ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Guest Blogger: Naomi Cahill Creative Associate for Creative Schools & Director of Bespoke Productions – Blog No. 2


What is Creativity-Colour Version

Oibríonn Naomi Cahill mar Chomhlach Cruthaitheach do na Scoileanna Ildánacha agus is í bunaitheoir agus stiúrthóir Bespoke Productions. Is múinteoir drámaíochta cáilithe í a bhfuil taithí aici i mbunscoileanna, i meánscoileanna agus in oideachas aosach agus, i dteannta leis sin, d’oibrigh sí le daoine a bhfuil riachtanais speisialta acu agus le daoine fásta atá faoi mhíchumas intleachtach. Bhain Naomi céim amach i Léann na Drámaíochta agus an Téatair i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Chomh maith leis sin, chuir sí Ard-Dioplóma Ealaíon in Oideachas Drámaíochta i gcrích agus bronnadh ‘An Ghnóthachtáil Acadúil is Airde’ ó Scoil Ceoil agus Drámaíochta Laighean. Stiúrann Naomi cúrsaí drámaíochta trí Bespoke Productions in Éirinn agus ar an gcoigríoch, agus dírítear iontu ar mhuinín a fheabhsú, chomh maith le féinmheas agus scileanna cumarsáide a fhorbairt. Stiúir sí leagan nua-aimseartha de ‘Romeo & Juliet’ le déanaí in Teatro Re Grillo, Licata, sa tSicil. Tá taithí ag Naomi ar bheith ar stáitse agus i scannáin, agus taitníonn léi a taithí a roinnt lena cuid scoláirí. Tá an-áthas uirthi a bheith ag obair mar Chomhlach Cruthaitheach do Clár na Scoileanna Ildánacha.

Scoileanna Ildánacha: Leanfaidh an tAistear ar Aghaidh - Blag 2

Comhordaitheoirí na Scoileanna Ildánacha:

Bíonn Comhordaitheoir Scoileanna Ildánacha i ngach Scoil Ildánach. Is é an comhordaitheoir an chéad duine a ndéanaim teagmháil leis i ngach scoil agus oibrím i gcomhar leis i gcruinnithe go rialta. Chas mé leis na comhordaitheoirí ar fad sna scoileanna a bhaineann liomsa. Is ball den fhoireann múinteoireachta é an comhordaitheoir i roinnt scoileanna agus is é an príomhoide é i roinnt eile. Fuarthas freagairt agus spreagadh iontach ó na comhordaitheoirí agus ó na scoileanna ar fad maidir leis an tionscadal agus creidtear go láidir sa tionchar dearfach atá an tionscadal in ann a imirt chun na healaíona agus cruthaitheacht a chur i gcroílár shaol na ndaoine óga.

Céim a hAon a Chur i gCrích: ‘Tuig’:

Tá mé ag leanúint ar aghaidh ag obair leis na scoileanna ar an bpróiseas chun tuiscint a fháil ar rannpháirtíocht na scoile sna healaíon agus i gcruthaitheacht. Chuir mé ceardlanna i gcrích agus rinne mé cruinnithe leis na daoine agus leis an bhfoireann ábhartha, agus anois, tá mé ag obair i gcomhar le Comhordaitheoirí na Scoileanna Ildánacha chun an cháipéisíocht a bhaineann leis an gcuid seo a chur i gcrích. Tugtar cáipéis darb ainm ‘Tuig’ do na scoileanna ar fad ina bhfuil ceithre chuid: 1) Páistí agus Daoine Óga 2) Múinteoireacht agus Foghlaim 3) Ceannaireacht agus Bainistíocht agus 4) Timpeallacht, Deiseanna agus Líonraí na Scoile. Tá sraith ráiteas i ngach cuid a dhéantar a rátáil mar seo a leanas: 0-5 (Ciallaíonn 0: ‘Níl sé fíor ar chor ar bith’, ciallaíonn 5: tá an ráiteas ‘Fíor go cinnte’). Mar shampla: “Tá na daltaí/na scoláirí páirteach sa chinnteoireacht maidir le deiseanna ealaíne reatha agus tá siad in ann tionchar a imirt ar a n-eispéiris foghlama ar scoil” (Cuid 1: Páistí agus Daoine Óga). Oibrím leis na comhordaitheoirí chun na ráitis ar fad a rátáil ach úsáid a bhaint as suirbhéanna a bhaineann le haois faoi leith a dheartar agus atá feiliúnach do dhaoine agus as eolas a fhaightear ó chomhphlé na foirne (bainim úsáid as meán na rátaí aonair). Téitear i gcomhairle leis na daoine seo a leanas sa phróiseas seo: príomhoide na scoile, an príomhoide tánaisteach, an comhordaitheoir, na múinteoirí (lena n-áirítear an fhoireann acmhainne agus cúntóirí riachtanas speisialta), baill foirne atá freagrach as na healaíona, cumann na dtuismitheoirí agus an bord bainistíochta. Tabharfaidh na torthaí seo tacaíocht do Phlean na Scoileanna Ildánacha a fhorbairt a chuirfear i gcrích i gcéim a dó: ‘Forbair’.

Céard atá i gceist le Cruthaitheacht?

Mar a luaigh mé sa phostáil deiridh, tá tábhacht ar leith ag baint le tuairimí, agus le dearcthaí na ndaoine óga sa tionscadal píolótach seo. Bhailigh mé go leor eolas úsáideach sa cheardlann ‘Guth na nDaoine Óga’, eolas a úsáidim mar shonraí don chuid darb ainm ‘Páistí agus Daoine Óga’ agus úsáidim an t-eolas chun tionchar a imirt ar mo chuid oibre leis na scoileanna sa dul chun cinn. Breathnaím ar an eolas seo, agus déanaim é a thaifeadadh agus a anailísiú. Fuair mé spreagadh as tuiscint na ndaoine óga ar an bhfocal ‘Cruthaitheacht’ a léamh. Tá tuiscint ar leith ag gach duine óg ar chruthaitheacht ó mo thaithí féin. Tá a gcuid sainmhínithe an-suimiúil agus spreagúil:

“Sílim go mbaineann sé seo le duine a chur in iúl agus an méid a thaitníonn leis a dhéanamh a thaispeáint”. “Dar liom go bhfuil samhlaíocht mhór agat, más rud é go bhfuil tú cruthaitheach”.

“Baineann sé le duine agus é féin a chur in iúl”.

“Samhlaíocht”.

“Tá an méid a mhothaíonn tú agus a tharraingíonn tú mar a bheadh léargas ar do chuid aislingí”.

“Déan an méid a iarrann d’intinn ort”.

Tá cruthaitheacht saor in aisce! Bíonn duine cruthaitheach nuair a bhriseann sé na rialacha”.

Creidim go bhfuil sé tábhachtach cead a ligean do na daoine óga cuimhneamh ar a dtuiscint féin ar chruthaitheacht seachas sainmhíniú faoi leith a thabhairt dóibh. Tá sé cosúil leis an gcur chuige tógachaíoch a úsáidim go minic i mo mhúinteoireacht féin. Bíonn na scoláirí rannpháirteach go gníomhach ina mbrí agus ina n-eolas féin a chruthú seachas a bheith ag fáil eolais go neamhghníomhach.

Bhailigh mé eolas sa cheardlann chomh maith, eolas faoi spéiseanna ealaíne agus cruthaitheacha an scoláire aonair. Scríobh na scoláirí: na gníomhaíochtaí cruthaitheacha a bhfuil siad rannpháirteach ann faoi láthair ar scoil agus lasmuigh di. Chomh maith leis sin, scríobh siad rudaí cruthaitheacha ba mhaith leo a dhéanamh dá mbeadh an deis acu. Bhí sé an-suimiúil a gcuid freagraí a chloisteáil. Bíonn na freagraí an-éagsúil ag brath ar an scoil. Bíonn tionchar ag suíomh na scoile ar na freagraí, chomh maith leis na deiseanna cultúrtha agus ealaíne atá i ngar don scoil.

Casadh le Múinteoirí:

Chuir mé tús le casadh leis na baill foirne múinteoireachta ar fad sna scoileanna a bhaineann liomsa. Tá sé an-tábhachtach go bhfuil na baill foirne ar an eolas faoin méid atá i gceist le Scoileanna Ildánacha agus go bhfuil siad in ann cur lena gcuid smaointe ionas go mbeidh an tionscadal tairbheach. Tá na baill foirne an-tábhachtach chun inbhuanaitheacht agus buaine an tionscadail a chinntiú. Is sna cruinnithe seo a thugaim míniú domhan ar Scoileanna Ildánacha do na baill foirne. Ansin, míním na gnéithe éagsúla den chlár, an chéad chéim san áireamh: ‘Tuig’. Dearaim na póstaeir agus na ceisteanna seo a leanas mar cheannteidil orthu:

Céard iad láidreachtaí cruthaitheacha na scoile?

Cad iad na réimsí cruthaitheacha atá an scoil in ann a fhorbairt?

Cad iad na gníomhaíochtaí cruthaitheacha atá an scoil in ann a chur i bhfeidhm chun na réimsí seo a fhorbairt?

Ansin, déanaim éascaíocht ar chomhphlé leis na baill foirne agus tugtar an seans dóibh freagraí/smaointe chur ar fáil ar na ceisteanna liostaithe. Cuirimid na póstaeir thart agus déanann gach duine nóta den mhéid a chuir siad leis. Ansin, fiafraím de na baill foirne faoi na réimsí aonair féin freisin a bhfuil saineolas acu orthu mar shampla: An bhfuil ball foirne ann a bhfuil scil ar leith aige i gceol/i ndamhsaíocht? etc. Déanann sé leas do na baill foirne ar fad a bheith ar an eolas faoin dhul chun cinn. Fuair mé amach go bhfuil suim ag go leor scoileanna i bheith ag obair as lámha a chéile chun a scileanna cruthaitheacha agus a n-eolas cruthaitheach a roinnt.

Tús le Rudaí Nua in 2019:

Tá mé ag súil le bliain úr atá lán de dheiseanna do na Scoileanna Ildánacha agus tá ríméad orm bogadh ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile den tionscadal.

Foilsithe

19/12/2018

Foirmeacha Ealaíne

Oideachas Dráma

Leibhéal

Iar-Bhunscoile & An 3ú Leibhéal

Réigiún

Corcaigh