ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 3 - Sinéad Ní Bhrádaigh, Comhordaitheoir Scoileanna Ildánacha agus Múinteoir


Image copyright: Galway Educate Together

Sinéad Ní Bhrádaigh

Tá Sinéad Ní Bhrádaigh ag obair in Ag Foghlaim le Chéile, Gaillimh ón mbliain 2002. Bhí spéis aici riamh sna healaíona, i dtaobh ceoil na n-ealaíon go príomha. Seinneann sí an pianó clasaiceach go leibhéal an Teastais Shinsearaigh agus tá sí i ndiaidh a bheith páirteach le Comhaltas Ceoltóirí Éireann mar sheinnteoir agus teagascóir pianó agus fidle i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh. Sa bhliain 2001, bhain Sinéad Ard-Dioplóma i Riarachán na nEalaíon amach agus fuair sí an-taithí agus í i mbun obair dheonach le hAmharclann Halla an Bhaile agus Ionad Ealaíon na Gaillimhe. Bhunaigh sí cór scoile GETNS sa bhliain 2004, agus déanann sí comhoibriú le múinteoir eile anois le cór a bhfuil breis is 100 scoláire páirteach ann a stiúradh. Tá cór GETNS i ndiaidh ceol a sheinm ag cúpla Peace Prom, in Amharclann Halla an Bhaile agus ag imeachtaí pobail.

Faoi lán seoil

Bíonn laethanta scoile i mí Bealtaine agus i mí an Mheithimh go háirithe thar a bheith gnóthach. Braitheann muid i gcónaí go dtagann siad aniar aduaidh orainn, ach bíonn gach bliain mar an gcéanna! Ba é seo an dúshlán ba mhó a bhí romhainn agus ár gclár Scoileanna Ildánacha á chur i bhfeidhm againn. Ní hé an cinneadh is fearr é clár cruthaitheach do phobal uile na scoile a thosú ag an am céanna, agus go háirithe ag an am seo den bhliain. Rinne mé féin agus Yvonne cinneadh comhfhiosach go mbeadh rochtain ag gach uile pháiste ar an gclár cruthaitheach, agus mar gheall air sin, scaip muid é thar 15 sheomra ranga agus breis is 400 páiste, seachas é a dhíriú ar ghrúpa níos lú páistí, agus clár níos cuimsithí agus níos dírithe a sholáthar. Bheartaíomar seo mar bhraitheamar gur tháinig sé lenár n-éiteas comhionannais agus ionchuimsithe, agus níor theastaigh uainn go sílfí go raibh rochtain ag roinnt páistí ar an gclár scoileanna ildánacha agus nach raibh ag páistí eile. Is éard a tharla mar thoradh ar an gcinneadh seo ná go raibh orainn an-iarracht a dhéanamh tabhairt faoi gach rud agus sceideal deireadh bliana an-ghnóthach againn cheana féin.  D’éirigh le roinnt rudaí, ach is cinnte go raibh roinnt cúiseanna díomá ann freisin.

D’éirigh go hiontach leis na ceardlanna neamhspleácha. Bhí ceardlanna ag ranganna na naíonán le Down to Earth Forest Schools, a léirigh bealaí an-chruthaitheach ar fad maidir lenár dtimpeallacht allamuigh scoile a úsáid le páistí a dhéanamh rannpháirteach. Bhí ceardlanna ag Rang a hAon maidir leis an tábhacht a bhaineann le beacha agus pailniú. Thug Rang a Dó cuairt ar fheirm orgánach agus thug siad bosca glasraí orgánacha ar ais leo, a rinne siad a chócaráil go cruthaitheach ina dhiaidh sin. Rinne Rang a Trí cuasnóga a dhearadh do bheacha, agus dhear siad limistéar faoin spéir le síolta bláthanna fiáine a chur. Thug Rang a Ceathair agus Rang a Cúig cuairt ar choillte in aice lenár scoileanna agus d’éirigh leo breis is 15 chineál éagsúla plandaí a fhásann inár gcoillte a bhaint. Ina dhiaidh sin, rinne siad roinnt tintiúr agus coirdial bláthanna troim ón méid a bhain siad. Bhí ceardlann ag Rang a Sé le Yvonne agus rinne siad plé ar tháirgeadh bia agus ar na modhanna a d’úsáid Yvonne lena gearrscannán a chruthú.

Bhí an-sceitimíní ag gach leibhéal ranga mar gheall ar na ceardlanna, agus is cinnte gur oscail siad súile na bpáistí ar cheisteanna comhshaoil agus ar an gcaoi leis na hacmhainní a bhfuil rochtain éasca againn orthu inár ngarthimpeallacht a úsáid go cruthaitheach. Bhí an t-aiseolas ó na páistí maidir leis na ceardlanna dearfach den chuid is mó. Bhí cruinniú aiseolais againn le coiste cruthaitheach na bpáistí agus déanfaidh mé plé ar thorthaí an chruinnithe aiseolais seo sa chéad bhlagphostáil eile.

Foilsithe

17/7/2019

Leibhéal

Bhunscoile

Réigiún

Gaillimh