ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blog 3 – Kate Wilson, Artist & Lead Facilitator on the TAP Design Team


Image: Magnetise Project, Carrowkeel, Sligo August 2019

Íomhá: Magnetise Project, Carrowkeel, Sligo August 2019

Kate Wilson

Rinne Kate Wilson staidéar ag Slade School of Art, Londain. Bhog sí go hÉirinn in 1995, agus tháinig stíl ildisciplíneach ar a cuid saothar, le damhsa, ceol agus gnéithe físiúla san áireamh. In 2012 bhí sí ina comhbhunaitheoir ar ‘Hereinafter Performance’, agus níos déanaí in 2015, ‘Undercurrent’. Bailiúchán ildisciplíneach de thaibheoirí áitiúla agus idirnáisiúnta ó chúlraí éagsúla is ea Undercurrent. Tá roinnt tionscadal de chuid Undercurrent, amhail Winter Ground agus Magnetise, tar éis na gearrliostaí a bhaint amach do dhuaiseanna náisiúnta, agus tá na duaiseanna céanna buaite ag roinnt eile, duaiseanna na Comhairle Ealaíon agus LAMA san áireamh. Bhronn Acadamh Ríoga na hÉireann duais Gradaim uirthi chomh maith.

Tá aitheasc déanta ag Kate ag seimineáir a bhain leis an gcleachtas comhroinnte agus na luathbhlianta, agus oibríonn sí mar mheantóir le tionscnaimh ealaíon i Ros Comáin agus Liatroim. Tá sí ina príomheascaitheoir agus oibríonn sí leis an bhfoireann deartha náisiúnta  le haghaidh TAP (An Chomhpháirtíocht Múinteoirí - Ealaíontóirí).

Tugadh cuireadh do Kate ceardlanna a fud na hÉireann a éascú, le haghaidh IMMA, The Ark, The Model agus The Dock. Mar aon leis sin, bíonn sí ag obair ar roinnt cónaitheachtaí a théann i ngleic le pobail agus scoileanna áitiúla. Faoi láthair, tá sí i mbun MA sa Chleachtas Cruthaitheach sa Damhsa Neamhspleách ag Trinity Laban, Londain.

www.undercurrentdancefilmtheatre.com

www.katewilsonartist.com

An rithim a aimsiú sa saol agus san obair, agus ag cuimhneamh ar John McGahern

Fad is atá tionscadal Magnetise ag dul ó neart go neart ar líne agus muid ar bís maidir lenár gcéad ordú le haghaidh trealamh VR an tseachtain seo agus tionscadal nua ar líne le RYCP díreach ag tosú, tá cúrsaí níos ciúine anois agus tapóidh mé an deis smaoineamh ar roinnt de na hathruithe móra atá tarlaithe i mo shaol agus i mo chleachtas féin.

Virtual Duets - March 2020

Dísréid Fhíorúla – Márta 2020

 

Tá sé deacair orm smaoineamh ar chomhghleacaí nár léirigh le blianta beaga anuas go raibh tuilleadh ama uaidh, go háirithe na daoine sin inár measc gur ealaíontóirí agus tuismitheoirí iad araon.

Tá cruth an-éagsúil ar an saol gnóthach do chuid mhór dúinn le déanaí. Dom féin, ní raibh aon ghá ann na páistí a thiomáint ar scoil nó go dtí ranganna oíche. Ní raibh aon taisteal le déanamh ar scoil le haghaidh cónaitheachtaí, ná chuig ionaid ealaíona nó oifigí ealaíona le haghaidh cruinnithe. Níor ghá dom aon turas a dhéanamh go Londain chun modúil MA a dhéanamh, ná go Glaschú le breathnú ar lóistín agus cúrsaí le m’iníon is sine. Cé gur bhraith mé go raibh níos mó ama agam don chéad cúpla seachtaine, le déanaí is cosúil go bhfuil mé gafa le cúrsaí tí agus teaghlaigh. Ócáid is ea an lón anois, in áit rud breise gur féidir dearmad a dhéanamh air uaireanta. Déanaim arán a bhácáil anois in áit dul ag an ollmhargadh chomh minic, agus tá sé soiléir anois an tábhacht a bhaineann le glasraí a fhás sa bhaile. Ní mór dom iarracht a dhéanamh teacht ar an talamh láir go fóill, agus mé ag déileáil anois le sealanna úra agus ag streachailt uaireanta teacht ar an am do mo chleachtas féin.

Le cúpla seachtain anuas, airím go bhfuil mé ag teacht ar ais chuig rithim a bhí caillte agam. Saol oibre anseo san iarthuaisceart i ndeireadh na nóchaidí, sula raibh aon chlann ann agus sula raibh aon Tíogar Ceilteach ann. Baineann rithim agus pátrún mo laethanta níos mó leis an séasúr agus an aimsir ná scoileanna agus institiúidí. Ag maireachtáil agus ag obair ar bhealach simplí, ag tógáil inspioráide ón talamh ar bhealach nach bhfuil ródhifriúil ón rud a dhéanann na feirmeoirí áitiúla, sula raibh aon bhorradh eacnamaíochta ann.

Choimisiúnaigh an chomhairle mé John McGahern a phéinteáil an t-am sin. Fear álainn flaithiúil, a chaith beagnach seachtain iomlán ina shuí sa bhóitheach ina raibh mo stiúideo, agus bhí sé teann air gach lá go gceannódh sé lón dom. I gclár faisnéise a chonaic mé ina dhiaidh sin, dúirt sé go raibh a chuid laethanta roinnte idir an scríbhneoireacht agus an fheirmeoireacht ó d’fhill sé ar Liatroim. Ba leor ceithre uair an chloig scríbhneoireachta ar maidin, agus ansin chaith sé a chuid ama leis an tír agus leis na beithigh. Ar bhealach, ní stopann ealaíontóir ag obair riamh agus nuair a smaoiním ar tráthnónta McGahern smaoiním ar an gcaoi go raibh a chuid oibre beo sa cheantar seo. Bím ag smaoineamh ar an am a thógann sé rudaí a phróiseáil, agus gur thug a thráthnónta fócas agus deis machnaimh dó. Bhí mé féin tar éis teacht ar an bhfócas céanna an t-am sin tar éis bogadh ón gcathair mhór agus tabhairt faoi saol faoin tuath. Anois, b’fhéidir go bhfuil deis ann nascadh le rithim agus luas na tíre áille seo arís, agus ó sin dul níos giorra dár gcuid patrún féin sa saol agus san obair agus an tábhacht a bhaineann le gníomhaíochtaí a choinneáil cothrom leis an machnamh, agus muid ag cuimhneamh nach ionann sin agus filleadh ar an seanrud, ach smaoineamh ar na sean-nósanna atá againn ar bhealach úr.

Tá Tionscadal Magnetise le feiceáil faoi láthair ar shuíomh gréasáin Chlár Éire Ildánach.

www.creativeireland.gov.ie/en/news/magnetise/

Foilsithe

12/5/2020

Foirmeacha Ealaíne

Rince & Gluaiseacht