ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 3 – Jennifer Buggie, Múinteoir agus Príomhéascaitheoir ar Fhoireann Deartha TAP


Image copyright: Jennifer Buggie

Jennifer Buggie

Rinne Jenny Buggie staidéar ar an stair agus ar an tseandálaíocht i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus chuaigh sí leis an múinteoireacht in 2009 trí Ollscoil Newman, Birmingham. Tá sí ag obair mar Mhúinteoir Bunscoile i Scoil an Teaghlaigh Naofa i bPort Laoise agus mar Éascaitheoir in Ionad Oideachais Laoise. Bronnadh an Duais IPPN ar Jenny in 2017 dá Dioplóma Iarchéime i gCeannaireacht Oideachais in Ollscoil Mhaigh Nuad inar díríodh ar athrú a stiúradh trí mhúinteoireacht i ndrámaíocht agus i stair. D’eascair a tráchtas Máistreachta Gairmiúla as an obair, tráchtas ina ndearnadh iniúchadh ar fhéiniúlacht i gcleachtas an mhúinteora le linn cumasc scoile. Tá Jenny ag obair leis an gComhpháirtíocht Múinteoirí agus Ealaíontóirí ón mbliain 2014, oibríonn sí mar phríomhéascaitheoir agus d’fhoireann deartha náisiúnta na heagraíochta. Tá an-fhonn uirthi na scileanna agus na deiseanna a thabhairt do mhúinteoirí, d’ealaíontóirí agus do pháistí chun oibriú le chéile i scoileanna a bhfuil na healaíonta iontu go láidir agus ina n-aithnítear agus ina bhforbraítear an duine mar fhoghlaimeoir agus mar mhúinteoir.



Tá sé go deas rud éigin a dhéanamh lenár lámha seachas iad a dhíghalrú.

Ní mar a chéile a bhí sé i mbliana agus muid ag filleadh ar an scoil agus bhí na páistí ar fheabhas. Shiúil siad síos na hallaí tar éis slán a fhágáil lena gcuid tuismitheoirí ag an ngeata, nigh siad a lámha agus rinne siad rialacháin nua na scoile a chomhlíonadh, agus rinne siad a ndícheall oibriú as lámh a chéile chun a chéile a choinneáil sábháilte. Rinne ár gceannaireacht scoile a seacht ndícheall ionas go n-aireodh na páistí, na baill foirne agus na tuismitheoirí a shábháilte agus ab fhéidir agus a chompordaí agus ab fhéidir sa scoil le linn na dtréimhsí éiginnte seo.

Ach, gan dabht, chuir Covid 19 isteach ar ghnáthchúrsaí na scoile de bharr na gcóras scaipthe ina gcaithfear fanacht amach ó dhaoine, ina gcaithfear ní, agus ina gcaithfear a bheith ar an airdeall. Ach tá príomhaidhm ár gcuid oibre mar a chéile i gcónaí, chun freastal ar na riachtanais is mó atá ag na páistí atá faoinár gcúram trí oideachas agus trí ghrá. Rinne dúnadh na scoileanna dochar, lena n-áirítear, níos lú cásanna curtha ar aghaidh chuig Tusla agus roinnt páistí ag fáil torthaí níos ísle. Bhí foghlaim bunaithe ar na healaíona agus ról an ionchollaithe san athoscailt fíorthábhachtach chun an intinn, an corp agus an spiorad a nascadh sa seomra ranga. Baineann sé seo go príomha leis na Naíonáin, ní féidir leis an múinteoir a bheith ina bhfoisceacht agus tá cosc ar theagmháil fhisiciúil.

Tá tábhacht le bheith ag éisteacht i múinteoireacht, a bheith ag éisteacht le focail agus an chomharthaíocht choirp a thabhairt faoi deara. Bhí na páistí ag déanamh cumarsáide i mí Mheán Fómhair seo caite. D’fhéadfadh páiste a chur in iúl go caithfidh sé/sí rith ar lánluas ar feadh ceacht corpoideachais ar fad, agus d’fhéadfadh páiste eile iarraidh ar an múinteoir scéal a léamh amach. Baineann an achainí le deimhniú agus le freastal ar riachtanas, rudaí a dhéanaim cinnte díobh i gcónaí. Nuair nach rabhthas in ann barróg ná greim láimhe a bhreith ar aon duine, chuaigh mé i muinín na n-ealaíon chun suaimhneas, faoiseamh agus dearbhú a fháil. Bhaineamar úsáid as ceol, as damhsa, as na hamharcealaíona, as ióga, as scéalta agus as machnamh, as díriú ar nádúr céadfach na n-eispéireas, na rudaí agus na n-ábhar. Bhí sé go hálainn a bheith in ann rudaí a dhéanamh lenár lámha seachas iad a dhíghalrú ar nós rudaí a chasadh, a ghearradh agus a ghreamú chomh maith le bheith ag imirt, ag bogadh agus ag díriú.

 

Foilsithe

30/9/2020

Réigiún

Laoise