimse le braith i ngach grúpa beag de réir mar a dhaingnigh na heispéiris a bpobail súgartha. Chonacthas idirbheartaíochtaí den chéad scoth de réir mar a cuireadh le súgradh na bpáistí.

Cuirimid srian ar smaointe agus ar chruthaitheacht na bpáistí i ngan fhios de bharr go bhfuilimid den tuairim go bhfuil siad ag iarraidh toradh nó sprioc ar leith a bhaint amach. Is é an ról atá againn ná spreagadh a chur ar fáil, seachas treoracha. Tugadh spreagadh do bhraistint ghníomhaithe an pháiste ach fáilte a chur roimh a gceisteanna agus smaointe agus a bhfreagairt go machnamhach agus go measúil. Is é ceann de na gnéithe is fearr de na cuir chuige bunaithe ar fhiosrú ná gur minic a eascraíonn rudaí nach bhfuiltear ag súil leo agus iniúchtaí leanúnacha sínte astu. Ceann d’aidhmeanna an tionscadail ba ea chun tacú leis na hoideoirí chun ábhair neamhiata a úsáid ina dtimpeallachtaí, chun spásanna céadfacha a fhorbairt a úsáidtear le haghaidh níos mó ná gníomhaíochtaí aonuaire. Mar sin féin, ba é an phríomhaidhm chun a chinntiú go dtugtar an spás do gach páiste chun páirt a ghlacadh gan duine ná deoraí ag cur isteach air agus gan aon duine ag cur ceisteanna orthu, agus na páistí dírithe ar a bhfuil siad a dhéanamh i gcaitheamh an ama.

Is fiontar sóisialta é *ReCreate: recreate.ie/Recreate atá i mbarr a réime a chuireann ábhair ealaíne agus oideachais inacmhainne ar fáil do gach cuid den phobal.

Foilsithe

21/8/2017

Foirmeacha Ealaíne

Foirm il-ealaíne

Leibhéal

Na luathbhlianta

Réigiún

Contae Bhaile Átha Cliath