Liz McMahon

Is éascaitheoir amharc-ealaíne agus ceannaire Scoil na Foraoise í Liz McMahon.
Fuair sí céim sa Mhínealaín ó Scoil Ealaíne agus Deartha Luimnigh i 1981.
In 2018 bhain sí Leibhéal 3 i gCeannaireacht Scoil na Foraoise amach ag an Open Network
College, West Midlands, R.A.
Bhog sí go Co.Chill Mhantáin i 1986.
Bhí sí ina Comhordaitheoir ar Chlár na Leanaí ag Áras Nua-Ealaíne na hÉireann ó 1991 go
2000.
Bhí sí ag obair le leanaí laistigh agus lasmuigh de scoileanna ar chláir chruthaitheacha fhadtéarma amhail Muse-e, clár trí bliana i mbunscoileanna arna chruthú ag Yehudi Menuhin, Mapping - clár sé bliana le leanaí i dTionscadal Óige an Chloigín Ghoirm, Cruthaitheacht sa Seomra Ranga - ar feadh seacht mbliana is fiche, agus d’éirigh sí as bheith ag obair mar éascaitheoir in 2004 agus tá sí fós ar an ngrúpa stiúrtha.
Tá sí ag éascú Scoil na Foraoise ar Chnoc Chill Iníon Léinín le daltaí Thionscadal Scoile Dheilginse le haon bhliain déaganois agus leanann sí leis an obair sin go fóill.
Faoi láthair tá sí ar fhoireann an tionscadail ‘Scaip’. Is í aidhm an tionscadail sin taithí Scoil na Foraoise i dTionscadal Scoile Dheilginse a úsáid chun foghlaim bunaithe ar an dúlra a chur chun cinn agus a thacú i mbunscoileanna.
Tá saothair ar an mórchóir cruthaithe aici ó 2006 ar aghaidh trí Scéim an Chéatadáin le haghaidh na nEalaíon agus trí choimisiúin eile i gcomhar leis an ealaíontóir Fiona Coffey agus le daltaí i go leor scoileanna ar fud na hÉireann.