ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 3: Fiona Lawton, Comhordaitheoir na Scoileanna Ildánacha agus Múinteoir


Image copyright Fiona Lawton

 

 

Scoileanna Ildánacha: Obair le Chéile - Blag 3

De réir mar a thagann an tEarrach chun cinn go mall lena laethanta gile agus lena thús nua, tá ríméad orainn freisin tús a chur lenár dtionscadal cruthaitheach nua i Scoil Bernadette.

Tar éis dúinn go leor pleanála agus idirbheartaíochta a dhéanamh le féilirí, thosaigh ár gcéad cheardlann amharcealaíona ar an 8 Márta le deichniúr scoláire díograiseacha, duine amháin ó gach grúpa ranga, réidh chun a bpinn luaidhe a bhailiú agus tosú a bheith ag tarraingt.

Le linn ár gcéad cheardlainne cuireadh in aithne muid dár n-éascaitheoirí, Ailbhe Barrett agus Rosaleen Moore a thaispeáin cuid dá gcuid saothar dúinn agus a d'inis dúinn faoina ngairmeacha gairmiúla mar ealaíontóirí. Is beirt ealaíontóirí iad Ailbhe agus Rosaleen a oibríonn i stiúideo tacaithe mar chuid den chlár Gasp. Tagann ealaíontóirí Gasp le chéile ar an Máirt i nDánlann Ealaíne Crawford i gCorcaigh​ agus éascaíonn Mairead O’Callaghan iad (Is féidir tuilleadh eolais faoi ealaíontóirí tacaithe agus faoin tionscadal seo a fháil anseo (www.crawfordartgallery.ie/Learn-and-Explore-Crawford-Supported-studio-Artists) Is cinnte go rabhamar an-sásta a bpictiúir áille a fheiceáil agus éisteacht leis na huaireanta a bhí siad le feiceáil ar an Late Late Show mar cheiliúráin.​​

D'imríomar cúpla cluiche gníomhaíochta tosaigh chun na néaróga a réiteach agus chun aithne níos fearr a chur ar a chéile. Go luath, bhí muid réidh chun luí isteach ar an obair ghnóthach sin de chruthú. Roghnaigh muid féin focal a léirigh an mothú go raibh muid ag an gceardlann. Is iad cuid de na focail a roghnaíodh ná ‘sásta',' ag éisteacht',’ le chéile', agus ‘Corcaigh'. Ba é an chéad chéim chun muid féin a chur in iúl laistigh den ghrúpa. Ansin, tharraing muid ár bhfocail ar pháipéar, á maisiú mar ba mhian linn.

Chríochnaíomar an cheardlann le cluiche spraíúil eile inar chaitheamar liathróid sreangáin mar chiorcal ó dhuine amháin le duine eile. Chríochnaíomar le léiriú físiúil ar ghrúpa an-nasctha. Mar a dúirt scoláire amháin, ‘obair foirne‘ a bhí i gceist.

Threisigh an cheardlann ina diaidh an téama seo maidir le bheith ag obair le chéile. Roinneadh in dhá ghrúpa muid. Bhí ar gach grúpa struchtúr a thógáil chomh hard agus ab fhéidir leo. Bhí sé dúshlánach, strusmhar, ach bhí go leor spraoi ann!

Ar an 22 Márta chuir an grúpa chun bóthair a fhad le Dánlann Ealaíne Crawford i gCathair Chorcaí chun inspioráid éigin a fháil. Bhuaileamar le Julie anseo a thug turas fairsing dúinn ar an dánlann inar fhéachamar ar na taispeántais reatha agus ina ndearnamar idirghníomhú leo. Chasamar ar Ailbhe agus Rosaleen ansin agus fuaireamar cuairt ar an spás stiúideo ina mbíonn siad ag obair. Bhí an t-ádh orainn go raibh am againn roinnt líníochta a dhéanamh sa Dánlann Ealaíne ag deireadh ár dturais, ag glacadh inspioráide ó na pictiúir agus na suiteálacha a bhí feicthe againn.

Go dtí seo tá ag éirí go maith leis an tionscadal. Bíonn na scoláirí ag tnúth le ham breise a bheith acu gach seachtain i gclár ama na scoile chun tarraingt, tógáil agus chun cruthú, ag tógáil inspioráid óna gcomhscoláirí agus obair na n-ealaíontóirí gairmiúla. Tar éis trí seachtaine a bheith ag obair le chéile, braithim go bhfuil an grúpa nasctha go maith agus go bhfuil atmaisféar coláisteach agus tacúil ann a chuireann le taitneamh a bhaint as na ceardlanna.

Tá trí seachtaine fágtha againn chun leanúint leis an gcomhoibriú cruthaitheach seo. Tá fonn orainn leanúint ar aghaidh ag forbairt ár scileanna agus ár mbuanna a fhiosrú.  Tá súil againn lá ceiliúrtha a bheith againn sna míonna amach romhainn chun an obair chríochnaithe agus neamhchríochnaithe a chur ar taispeáint do thuismitheoirí, do chairde agus don chuid eile den phobal scoile. Táimid bródúil gur scoil ildánach muid.

Foilsithe

27/3/2019

Leibhéal

Iar-Bhunscoile

Réigiún

Corcaigh