ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 2 - Yvonne Cullivan, Comhghleacaí Cruthaitheach do Scoileanna Ildánacha & Amharc-ealaíontóir


Image copyright Yvonne Cullivan Findings Mindmap

Yvonne Cullivan

Is amharc-ealaíontóir agus oideoir atá lonnaithe in Iarthar na hÉireann í Yvonne Cullivan. Tá cúig bliana déag de thaithí aici i gcleachtas na Mínealaíne, in Oideachas Ealaíon, in Ealaíona Poiblí agus Rannpháirteacha, agus i mBainistíocht Ealaíon. Tá B.A. aici sa Mhínealaín ó Choláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha Crawford i gCorcaigh agus tá M.Sc. aici sna hIlmheáin ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Is Léachtóir í Yvonne sa Choláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha i mBaile Átha Cliath ar Chlár Mínealaíne agus Deartha na Chéad Bhliana agus i Roinn na Meán Mínealaíne. Tá sí ag obair mar Chomhpháirtí Cruthaitheach mar chuid de Chlár na Scoileanna Ildánacha faoi láthair chomh maith.

Oibríonn Yvonne thar réimse leathan meán de nós clár faisnéise, lena n-áirítear fuaim, físeán, grianghrafadóireacht, agallamh/comhrá, tarraingt agus scríbhneoireacht agus is é bunchloch a cleachtais cur chuige láidir rannpháirtíochta agus comhoibrithe. Is minic a oibríonn sí laistigh de phobail áiteanna, agus rannpháirtíocht i dtaighde a bhaineann leis an suíomh agus giniúint eolais idirdhisciplínigh á bhfréamhú aici. Is é an toradh a bhíonn ar phróisis leanúnacha bhreathnóireachta, cháipéisíochta, chomhoibrithe, agus rannpháirtíochta eispéireasaí le háit ná cruthú saothar nua ar léiriú iad ar an bpróiseas, atá feiliúnach don phróiseas, agus atá múnlaithe ag an bpróiseas.



Blag 2 -Tiomsú agus Ord Tosaíochta

Bhailigh mé go leor eolais ó na scoileanna a bhfuilim ag obair leo mar chuid de mo ról mar Chomhlach Cruthaitheach ar Chlár na Scoileanna Ildánacha; nótaí scríofa, físeáin, staitisticí, eolas ó shuirbhéanna. Tá breis is 500 dalta agus 50 ball foirne sa scoil is mó (Ag Foghlaim le Chéile, Gaillimh, ar Bhóthar an Chaisleáin Nua). Beag beann ar mhéid na scoile, lorgaíodh tuairimí ó gach duine. Bhí am agus infheistiú uaim féin, ó na comhordaitheoirí, ón bhfoireann, ó Phainéil dheonacha um Chruthaitheacht na bPáistí, agus, i Scoil Náisiúnta Ag Foghlaim Le Chéile (SNFLCG), Gaillimh, Painéal deonach um Chruthaitheacht Foirne. Cuireadh ceisteanna amhail: Cad iad na dúshláin a bhaineann le bheith cruthaitheach sa seomra ranga? Céard iad na deiseanna don Chlár Scoileanna Ildánacha seo? Dá mba tusa príomhoide na scoile seo agus dá mbeadh airgead le caitheamh agat, céard iad na rudaí cruthaitheacha a gcaithfeá an t-airgead orthu? Comhlánaíodh suirbhéanna a bhí oiriúnach ó thaobh aoise de le ceisteanna cuimsitheacha maidir le leibhéal na rannpháirtíochta leis an gcruthaitheacht sa seomra ranga, pleanáil foirne, dáileadh maoinithe, feasacht tuismitheoirí ar ghníomhaíochtaí cruthaitheacha etc. Bhí vótaí ann, ag gach páirtí, maidir le réimsí spéise agus meáin chruthaitheacha le hiniúchadh. Gach áit a ndeachaigh mé thóg mé marcóirí daite agus na céadta Post-it, blue-tack agus téip chumhdaigh, píosaí móra páipéir agus áiseanna amhairc liom. Bhí na ceardlanna gníomhach agus ionchuimsitheach agus an-taitneamhach.

Ansin d’oibrigh mé tríd an eolas luachmhar, a bhí ar phíosaí páipéir nó ar Post-it nó a taifeadadh trí ghrianghraif, ar an gcaoi chéanna agus a dhéanfainn agus mé i mbun taighde ar aon tionscadal; trína leagan amach agus na nithe céanna agus na patrúin a aimsiú. Bhog mé Post-itanna timpeall, nasc mé iad le saigheada agus nóta scríofa. Le linn an phróisis seo inar cuireadh an t-eolas le chéile agus inar cuireadh gach rud in ord tosaíochta (bhí an fhoireann páirteach go pointe áirithe le linn ceardlann), chruthaigh mé meabhairmhapaí do gach scoil. D’fhill mé chun na torthaí a chur i láthair agus le moltaí a phlé maidir leis na bealaí a bhféadfaimis dul i ngleic leis an eolas ar tugadh tús áite dó. Bhí mé ag súil i ngach cás le bealach a aimsiú leis an meán a roghnaíodh a nascadh le modheolaíocht trínarbh fhéidir an fhoghlaim ar tugadh tús áite di a chur i gcrích agus chomh maith leis sin, na comhthéacsanna, aidhmeanna, agus cuspóirí níos mó a leagadh amach i ngach scoil a chuimsiú san fhoghlaim sin. Is iad comhthéacs, modheolaíocht, meán, ní gá gur san ord sin, na trí shnáithe a thagann le chéile le heolas a dhéanamh do mo chleachtas ealaíne féin agus do mo thionscadail aonair agus lena gcruthú, agus is iad príomhghnéithe mo chur chuige teagaisc freisin iad.

Bhí próiseas comhairliúcháin ansin leis an bhfoireann, le painéil foirne, le páistí agus le painéil páistí, trínar cuireadh le mo chuid moltaí agus trínar cuireadh cruth orthu le chéile. I ngach cás rinneamar cinntí maidir le ‘tionscadail’. Tá tús, lár, agus deireadh ag na tionscadail seo, ach, é sin ráite, níl siad neamhspleách. Ina ionad sin, dearadh iad mar bhealach chun foghlaim ó thaithí a chur i gcrích ar líon leibhéal agus chun an bhfoghlaim seo a choimeád oscailte ionas gur féidir tógáil uirthi. Dearadh iad freisin i gcomhair le healaíontóirí faoi leith; tá an ‘cé’ chomh tábhachtach céanna leis an ‘conas’ agus an ‘cén fáth’. I ngach cás chuaigh mé i dteagmháil le daoine faoi leith agus thosaigh mé comhráite leo, ina n-aonar ar dtús, agus leis na scoileanna ansin, chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an méid a d’fhéadfadh tarlú. Táimid anois ag pointe iontach ina bhfuil tús á chur leis an obair.



Foilsithe

27/5/2019

Leibhéal

Bhunscoile

Réigiún

Gaillimh