ENGLISH

NUACHTLITIR



Cad a dhéanann hEalaíona i gcleachtas Oideachas cuma mhaith? Léigh faoi na próisis agus comhpháirtíochtaí taobh thiar thionscadail reatha tarlú ar fud na hÉireann.


Creative Generations – Bunscoil CBS Uí Chonaill leis an ealaíontóir Maria McKinneey


Inis scéal do thionscadail dúinn – Céard a spreag é? Cad faoi é? Cé a bhí páirteach ann? Cén chaoi ar thosaigh tú?

Jean Mann, Coimeádaí Oideachais Creative Generations

Bhí bunscoil á lorg againn sa cheantar a bheadh gar d’urraitheoirí an chláir, Banc Ceannais na hÉireann, mar sin bhí an-áthas orainn Scoil Uí Chonaill a aimsiú. Is scoil an-shuimiúil í a bhfuil stair shaibhir aici ina bhfuil timpeallacht foghlama thacúil agus bhí sé go hiontach oibriú ann. Ba rogha nádúrtha í an t-ealaíontóir Maria McKinney don chlár seo. Is minic a dhíríonn sí a cleachtas ar an éiceolaíocht agus shíl mé go mbeadh sé seo oiriúnach do raon aoise na bunscoile. Thóg Maria an taithí luachmhar atá aici ar an gcomhoibriú i réimsí éagsúla fíoraíochta agus mothálacht i leith ábhar agus mar sin bhí sí an-fheiliúnach don chónaitheacht seo.

Maria McKinney, Ealaíontóir

Bhí eolas agam ar chlár oideachais Dhánlann agus Stiúideo Bharra an Teampaill , toisc go bhfaca mé cuid de na tionscadail a bhí acu roimhe seo ar na meáin shóisialta agus gur labhair mé leis na healaíontóirí a ghlac páirt ann. Bhí an-áthas orm nuair d’iarr Jean orm a seisiún d’fhómhair 2017 a dhéanamh i Scoil Uí Chonaill. Bhog mé mo stiúideo chuig Barra an Teampaill díreach roimhe sin agus bhí sceitimíní orm a bheith páirteach sa chlár atá acu chomh luath seo.
An chéad rud beagnach a dúradh liom faoi Scoil Uí Chonaill, gur scoil buachaillí í agus go raibh sí díreach faoi Pháirc an Chrócaigh. Is beag nach bhfuil suíocháin an staidiam díreach os cionn na scoile. Is scoil an-uathúil í seo mar sin. Ba chuimhin liom go bhfaca mé alt nuachtáin ar éin chreiche a chuirtear ag obair i bPáirc an Chrócaigh chun ainmhí eile ar nós francach agus colúr a d’íosfadh na síolta féir a cuireadh le déanaí a choinneáil amach. Ní raibh a fhios agam an mbeadh na buachaillí sa scoil ar an eolas go raibh na héin speisialta seo díreach in aice leo. Thug mé faoi deara freisin gur dheis iontach a bhí anseo do na buachaillí píosa beag a fhoghlaim faoin éiceolaíocht agus faoi ghnáthóg na n-éan agus an dúlra go ginearálta. Thuig mé gur scoil uirbeach í seo agus bhí sé de rún agam spás a chur ar leataobh do na buachaillí chun machnamh a dhéanamh ar ainmhithe eile.
Bhí mé páirteach thart ar an am seo freisin i dtionscadal ealaíontóra sa scoil i Maigh Nuad le hOifig Ealaíon agus Scoil Ealaíon Chill Dara. Bheartaigh mé an dá dheis seo a thapú chun saothar ar Éin Chreiche a dhéanamh. Shíl mé go raibh an tionscal ní ba shaibhre go ginearálta mar gheall air seo mar gur forbraíodh é thar tréimhse ama ní b’fhaide.

Dalta C

Cuireadh tús leis le cuairt ar Ghailearaí Bharra an Teampaill. Bhí a stiúideo [stiúideo Maria] an-néata. Bhí gach rud in ord agus in eagar aici. Ansin chaitheamar cúpla seachtain ag déanamh oragámaí. Bhain mé an-taitneamh as agus ba thaithí iontach é.

Dalta D

Chuamar go dtí stiúideo Maria i dtosach agus d’fhoghlaimíomar tuilleadh fúithi. Díreoidh ar an spraoi a bheadh againn le chéile agus ar an obair a dhéanfaimis le chéile. Maria, Jean, rang a ceathair i Scoil Uí Chonaill, Barry [an seabhcóir], Kayla [an seabhac Harris] agus na múinteoirí a ghlac páirt ann. Thosaíomar ag tarraingt agus ag foghlaim faoin oragámaí sa seomra ranga.

Ms. Coyle, Múinteoir

Ghlacamar páirt ann mar thoradh ar bhall foirne a bhí i dteagmháil le Jean agus le Maria. Bhí na leanaí ag déanamh píosaí oragámaí go mbeidís acu mar phíosaí dealbhóireachta arbh fhéidir le seabhac tuirlingt orthu. Bhí Maria agus Jean ina gcabhair ollmhór don bheirt mhúinteoirí a mhúineann dhá rang a ceathair.

Cén chaoi ar forbraíodh na smaointe agus cén chaoi ar oibrigh na daoine óga, an t-ealaíontóir agus an múinteoir le chéile?

Jean Mann, Coimeádaí Oideachais Creative Generations

Cuireadh tús leis an gcónaitheacht nuair a chuaigh na daltaí ar cuairt ar stiúideo Maria i nGailearaí agus Stiúideo Bharra an Teampaill leis an áit a n-oibríonn sé a fheiceáil, chun léargas a fháil ar a modhanna, ar a spreagadh agus ar a hinspreagadh mar ealaíontóir. Ina dhiaidh sin, thosaigh Maria ag fiosrú éin chreiche leis na leanaí trí chleachtaí éagsúla idir tharraingt, oragámaí, luail/léiriú agus sícé an éin a áitriú. Forbraíodh saothar dealbhóireachta le chéile as sin agus bhíomar in ann é sin a úsáid mar sheastán do Kayla, an seabhac Harris, le tuirlingt air. Thóg Maria grianghraf deiridh de chun cuimhneamh ar an bpróiseas seo. Bhí na daltaí an-oscailte ar fad agus fiosrach faoi na seabhaic agus d’oibrigh siad go dian chun na píosaí oragámaí a dhéanamh a bhí mar bhunús na deilbhe. Bhí baill foirne na scoile uile an-spreagúil agus an-chuidiúil le linn thréimhse na cónaitheachta.

Maria McKinney, Ealaíontóir

Cuireadh tús leis an tionscadal agus chuaigh na buachaillí ar thuras go Barra an Teampaill chun cuairt a thabhairt ar an dánlann agus ansin suas chun cuairt a thabhairt ar mo stiúideo atá ar an gcéad urlár. Chuir mé féin agus Jean muid féin in aithne do na buachaillí agus lean mé ar aghaidh ag taispeáint roinnt íomhánna de mo shaothair dóibh ar scáileán. D’inis mé ainm an tsaothair dóibh agus d’iarr mé orthu gach ábhar agus rud éagsúil a chonaic siad ann a ainmniú (bainim úsáid as neart ábhar éagsúil agus gnáthrudaí i mo shaothair). D'fholmhaigh mé bosca de rudaí éagsúla a chruthaigh mé ansin agus lig mé dóibh roinnt de mo shaothair a láimhseáil. Bhí go leor rudaí snáitheacha ann a rinneadh ag fí sop. Úsáideadh iad seo mar ‘lightsaber’ agus b’údar grinn é sin dom.

Díríodh ar mhúineadh do na buachaillí le crúba agus goba a dhéanamh as páipéar agus le teicnící oragámaí sna seisiúin a bhí againn sa scoil ina dhiaidh sin. Bhí sé seo tráthúil mar go raibh sé gar d’Oíche Shamhna, mar sin bhí na buachaillí in ann na crúba a úsáid d’fheistis scanrúla freisin. Chuidigh na múinteoirí leis na buachaillí iad a dhéanamh, ach ansin nuair a d’éirigh leo an próiseas a chur i gcrích cúpla uair ní raibh aon chúnamh uathu agus bhí siad in ann go leor crúb agus gob a dhéanamh.

Bhreathnaíomar ar shaothair ealaíontóirí eile a raibh éin mar chuid díobh chomh maith, lena n-áirítear ‘Dawn Chorus’ le Marcus Coates, agus saothar Sean Lynch ‘Peregrine Falcons visit Moyross’. Sa saothar deireanach sin, feictear píosaí físeán ó cheamara atá greamaithe de chúl fabhcúin ghoirm a eitlíonn thar Eastáit Mhaigh Rois. Ag pointe ar leith, tuirlingíonn an t-éan ar chuaille solais, breathnaíonn sé thart agus éiríonn sé in airde arís. Rinne na buachaillí líne i mbeirteanna agus d’iarr mé orthu a súile a dhúnadh agus samhlú go raibh siadsan ina n-éin ag barr an chuaille solais sin agus smaoinigh ar a gcrúba, ar a sciatháin agus ar a ngoba agus iad féin a ullmhú chun éirí in airde arís. Lig na buachaillí orthu go raibh siad ag eitilt ar nós na n-éan timpeall an tseomra i dtreonna éagsúla go paiteanta. Mheall mé na buachaillí chun machnamh a dhéanamh ar anatamaíocht agus ar bhaill choirp éagsúla an éin (na crúba agus na goba) trína gcruthú le páipéar agus ansin iad a chur i gcomparáid lena gcoirp féin.

Dalta K

Forbraíodh smaointe éagsúla ag baint úsáid as ábhair éagsúla agus ag breathnú ar shaothair Maria chomh maith. Chabhraigh na múinteoirí agus Maria linn oragámaí a dhéanamh. D’oibrigh Maria ar thairbh roimhe seo agus d’oibríomar le seabhac.

Dalta B

Chaitheamar hataí agus sciatháin agus chuireamar na crúba agus goba le chéile agus rinneamar seastán seabhaic. Ionas go mbeidh an seabhac in ann fanacht air.

Dalta A
Chuireamar fillteacha sa pháipéar agus chabhraigh ár gcairde, na múinteoirí agus na Cúntóirí Riachtanas Speisialta linn agus taispeánadh dúinn conas a dhéantar oragámaí, bhaineamar an-sult as.

Dalta C

D’oibríomar le chéile ag déanamh oragámaí agus ag tarraingt pictiúr de sheabhaic. Chuireamar na píosaí oragámaí ar an seastán ansin.

Mr. Gavin, Múinteoir

Thug dhá rang a ceathair faoin gcúrsa sé seachtaine seo le chéile. Bhí an t-ealaíontóir in ann an seomra ealaíne a úsáid, áit a raibh bord ar leith leagtha amach acu do gach gníomh. Bhí láithreoireachtaí PowerPoint iontacha ullmhaithe acu anseo chomh maith.

Ms. Coyle, Múinteoir

Rinne dhá rang a ceathair an cúrsa le chéile. Bhí boird leagtha amach ag an ealaíontóir agus bhí na hábhair uile ann do na leanaí chomh maith. Ghlac gach uile leanbh páirt ann mar gur bhain siad an-taitneamh as. Chabhraigh an fhoireann teagaisc leis an ealaíontóir chun aird na leanaí a choinneáil ar an ngníomhaíocht.

Cén taithí phearsanta a bhí agat ar an tionscadal i dtéarmaí ratha agus dúshlán?

Jean Mann, Coimeádaí Oideachais Creative Generations

Shíl mé go raibh an-rath ar an tionscadal seo ó thaobh rannpháirtíochta agus a oiriúnachta do dhaltaí bunscoile. Bhí na seisiúin sa scoil gníomhach agus spleodrach agus ghlac na leanaí uile páirt ann go díograiseach. Threoraigh Maria na daltaí ar aistear iontach fiosrachta inar chruthaigh siad ealaín agus chasamar leis an seabhac Harris, Kayla, mar bhuaicphointe an aistir sin. Bhí ceisteanna samhlaíocha agus suimiúla ag na buachaillí don traenálaí seabhaic, Barry, mar thoradh air sin agus níl aon dabht go bhfuil tuiscint úrnua acu anois ar an bhfiadhúlra atá le fáil inár dtimpeallacht uirbeach.

Maria McKinney, Ealaíontóir

Shíl mé go raibh sé tábhachtach dóthain spáis a fhágáil ann do rannpháirtíocht na ndaltaí san obair, mar aon leis na heachtraí a tharlaíonn gan choinne nuair atáthar ag oibriú ar phróiseas rannpháirtíochta. Ach bhí orm a chinntiú freisin go raibh dóthain gníomhaíochta ullmhaithe agam do gach seisiún ionas nach mbeimid uile inár seasamh ag breathnú ar a chéile agus dada idir lámha againn. Is cothromaíocht chaol í an iarracht sin a dhéanamh agus éirí leis.

Níl aon dabht ach gur éirigh go hiontach leis an tionscadal mar gheall ar fhuinneamh agus ar dhíograis na mbuachaillí rud nua a thriail. Bhíodh mé ag súil go mór leis an am a chaithfinn leo. Bhí an fhoireann thar barr chomh maith agus bhí siad lánpháirteach i ngach uile rud a rinneamar. Déantar an-difríocht nuair a bhíonn na múinteoirí go hiomlán rannpháirteach agus nuair a thacaíonn siad le gach a bhfuil á dhéanamh agat, tugann na daltaí é sin faoi deara agus bíonn an-tionchar aige ar an mbealach a bhfreagraíonn siad ort mar chuairteoir.

Bhí an-rath ar Barry an seabhcóir freisin, a oibríonn i bPáirc an Chrócaigh lena éin, agus d’aontaigh sé ceann dá éan a thabhairt ar cuairt chuig na buachaillí sa scoil. Bhí an lá sin thar a bheith speisialta agus bhí gach duine ag súil go mór leis. Ba é sin an tréimhse ba mhó strus domsa mar ealaíontóir agus bhí mé ag súil go mór go n-oibreodh gach rud i gceart.

Bhí iompar na mbuachaillí agus na n-éan ar fheabhas. Ach thug mé faoi deara go bhfuil orm mo scileanna grianghrafadóireachta maidir le grianghraf a tharraingt de ghrúpa a fheabhsú. Bhí mé ag súil go seasfadh na buachaillí i ngrúpa timpeall an éin agus na sciatháin/na crúba/na goba a cruthaigh siad á gcaitheamh acu. Ach ní raibh mé in ann iad a eagrú sách maith, agus ba lá fuar gaofar a bhí ann. Rinne na buachaillí a seacht n-iarracht ach sílim go bhféadfainn é seo a eagrú i mbealach ní b’fhearr.

Dalta A

An chuid den tionscadal a thaitin ba mhó liom nuair a bhí an ealaín á caitheamh againn agus bhí cuma an tseabhaic orm.

Dalta D

Bhain mé an-taitneamh as an tionscadal. Ní bhfaca mé seabhac san fhíorshaol go dtí sin, thaitin sé go mór liom. An rud a thaitin ba mhó liom ná an uair a chonaic mé Kayla, mar nach bhfaca mé seabhac san fhíorshaol roimhe sin.

Dalta K

Ba é an uair a chaitheamar na sciatháin agus thosaíomar ag rince thart an chuid den tionscadal ba mhó a thaitin liom.

Dalta F

Ba é an rud ab fhearr liom an dealbh a thógáil. Chuidigh na múinteoirí linn agus bhí smaointe iontacha ag na buachaillí a d’úsáideamar ar an dealbh. D’éirigh go hiontach leis an dealbh ach bhí sé sách dúshlánach teacht ar smaointe faoi.

Mr. Gavin, Múinteoir

Bhain na leanaí an-taitneamh as an gcúrsa. Ba thaithí úrnua a bhí ann agus ní dhéanfar dearmad air. B'oscailt súl cheart a bhí sa turas chuig dánlann an ealaíontóra do na leanaí. Dúshláin – an méid ama a caitheadh ar gach seisiún, go háirithe le linn na tréimhse díreach roimh an Nollaig.

Ms. Coyle, Múinteoir

Bhain na leanaí uile sult as agus tá siad fós ag labhairt faoi. Ba thaithí éagsúil í dóibhsean seachas sinne a bheith ag múineadh an t-am uile.
Cén tábhacht a bhain leis an tionscadal duit ar fiú a roinnt?

Jean Mann, Coimeádaí Oideachais Creative Generations

Tionscadal a bhí ann inár cuireadh spontáineacht chun cinn agus ligeadh do rudaí a tharla gan choinne teacht chun solais. Fuair na daltaí taithí ar chruthú ealaíon agus mar sin leathnaíodh a meonta ar cad is ealaín ann. Threoraigh Maria na daltaí go suaimhneach tríd an bpróiseas seo, tosaíodh leis an tarraingt, rud a raibh an-taithí ag na daltaí air, anuas go fíorsheabhac a thabhairt isteach chucu. Bhí na daltaí féin páirteach sa saothar chomh maith nuair a chaith siad na píosaí móra oragámaí le seasamh taobh leis an seabhac agus í ar a fara do ghrianghraf deiridh na cónaitheachta. Cuireadh fáilte ollmhór roimh an tionscadal agus bhí sé sin le brath sa scoil; bhí sceitimíní ar na daltaí agus ar an bhfoireann faoi imeacht deiridh na cónaitheachta agus faoi chuairt an tseabhaic.

Maria McKinney, Ealaíontóir

Rinneamar tagairt do shlabhra bia na n-éan seo ina dtimpeallacht nádúrtha nuair a bhí mé ag caint leis na buachaillí faoi chúrsaí éiceolaíochta agus gnáthóg.
Ach thug mé faoi deara go mbaineann an t-éan oibre a bhí le teacht ar cuairt chuig an scoil chucu le líonra iomlán éagsúil – le líonra atá ar ordú daoine amháin agus ar chultúr an spóirt, na siamsaíochta, an chothaithe, na meán, na slándála (úsáidtear na héin seo chun dróin a choinnéail as an mbealach freisin)…

Dalta F

Bhí an-taithí agam r bheith i m’ealaíontóir óg iontach.

Dalta E

Ba dheis eisceachtúil a bhí inti!

Dalta C

An taithí lámh a leagan ar sheabhac agus é a fheiceáil. Thaitin sé go mór liom ó thús go deireadh!

Dalta J

Bhí spraoi againn agus d’fhoghlaimíomar scileanna nua cosúil leis an oragámaí agus tháinig feabhas ar ár líníocht. B’eispéireas éagsúil agus spreagúil a bhí ann – mholfainn do scoileanna eile é a dhéanamh.

Mr. Gavin, Múinteoir

Bhí sé go hiontach oibriú le healaíontóir. D’fhéadfadh nach ndeachaigh na leanaí ar cuairt chuig dánlann go dtí seo nó nach raibh léargas acu ar shaol/smaointe an ealaíontóra. Ba réimse ar leith nach ndéanfaimid mórán smaoineamh air sa scoil é an obair oragámaí. Bhí sé sin úrnua agus spreagúil.

Ms. Coyle, Múinteoir

Fuair na leanaí taithí ar an gcuma a bhíonn ar dhánlann agus ar a dtarlaíonn ann. Rinne siad píosaí oragámaí nach bhfoghlaimeoidís riamh murar ghlac siad páirt sa togra seo. Bhí an deis acu gach a ndéanann fíor-ealaíontóir a fheiceáil agus tuiscint a fháil ar an obair sin agus ceisteanna a chur uirthi. Ba thaithí iontach agus an-taitneamhach é do na leanaí.
Ar athraigh aon rud i do chuid oibre mar gheall ar an tionscadal?

Maria McKinney, Ealaíontóir

Bhí orm machnamh a dhéanamh ar an gcaidreamh a bhíonn ann idir daoine agus ainmhithe, agus ar ainmhithe oibre go háirithe mar gheall ar an tionscadal seo. Ní raibh mé in ann ach madra treorach nó madra bolaíochta san aerfort a ainmniú mar ainmhithe oibre i gcomhthéacs uirbeach roimh an tionscadal seo. Breathnaím suas níos minice na laethanta seo.

Dalta K

Braithim go bhfuilim in ann níos mó céimeanna a leanúint anois agus go bhfuilim níos fearr ag tarraingt rudaí agus ag leanúint rudaí agus gur leathnaíodh mo shamhlaíocht chomh maith. Chláraigh mé don chlub ealaíne ar scoil toisc go dtaithíonn an ealaín níos mó liom anois. Mothaím mar go bhfuilim níos fearr ag éisteacht anois.

Dalta D

D’éirigh mé níos cumasaí ag leanúint treoracha agus tháinig feabhas ar mo scileanna líníochta. Táim ag cur níos mó spéise san ealaín. Táim in ann oibriú mar bhall d’fhoireann anois.

Dalta A

Táim in ann éisteacht sa seomra ranga agus fillteacha a chur i rudaí anois agus chláraigh mé don chlub ealaíne mar thoradh ar an tionscadal.

Dalta F

Mothaím i bhfad níos compordaí ag tabhairt faoi thionscadail a bhfuil céimeanna éagsúla iontu anois agus fheabhsaigh mé mo líníochtaí agus d’éirigh mé ní ba chumasaí ag obair i bhfoireann. Bhain mé an oiread sin taitnimh as an taithí ealaíne gur chláraigh mé do chlub ealaíne na scoile.

Mr. Gavin, Múinteoir

Athraíodh dearcthaí na múinteoirí agus na leanaí i leith na healaíne ó thosaigh siad leis an tionscadal seo. Chonaiceamar go mbaineann i bhfad níos mó leis an ealaín seachas péinteáil agus líníocht. Bhí an deis againn feiceáil lenár súile féin conas is féidir an ealaín a úsáid sa timpeallacht mórthimpeall orainn.

Ms. Coyle, Múinteoir

Táimid i bhfad níos airdeallaí anois ar na bealaí inar féidir ár dtimpeallacht a úsáid don ealaín. Ní bhaineann sé le pictiúr a phéinteáil amháin. Tugadh píosaí oragámaí isteach i réimsí eile a bhaineann le saol na scoile, i.e. dráma na scoile etc.

 

Spotsolas


Ealaíontóir(í):

Maria McKinney, Ealaíontóir

Is amharc-ealaíontóir í Maria atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath agus a oibríonn sa dealbhóireacht agus i suiteáil den chuid is mó. Breathnaítear ar an gcastacht a bhaineann le struchtúir ár dtimpeallachta laethúla ina saothair agus roghnaíonn sí

rudaí atá ann sa domhan cheana féin mar údair seachráin, chaithimh nó inslithe, (míreanna mearaí, ciseáin siopadóireachta agus cúr borrthach). Úsáideann McKinney próiseas láimhsithe mar fhreagra ar a gcruth atá orthu mar aon leis na saintréithe a bhaineann leo nach bhfeictear. I dtimpeallacht ina ndéantar rudaí nach bhfeictear (micreascópacha, adamhach, digiteacha) a láimhseáil níos mó, bíonn tionchar aige sin ar an gcaidreamh a bhíonn againn le nithe fisiciúla. Is comhartha é seo chun machnamh a dhéanamh ar na córais cheilte a bhaineann lenár saol laethúil agus spreagadh amhairc a tharraingt óna struchtúr.

Chuir McKinney obair shuntasach i gcrích le déanaí ina ndearnadh machnamh ar úsáid géanómaíochta i dtógáil eallaigh sa lá atá inniu ann, agus bhí taispeántas aonair in Acadamh Ríoga na hÉireann mar thoradh ar an obair sin a mhaoinigh an Wellcome Trust agus Comhairle Ealaíon na hÉireann.  Thosaigh sí ar thionacht a mhairfidh trí bhliana i Stiúideonna Bharra an Teampaill in Aibreán 2017.

I measc na dtaispeántas a bhí aici le déanaí bhí:Lokaal 01, Antuairp, an Bheilg, (2016), La Permanence, Clermont-Ferrand, an Fhrainc (2015), the MAC, Béal Feirste (2012) agus Dánlann an Lab, Baile Átha Cliath (2010). Bhí sí ar an ngearrliosta don MAC International sa bhliain 2014 agus chuir sí cónaitheachtaí i Scoil Eolaíochta UCD i gcrích in 2015/16 agus in Fire Station Artists’ Studios idir 2012 agus 2015.

Jean Mann, Coimeádaí Oideachais Creative Generations

Is coimeádaí oideachas ealaíne neamhspleách í Jean Mann, le hoiliúint sa mhínealaín agus in oideachas iar-bhunscoile. D'oibrigh sí ar chláir agus bhainistigh sí cláir do Ghailearaí + Stiúideonna Bharra an Teampaill, don Acadamh Ibeirneach Ríoga agus Dublin Contemporary 2011. Tá suim ar leith ag Jean in ardáin a chruthú d'ealaíontóirí chun cleachtas ealaíne comhaimseartha a roinnt le lucht féachana nua ó na hearnálacha óige agus pobail. Tacaíonn Jean le healaíontóirí,
le scoláirí scoile agus le foireann le hoibriú le chéile i gcáil roinnte. Lena cúlra san ealaín agus san oideachas, tá taithí mhaith aici ar riachtanais na bpáirtithe leasmhara agus timpeallacht foghlama thairbheach a chruthú.


Ealaíontóir(í)

Maria McKinney

Jean Mann (Curator)

Múinteoir(í)

Mr. Gavin

Ms. Coyle


Foirmeacha Ealaíne

Foirm il-ealaíne

Leibhéal

Bhunscoile

Scoil/Grúpa

O’Connell CBS Primary School


Rannpháirtithe

29


Réigiún

Cathair Bhaile Átha Cliath

Aois/Rang

fourth class pupils


Dátaí

October - December 2017


Naisc


Ceannaireacht Ghníomhaireacht

Temple Bar Gallery & Studios


Comhpháirtithe eile

Central Bank of Ireland

Príomhthéamaí / línte fiosrúcháin

Ardán a chruthú d'ealaíontóirí chun cleachtas ealaíne comhaimseartha a thabhairt isteach i dtimpeallacht an tseomra ranga. Ag tacú le scoláirí foirmeacha ealaíon éagsúla agus a dtimpeallacht uirbeach a fhiosrú.


Snáitheanna Curaclaim

Oideachas Amharc-ealaíne, Eolaíocht agus Éiceolaíocht



Maria began an enquiry into birds of prey with the children, through various exercises in drawing, origami, movement/performance and inhabiting the psyche of the bird.

Jean Mann, Creative Generations Education Curator




Similar Projects

Comhoibriú Creative Generations – Sráid Synge CBS leis an ealaíontóir Andreas Kindler

Pléann Andreas Kindler von Knobloch agus Múinteoir Ealaíne Maria Wright Slattery a dtionscadal comhoibríoch le scoláirí na hIdirbhliana i Sráid Synge, Meánscoil Iognáid Rís, Cathair Bhaile Átha Cliath.

Read Article