ENGLISH

NUACHTLITIR



Cad a dhéanann hEalaíona i gcleachtas Oideachas cuma mhaith? Léigh faoi na próisis agus comhpháirtíochtaí taobh thiar thionscadail reatha tarlú ar fud na hÉireann.


Cubes and Compromise


An t-amharcealaíontóir Helen Barry i mbun cónaitheachta comhoibríoch 12 sheachtain le leanaí rang 1 i Scoil Náisiúnta na Moslamach, Cluain Sceach. Rinne siad iniúchadh le chéile ar chomhpháirteanna d’ealaín agus dearadh Ioslámach ag úsáid cur chuige traschuraclaim. Faoi stiúir an linbh, bhí uaillmhianta i bhfad níos leithne ag na leanaí faoi cad a d’fhéadfaí a iniúchadh trí ealaín agus tríd an gcruthaitheacht. Ar cheann de na cuspóirí a bhí ag Helen bhí sí ag iarraidh a modheolaíocht agus a cur chuige maidir le cleachtas comhoibríoch laistigh de chomhthéacs Aistear: Creatchuraclam na Luath-Óige a shoiléiriú. Fuair an chónaitheacht tacaíocht ó sparánacht na Comhairle Ealaíon a bronnadh ar Helen in 2013/14.

Inis scéal do thionscadail dúinn – céard faoi a bhí sé? Cé a bhí páirteach ann? Cén chaoi ar thosaigh tú?
Helen Barry, Ealaíontóir
Shocraigh mé dul chuig Scoil Náisiúnta na Moslamach mar gheall ar phríomhthéamaí atá i mo shaothar stiúideo féin. Úsáidim go leor de phrionsabail na geoiméadrachta agus na siméadrachta a fhaightear in ealaín agus in ailtireacht Ioslámach nuair a bhíonn mo shaothar féin á dhearadh agus á chruthú agam. Déantar imscrúdú i ngné láidir de mo shaothar ar spásanna ailtireachta i bhfoirgnimh naofa agus ar na pobail a úsáideann na spásanna sin. Táim díreach tar éis cónaitheacht eile a chur i gcrích freisin le naíonáin shinsearacha i Scoil Náisiúnta Ag Foghlaim le Chéile i Ráth Fearnáin agus bhí fonn orm oibriú i scoil ina raibh éiteas a bhí go hiomlán difriúil. Ba rogha nádúrtha a bhí ann cuireadh a thabhairt do leanaí ar chomhaois agus ar mhúinteoir ó Scoil Náisiúnta na Moslamach a bheith in éineacht liom i gcónaitheacht chomhoibríoch 12 sheachtain.

D’iarr mé ar mhúinteoir na leanaí June Kelly ionchur díreach a thabhairt sna seisiúin agus mé a threorú maidir le chomh hábhartha is a bhí an méid a bhí ar siúl againn ó thaobh an churaclaim de. Tá spéis agam foghlaim faoi fhorbairt oideolaíoch leanaí agus conas is féidir leis an gcruthaitheacht foghlaim thraschuraclaim a fheabhsú. Tá an obair a dhéanaim le leanaí na luathbhlianta ina cuid lárnach de mo chleachtas anois agus theastaigh uaim dúshlán a thabhairt don chur chuige a bhí agam féin maidir le comhoibriú agus mo thuiscint air sin agus an tionchar a bhí aige sin ar mo shaothar agus an chúis go raibh fonn orm oibriú ar an mbealach sin.

Ar cheann de na cuspóirí a bhí agam bhí mé ag iarraidh mo mhodheolaíocht agus mo chur chuige maidir le cleachtas comhoibríoch laistigh de chomhthéacs Aistear: Creatchuraclam na Luath-Óige a shoiléiriú. Bhíothas in ann an chónaitheacht seo a chur ar bun trí scéim dámhachtana sparánachta na Comhairle Ealaíon do dhaoine óga agus leanaí in 2013/14.

June Kelly, Múinteoir Ranga
Tháinig Helen Barry isteach anseo againn, ag Scoil Náisiúnta na Moslamach i mí Mheán Fómhair seo caite agus í ar bís chun cónaitheacht chomhoibríoch 12 sheachtain a chur i gcrích. Rinne na leanaí teanntás uirthi go tapa agus bhí sí an-mhór leo. Díríodh an tionscadal ar dtús báire ar gheoiméadracht agus siméadracht.  Dírítear go láidir ar gheoiméadracht agus ar shiméadracht in Ealaín Ioslámach agus in ailtireacht Ioslámach.  Ón gcéad chuairt sin a thug Helen, tráth a bhfaca muid samplaí dá cuid saothair, ba léir go raibh cosúlachtaí móra idir a saothar agus Ealaín Ioslámach.

Cén chaoi ar forbraíodh na smaointe agus cén chaoi ar oibrigh na daoine óga, an t-ealaíontóir agus an múinteoir le chéile?
Helen Barry, Ealaíontóir
Bhí sé i gceist agam ar dtús báire gnéithe de dhearadh na matamaitice, na geoiméadrachta agus an dearadh Ioslámach a scrúdú in éineacht leis na leanaí agus go tapa ba léir go raibh smaointe dá gcuid féin ag na leanaí faoi conas a bheimis á dhéanamh sin agus faoi go leor rudaí eile. Mar gheall ar an gcur chuige a ghlacaim i dtaca le hobair chomhoibríoch bíonn deis ag na leanaí a bheith i mbun threo agus ábhar na hoibre iad féin; bíonn tionchar aige sin ansin ar an bpróiseas foriomlán agus ar na teicnící a úsáidimid. Toisc go ndíríonn mo shaothar féin go príomha ar dhealbhóireacht thosaíomar amach ag iniúchadh agus ag tógáil spásanna 3D. Bhaineamar leas as go leor teicnící agus ábhar ealaíne neamh-thraidisiúnta de réir mar a bhogamar thart ag tomhais an tseomra le chéile; d’iarramar go leor ceisteanna, bhíomar ag caint is ag comhrá, ag gáire, ag insint scéalta dá chéile, ag obair i mbeirteanna agus is annamh a shuigh aon duine síos. Is gnách liomsa oibriú ar scála an-mhór le leanaí; muid ag cur ár gcolainne go léir ag obair sa phróiseas cruthaitheach idir a bheith inár luí ar an talamh agus ag léim isteach i spásanna, ag scrúdú faoi na boird agus ag tógáil suiteálacha. Ar ndóigh caithfidh an múinteoir a bheith rannpháirteach go praiticiúil freisin, rud a rinne múinteoirí le fonn agus go spleodrach i gcónaí, agus go deimhin bhí an fhoireann rannpháirteach freisin agus, uaireanta, fuaireamar cúnamh freisin ó na leanaí níos sine.

Cé go raibh fonn orm matamaitic agus geoiméadracht a úsáid mar lárthéamaí láidre d’imíomar uathu trí réimsí an-difriúla den churaclam, rud a léirigh saibhreas scileanna agus spéiseanna na leanaí. Bhí na scileanna cumarsáide ó bhéal a bhí ag na leanaí an-láidir go háirithe. Bhí cumas breá acu íomhánna de shaol an teaghlaigh a chur i láthair agus chomh tábhachtach is a bhí sé iad a roinnt. Is beag rud nach raibh siad in ann a shamhlú agus de bharr chomh spraíúil is a bhí na grúpaí bhí níos mó fonn ormsa éisteacht lena gcuid smaointe agus modhanna nua a thriail. De réir mar a chuaigh na seachtainí ar aghaidh thuig mé nach iad na leanaí agus na múinteoirí amháin a chaithfidh a bheith sásta rudaí nua a thriail ach an t-ealaíontóir freisin toisc nach dtéann rudaí i gcónaí de réir mar a bhíonn siad beartaithe. D’úsáideamar scáth-phuipéadóireacht chun an cumas láidir scéalaíochta a bhí acu a iniúchadh, agus rinneamar scannán agus iad ina gcarachtair agus muid ag úsáid solas na gréine ag scaladh isteach sa seomra ranga. Níorbh é an Béarla céad teanga cuid mhaith de na leanaí ach fós féin chruthaigh siad scéilíní éagsúla dá gcuid drámaí agus iad ag fáil an cheann is fearr ar go leor deacrachtaí teanga.

June Kelly, Múinteoir Ranga
Ar an gcéad chuairt a thug sí thaispeáin sí samplaí dá saothar óna suíomh Idirlín. Bhí na leanaí faoi gheasa aici. Thar an dá seachtaine déag rinne na leanaí scáth-phuipéid agus chum siad a léiriúcháin scáth-phuipéid féin agus chuidigh siad freisin chun ciúbanna scáthchrutha iontacha le cuma gloine dhaite orthu a chruthú.
Shílfeá nach raibh Helen ach díreach ag treorú na leanaí agus is iad féin a chuimhnigh ar formhór na smaointe agus a rinne formhór na hoibre. Chuidigh an tUasal Altawash, an tUasal Davin-Park agus mé féin freisin leis an bpróiseas ar fad.

Cé na gnéithe den tionscadal seo a chuir meangadh gáire ort? Cé na gnéithe den tionscadal seo a thug do dhúshlán?

Helen Barry, Ealaíontóir
Is iomaí rud a chuir meangadh gáire orm ar feadh na cónaitheachta idir dhíograis na leanaí agus an ríméad a bhí orthu agus iad ag iarraidh Araibis a mhúineadh dom, go dtí na scéilíní a d’inis Sarah faoi choirceoga a cuid uncailí ar dhíon foirgnimh i dTuaisceart na hAfraice agus iad ag táirgeadh dóthain meala dá theaghlach, go dtí na réitigh phraiticiúla go léir a bhí ag Asiyo Altawash agus na réitigh róchasta a bhí agamsa ar rudaí agus go leor leor rudaí eile.
Ní mór dom a chinntiú le linn mo chuid cónaitheachtaí go léir go bhfuil an méid a bhíonn ar siúl againn ábhartha do mo chuid oibre féin. D’fhiosraíomar roinnt roghanna agus ba dheacair liom uaireanta snáithe amháin a cheangal le ceann eile agus cén bhaint a bhí aige le mo chuid oibre féin. Bhí na leanaí fiosrach, spraíúil agus an-ghnaíúil agus bhí mé ag iarraidh na tréithe sin a bheith le feiceáil sa mhéid a bheadh cruthaithe againn. Bhí mé ag streachailt le conas a thiocfadh sé seo ar fad le chéile leis an méid a bhí á iniúchadh againn agus cé chomh hoiriúnach is a bhí sé do mo chuid oibre féin. De réir mar a chruthaíomar ár bpíosaí deiridh thug beirt bhan a bhí ag dul thart san áit a rabhamar ag obair gach seachtain faoi deara go raibh ár gciúbanna cosúil leis an ‘Kabba’ i Meice agus gur chuir na híomhánna fuinneamh leanaí i gcuimhne dóibh. Ní fhéadfainn aiseolas níos dearfaí ná sin a fháil.

June Kelly, Múinteoir Ranga
Thaitin Seónna Puipéid na leanaí go mór liom, agus scáth-phuipéid in úsáid acu.  Ba iontach an rud iad a fheiceáil ar bís agus iad chomh tógtha lena gcuid léirithe. Ba bhreá an rud é freisin a bheith ag féachaint ar na leanaí nuair a d’úsáid siad na cleití i gcomhair scríbhneoireachta, ní fhéadfá gan a bheith fiosrach agus ar bís in éineacht leo.

Ní raibh an aisteoireacht ar ala na huaire éasca i gcónaí, sa mhéid is go bhfuil cleachtadh agam féin ar mo cheachtanna a phleanáil agus bíonn fís nó táirge deiridh i m’intinn agam i gcónaí. B’éigean dom seasamh siar toisc go raibh ról mór millteach ag na leanaí ag socrú cén treo a rachadh an tionscadal. Is iomaí rud nua a d’fhoghlaim mé féin.

Cé na léargais ón tionscadail ar fiú a roinnt? (B’fhéidir go ndéarfá gur cinn bheaga iad seo, ach go bhfuil siad tábhachtach duitse)
Helen Barry, Ealaíontóir
Bhí leibhéil éagsúla cumais ag na leanaí, chuir an teanga bac ar dtús báire ar roinnt acu ach bhí leanaí sa rang a raibh riachtanais speisialta acu agus fuair mé amach nuair a d’úsáid mé cur chuige cruthaitheach, nach raibh sé chomh feiceálach cérbh iad na leanaí sin in aon chor.

Fiafraím i gcónaí de na leanaí cad atá ar eolas acu faoi ‘ealaíontóirí’, ba iad na leanaí i Scoil Náisiúnta na Moslamach na chéad leanaí a dúirt gur fir agus mná iad na healaíontóirí, sna scoileanna eile go léir is fir iad na healaíontóirí, dar leo.

June Kelly, Múinteoir Ranga
Uaireanta tarlaíonn sé go ndéanaimid mar mhúinteoirí an iomarca pleananna i gcomhair gníomhaíochtaí agus ceachtanna mar sin b’fhéidir uaireanta go gcuirimid srian ar chruthaitheacht na leanaí i ngan fhios dúinn féin fiú.

Ar athraigh aon rud mar gheall ar an tionscadal?
Helen Barry, Ealaíontóir
Nílim chomh drogallach anois ligean don phróiseas dul i dtreonna nua i dtéarmaí na modhanna a úsáidimid agus níos tábhachtaí ná sin ó thaobh an ábhair ar a bhfuilimid ag déanamh iniúchadh. Táim sásta ról níos láidre a thabhairt do na leanaí anois faoin treo ina bhfuilimid ag dul.
Táim tar éis filleadh ar Scoil Náisiúnta na Moslamach chun an dara cónaitheacht a dhéanamh inti, an uair seo le leanaí níos óige sna Naíonáin Shóisearacha agus tá sé ag tarlú ag an am céanna le cónaitheacht eile le Scoil Náisiúnta na nDoiminiceach i nDún Laoghaire.  Tá tacaíocht ag an gcónaitheacht seo ó dhámhachtain Sparánachta na Comhairle Ealaíon do Dhaoine Óga agus Leanaí 2015.

June Kelly, Múinteoir Ranga
Airím féin go pearsanta go bhfuil athrú éigin tarlaithe. Táim dóchasach go mbeidh fonn orm as seo amach ionchur níos mó a thabhairt do na leanaí i mo chuid ceachtanna Ealaíne. Tá sé ceart go leor imeacht ón bplean agus níor cheart beag is fiú a dhéanamh riamh dá gcuid smaointe agus dá n-ionchur.
Tá súil agam freisin amach anseo i mo cheacht Ealaíne deireadh iomlán a chur leis an úsáid a bhainim as teimpléid d’fhonn deis bhreise a thabhairt do na leanaí a bheith níos cruthaithí.

Spotsolas


Ealaíontóir(í):

Helen Barry

Is amharcealaíontóir mé a bhíonn ag gabháil do chleachtas comhoibríoch le leanaí na luathbhlianta. Tugann siad inspioráid agus dúshlán dom maidir leis an gcaoi a dhéanaim mo chuid oibre agus tá siad ina gceannródaithe agam anois i mbun coimeádaíochta ar ábhar mo shaothair agus i mbun eagarthóireachta air. Tugann na cónaitheachtaí a bhíonn agam le leanaí luathbhlianta láthair thástála dom chun mo smaointe a chíoradh go mion agus chun inspioráid a fháil le haghaidh saothar nua. Creidim go bhfuil an chruthaitheacht ríthábhachtach le haghaidh leas agus forbairt iomlánaíoch an linbh. Tacaíonn an chruthaitheacht thar gach disciplín le forbairt chognaíoch, mhothúchánach, oideolaíoch agus shóisialta. Faigheann mo chleachtas comhoibríoch tacaíocht ón gComhairle Ealaíon agus tá an dara Dámhachtain Sparánachta le haghaidh Daoine Óga & Leanaí bronnta orm.

I measc na dtionscnamh ealaíon eile a bhí agam le leanaí luathbhlianta bhí an seimineár agus an clár faisnéise ‘I See You, I Hear You’ in 2013https://vimeo.com/67000747; ‘Matisse: Drawing With Scissors’ dlr lexicon 2015; an chónaitheacht ‘Artist At Work’ le hoifig ealaíon DLRCC, dlr lexicon; ‘You Can Play Too!’ clár idirghníomhach ealaíon le haghaidh tuismitheoirí/leanaí agus leabhar leis an ainm céanna a scríobh agus a mhaisigh mé in 1998; ‘Learning about Learning’ Cleachtóirí cruthaitheacha DLR https://dlrprimaryarts.wordpress.com bhí an chónaitheacht i gceist ar thairseach ar líne na Roinne Oideachais ‘Arts In Education’ ; Tionscnamh ealaíon le haghaidh coimeádaithe/ealaíontóirí ‘Seilmide’ á chomhchruthú le leanaí luathbhlianta agus do na leanaí sin https://towersanddomes.wordpress.com/; Áirítear le mo chónaitheachtaí luathbhlianta reatha na naíonáin shóisearacha i S.N na Moslamach agus na naíonáin shinsearacha i S.N. na nDoiminiceach.


Múinteoir(í):

June Kelly.
Táim ag múineadh i Scoil Náisiúnta na Moslamach le breis is deich mbliana anois. Tá ranganna éagsúla múinte agam ó thosaigh mé ag múineadh anseo. Bhain mé sásamh riamh as ealaín a mhúineadh mar sin bhí an-fhonn go deo orm dul ag obair le healaíontóir ‘gairmiúil’ ar feadh 12 sheachtain. Ní raibh mé páirteach i dtionscadal mar seo riamh cheana agus bhain mé an-sult as a bheith páirteach sa phróiseas ar fad. Mheas mé freisin go bhfuair mé taithí bhreá foghlama as ar bhonn gairmiúil agus pearsanta.


Helen Barry

Ealaíontóir(í)

Helen Barry

Múinteoir(í)

June Kelly

Sinead Davin Park (Learning Support Teacher)

Asiyo Altawash (Special Needs Assistant)


Foirmeacha Ealaíne

Na hAmharcealaíona

Leibhéal

Bhunscoile

Scoil/Grúpa

Muslim National School


Rannpháirtithe

28 leanbh


Réigiún

Contae Bhaile Átha Cliath

Aois/Rang

Rang 1, leanaí idir 6-7 mbliana d’aois


Dátaí

Meán Fómhair-Nollaig 2014 Píosa comhoibritheach a suiteáladh i Lúnasa 2015


Naisc


Príomhthéamaí / línte fiosrúcháin

Thacaigh dámhachtain Sparánachta na Comhairle Ealaíon do Dhaoine Óga agus Leanaí leis an gcónaitheacht seo.

Cineálacha cur chuige cruthaitheacha maidir le foghlaim thraschuraclaim
Aistear: Creatchuraclam na Luath-Óige


Snáitheanna Curaclaim

Snáithe an Bhéarla: Teanga bhéil
Snáithaonaid Béarla: Saol lán le mothúchán agus samhlaíocht a fhorbairt trí theanga bhéil, Inniúlacht agus muinín a fhorbairt in úsáid teanga, agus cumais chognaíocha a fhorbairt trí theanga
Matamaitic; Cruth agus Spás.
Stair; Scéalaíocht.
Drámaíocht: Chun mothúcháin, eolas agus idéanna a iniúchadh d'fhonn tuiscint a chothú.
Ealaín: Líníocht, Prionta, Tógáil, Fabraic agus Snáithín.



Airím féin go pearsanta go bhfuil athrú éigin tarlaithe. Táim dóchasach go mbeidh fonn orm as seo amach ionchur níos mó a thabhairt do na leanaí i mo chuid ceachtanna Ealaíne.

June Kelly, Múinteoir Ranga

The Calm of Creativity (c) Helen Barry

Cubes installed (c) Helen Barry

Working together (c) Helen Barry

Dragons, castles and boys (c) Helen Barry

(c) Helen Barry

Fatima (c) Helen Barry

Cube (c) Helen Barry

Template reverse (c) Helen Barry




Similar Projects

Full concentration (c) Helen Barry

Learning About Learning

D’oibrigh an t-ealaíontóir, Helen Barry, le Naíonáin ag an mBunscoil Dhoiminiceach i nDún Laoghaire mar chuid de chónaitheacht Artist At Work.

Read Article