ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 1 - Liz Coman, Oifigeach Ealaíon Cúnta Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus Éascaitheoir SSA


Image copyright: Dublin City Arts Service - Practicing at The LAB. Bassam Al-Sabah

Liz Coman

Is Oifigeach Ealaíon Cúnta Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath í Liz Coman.  Is éascaitheoir cáilithe Straitéisí Smaointeoireachta Amhairc le SSA/USA í agus chuir sí oiliúint chomh fada le leibhéal cóitseála i gcrích.  Tá sí freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar chaighdeán Erasmus+ Permission to Wonder - togra AE do Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath atá ag tástáil chonair oiliúna VTA le hoidí sa seomra ranga agus i dtimpeallachtaí gailearaí. Tá cúlra Stair Ealaíne agus Staidéar Músaeim ag Liz agus taithí cúig bliana déag aici ar thograí nuálacha a dhearadh a thacaíonn leis na healaíona, oideachas agus foghlaim.  Bhí sí i gceannas ar oiliúint i gcuir chuige atá á dtreorú ag fiosrúcháin chun idirghabháil a dhéanamh ar shaothar ealaíne d’éascaitheoirí amharc-ealaíne san Áirc, Ionad Cultúrtha do Leanaí, Dánlann Náisiúnta na hÉireann, agus An Duais Turner, Doire agus cuireann sí meantóireacht ar fáil go leanúnach d’ealaíontóirí, oidí ealaíon agus múinteoirí aonair.

Ag Réiteach an Radhairc do Erasmus+ Permission to Wonder

D’fhoghlaim mé faoi na Straitéisí Smaointeoireachta Amhairc den chéad uair ag San Francisco Museum of Modern Art (SFMOMA) in 2001.  Bhí mé ar thuras poiblí an bhailiúcháin agus chuir an treoraí os comhair saothar ealaíne Jackson Pollock muid agus dúirt ‘Céard atá ar siúl sa phictiúr seo?’.  Ba mhór an dúshlán dom an cheist. Bhí ionadh orm chomh maith faoin tost fada, ciúin a lean í! Thosaigh an plé grúpa go mall.  Rinne treoraí gach tuairim a thug an grúpa a mheas, thug sé dearbhú agus aitheantas dóibh mar ionchur luachmhar do bhrí an tsaothair.  Ach chun an fhírinne a rá, bhí díomá orm nár thug an treoraí aon mhíniú ar stair an tsaothair ealaíne. Mar chéimí le stair na healaíne, d’fhreastail mé ar go leor músaem agus thaitin sé liom i gcónaí nuair a insíodh eolas agus scéalta dom faoin saothar ealaíne agus faoi shaol an ealaíontóra. Bhí saothar Pollock fíorach le tagairtí d’íocónagrafaíocht de chuid Dhúchasaigh Mheiriceá.  Bhí mé ag iarraidh go n-inseofar an ‘freagra ceart’ dom faoina bhrí beartaithe.

Go gairid ina dhiaidh sin, thosaigh mé intéirneacht le SFMOMA agus fuair mé amach gur SSA - Straitéisí Smaointeoireachta Amhairc atá ar an gcur chuige bunaithe ar an bplé a úsáidtear ar thurais phoiblí.  Thosaigh mé ag smaoineamh níos mó ar an amharcfhoghlaim agus ar an oideolaíocht thógachaíoch.  Cuireadh bunphrionsabail éascú SSA in aithne dom - trí cheist - céard atá ar siúl sa phictiúr seo? - cén fáth a ndeir tú é sin? - céard eile is féidir linn a aimsiú? - le hathleagan cúramach tugtha ag an éascaitheoir mar thaca.   Ansin rinne mé roinnt taighde gníomhaíochta le grúpa foghlaimeoirí fásta a bhfuil deacrachtaí litearthachta acu ón San Francisco Public Library a chuir le mo thuiscint ar ról an mhúsaeim ealaíne mar spás gníomhach foghlama a d’fhéadfadh deiseanna saibhre a chur chun tairbhe d’fhorbairt litearthachta/teanga.

Is creat teagaisc agus cleachtas é Straitéisí Smaointeoireachta Amhairc. Bhunaigh Philip Yenawine, oide ealaíne agus Abigail Housen, síceolaí cognaíoch é i ndeireadh na 1980idí. Ag an am, bhí Yenawine ina Stiúrthóir Oideachais sa Museum of Modern Art (MOMA) i gCathair Nua Eabhrac agus ba é cláir oideachais an mhúsaeim a dhéanamh níos éifeachtaí a bhí ar bun aige go príomha. Fuarthas amach i dtaighde Yenawine agus Housen gur thosaitheoirí iad formhór na mbreathnóirí a ghlac páirt i gcláir an mhúsaeim (cláir oideachais MOMA le bheith cruinn faoi), a chiallaigh nach raibh mórán taithí acu ar a bheith ag breathnú ar ealaín, agus go raibh a gcuid léamh uirthi sách soineanta.

Tá SSA bunaithe ar thrí cheist a bhfuil sé mar aidhm acu tacú le breathnóirí atá ina dtosaitheoirí éirí níos feasaí agus níos smaointí faoin rud ar a bhfuil siad ag breathnú. Tá cuma bhréagshimplí ar an gcur chuige seo. É sin ráite, le cleachtadh rialta agus nuair a chuirtear i bhfeidhm go héifeachtach le grúpa é, agus éascaitheoir SSA oilte ina bhun, bíonn na torthaí (oideachasúla) láidir. Foghlaimíonn na rannpháirtithe glacadh leis go bhfuil gach smaoineamh tábhachtach agus iad ag díriú ar údar a thabhairt lena smaoineamh le gnéithe fisiciúla atá sa saothar atá á scrúdú acu.  Cuireann sé seo feabhas ar scileanna breathnóireachta agus cuireann sé leis an muinín saothair ealaíne a thuiscint, a thugann mothú úinéireachta agus cumasú ar a gcuid tuairimí faoi ealaín do na rannpháirtithe.   Níl baint ag eolas stairiúil faoin ealaín le SSA agus ní gá go mbeadh freagraí ag an éascaitheoir SSA ar cheisteanna a thagann aníos le linn an phlé.  Mar sin féin, ba cheart go nglacfaidh oidí leis nach bhfuil siad ag múineadh faoin ealaín.  In áit sin tá siad ag éascú plé criticiúil agus ag cuimhneamh ar ealaín agus go deimhin ar théamaí níos mó a eascraíonn ó fhrithchaitheamh cumhachtach an tsaothair ealaíne ar an domhan.  D’fhoghlaim mé ó mo chuid oiliúna féin le SSA/USA, gur modh tábhachtach é SSA i mo chuid acmhainní féin a bhaineann leis na healaíona san oideachas, ach go dteastaíonn leanúnachas agus machnamh ó mo chleachtas SSA chun fíorthacaíocht a thabhairt do smaointeoireacht, d’fhoghlaim agus d’fhás aeistéitice na scoláirí.

Cé go bhfuil músaeim, ealaíne ag éirí níos oscailte de réir a chéile do chuir chuige bunaithe ar an lucht féachana chun an ealaín a theagasc, go stairiúil, níorbh amhlaidh an scéal. Mhaígh an socheolaí Francach, Pierre Bordieu, fiú, gurbh é “fíorfheidhm” an mhúsaeim ealaíne ná chun “mothú an mhuintearais a threisiú do roinnt daoine agus mothú an eisiata a threisiú do dhaoine eile” agus leag a thaighde béim ar dhearcadh poiblí ar institiúidí ealaíne mar scrín naofa de shaghas do shaothair ealaíne ar cheart meas a léiriú air ach nach gá é a thuiscint. [i] Is a mhalairt atá i gceist leis an gclár oibre don obair sheala ama le SSA sa LAB Gallery de chuid Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.  Mar spás ealaíne comhaimseartha do thástáil agus d’fhiontraíocht sna hamharc-ealaíona i mBaile Átha Cliath, bhí baint chriticiúil ag an LAB Gallery i bhforbairt phroifisiúnta a thabhairt, mar aon le ham agus spás d’ealaín chomhaimseartha, oidí agus gasúir áitiúla i mBaile Átha Cliath 1 chun comhoibriú i bhfiosrúchán roinnte SSA.  Leagann Sheena Barrett, Coimeádaí an LAB, béim ar thábhacht SSA chun spás sábháilte a chur ar fáil chun cainteanna a chleachtadh a thacaíonn lenár gcumas ‘muid féin a chur ag smaoineamh’ seachas breithiúnas sciobtha a thabhairt ar shaothar ealaíne agus/nó ar cheist shóisialta chasta.

Gabh ar aghaidh go 2017, agus tá rath ar Oifig Ealaíon Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath a bhain amach Erasmus+ an Aontais Eorpaigh Maoiniú Togra Comhpháirtíochta Straitéisí KA2 don Erasmus+ Permission to Wonder.

Ealaíontóir Claire Halpin, Múinteoir Ealaíne Kieran Gallagher agus Liz Coman ag an MACA Contemporary Art Museum Alicante

Tá sé mar aidhm ag Erasmus+ Permission to Wonder gréasán piaraí SSA a leathnú trí oiliúint agus an fhoghlaim a roinnt.  Díríonn an tionscadal ar thacaíocht a thabhairt do ‘oidí’ chun cleachtas Straitéisí Smaointeoireachta Amhairc a fhorbairt de réir a chéile. Le linn na blagshraithe seo, tá súil agam na hoidí Éireannacha a ghlac páirt in Permission to Wonder a chur in aithne daoibh. Is múinteoir meánscoile ealaíne é Kieran Gallagher i gColáiste Pobail Naomh Oilibhéar, Droichead Átha agus tá sé ina bhall d’fhoireann oiliúna na n-amharcealaíon don tSraith Shóisearach. Is ealaíontóir gairmiúil agus oide ealaíne í Claire Halpin atá mar chomhordaitheoir ar Chlár Comharsanachta na Scoileanna SSA a bhfuil Príomhshamhail na Scoile Sinsearaí i gceannas air.  Is múinteoir meánscoile ealaíne í Anne Moylan i bPobalscoil Bhaile an Hartaigh, Baile Átha Cliath 15. Is múinteoir bunscoile í Jane Malone atá lonnaithe i Scoil Náisiúnta San Caitríona, Ascaill Dhún Uabhair, Baile Átha Cliath 8. Is Coimeádaí Oideachais í Sile McNulty Goodwin ag An Hugh Lane, Dánlann Chathair Bhaile Átha Cliath. Is ealaíontóir gairmiúil agus oide ealaíne í Kathryn Maguire.

Oifigeach Ealaíon Cúnta Liz Coman, Múinteoir Anne Moylan, Coimeádaí Oideachais Sile McNulty, Múinteoir Jane Malone agus Ealaíontóir Kathryn Maguire sa David Museum, Cóbanhávan

[i] Mar atá scríofa in Stephen E. Weil, Esq, “On a New Foundation: The American Art Museum Reconceived,” in A Cabinet of Curiosities: Inquiries into Museums and Their Prospects (Washington, D.C.: Smithsonian Institution Press, 1995), 106.

 

 

Foilsithe

27/5/2019

Leibhéal

Bhun & Iar-bhunscoile

Réigiún

Cathair Bhaile Átha Cliath