ENGLISH

NUACHTLITIR



Cad a dhéanann hEalaíona i gcleachtas Oideachas cuma mhaith? Léigh faoi na próisis agus comhpháirtíochtaí taobh thiar thionscadail reatha tarlú ar fud na hÉireann.


Room 13


Room 13 (c) Fingal Arts Office

Clár oideachas ealaíne clúiteach seanbhunaithe é Room 13, ar cuireadh tús leis in Fort William na Ríochta Aontaithe agus atá ar fáil i scoileanna ar fud na cruinne anois. Tá trí phríomhghné ag baint leis:

  • Stiúideo ealaíne a ritheann scoláirí
  • Coiste bainistíochta scoláirí
  • Ealaíontóir cónaithe

I ndiaidh taighde ar thionscadail idirnáisiúnta Room 13, bunaíodh Comhpháirtíocht Room 13 Fhine Gall. Theastaigh ón gComhpháirtíocht stiúideonna ealaíne a bhunú i mbunscoileanna i bhFine Gall chun spás a chur ar fáil do pháistí, do mhúinteoirí agus d’ealaíontóirí inar féidir leo smaointe cruthaitheacha, scileanna agus taithí a roinnt.  Spreagtar cinnireacht na bpáistí i Room 13, agus spreagtar iad le bheith cruthaitheach agus smaoineamh ar a gconlán féin. Tá sé ríthábhachtach dúinn go seasaimid le héiteas páistelárnach Room 13 International.  Is spás é an stiúideo féin inar féidir le scoláirí, múinteoirí agus ealaíontóir(í) oibriú i dteannta a chéile am sosa, agus ag amanna sceidealaithe eile le linn an lae ag roinnt fiosrúchán, torthaí agus forbairtí, nó fiú stopadh isteach gan choinne lá ar bith chun obair an ealaíontóra a fheiceáil. Cuireann an stiúideo leis an gcuraclam foirmiúil agus níos tábhachtaí fós is spás é do na páistí chun ealaín a iniúchadh, a aimsiú agus a dhéanamh i dtimpeallacht shlán thacúil atá páistelárnach. Is é ról na ndaoine fásta treoir a thabhairt don raon fiosrúcháin a threoraíonn na páistí agus a bheith ina gcrann taca dá bhfiosracht chruthaitheach.
Cuid thábhachtach den chlár é forbairt scileanna fiontraíochta agus tionscnaíochta na scoláirí, mar ar féidir le páistí foghlaim faoin taobh praiticiúil d’obair riaracháin na healaíne.

Bíonn spás oibre laistigh den stiúideo nach bhfuil ar fáil ach don Ealaíontóir amháin dá gcleachtas pearsanta féin.

Tá sprioc fhadtéarmach ag an tionscadal chun na healaíona a leabú sa scoil rannpháirteach/sna scoileanna rannpháirteacha trí ghníomhaíochtaí idirnasctha éagsúla a dtacaíonn Oifig Ealaíon Fhine Gall, an Scoil/na Scoileanna agus Ealaíontóirí gairmiúla leo.

Céim a hAon

Osclaíodh doras seomra ranga folamh don ealaíontóir Orla Kelly i mí Dheireadh Fómhair 2014 agus do Anne Cradden i mí na Nollag 2014 i Scoil Bhríde Cailíní, Baile Bhlainséir agus i Scoil Náisiúnta Bhaile an Tirialaigh faoi seach agus do gach páiste agus múinteoir sa scoil le húsáid mar spás cruthaitheach.
Thosaigh Orla agus Anne á gcur féin in aithne do na páistí agus do na múinteoirí ina scoileanna féin trí sheisiúin spraíúla ealaíne a chur ar fáil thar imeacht cúpla seachtain.  I ndiaidh dóibh a bheith ag plé le gach páiste agus múinteoir sa tréimhse sin, thosaigh caidrimh ag fás agus tháinig grúpaí sainspéise chun cinn go nádúrtha.

Cuirtear an Stiúideo ar fáil dóibh siúd ar spéis leo a bheith páirteach ann, agus ní bhíonn sé éigeantach d’aon pháiste ná múinteoir.  Spás le cleachtas a roinnt agus a iniúchadh le himeacht aimsire é.

Céim a Dó

Gné thábhachtach den chlár iad cuairteanna cultúrtha ar thaispeántais agus cuairteanna suímh ar láithreacha spéisiúla agus ar stiúideonna ealaíontóirí.  Tá rang a cúig i Scoil Bhríde Cailíní tar éis iad féin a bhunú mar na príomhcheannairí i gclár Room 13.  Thug siad cuairt ar Stiúideo Ealaíontóra Draíocht, agus ar Ghailearaí Hugh Lange chun iniúchadh a dhéanamh ar shaothar agus ar Stiúideo Frances Bacon.  D’fhill siad ar an scoil le scéalta agus íomhánna le roinnt lena gcomhscoláirí agus phleanáil siad leagan amach Stiúideo a scoile.  Leag siad amach limistéir do ghníomhaíochtaí sonracha agus don ealaíontóir cónaithe, á spreagadh ag anord agus ord an mhéid a chonaic siad ar a gcuairteanna ar stiúideonna eile.

Tá Scoil Náisiúnta Bhaile an Tirialaigh ag pleanáil cuairt a thabhairt ar stiúideo agus taispeántas i mí an Mhárta.  Tugann na cuairteanna suímh deis do na páistí agus do mhúinteoirí taithí a fháil ar an ealaín chomhaimseartha lasmuigh de thimpeallacht na scoile agus feidhmiú mar bhonn eolais dá bhfiosrúcháin féin sa Stiúideo.

Tugann siad deis freisin do na páistí agus múinteoirí páirt a ghlacadh go hiomlán mar lucht féachana ealaíne agus mar rannpháirtithe i saol na healaíne.

Comhordaitheoir Amharc-ealaíon i Scoil Bhríde Cailíní: Machnamh ar Room 13

Bhí an-áthas orainn nuair a chualamar gur roghnaíodh muid chun páirt a ghlacadh i Room 13 i ndiaidh dúinn a chur in iúl d’Oifig Ealaíon Fhine Gall go raibh spéis againn sa tionscadal.  Caithfidh mé a admháil gur éirigh mé imníoch, i ndiaidh dom a bheith ar bís ar dtús, mar gur theastaigh go mór uaim go n-éireodh leis. Ba dhúshlán suntasach gach rud a spreag mo spéis sa tionscadal an chéad lá riamh. Go praiticiúil, céard a theastódh ó fhíorstiúideo ealaíne i mbunscoil? An bhféadfaimis é a chur ar fáil? Cén chaoi a n-oibreoimis leis an ealaíontóir? An bhfeilfeadh an t-ealaíontóir don scoil, an bhfeilfimisne don ealaíontóir? An gcuirfeadh ár ndaltaí fáilte roimh Room 13 nó an gcuirfeadh sé mearbhall orthu nó ar an gceann is fearr, an gcuirfí cobha cíoch orthu? An bhféadfaí rialacha na scoile a mhaolú dóthain d’idé-eolaíocht Room 13? An mbeadh ár bhfoireann sásta am ranga luachmhar a ghéilleadh do na ceardlanna ealaíne?

Go buíoch beannachtach, chuathas i ngleic leis na dúshláin sin go héifeachtach le linn na scoilbhliana. Ar an gcead dul síos, ba mhór an pléisiúr é a bheith ag obair lenár n-ealaíontóir, Orla Kelly. Tá caidreamh iontach forbartha aici le daltaí agus le múinteoirí ár scoile agus ní féidir a thábhachtaí atá sé sin a mheas faoina luach toisc gur chothaigh sí timpeallacht chruthaitheach chomhoibríoch le bheith ag obair ann. Bhain idir mhúinteoirí agus daltaí taitneamh as cur chuige díograiseach agus spreagúil Orla i leith na hoibre laistigh de Room 13.

Thacaigh foireann Scoil Bhríde le Room 13 ón tús agus bhí an-fhonn orthu páirt a ghlacadh sna ceardlanna ar fad. Bhí múinteoirí ranga solúbtha laistigh dá n-amchláir féin lena aghaidh seo agus spreagadh múinteoirí tacaíochta le grúpaí níos lú a thabhairt chuig an stiúideo. Braithimid gur mór an phribhléid dúinn a leithéid de spás a bheith againn inár scoil inar féidir le daltaí dul agus ‘ealaín a dhéanamh’ i mbealach atá an-difriúil ó thimpeallacht an tseomra ranga. Is breá leis na daltaí Room 13. Bunscoil í Scoil Bhríde agus dá bhrí sin feidhmíonn sí laistigh de shrianta áirithe. Mar fhoireann, bhíomar fiosrach faoin gcaoi a n-éireodh le cur chuige sách neamhfhoirmiúil Room 13. Bhí sé spéisiúil agus b’ardú meanman a fheiceáil go bhfuil meon measúil ag na daltaí, na daltaí sinsearacha go háirithe, i leith an stiúideo. Seachas buntáiste a bhreith ar an tsaoirse a thugtar laistigh den stiúideo agus an deis a tugadh dóibh a chur amú, ghlac siad go fonnmhar leis agus d’úsáid siad é mar a bhí beartaithe dóibh. Iniúchann agus fiosraíonn siad an próiseas agus baineann siad taitneamh as, seachas díriú go hiomlán ar an táirge deiridh.

Is é an t-athrú is mó a bhaineann le Room 13 go bhfuil stiúideo ealaíne inár scoil agus gur gnáthchuid den scoil anois é! Tá Room 13 ina chuid lárnach de shaol Scoil Bhríde anois. Táimid ar fad tar éis glacadh leis mar rud ar féidir linn leas a bhaint as. Comhoibrí luachmhar í Orla Kelly agus is é Room 13 ár stiúideo.

Freagra Mhúinteoir Rang a Cúig ar ‘Cé na gnéithe den tionscadal a chur meangadh gáire ar d’aghaidh?’

Breathnú ar na páistí ag déanamh ealaíne gan mórán srianta ná urchoillte. Mar mhúinteoir ranga, déanann tú iarracht na páistí a spreagadh le bheith chomh cruthaitheach agus is féidir. Ach ní féidir é sin a dhéanamh i gcónaí i suíomh seomra ranga toisc go mbíonn srianta ama i gceist ar an gcéad dul síos leis an seomra ranga a réiteach roimh ré don ealaín agus ansin é a ghlanadh ina dhiaidh. Ar an dara dul síos, bíonn sé níos praiticiúla sa seomra ranga de ghnáth díriú ar shnáithe amháin den churaclam ealaíne ag an am toisc go mbíonn sé níos éasca na soláthairtí ealaíne a bhainistiú. Ciallaíonn sé sin freisin go mbíonn ar na páistí a n-ealaín a chríochnú i dtréimhse theoranta sula dtéitear ar aghaidh go snáithe nua.

Le Room 13, bíonn na soláthairtí ealaíne réidh agus ag fanacht ar na páistí. Bíonn a fhios acu cá bhfuil gach rud a theastaíonn uathu agus cá gcaithfidh siad iad a chur nuair atá siad críochnaithe. Níl faitíos orthu go dtitfeadh péint ar an urlár nó ar an mbord! Féadfaidh siad a mhéad ama is mian leo a chaitheamh ar an tionscadal. Mar gheall air sin tá siad i mbun fiosrú ar shnáitheanna uile an churaclaim as a gconláin féin, ag meascadh agus ag cumasc meán go minic. Ní bhíonn an imní chéanna orthu go ndéanfaidh siad an rud “mícheart” agus bíonn siad níos muiníní agus níos iomasaí ina gcuid oibre.

Cé na gnéithe den tionscadal a thug do dhúshlán?

Tá ligean do na páistí a bheith i gceannas ar a bhfoghlaim féin agus iad a spreagadh le bheith níos neamhspleáiche ina phríomhghné de thionscadal Room 13. Le linn an chéad chúpla seachtain ghlac formhór na bpáistí go fonnmhar leis sin agus thosaigh siad ag obair láithreach. Bhraith páistí eile go raibh sé deacair. Théadh cuid de na páistí ón bpéint go dtí an chré go dtí an fhabraic, ag tosú gníomhaíocht ealaíne laistigh den stiúideo agus á fágáil leathbhealach tríd.

Bhíodh páistí eile ag spaisteoireacht thart ar an seomra, agus é deacair orthu iad féin a spreagadh. Bhí sé an-deacair ormsa mar mhúinteoir gan mo ladar a chur isteach agus tionscadal a thabhairt dóibh le cur i gcrích.

Ach thug mé athrú mór faoi deara sna páistí sin ó cuireadh tús leis an tionscadal. Anois nuair a thagann siad go Room 13 caitheann siad cúpla nóiméad ag breathnú trí leabhair ealaíne nó ag breathnú ar shaothar eile ealaíne le haghaidh spreagadh sula dtosaíonn siad. Go minic beidh smaointe acu sula dtagann siad isteach sa seomra, nó beidh rud éigin ann a thosaigh siad an lá nó an tseachtain roimhe ar mian leo a chríochnú. Ní cheapaim go mbeadh na páistí seo tar éis na cineálacha sin scileanna a fhorbairt murach gur tugadh deis dóibh oibriú go neamhspleách.

Machnamh an Ealaíontóra Orla Kelly ar Room 13

Ealaíontóir comhaimseartha mé a oibríonn faoi láthair le péintéireacht agus le líníocht. Ar ghnáthlá d’fhéadfadh thart ar 20 cuairteoir gan choinne teacht chuig mo spás stiúideo roinnte i Scoil Bhríde Cailíní chun breathnú ar an méid atá idir lámha agam, chun cúrsaí ealaíne, ábhair, tógáil agus innealtóireacht a phlé liom, nó díreach chun barróg a bhreith orm. Ní gnáth-thimpeallacht stiúideo é, toisc go bhfuil formhór na ndaoine a roinneann an spás liom idir 8 agus 11 bhliain d’aois ach is ceann spleodrach saibhir amach is amach é. Cuirtear léirmheasanna ar fáil go laethúil, tugtar dúshláin aeistéitiúla shuntasacha, agus cuirtear lucht féachana díograiseach cainteach ar fáil chun saothar a fhorbairt.

Bíonn an stiúideo ina phraiseach ordaithe i gcónaí beagnach, atá go breá. I ndiaidh dúinn cuairt a thabhairt ar stiúideo Frances Bacon i nGailearaí Hugh Lane ar cheann dár gcuairteanna cultúrtha, d'aontaíomar go dteastaíonn leibhéil áirithe anoird don chruthaitheacht, cé nár theastaigh uainn a leibhéal siúd a bhaint amach fós. Nuair a bhím féin agus na healaíontóirí óga ag obair le chéile sa spás bímid ar an urlár go hiondúil. Ciallaíonn sé sin go bhfuilimid ar fad ar an leibhéal céanna, ag fiosrú le chéile. Meascán iad na comhráite a bhíonn againn d’fhiosrúchán teicniúil idir dalta agus múinteoir, machnamh fealsúnach, comhráite fánacha aeistéitiúla a fhiosraíonn nádúr na n-ealaíon agus an tsaoil. Timpeallacht fhial ionraic é.

Freagraí Scoláirí ar ‘Céard a cheapann tú faoi Room 13?

  • 'An-sásta agus go bhfuil an t-ádh dearg linn'
  • 'Is maith liom go bhfuil rudaí ina bpraiseach mar go bhfuil sé an-chruthaitheach'
  • 'Bíonn tú in ann go leor ábhar ealaíne a úsáid agus féadfaidh tú a bheith ag obair ar thionscadal ealaíne ar bith gur maith leat'
  • 'Táim sásta go bhfuil Orla i mo scoil; tá sí an-chineálta agus cabhrach' 
  • 'Tá an-áthas orm go bhfuil Orla agus Julie inár scoil mar murach iad ní bheimis in ann rud ar bith ar maith linn a bhaineann lenár gcruthaitheacht a dhéanamh'
  • 'Nuair atá Orla ansin mothaím go bhfuil fáilte romham; spreagann sí go mór mé, nuair nach bhfuil a fhios agam céard atá le déanamh cabhraíonn sí liom smaoineamh ar rud éigin'
  • 'Uaireanta bíonn sé dúshlánach, uair amháin bhí orm an gliú te a úsáid agus bhí Orla ansin chun teacht i gcabhair orm'
  • 'Bhí an-spraoi agus spleodar leis agus tá an-bhuanna ag Orla'
  • 'Is maith liom an ealaín ar fad le mo chairde'

An chéad chéim eile

Bíonn gach céim bunaithe ar an méid a tháinig roimpi.  Tá gach tionscadal uathúil agus cé go raibh na pointí tosaithe cosúil le chéile, tacaítear le gach ceann ar bhealach ar leith chun forbairt go nádúrtha agus chun freastal ar riachtanais na ndaltaí, na múinteoirí agus na n-ealaíontóirí rannpháirteacha.  Tá an dá scoil ag forbairt a dtionscadal agus ag oibriú i dtreo ‘lá oscailte stiúideo’ mí na Bealtaine.  Tá na daltaí an-bhródúil as a stiúideonna ealaíne agus roghnóidís an lá ar fad a chaitheamh ag obair ann dá bhféadfaidís.

Meastar go dtiocfaidh tionscadail aonair Room 13 le chéile go luath amach anseo agus go roinnfidh siad a bhfoghlaim ar shuíomh gréasáin nua agus ar mheáin eile.

Taifead

Rinneadh taifead amhairc ar an ngníomhaíocht i ngach stiúideo agus tá suíomh gréasáin don chlár ar na bacáin. Forbróidh na daltaí an t-inneachar ar líne le cúnamh ó mhúinteoirí agus ón ealaíontóir cónaithe. Ligfidh sé seo do na páistí a saothar a roinnt ar líne agus saothar a bpiaraí agus ealaíontóirí eile a phlé sa seomra ranga, ag spreagadh litearthacht amhairc, smaointeoireacht chriticiúil agus forbairt aeistéitiúil.

Deis Nua

Tá sé i gceist ag an gcomhpháirtíocht deis a thairiscint do scoil agus d’ealaíontóir eile a bheith páirteach sa chlár agus stiúideo ealaíne nua a bhunú ina scoil sa bhliain acadúil nua.

Sonraí Teagmhála

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar Room 13 ó Julia Clarke, Oifigeach Ealaíon Óige agus Oideachais, Comhairle Chontae Fhine Gal, Bóthar an Gharráin, Baile Bhlainséir, Baile Átha Cliath 15

Email: julie.clarke@fingal.ie
01 8905960 / 0870509426

Spotsolas


Ealaíontóir(í):

Órla Kelly

Is í Órla Kelly bunaitheoir agus stiúrthóir Early Childhood Creativity, tionscnamh a bhfuil sé d’aidhm aige gníomhaíocht agus smaointeoireacht chruthaitheach a spreagadh sna páistí luathbhlianta agus ina dtuismitheoirí, agus tacú le healaíontóirí agus le hoideachasóirí chun bealaí sonracha cruthaitheacha a fhorbairt chun oibriú le páistí luathbhlianta (0-6 bliana). Amharc-ealaíontóir, oideachasóir cruthaitheach agus bainisteoir ealaíon í Orla. D’oibrigh sí le páistí le breis agus 15 bliana ag cruthú saothair in Éirinn agus san Eoraip. Tá Orla ag obair i gcomhar le Comhairle Contae Fhine Gal agus le Scoil Bhríde Cailíní, Baile Bhlainséir, faoi láthair mar ealaíontóir cónaithe le Room 13. Clár uathúil na n-ealaíon san oideachas é Room 13 a bhfuil sé d’aidhm aige stiúideonna ealaíne a bhunú agus éagsúlacht intleachtúil a spreagadh i mbunscoileanna. I measc a hoideachais féin tá Dioplóma sa tSíceolaíocht ó Mhá Nuad, Céim sa Mhínealaín ó Choláiste Ealaíon agus Dearaidh Luimnigh agus Máistreacht sa Bhainistíocht Ealaíon ó Ollscoil Anglia Ruskin, Cambridge.


Múinteoir(í):

Renee Moran

Renee Moran is Arts Coordinator at Scoil Bhríde Cailíní

Sinead Toomey

Sinead Toomey is 5th Class teacher at Scoil Bhríde Cailíní

Aoife Coffey

Aoife Coffey is Co-ordinator of Tyrrelstown ETNS


Eile:
(Coimeádaí, gníomhaireacht):

Julie Clarke

Oifig Ealaíon Chomhairle Chontae Fhine Gal


Orla Kelly

Ealaíontóir(í)

Orla Kelly

Anne Cradden

Múinteoir(í)

Renee Moran

Sinead Toomey

Aoife Coffey


Foirmeacha Ealaíne

Na hAmharcealaíona

Leibhéal

Bhunscoile

Scoil/Grúpa

Scoil Bhríde Cailíní, Tyrrelstown Educate Together NS


Rannpháirtithe

Full school


Réigiún

Cathair Bhaile Átha Cliath

Aois/Rang

5 bliana – 12 bhliain d’aois / Rang a Cúig 10 mbliana/11 bhliain d’aois


Dátaí

Deireadh Fómhair 2014 go nuige seo


Naisc


Príomhthéamaí / línte fiosrúcháin

Cén chaoi ar féidir linn Stiúideo Ealaíne a bhunú inár scoil mar spás iniúchta, smaointe agus déanta? Is é ról na ndaoine fásta treoir a thabhairt don raon fiosrúcháin a threoraíonn na páistí agus a bheith ina gcrann taca dá bhfiosracht chruthaitheach.


Snáitheanna Curaclaim

Na hAmharc-ealaíona, Béarla (Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht & Scríbhneoireacht), Matamaitic Luath (Cur in Ord, Comparáid a dhéanamh, Meaitseáil, Rangú), Ceol (Éisteacht agus Freagairt amhairc do cheol agus fuaimeanna), Stair (Mé Féin, Mo Chlann & Cultúr Áitiúil), Tíreolaíocht (Imshaolta Daonna & Nádúrtha), Eolaíocht (Dúile Beo, Ábhair, Feasacht agus Cúram Imshaoil) agus OSPS



We are all on the same level, investigating together. The conversations we share are a mixture of student –teacher technical inquiry, philosophical wonderings, aesthetic meanderings probing the nature of the arts and life.

Órla Kelly, an ealaíontóir

Room 13 (c) Fingal Arts Office

Room 13 (c) Fingal Arts Office

Room 13 (c) Fingal Arts Office