ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 1 - Sinéad Ní Bhrádaigh, Comhordaitheoir Scoileanna Ildánacha agus Múinteoir


Sinéad Ní Bhrádaigh

Tá Sinéad Ní Bhrádaigh ag obair in Ag Foghlaim le Chéile, Gaillimh ón mbliain 2002. Bhí spéis aici riamh sna healaíona, i dtaobh ceoil na n-ealaíon go príomha. Seinneann sí an pianó clasaiceach go leibhéal an Teastais Shinsearaigh agus tá sí i ndiaidh a bheith páirteach le Comhaltas Ceoltóirí Éireann mar sheinnteoir agus teagascóir pianó agus fidle i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh. Sa bhliain 2001, bhain Sinéad Ard-Dioplóma i Riarachán na nEalaíon amach agus fuair sí an-taithí agus í i mbun obair dheonach le hAmharclann Halla an Bhaile agus Ionad Ealaíon na Gaillimhe. Bhunaigh sí cór scoile GETNS sa bhliain 2004, agus déanann sí comhoibriú le múinteoir eile anois le cór a bhfuil breis is 100 scoláire páirteach ann a stiúradh. Tá cór GETNS i ndiaidh ceol a sheinm ag cúpla Peace Prom, in Amharclann Halla an Bhaile agus ag imeachtaí pobail.

Scoileanna Ildánacha:  Aistear Nua Iontach

Bhí ríméad ar ár scoil cloisteáil faoin tionscnamh nua Scoileanna Ildánacha seo agus bhíomar ag tnúth go mór le páirt a ghlacadh mar scoil. Go traidisiúnta, bhí an-ádh ar ár scoil múinteoirí agus tuismitheoirí cruthaitheacha a bheith againn a roinn a gcuid buanna leis na páistí thar na blianta. Tá scoileanna i ndiaidh athrú go mór thar na blianta, agus ciallaíonn teacht na teicneolaíochta go bhfuil i bhfad níos mó rochtana ag páistí ar an domhan i gcoitinne anois, agus nach bhfuil srian leis an ábhar atá ar fáil ar bharra a méar acu. Bhí an fhaisnéis a cuireadh i láthair ar an lá oiliúna do Scoileanna Ildánacha an-ábhartha agus spéisiúil. Shíl mé go raibh an tuairim nár cumadh go fóill 65% de na poist a bheidh ár ngrúpaí reatha a dhéanamh agus iad ina ndaoine fásta dochreidte. Liostálann an Fóram Eacnamaíoch Domhanda an Chruthaitheacht sa tríú háit i measc an deich bpríomhscil a theastóidh ónár ndaoine óga lena mbealach a dhéanamh tríd an todhchaí. Léiríonn sé seo cé chomh mór is atá an gá le forbairt scileanna sna scoileanna.

Táimid i ndiaidh a bheith ag obair i ndlúthchomhar le Yvonne Cullivan, ár gComhlach Cruthaitheach , ar feadh na bliana agus ba iontach an t-eispéireas seo dár scoil. D’éirigh le Yvonne cabhrú linn mar scoil an caidreamh atá againn leis an gcruthaitheacht a aithint trí shúile na múinteoirí, na bpáistí agus na dtuismitheoirí. Ba é toradh an phróisis seo ná go bhfuil an-chuid le ceiliúradh agus le cur in iúl againn mar scoil, agus go bhfuil an-phlean againn maidir le conas is féidir linn forbairt níos mó mar scoil. Bhain an-chuid le céim bhailithe eolais an tionscadail, mar gheall, i bpáirt, ar an líon ard scoláirí atá inár scoil – ba fhada an próiseas suirbhéireacht, tiomsú, agus anailís a dhéanamh ar bhreis is 1000 tuairim.  Bhí an-fhaoiseamh orainn cloisteáil go mbeadh bliain eile againn plé leis an tionscadal, mar bhraith muid go mbeadh i bhfad níos mó ama ag teastáil uainn leis an méid a d’fhoghlaim muid ón mbailiú eolais a leabú, agus go mbeadh deis againn sin a dhéanamh an bhliain seo chugainn, mar gheall ar an mbliain bhreise sin.

Is iad na torthaí a tháinig chun cinn inár scoilse ná gur mhaith le baill uile an phobail bheith níos rannpháirtí leis an gcruthaitheacht agus leis na healaíona, agus gur mhian linn a bheith níos rannpháirtí lena chéile agus leis an bpobal i gcoitinne. Ba mhaith linn níos mó cruthaitheachta traschuraclaim a fheiceáil freisin agus is mian linn freisin cumarsáid agus ceiliúradh a dhéanamh ar an líon mór gnéithe iontacha a bhaineann le hobair chruthaitheach a bhfuilimid ag plé leo cheana féin. Vótáil na páistí ar son níos mó oibre a dhéanamh maidir le cócaireacht, dúlra agus gairneoireacht, mar sin, táim féin, Yvonne agus na múinteoirí iontacha eile ar ár gcoiste Scoileanna Ildánacha ag obair faoi láthair ar chlár a chur le chéile a chuirfear ar siúl le linn mí Bealtaine agus mí an Mheithimh. Táim ag súil leis an gcaoi a bhfuil ag éirí linn a roinnt sa chéad bhlagphostáil eile!

Foilsithe

30/4/2019

Leibhéal

Bhunscoile

Réigiún

Gaillimh