ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 2: Fiona Lawton, Comhordaitheoir na Scoileanna Ildánacha agus Múinteoir


Image copyright Scoil Bernadette

Scoileanna Ildánacha: Naisc a dhéanamh - Blag 2

Ó d'fhilleamar ar scoil san Athbhliain tá tús curtha againn leis an gcéad chéim eile dár n-aistear Scoileanna Ildánacha, is sin lenár bplean scoile a fhorbairt. I lár mhí Eanáir, bhuail mé le Naomi Cahill (Comhlach Scoileanna Ildánacha) chun ár n-aidhmeanna agus ár gcuspóirí don todhchaí mar scoil chruthaitheach a phlé. Ag baint úsáid as an gcreat a cuireadh ar fáil, cuireadh ar ár gcumas ár láidreachtaí agus ár laigí reatha sna réimsí seo a leanas a mheas: Teagasc agus Foghlaim; Ceannaireacht agus Bainistíocht; Leanaí agus Daoine Óga agus Deiseanna agus Líonraí.

D'athmhúscail an próiseas leis an bplean scoile a scríobh thiomantas ár scoile do na healaíona cruthaitheacha agus tá aird tarraingthe aige freisin ar na réimsí ar mhaith linn a fhorbairt go luath amach anseo. Táimid tiomanta FGL (Forbairt Ghairmiúil Leanúnach) a chur ar fáil do mhúinteoirí sa chéad bhliain acadúil eile. Gheobhaidh muid oiliúint ar an mbealach is fearr chun drámaíocht a úsáid mar mhodheolaíocht teagaisc ar féidir í a chomhtháthú le gach ábhar ar fud an churaclaim.

Tá fócas láidir ag Scoil Bernadette ar na healaíona cheana féin agus tá baint aici le roinnt tograí seach-churaclaim cruthaitheacha, lena n-áirítear ceol, damhsa agus amharclannaíocht. Ag teacht lenár gcuspóir foriomlán, is é sin a chur ar chumas gach scoláire rochtain a fháil ar réimse leathan gníomhaíochtaí cruthaitheacha agus iad ar scoil, chinneamar ceardlanna amharcealaíon breise a eagrú i mbliana.

Ós rud é gur scoil speisialta í Scoil Bernadette tá sé ríthábhachtach go mbeadh gach gníomhaíocht inrochtana agus cuimsitheach do gach scoláire. Bhí Naomi thar a bheith luachmhar maidir le naisc le heagraíochtaí agus cleachtóirí éagsúla a bhfuil taithí acu ar obair le scoláirí faoi mhíchumas a chur ar fáil. Tá sé tábhachtach dúinn mar scoil ár líonra pobail a leathnú agus an oiread deiseanna agus is féidir a chur ar fáil dár gcuid scoláirí páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí a chabhróidh lena dturas mar fhoghlaimeoirí ar feadh an tsaoil.

Tá naisc déanta againn le Mairead O’Callaghan i ​nDánlann Ealaíne Crawford i gCorcaigh.​ Éascaíonn Mairead ceardlanna amharcealaíon le roinnt ealaíontóirí a fhaigheann tacaíocht gach seachtain. (Is féidir tuilleadh eolais faoi ealaíontóirí a fhaigheann tacaíocht agus faoin tionscadal seo a fháil anseo (www.crawfordartgallery.ie/Learn-and-Explore-Crawford-Supported-studio-Artists.html)​

Ar an 14 Feabhra 2019 chruinnigh Naomi, Mairéad agus mé féin le chéile chun plean a fhorbairt inar féidir sraith sé cheardlann ealaíne a reáchtáil i Scoil Bernadette i rith mhí an Mhárta agus mhí Aibreáin. Beidh na ceardlanna faoi stiúir Mhairéad agus comh-éascaithe ag Rosaleen Moore agus Ailbhe Barrett, beirt ealaíontóirí a fuair tacaíocht a fhreastalaíonn ar an Crawford gach seachtain.

Tá sé i gceist go mbeidh an tionscadal seo comhoibritheach agus faoi stiúir na scoláirí. Beidh grúpa idir deichniúr agus dáréag scoláire ó Scoil Bernadette, duine amháin ó gach rang, i láthair gach Aoine sa scoil. Beidh cuairt ar Dhánlann Ealaíne Crawford i gCathair Chorcaí i gceist leis na ceardlanna freisin. Déanfaidh na scoláirí cinneadh le chéile faoin gcruth a bheidh ar an tionscadal. Tá súil againn an próiseas a dhoiciméadú le grianghraif ar féidir iad a úsáid mar chuid de thaispeántas a bheidh ar siúl sa scoil.

Tosóidh na ceardlanna ar an 8 Márta. Táimid ag tnúth le fáilte a chur roimh Mhairéad, Ailbhe, agus Rosaleen chuig ár scoil agus tús a chur leis an eachtra nua seo.

Táimid ar bís naisc nua a dhéanamh lenár bpobal áitiúil. Tá súil againn go leathnóidh sé seo deiseanna reatha agus deiseanna amach anseo do scoláirí i Scoil Bernadette.

Foilsithe

26/2/2019

Foirmeacha Ealaíne

Foirm il-ealaíne

Leibhéal

Iar-Bhunscoile

Réigiún

Corcaigh