ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 4 - Aoi-Bhlagálaí Claire Halpin, Amharc-ealaíontóir, Léiritheoir agus Oideoir Ealaíon


Claire Halpin

Is amharc-ealaíontóir, léiritheoir agus oideoir ealaíne í Claire atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath. D’oibrigh Claire le réimse grúpaí le fiche bliain anuas ar fud go leor aoisghrúpaí ó leanaí Bunscoile chomh maith le scoláirí sa mheánscoil agus le mic léann, le múinteoirí, le grúpaí pobail, le grúpaí ar a bhfuil míchumas intleachtúil agus le daoine níos sine. Bhí na tionscadail seo ar siúl i réimse suíomhanna agus comhthéacsanna lena n-áirítear i ngailearaí músaeim, sa seomra ranga, i leabharlann, agus i suíomhanna cúraim sláinte, údaráis áitiúil agus i suíomhanna pobail agus thar réimse leathan amscálaí. Déanann Dánlann Olivier Cornet, Baile Átha Cliath ionadaíocht do Claire agus tá sí ag eagrú tionscadal comhoibríoch ealaíontóra darb ainm ‘Imní a dhéanamh faoin Duine eile’ leis an ngailearaí i mí Mheán Fómhair 2017.



Cruthaitheacht Dhún Laoghaire / Ráth an Dúin sa Seomra Ranga

Mar sin, tar éis dom gearán beag a dhéanamh sa Bhlag seo caite faoi bhuaireamh agus crá agus faoi gach trá a fhreastal mar ealaíontóir agus mar oideoir ealaíne, rinne mé cinneadh sa phostáil seo díriú ar thionscadal faoi na healaíona san oideachas a raibh mé rannpháirteach ann ar feadh na tréimhse i faide, is é sin Cruthaitheacht Dhún Laoghaire / Ráth an Dúin sa Seomra Ranga ag obair le S.N. an Teaghlaigh Naofa, Baile na Manach.

Cruthaitheacht Dhún Laoghaire / Ráth an Dúin sa Seomra Ranga (DLRCIC)

Bunaíodh Cruthaitheacht Dhún Laoghaire / Ráth an Dúin sa Seomra Ranga in 2010 le grúpa stiúrtha ealaíontóirí lena n-áirítear Liz McMahon, Maree Hensey agus mé féin a casadh ar a chéile trínár gcuid oibre ar Painéal Ealaíon Bunscoile Dhún Laoghaire / Ráth an Dúin (DLR) in 2010.

Baintear úsáid as modh cleachtais agus as éiteas i gCruthaitheacht Dhún Laoghaire / Ráth an Dúin sa Seomra Ranga a bunaíodh 20 bliain ó shin le cnuasach de 6 scoil i ndeisceart lár cathrach Bhaile Átha Cliath. Baintear úsáid as amharc-ealaín sa tionscadal seo mar mhodh chun cuidiú leis na leanaí a dtuiscint orthu féin a fhorbairt agus cuireann sé am ar fáil dóibh chun iniúchadh a dhéanamh ar a bhfuinneamh cruthaitheach, agus chun taithí ar fháil ar an bpróiseas chun an táirge deiridh a bhaint amach. Fágann sé seo go bhféadfadh roinnt freagairtí mothúchánacha teacht chun cinn, idir dhearfach agus dhiúltach. Níos tábhachtaí fós, tugann sé an tsaoirse do na freagairtí seo agus cuireann sé timpeallacht shábháilte ar fáil dóibh ionas gur féidir aghaidh a thabhairt ar na freagairtí céanna.

Tá dhá scoil rannpháirteacha ag Cruthaitheacht Dhún Laoghaire / Ráth an Dúin sa Seomra Ranga i gceantar Dhún Laoghaire / Ráth an Dúin le sé bliana anuas agus meastar go bhfuil sé inbhuanaithe laistigh de na scoileanna seo. Oibríonn gach ealaíontóir le ceithre rang ina n-iomláine ar fud na scoilbhliana, agus déanann siad éascaíocht ar naoi gceardlann le gach rang. Tá cuairteanna ar thaispeántais san áireamh agus tugtar cuireadh do thuismitheoirí / do sheantuismitheoirí / do chaomhnóirí chun páirt a ghlacadh i gceardlann theagmhálach lena leanbh. Faightear an maoiniú ó na scoileanna rannpháirteacha agus ó Dheontas Ealaíne Dhún Laoghaire / Ráth an Dúin le haghaidh Rannpháirtíochta agus Foghlama a chuirtear ar fáil go bliantúil. Chomh maith leis sin, faigheann an clár tacaíocht ó Ionad Tacaíochta Oideachais na Carraige Duibhe.

Tionscadal Reatha

D’fhéadfadh ealaíontóir atá ag obair i dtionscadal na n-ealaíon san oideachas go leor fad ama de rannpháirtíocht a bheith aige, d’fhéadfadh ealaíontóir coimisiúin aon uaire a bheith aige, nó fad bliana, nó coimisiúin ag a bhfuil toradh nó saothar ealaíne faoi leith i gceist. Dar liom féin gurb í an rannpháirtíocht níos faide, an áilleacht agus an sásamh i gCruthaitheacht Dhún Laoghaire / Ráth an Dúin sa Seomra Ranga mar aon leis an gcaoi a gcuirtear béim ar an iniúchadh a dhéantar ar ábhair, ar smaointe agus ar choincheapa atá bunaithe ar an bpróiseas. Moilliú. Cuimsítear leis seo comhpháirtíocht agus muinín a neartú le himeacht ama leis na múinteoirí aonair, le príomhoide na scoile, leis an bpobal scoile níos leithne agus leis na leanaí iad féin go mór mór.

Is próiseas fadtéarma comhoibríoch atá ann ar chaith na scoileanna am ann, a raibh siad rannpháirteach ann agus ina leanann na scoileanna ar aghaidh ag baint tairbhe as an méid a tharlaíonn laistigh den seomra ranga agus lasmuigh de le sé bliana anuas agus rinneadh an clár a oiriúnú do gach scoil ach an tsamhail chleachtais agus éiteas láidir Cruthaitheachta a choinneáil sa seomra ranga.

Mar sin, sa téarma seo beidh mé ag obair le dhá ghrúpa ranga – Grúpa ranga a 5/ 6 – grúpa ranga ar oibrigh mé leo leis na blianta ó bhí siad i rang na Naíonán Mór! Tá aithne agam ar a bhfuil sa rang mar sin, tá a fhios agam faoina bpearsantachtaí agus bhreathnaigh mé orthu agus iad ag forbairt le linn dúinn a bheith ag obair le chéile ar feadh naoi seachtaine gach bliain.

Tá mé ag obair le grúpa Naíonán Mór freisin atá thar cionn ar fad! Is fionnuar agus spreagúil na baic agus an rannpháirtíocht chruthaitheach atá acu agus muid ag déanamh iniúchadh ar réimse ábhar agus cur chuige tarraingthe ina ndéantar scrúdú ar smaointe faoi mhicrearudaí agus faoi mhacrarudaí, laistigh agus lasmuigh. Cuirtear béim ar mhuinín leis an múinteoir a ndearnamar plé air nuair a thugamar cuairt ar thaispeántas Aideen Barry darb ainm Slice, Vast, Deep i nGailearaí na Cathrach, dlr LexIcon i mí Mheán Fómhair agus d’úsáideamar é mar thúsphointe gan fios a bheith againn cá dtabharfadh an próiseas muid. Thaitin na beochaintí fortheilgthe go mór leis an rang agus labhair siad ar an gcaoi a bhféadfaidís a dtarraingtí féin a bhogadh agus íomhánna fortheilgthe a athrú. Mar sin níl a fhios againn cén toradh a bheidh againn ag an deireadh! Rinneamar roinnt tarraingtí linn féin agus roinnt tarraingtí comhoibríocha inar breathnaíodh ar rudaí beaga bídeacha agus ar na rudaí móra millteacha, laistigh agus lasmuigh agus rinneamar roinnt dreas fótagrafaíochta pictiúir reoite de na leanaí agus iad gléasta mar shárlaochra. Déanfaimid iarracht na gnéithe ar fad a thabhairt le chéile go ceann roinnt seachtainí. Agus is é sin an áilleacht a bhaineann leis an bpróiseas cruthaitheach seo – ní chuirtear isteach ná amach ar an am ná ar an spás, chun rudaí a fhiosrú, chun dul ar thuras gan an ceann scríbe a bheith ar eolas againn agus le bheith muiníneach go mbeidh an turas tairbheach agus fiúntach....

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Chruthaitheacht Dhún Laoghaire / Ráth an Dúin sa Seomra Ranga téigh chuig dlrcreativityintheclassroom.wordpress.com/

Nó téigh chuig Claire Halpin  clairehalpin2011.wordpress.com

Foilsithe

13/11/2017