ENGLISH

NUACHTLITIR



Cad a dhéanann hEalaíona i gcleachtas Oideachas cuma mhaith? Léigh faoi na próisis agus comhpháirtíochtaí taobh thiar thionscadail reatha tarlú ar fud na hÉireann.


‘What Big Eyes You’ve Got…’


Inis scéal do thionscadail dúinn – céard faoi a raibh sé? Cé a bhí páirteach ann? Cén chaoi ar thosaigh tú?

Jane Hayes, Ealaíontóir 

Is clár do na luathbhlianta agus a dtuismitheoirí é an tionscadal ‘What Big Eyes You’ve Got…’ ina ndéantar iniúchadh ar na cúig chéadfa: blas, boladh, mothú, éisteacht agus amharc, agus cosúil le gach tionscadal a chruthaím, forbraíodh é chun cumas na leanaí i leith an iontais, an scleondair, na fiosrachta agus na buanseasmhachta a fhuascailt.

Bhí sé mar aidhm agam agus an clár do Scoil Chroí Íosa á dhearadh agus á fhorbairt, blaiseadh do thimpeallacht foghlama tumtha, a bhfuil na leanaí ina croílár, lán le healaín a thabhairt do na leanaí a chabhródh lena luathfhoghlaim agus lena bhforbairt agus a chomhlánaíonn na Creata Aistear agus Síolta atá ag an scoil.

Tá cáil ar Scoil Chroí Íosa i nGaillimh as a tiomantas do chlár saibhir ealaíon cruthaitheach a sheachadadh agus a cuspóir oideachas a bhfuil smaointeoireacht, foghlaim agus gníomhaíocht chruthaitheach ag croílár an oideachais a chur ar fáil do leanaí na scoile. Cuireann siad cur chuige iomlánach i leith an oideachais ar fáil agus tugann siad deis do gach leanbh iad féin a chur in iúl go cruthaitheach trí réimse gníomhaíochtaí agus cláir ealaíonta. Chuaigh mé i dteagmháil leis an scoil go díreach maidir leis an tionscadal seo mar gheall ar na cúiseanna seo, agus bhí siad an-díograiseach faoi ón tús.

Colin Barry, Príomhoide

Is scoil atá ag fás í Scoil Chroí Íosa agus faoi láthair freastalaíonn thart ar 110 leanbh ó raon leathan cúlraí ilchultúrtha uirthi. Bíonn atmaisféar spleodrach ar leith sa scoil mar sin agus is mol tábhachtach í don phobal áitiúil chomh maith. Tá sé mar aidhm againn oideachas iomlánaíoch a chur ar fáil do gach duine dár scoláirí trí mhodheolaíochtaí éagsúla atá nua-aimseartha agus bunaithe ar thaighde. Tuigimid ónár dtaithí féin go bhfuil múineadh trí na healaíonta cruthaitheacha ar cheann de na modheolaíochtaí teagaisc is éifeachtaí do na leanaí. Creidimid go sáraíonn sé seo éagsúlachtaí cultúrtha, bacainní teanga agus inniúlacht oideachasúil. Chinneamar, mar phobal uile na scoile, bogadh sa treo spreagúil nua seo go gníomhach thart ar cheithre bliana ó shin.

Is togra dúshlánach é seo agus fuaireamar treoir agus tacaíocht ó neart eagraíochtaí ealaíon iontacha agus ó chleachtóirí cruthaitheacha aonair atá lonnaithe i gCathair na Gaillimhe agus mórthimpeall uirthi chun cabhrú leis an iarracht seo. Bhí Jane Hayes ar dhuine de na healaíontóirí agus oideachasóirí sin agus bhí an-áthas orainn go mbeadh sí ag teacht le hoibriú lenár ndaltaí. Cruthaíodh tionscadal Jane “What Big Eyes You’ve Got…” go speisialta le go mbeadh ár scoláirí atá níos óige in ann a bheith ag plé leis go gníomhach thar thréimhse fhada. Níor úsáideadh cur chuige bunaithe ar theimpléad leis na leanaí agus iarradh orthu agus éascaíodh iad go tacúil lena smaointe féin a úsáid go cruthaitheach chun amharc-ealaín iontach a chruthú.

Cén chaoi ar forbraíodh na smaointe agus cén chaoi ar oibrigh na daoine óga, an t-ealaíontóir agus an múinteoir le chéile?

Jane Hayes, Ealaíontóir

Bhí an scéal do leanaí ‘Cochailín Dearg’ mar spreagadh don teideal ar ndóigh ach tháinig na smaointe don tionscadal ón taithí atá agam ar chumas leanaí óga an domhan mórthimpeall orthu a fheiceáil le dearcadh uathúil, mar shampla an bealach a ndéanann siad cur síos ar fhuaimeanna, a bhfaigheann siad bolaidh, a labhraíonn siad faoi uigeachtaí. Chuir mé gníomhaíochtaí a dearadh chun a gcéadfaí a spreagadh ar fáil dóibh agus bhí sé de rún agam spás a thabhairt dóibh téama na gcéadfaí a fhiosrú i mbealach an-oscailte a d’éascódh a gcruthaíocht nádúrtha.

D’éascaigh mé ceardlanna a mhair 50 nóiméad gach seachtain leis na trí rang is óige sa scoil, agus iarradh ar mhúinteoirí agus ar thuismitheoirí na leanaí páirt a ghlacadh iontu chomh maith. Bhí réimse taithí ealaíon taobh istigh agus lasmuigh den seomra ranga mar chuid de na ceardlanna seachtainiúla seo agus reáchtáladh neart sa seomra ranga uathúil atá ag an scoil sa ghairdín. D’fhorbair mé na gníomhaíochtaí seo mar bhealach chun aird na leanaí a dhíriú ar an domhan atá mórthimpeall orthu agus chun iad a spreagadh le cumhacht a gcéadfaí a aithint, agus chun cuidiú leo na céadfaí sin a fhiosrú go cruthaitheach.

Iarradh ar na daltaí a ndomhan a fhiosrú i mbealach gníomhach, le neamhspleáchas a fhorbairt ag oibriú leo féin agus chun taithí ar an obair foirne a fháil ag oibriú i dtionscadail ghrúpa. Bhí na gníomhaíochtaí seo a leanas i measc na ngníomhaíochtaí éagsúla ar tugadh fúthu; rinneadh “uirlisí” chun rudaí a fheiceáil agus a chloisteáil, súgradh céadfach sa ghairdín, teilgeadh íomhánna móra don scéalaíocht, péinteáladh pictiúir ollmhóra le chéile le huirlisí nach mbeadh aon súil leo, siúlóidí dúlra le breathnóireacht agus tuairisciú cruthaitheach, cruthaíodh tírdhreacha amhairc de chéadfaí, agus rinneadh “uirlisí ceoil”.  Ba chuid ríthábhachtach den phróiseas é na leanaí a mholadh chun an tionscadal a stiúradh agus a dtuiscint féin a fhorbairt ar “an treoir”. Bhí sé seo sách deacair i dtosach mar bíonn leanaí ag brath ar dhaoine fásta de ghnáth chun treoir a fháil agus i láthair oideachasúil go háirithe. Ach d’éirigh na leanaí i bhfad ní ba mhuiníní a gcinntí féin a dhéanamh de réir mar a rinneadh dul chun cinn ar an tionscadal.

Bhí dinimic shuimiúil ann idir na rannpháirtithe éagsúla; na leanaí, mé féin, na tuismitheoirí agus na múinteoirí. Mhothaigh na múinteoirí go raibh orthu na daltaí a threorú ar dtús, agus mhothaigh na tuismitheoirí go raibh orthu rudaí a dhéanamh do na leanaí, ach ba é an ról a bhí agamsa rannpháirtíocht faoi threoir an linbh a éascú agus an múnla sin a úsáid chun go bhféadfadh na múinteoirí agus na tuismitheoirí é sin a dhéanamh freisin. Ba phróiseas céimseach a bhí ann agus theastaigh am ó na tuismitheoirí le dul i ngleic leis an gcur chuige an-oscailte seo.  Ar an láimh eile, ghlac na leanaí go héasca lena ról mar ‘cheannairí’ agus thaispeáin siad dá dtuismitheoirí conas a dhéantar rudaí éagsúla. D’éirigh go han-mhaith leis an malartú ról seo agus forbraíodh cur chuige comhoibríoch i leith na dtionscadal dá bharr.

Sue Doherty, Múinteoir 

Bheartaíomar mar scoil gach gné de na healaíona cruthaitheacha a chur chun cinn agus bhí an tionscadal seo, ‘What Big Eyes You’ve Got…’, foirfe dár scoil agus don treo nua a roghnaíomar.

Díríodh ar rannpháirtíocht na dtuismitheoirí in eispéireas a leanaí ealaín chomhoibríoch a chruthú agus páirt a ghlacadh sa chruthú sin. D’iarramar ar na tuismitheoirí teacht isteach sa scoil nuair a tháinig Jane isteach le go mbeidís féin in ann a bheith rannpháirteach i gcruthú ealaíne agus in ann oibriú lena leanaí, agus iad ag fiosrú a gcéadfaí, a ndomhain, agus a mothúchán i leith na healaíne.

Ba thaithí an-dearfach a bhí ann do gach duine a ghlac páirt sa tionscadal.  Ligeadh do na tuismitheoirí agus do na múinteoirí dul i ngleic le samhlaíocht agus inniúlachtaí cruthaitheacha nádúrtha na leanaí i mbealach gníomhach ag úsáid gníomhaíochtaí dírithe ar leanaí chun an ealaín a fhiosrú agus a chruthú. Cé gur ceiliúradh iontach a bhí sa bhailiúchán a léiríodh i Meitheamh 2017 agus gur taispeántas den chéad scoth a bhí ann, tá fíor-rath an tionscadail le feiceáil i luach cáilíochtúil na ngnéithe sóisialta, mothúchánacha, oideachasúla agus ealaíonta a léiríodh i dtaithí na leanaí.

Bhí sé iontach an deis seo a bheith agam páirt a ghlacadh in ‘What Big Eyes You’ve Got…’, molaim cur chuige mar seo don ealaín san oideachas go hard na spéire.

Cén tábhacht a bhain leis an tionscadal duit ar fiú a roinnt?

Jane Hayes, Ealaíontóir

Is cuid lárnach de mo chur chuige féin tuismitheoirí, múinteoirí agus an pobal go ginearálta a chur ar an eolas maidir le tábhacht na cruthaitheachta inár saol féin agus i saol ár leanaí. Déanaim iarracht an eagla agus mothúcháin an easnaimh a bhíonn ar neart daoine fásta a mhúchadh agus sa chaoi sin d’éirigh leis an gclár seo na tuismitheoirí agus na múinteoirí a spreagadh agus a chumhachtú le dul i ngleic leis an gcruthaitheacht lena leanaí mar gur ghlac siad féin páirt sa phróiseas chomh maith.  Bhí roinnt torthaí an-dearfach air seo.

Tuismitheoir

Is aoibhinn liom na tionscadail a rinne tú leis na leanaí, tá siad sách éasca ach feicim an sult a bhaineann sí as agus gur aoibhinn léi nuair a oibrím léi chomh maith.

De réir mar a shonraítear sa taighde reatha, is í rannpháirtíocht chruthaitheach ó aois óg an bealach is fearr le héagothroime inscne a shárú sa chruthaitheacht, is uirlis chumhachtach í chun folláine leanaí a fheabhsú agus cabhraíonn sí leis an bhforbairt phearsanta agus le féinmhuinín a thógáil.  Ach is léir dom ó fhianaise starógach ar an gcóras scoile go roghnaítear leanaí níos sine go minic le bheith rannpháirteach i dtionscadail a bhaineann leis na healaíona san oideachas. Táim tiomanta d’oibriú le leanaí agus iad sna luathbhlianta go háirithe agus mar sin dhírigh mé ar na daltaí is óige i Scoil Chroí Íosa agus bhí an Príomhoide Colin Barry an-dearfach faoi sin.

Colin Barry, Príomhoide

Tá an t-ádh linn go mbíonn neart deiseanna againn comhoibriú le healaíontóirí anseo, ach, is minic a roghnaíonn na healaíontóirí a chomhoibríonn le scoileanna na ranganna níos sine, rang a trí agus rang a ceathair mar shampla.  Ní minic a fhreastalaítear ar na grúpaí níos óige, mar sin, teastaíonn an tionscadal seo go géar uainn.”

Bhí eispéireas saibhir ag na daltaí, na tuismitheoirí, na múinteoirí agus agam féin mar ealaíontóir agus ba léir go raibh sé seo mar thoradh ar an tréimhse fhada ama a bhí againn an tionscadal a chur i gcrích.  Reáchtáladh na ceardlanna thar 11 seachtain agus mar sin forbraíodh muinín agus níos mó tuisceana agus bhí siad ní ba rannpháirtí dá bharr.  Chuir an príomhoide in iúl go mbíonn tionchair níos fadtéarmaí ag tionscadail ina mbítear níos rannpháirtí agus go ligean an cur chuige seo do na Múinteoirí féin foghlaim faoi na gníomhaíochtaí agus na cuir chuige ar féidir leo a chur i bhfeidhm sa seomra ranga.

Ailbhe O'Donnell, Múinteoir

B’éascaitheoir iontach í Jane agus thug sí cead do na leanaí iniúchadh a dhéanamh leo féin a mhéid arbh fhéidir, rud a thaitníonn go mór leo. An rud ba spreagúla do na leanaí ná gur tugadh cuireadh dá dtuismitheoirí páirt a ghlacadh ann. Bhí sé an-suimiúil breathnú ar na leanaí agus iad ag idirghníomhú leis na tuismitheoirí, ní fheiceann tú iad ach i dtimpeallacht an tseomra ranga amháin de ghnáth. Bhí sé go hálainn na tuismitheoirí a fheiceáil agus iad ag cabhrú agus ag cruthú saothar ealaíon iad féin go díograiseach.

Bhí sé iontach an rang a fheiceáil agus iad ag oibriú ar phíosaí comhoibríocha le meas agus le misneach i mbealach cruthaitheach. Bhí an-spraoi ag na leanaí ag cruthú na bpíosaí móra le chéile. Bhí na leanaí ní ba rannpháirtí ina n-obair féin agus bhí smacht acu uirthi toisc gur dhírigh siad ar an bpróiseas agus ní ar an táirge. Thaitin fad an tionscadail seo, a mhair 11 seachtain san iomlán, go mór liom. Chuaigh na daltaí i dtaithí a gcaipíní cruthaitheacha a chur orthu féin gach maidin Déardaoin, bhí sé sin go hiontach. Bhí smacht acu ar a gcruthaitheacht féin. Go deimhin, bhí an oiread sin smachta acu uirthi go ndéanaidís siad pleananna ina n-intinní seachtain roimh ré ar cad a chruthóidís an chéad Déardaoin eile.

Ar athraigh aon rud i do chuid oibre mar gheall ar an tionscadal?

Jane Hayes, Ealaíontóir

Ar cheann de na príomhchuspóirí a bhí agam le “What Big Eyes You’ve Got…” bhí tús áite a thabhairt don phróiseas agus ní don táirge. Bíonn sé dúshlánach aird na múinteoirí agus na dtuismitheoirí a threorú ó phíosaí ealaíon críochnaithe ach bhí an-rath ar an tionscadal seo i léiriú cé chomh cumhachtach agus cruthaitheach a bhíonn sé nuair a thugtar cead do leanaí fiosrú agus rudaí nua a fháil amach agus taitneamh a bhaint as an bpróiseas sin. Mar chomhréiteach ar thaispeántas de shaothair na leanaí, chríochnaíomar an tsraith le Sárthaispeántas, ar thacaigh an Tionscnamh Eolais Phobail (CKI) agus an Oifig Ealaíon in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh leis. Ba ghrianghraif ba mhó a bhí le feiceáil sa Sárthaispeántas trínar gcuireadh taithí na leanaí in iúl ach bhí rogha bheag de phíosaí a críochnaíodh agus nár críochnaíodh mar aon le hábhar taighde mar chuid de chomh maith.

Bím níos feasaí ar cé chomh saibhir agus luachmhar a bhíonn an próiseas a bhaineann le healaín a chruthú anois i ndiaidh an tionscadail seo agus táim ag déanamh iarracht an bhéim a threorú ón dtáirge deiridh agus an chuma a bheidh air nó cad a dhéanfaidh sé. Thosaigh mé ar shraith nua, a spreag an tionscadal “What Big Eyes You’ve Got…” agus an obair a rinne mé le leanaí Scoil Chroí Íosa, agus táim ag caitheamh níos mó ama ag fiosrú, ag fáil amach agus ag baint taitneamh as. Táim ag oibriú i láithreacha éagsúla agus téim amach níos minice chomh maith mar gheall go bhfaca mé an tionchar dearfach a bhí aige sin ar leanaí Scoil Chroí Íosa ar a gcruthaitheacht.

Leanbh Rannpháirteach

Bhí an-spraoi agam a bheith ag spraoi, is breá liom an cineál ealaíne seo!

Leanbh Rannpháirteach

Is aoibhinn liom a bheith sa tóir ar bhláthanna sa ghairdín, bhíonn go leor spraoi againn amuigh ansin, cuireann sé áthas orm.

Leanbh Rannpháirteach

Ní raibh a fhios agam roimhe seo gur féidir pictiúir a dhéanamh le cloch, bhí sé sin spéisiúil.

Leanbh Rannpháirteach

Is breá liom an chaoi a mothaíonn rís i mo lámh, cuireann sé ar mo shuaimhneas mé.

Spotsolas


Ealaíontóir(í):

Jane Hayes

Is ealaíontóir agus oideachasóir í Jane Hayed a bhog chuig Maidrid chun a cleachtas a bunú sa chathair sin i ndiaidh di Céim sa Phéintéireacht a bhaint amach ó Choláiste Ealaíon Dhùn Èideann sa bhliain 2013. D’fhill sí ar Éirinn le déanaí agus tá Jane ag forbairt a cleachtais i nGaillimh anois.

Fiosraíonn Jane na naisc idir earraí ina hobair, ag cruthú píosaí dealbhóireachta spraíúla a mbíonn rudaí ar tháinig sí orthu mar chuid díobh go minic, péintéireachtaí móra, agus na píosaí is fearr léi, péintéireachtaí beaga le huiscedhathanna a dtugann sí líníochtaí orthu. Tá go leor taithí aici ar dhéanamh priontaí agus leabhar ealaíonta chomh maith agus léiríodh a saothair sa Ríocht Aontaithe, i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus sa Spáinn.

Thosaigh sí ag oibriú le healaíontóirí idirnáisiúnta nuair a bhí sí i Maidrid agus d’oibrigh siad i neart spásanna agus stiúideonna a stiúir na healaíontóirí féin, lena n-áirítear The Windor, a bhunaigh sí le healaíontóirí eile mar spás a stiúrann ealaíontóirí ina gcuirtear ealaín ildisciplíneach agus fiosrú chun cinn. Agus í ag tógáil ar na deich mbliana atá aici ag teagaisc na n-ealaíon do dhaoine óga, d’aithin sí sineirge ag forbairt idir dhá ghné dá cleachtas; an teagasc agus an déanamh.

D’oibrigh Jane le neart eagraíochtaí le ceithre bliana anuas chun tionscadail chruthaitheachta rannpháirtíochta a chur ar fáil do leanaí, lena n-áirítear; an Roinn Oideachas, Óg agus Spóirt Mhaidrid, Músaem Cathrach na Gaillimhe, Músaem Hunt, Luimneach, Féile Idirnáisiúnta Ealaíon do Leanaí Baboró, agus an tionscadal Eorpach Small Size.

Tá Jane tiomanta go háirithe d’oibriú le leanaí sna luathbhlianta; bíonn sé mar aidhm aici ceardlanna agus cláir atá mealltach, nuálach agus oiriúnach d’aois na leanaí a chruthú, a nglacann na tuismitheoirí páirt iontu agus ina ndírítear ar fhoghlaim na dtuismitheoirí agus na múinteoirí chomh maith le cumhachtú na leanaí.

Chun tuilleadh eolais a fháil téigh chuig www.janehayescreative.com.


Múinteoir(í):

Colin Barry, Príomhoide

Colin Barry is ainm dom agus táim i mo phríomhoide ar Scoil Chroí Íosa, bunscoil sa Chaisleán Nua i gCathair na Gaillimhe. Tá an scoil ag fás fós ach faoi láthair freastalaíonn thart ar 110 leanbh ó raon leathan cúlraí ilchultúrtha uirthi. Bíonn atmaisféar spleodrach ar leith sa scoil mar sin agus is mol tábhachtach í don phobal áitiúil chomh maith. Tá sé mar aidhm againn oideachas iomlánaíoch a chur ar fáil do gach duine dár scoláirí trí mhodheolaíochtaí éagsúla atá nua-aimseartha agus bunaithe ar thaighde. Tuigimid ónár dtaithí féin go bhfuil múineadh trí na healaíonta cruthaitheacha ar cheann de na modheolaíochtaí teagaisc is éifeachtaí do na leanaí. Creidimid go sáraíonn sé seo éagsúlachtaí cultúrtha, bacainní teanga agus inniúlacht oideachasúil. Chinneamar, mar phobal uile na scoile, bogadh sa treo spreagúil nua seo go gníomhach thart ar cheithre bliana ó shin. Is togra dúshlánach é seo agus fuaireamar treoir agus tacaíocht ó neart eagraíochtaí ealaíon iontacha agus ó chleachtóirí cruthaitheacha aonair atá lonnaithe i gCathair na Gaillimhe agus mórthimpeall uirthi chun cabhrú leis an iarracht seo.

Sue Doherty, Múinteoir

Is mise Sue Doherty agus d’oibrigh mé mar Chomhordaitheoir Teagmhála Baile, Scoile agus an Phobail i Scoil Chroí Íosa le linn thréimhse an tionscadail seo. Mar chuid den ról seo bhí orm teagmháil a dhéanamh le neart páirtithe sa phobal a d’fhéadfadh cur le taithí na leanaí ar an oideachas agus an taithí sin a fheabhsú agus chun na tuismitheoirí a dhéanamh chomh rannpháirteach agus ab fhéidir sa phróiseas seo.

Tá cúlra againn le fada fáilte a chur roimh ealaíontóirí áitiúla agus roimh eagraíochtaí an phobail chun oibriú le gach aoisghrúpa sa scoil, agus cuirtear rannpháirtíocht ó thuismitheoirí chun cinn agus spreagtar go mór í chomh maith. Bheartaíomar mar scoil gach gné de na healaíona cruthaitheacha a chur chun cinn agus bhí an tionscadal seo, ‘What Big Eyes You’ve Got…’, foirfe dár scoil agus don treo nua a roghnaíomar.

Ailbhe O'Donnell, Múinteoir

Is mise Ailbhe O’Donnell agus is as Cathair na Gaillimhe dom. Mhúin mé na Naíonáin Shinsearacha nuair a bhí Jane ag éascú an tionscadail seo. Múinim rang a haon agus rang a dó i Scoil Chroí Íosa, sa Chaisleán Nua, Gaillimh anois. Tá spéis ar leith agam sna hEalaíona cruthaitheacha, mar sin, bhí an-áthas orm páirt a ghlacadh sa togra seo.


Ealaíontóir(í)

Jane Hayes, artist and educator

Múinteoir(í)

Colin Barry

Sue Doherty

Ailbhe O’Donnell


Foirmeacha Ealaíne

Foirm il-ealaíne

Leibhéal

Bhunscoile

Scoil/Grúpa

Scoil Chroí Íosa, Galway


Rannpháirtithe

45


Réigiún

Gaillimh

Aois/Rang

Sóisearach, Sinsearach agus Rang 1


Dátaí

Eanáir - Márta 2017


Naisc


Príomhthéamaí / línte fiosrúcháin

Iniúchadh ar na cúig chéadfa (blas, boladh, mothú, éisteacht agus amharc) ar bhealach cruthaitheach



Tá fíor-rath an tionscadail le feiceáil i luach cáilíochtúil na ngnéithe sóisialta, mothúchánacha, oideachasúla agus ealaíonta a léiríodh i dtaithí na bpáistí.

Sue Doherty, Múinteoir