ENGLISH

NUACHTLITIR



Cad a dhéanann hEalaíona i gcleachtas Oideachas cuma mhaith? Léigh faoi na próisis agus comhpháirtíochtaí taobh thiar thionscadail reatha tarlú ar fud na hÉireann.


Cluas le hÉisteacht


Maidir leis an tionscadal
Bhí próiseas rannpháirtíochta agus comhpháirtíochta bliana i gceist le Cluas le hÉisteacht idir daltaí na dara bliana i bPobalscoil Chorca Dhuibhne, An Daingean, a múinteoir ealaíne Brenda Ní Fhrighill agus an t-ealaíontóir Maree Hensey.
Cuireadh cur chuige faoi stiúir próisis, comhoibriú agus teanga na líníochta in iúl sa tionscadal. Sholáthair Brenda agus Maree timpeallacht shábháilte thacúil ina mbeifí in ann an chruthaitheacht a chur in iúl. Tugadh deis do rannpháirtithe a bhfreagra aonair féin a thabhairt ar a hábhair a cuireadh i láthair agus tugadh muinín dóibh leanúint den aistear cruthaitheach aonair sin.
Cuireadh modhanna maidir le marc-chruthú in aithne do na daltaí ag úsáid raon teicnící taiscéalaíochta agus ábhar ag obair ar scála mór agus beag araon. I rith an tionscadail fuair siad muinín i marc-chruthú léiritheach turgnamhach agus iad ag obair as lámha a chéile.
Ag teacht ar an gcoincheap: An t-ealaíontóir Maree Hensey
Táim féin agus Brenda ag obair le chéile ón mbliain 2008. Tá aithne mhaith againn ar a chéile agus tuigimid an bealach a n-oibrímid. Nuair a bhíonn muid ag beartú tabhairt faoi thionscadal agus cur chuige á phleanáil againn leis an méid tuisceana agus muiníne atá againn bíonn deis againn tabhairt faoi thionscadail a thugann dúshlán dúinn agus lena mbaineann gné den riosca.

Cén fáth fuaim mar sin? Conas a thángamar ar an gcoincheap?
Thóg sé cúpla glaoch teileafóin agus cúpla seisiún agus greim le hithe againn chun teacht ar choincheap a raibh luí agam féin agus ag Brenda leis. Ag féachaint dúinn ar phróifíl na rannpháirtithe feictear dúinn go bhfuil siad i gcónaí ag éisteacht le rud éigin. Chuireamar romhainn eispéireas cruthaitheach eile a éascú dóibh.

Coincheap: Ag éisteacht.

Ar feadh an phróisis go léir d’fhoghlaim na daltaí conas:
• díriú ar éisteacht ghníomhach seachas éisteacht éighníomhach.
• fáil réidh le gach spreagaitheach agus na daltaí a thumadh i bhfuaimeanna an tírdhreacha mórthimpeall orthu.
• fuaimeanna a leithlisiú, taifeadtaí a dhéanamh, éisteacht arís le ton, le rithim agus le caighdeán na bhfuaimeanna.
• a dtuairim phearsanta féin a thabhairt ina gcuid freagraí agus maidir leis na fuaimeanna a roghnaigh siad.
• a bheith compordach ina dtost.

Chuireamar tús leis an aistear trí thaifeadtaí fuaime a dhéanamh sa tírdhreach e.g. uisce ag slaparnach, daoine ag siúl, inneall tarracóra, bád i bhfad ó bhaile, madra ag tafann, comhrá. D’éisteamar leis na sraitheanna fuaime atá mar chuid dá dtimpeallacht áitiúil. Nuair a d’fhilleamar ar an seomra ranga d’éisteamar go géar le fuaim roghnaithe agus rinneamar marcanna líníochta a léirigh rithim, ton agus caighdeán na fuaime.

Bhí an saothar a rinneadh leochaileach, spreag sé smaointeoireacht agus ba shaothar aonair ar leith a bhí ann.  Ba chuid lárnach den phróiseas an féinmheasúnú a rinne daltaí ar a gcuid oibre. Tar éis gach seisiúin roghnaigh na daltaí an focal is mó a rinne cur síos ar a dtaithí aonair féin.  Bhí na focail sin mar chuid lárnach den toradh áit a ndearna na daltaí fuaimdhreach turgnamhach comhoibríoch agus bhí spraoi acu ag fuaimniú an fhocail a roghnaigh siad.
Múinteoir ealaíne ag Pobalscoil Chorca Dhuibhne Brenda Ní Fhrighill

Ba chuid thábhachtach den phróiseas iomlán acadúil agus oideachasúil an tionscadal. Mar mhúinteoir tuigim an luach a bhaineann le Teicneolaíocht Físchomhdhála a úsáid agus feicim an leas a bhaineann mo chuid daltaí as. Níl aon bhac níos mó ar chomhoibriú a dhéanamh le healaíontóirí gairmiúla agus níl beann ag ár n-áit chónaithe air sin. Chuidigh an obair faoi stiúir próisis le daltaí a nguth agus a dteanga amhairc shainiúil féin a fhorbairt go cruthaitheach. D’fhoghlaim na daltaí scileanna tábhachtacha i bhféinmheasúnú, cumarsáid, teicníc agus muinín a bheidh áisiúil dóibh thar gach ábhar eile sa churaclam.
Maidir leis an bpróiseas agus mar a d’fhorbair sé

D’oibrigh Maree leis na daltaí ar feadh 2-3 lá sa scoil. Shocraigh Brenda a sceideal agus sceideal na ndaltaí ionas go mbeidís ar fáil chun oibre ar feadh 4-5 uair an chloig sa lá.
Tar éis di taithí a fháil ar a bheith ag obair sa scoil, lean Maree den teagmháil agus den taiscéalaíocht ar feadh cúpla seachtain ag úsáid teicneolaíocht físchomhdhála le haghaidh na seisiún a mhair idir 40 – 80 nóiméad. Tá Maree lonnaithe i mBaile Átha Cliath agus ní raibh aon chiall di a bheith ag taisteal go dtí an Daingean gach seachtain.
Rinneadh neart pleanála agus measúnaithe i dtaca leis sin. Labhraíomar le chéile ar an bhfón faoi dhó sa tseachtain ar a laghad.
Cuireadh an tionscadal ar bun le turais allamuigh agus ag mapáil fuaimeanna. Cuireadh na fuaimeanna taifeadta in eagar agus próiseáladh iad. Roghnaíodh fuaimeanna agus cuireadh tús leis an bpróiseas trína léireofaí na fuaimeanna agus seintimint na fuaime ón tsúil agus rinneadh é sin trí mharc-chruthú taiscéalaíoch.

Bhí dúshlán ollmhór ag baint le bheith ag obair le hábhar ginearálta. Ba thaithí fhíorach a bhí ag an dalta ar ealaín de réir mar atá leagtha síos sa churaclam. Ionas go dtuigfeadh na rannpháirtithe an próiseas agus an tionscadal gach seachtain, chuireamar liosta focal le chéile a rinne cur síos ar cad a chiallaigh an próiseas dóibhsean. Is rogha de na focail sin atá sa taifeadadh atá ag gabháil leis an bhfíseán.

Cuireadh bailchríoch álainn ar an tionscadal áit a bhfuair na daltaí réidh leis an bhfuaim go léir agus inar éist siad lena rithim inmheánach féin. Ba iad na híomhánna de na daltaí leis na dalláin chluaise ceangailte leis an mbosca a dtaithí féin ar gan a bheith ag éisteacht le dada ach a gcuid smaointe féin agus an neamhnitheacht.

Mar chuid den saothar deiridh bhí suiteáil i Séipéilín Ghallarais, teilgean físe agus taispeántas seachtracha de líníochtaí móra in ionad cuairteoirí Ghallarais i gCorca Dhuibhne. D’oir an séipéilín, atá suite i gceantar ina bhfuil áilleacht nádúrtha, go breá mar áit chun an saothar a chur – saothar a rinneadh trí bheith ag éisteacht, faoi thionchar ciúnais agus na timpeallachta máguaird. Ba thaifead fisiceach agus cruthúnas den phróiseas cruthaitheach a bhí sa taispeántas.

Torthaí Daltaí


  • D’fhoghlaim siad scileanna agus teicnící éagsúla a theastaíonn i marc-chruthú taiscéalaíoch – scil riachtanach a bhíonn ag teastáil sa churaclam ealaíne
•   Chuir siad eolas ar ealaíontóirí comhaimseartha a bhaineann leas as marc-chruthú trialach
  • Tá siad níos ábalta éisteacht le fuaimeanna seachtracha agus tá tuiscint acu ar an tsocracht intinne a thagann le ciúnas
  • Tá siad in ann díriú níos fearr ar rud
  • D’fhoghlaim siad scileanna maidir le trealamh fuaime a úsáid
  • Fuair siad taithí ar Theicneolaíocht na Faisnéise agus ar ilmheáin agus conas iad a úsáid mar mhodh cumarsáide éifeachtúil comhaimseartha.
  • Tuigeann siad an luach atá le heispéireas faoi stiúir próisis gan an bhéim ar thoradh socraithe nó cinnte.
  • Fuair siad taithí phraiticiúil agus léirthuiscint agus tuiscint ar obair shuiteála
  • Tá siad níos ábalta oibriú mar chuid d’fhoireann
  • Bhraith siad muintearas mar ghrúpa leis an bpróiseas agus leis an taispeántas a bhí mar thoradh air.
  • Tá muinín níos mó acu a gcuid oibre a chur ar taispeáint go poiblí.
  • Tá cur amach acu ar shaothar ealaíontóra gairmiúil agus tuigeann siad gur féidir slí bheatha a bhaint as na healaíona.
  • Chruthaigh siad naisc láidre le cúrsaí litearthachta

Spotsolas


Ealaíontóir(í):

Maree Hensey is a visual artist. Her practice encompasses drawing, sculpture and participatory art. At the heart of her work is the engagement and participation of community. As a primary source of information and guidance, she relies on evolving relationships over time, developing subtle collaborations to arrive at work that not only tells a story but also characterizes the community that recounts that story. She has successfully completed a number of Public Art Commissions, Site Specific Installations and Private Commissions. Her artworks are represented in public and private collections in Ireland, Britain, Canada Australia, France, Denmark and the USA.


Múinteoir(í):

Fáilte agus fiche romhat go dtí Pobalscoil Chorca Dhuibhne.
Is é ár mana ná ‘Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine’

Tá an scoil ag cur iarbhunoideachas lán-Ghaeilge ar fáil do phobal Chorca Dhuibhne. Tá freastal á dhéanamh ar réimse leathan cumais ag tacú le hoideachas don dalta ina iomláine i dtimpeallacht atá aireach agus ómósach.   Táimid thar a bheith buíoch don fhoireann, do na scoláirí, dá dtuismitheoirí agus do gach éinne i bpobal na scoile a chuidigh le héatós scoile deimhneach a chothú ó osclaíodh na doirse i mí Mheán Fómhair, 2007.

See more at: http://pcd07.ie/


Eile:
(Coimeádaí, gníomhaireacht):

The Creative Engagement programme is co-funded by the Department of Arts Heritage and the Gaeltacht and the Department of Education and Skills.  Each year projects are produced in schools  ranging from theatre and film through to sculpture and music.  A creative engagement happens when a local artist or  arts  group comes into the school and imparts their skills, knowledge and enthusiasm to the students.  This partnership has mutual benefits to both artist and school.

The Creative Engagement programme strives to encourage creativity, initiative and expression in our students and to complement curricular learning in the arts , heritage and culture.  NAPD envisions an education system energised through the arts and where creativity is a core activity in the post primary curriculum.  NAPD is continuing to develop a partnership with the National Heritage Council. Michael Parsons of the Arts and Culture Committee is a member of the National Heritage Council.


Maree Hensey

Ealaíontóir(í)

Maree Hensey

Brenda Ní Fhrighill

Múinteoir(í)

Brenda Ní Fhrighill


Foirmeacha Ealaíne

Na hAmharcealaíona

Leibhéal

Iar-Bhunscoile

Scoil/Grúpa

Pobalscoil Chorca Dhuibhne


Rannpháirtithe

20


Réigiún

Ciarraí

Aois/Rang

2nd Year Students


Dátaí

November 2014 - April 2015


Naisc


Ceannaireacht Ghníomhaireacht

Creative Engagement


Príomhthéamaí / línte fiosrúcháin

Drawing, Mark-making, Soundscape Installation.

The students isolated and documented sounds in their environment. Their engagement with the artist included virtual connection using SKYPE technology.


Snáitheanna Curaclaim

Literacy, English, Irish, Art, ICT



The process led work has helped students to creatively develop their own unique voice and visual language.

Teacher Brenda Ní Fhrighill

Cluas le hÉisteacht (c) Maree Hensey

Cluas le hÉisteacht (c) Maree Hensey

Cluas le hÉisteacht (c) Maree Hensey

Cluas le hÉisteacht (c) Maree Hensey

Cluas le hÉisteacht (c) Maree Hensey

Cluas le hÉisteacht (c) Maree Hensey

Cluas le hÉisteacht (c) Maree Hensey

Cluas le hÉisteacht (c) Maree Hensey