ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 3 - Kotryna Knystautaite le cabhair ó Hannah Murphy agus Aoife Craddock, Taispeántas Student Select


Oscailt Oifigiúil Thionscadal Student Select "In Sense of Place" ag Gailearaí Highlanes, Droichead Átha. Grianghraf ó: Jenny Matthews

Student Select Exhibition Curators

Tá Kotryna Knystautaite ó Choláiste Pobail Naomh Oilibhéar, agus Niamh Woods ó Choláiste Mhuire, Na Glaschnoic, in éineacht le deichniúr scoláirí eile, ag obair i gcomhpháirtíocht le Gailearaí Highlanes i nDroichead Átha agus le Comhairle na Breataine mar chuid den taispeántas 'In Sense of Place: Student Select'. Roghnaigh agus léirigh na scoláirí a bhí páirteach taispeántas a bheidh ar siúl Dé hAoine, 25 Samhain 2017.

In Sense of Place: Student Select

Taispeántas faoi leith de shaothair ealaíne aitheanta ó Bhailiúchán Ealaíne Bardasach Dhroichead Átha agus Bailiúchán Chomhairle na Breataine, roghnaithe agus léirithe ag scoláirí meánscoile i nDroichead Átha.

Tugann Comhairle na Breataine, Comhar Creidmheasa Dhroichead Átha, Droichead Átha-Baile an Bhiataigh-Baile Átha Troim tacaíocht do In Sense of Place. Cuireann Comhairle Contae Lú agus an Chomhairle Ealaíon maoiniú leanúnach ar fáil do Ghailearaí Highlanes.



Tá an Lá Tagtha!

Bhí deireadh leis an bhfuireachas. Bhí an lá tagtha faoi dheireadh. Lá na hoscailte a bhí ann.

Chaitheamar míonna fada ag déanamh cinntí, chaitheamar laethanta sa ghailearaí agus bhí go leor leor cruinnithe againn ach tá an taispeántas againn sa deireadh agus bhíomar ar tí é a oscailt don phobal. Thugamar cuireadh do gach duine a raibh aithne againn orthu – teaghlaigh, cairde agus múinteoirí, ach bhí aíonna tábhachtacha eile ag teacht chun breathnú ar an taispeántas – an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys, TD; Sir Ciaran Devane, Príomhfheidhmeannach Chomhairle na Breataine; agus beirt ealaíontóirí ar taispeántas, Mariele Neudecker agus Graham Crowley, bhí an-chuid brú orainn!

Tráthnóna lá na hoscailte, bhí deis againn bualadh le Marielle Neudecker agus Graham Crowley. D’inis siad dúinn faoina gcuid saol agus inspioráide. Bhí sé an-spéisiúil ar fad a bheith ag éisteacht leis na healaíontóirí iad féin agus iad ag nochtadh tuairimí, na smaointe taobh thiar dá gcuid saothar agus tuairimí a chloisteáil uathu faoin mbealach a gcuireann a gcuid saothar leis na saothair eile in aice leo. Eispéireas den chéad scoth a bhí ann, mar go luath ina dhiaidh sin, bheadh orainn turais a chur ar fáil faoin ealaín ar fad sa ghailearaí anois.

Agus oíche na hoscailte ag teannadh linn, bhíomar ar fad rud beag neirbhíseach. I gceann cúpla nóiméad, bheadh orainn an turas is tábhachtaí, b’fhéidir, den taispeántas a chur ar fáil dár n-aíonna speisialta. Ritheamar trí na fíricí, dátaí agus ainmneacha ar fad inár n-intinní féin, rudaí a bhí foghlamtha againn le cúpla mí anuas faoin ealaín timpeall orainn, ag iarraidh cuimhneamh ar na naisc ar fad a rinneamar agus na cúiseanna ar chrochamar saothair áirithe in áiteanna áirithe. Bhí ár gcuid teaghlach, cairde agus múinteoirí ag teacht isteach an doras. Bhí an t-am tagtha!

Chuireamar fáilte roimh Heather Humphreys agus Sir Ciaran Devane agus chroitheamar lámha leo nuair a tháinig siad isteach sa ghailearaí. I mbeirteanna, threoraíomar iad in éineacht leis na haíonna eile tríd an ngailearaí, ag insint dóibh faoin ealaín ar an mbealach. Tar éis an turais, tháinig gach duine le chéile thíos staighre ag an altóir. Thug Niamh McDonnell (Coláiste Pobail Naomh Oilibhéar) agus Cáit McArdle (Coláiste Mhuire, Na Glaschnoic) óráidí iontacha uathu maidir le Student Select, an chúis ar thosaíomar air agus an obair a rinneamar roimh an oscailt. Ansin, thug cuid de na haíonna oirirce agus Aoife Ruane, stiúrthóir an ghailearaí, óráidí uathu.

Bhíomar ar bís agus bhí bród orainn go rabhamar in ann an taispeántas a roinnt leis an bpobal faoi dheireadh. Is chuige seo ar fad a bhíomar ag obair agus bhraitheamar go raibh éacht bainte amach againn nuair a chualamar smaointe, moltaí agus tuairimí ár dteaghlach, ár múinteoirí, cuairteoirí ginearálta agus aíonna speisialta maidir le ‘In Sense of Place’. Tar éis na hoscailte, bhí dinnéar ceiliúrtha againn agus bhí sé go hálainn am a chaitheamh leis na daoine ar fad a rabhamar ag obair leo le fada.

Le linn na seachtainí a bhí an taispeántas ar oscailt, chuireamar turais ar fáil do scoláirí meánscoile agus bunscoile. Agus an chuid is mó de na turais ar siúl, chaitheamar am ag éisteacht le tuairimí na scoláirí agus á bplé, seachas díreach an t-eolas a roinnt leo. Ba cheart do bhrí féin a bhaint as an ealaín i gcónaí. Tharraing scoláirí bunscoile an saothar ealaíne ab fhearr leo ag deireadh na dturas. Bhí sé go hálainn a gcuid díograise a fheiceáil, ní raibh an leisce chéanna orthu agus a bhí ar na scoláirí ní ba shine.

Bhí ceardlann ar siúl againn freisin bunaithe ar na saothair inár dtaispeántas. Bhí sí dírithe ar leanaí idir 4 bliana d’aois agus 12 bhliain d’aois. Bhí áthas an domhain orainn gur tháinig 45 leanbh agus thóg siad ábhar athchúrsáilte leo ar a raibh bundathanna agus dathanna tánaisteacha. Le chéile, rinneamar cruthanna as na hábhair a thóg siad leo, spreagtha ag ‘Canoe’ le Tony Cragg. Chomh maith leis sin, phléamar ciorcal na ndathanna agus dathanna comhlántacha, agus rinneamar cleachtadh ar an teoiric le pastail. Spreag ‘Mean-mean’, saothar eile, muid freisin agus rinneamar colláisí.

Eispéireas faoi leith a bhí ann, d’fhoghlaimíomar an oiread sin faoin ealaín chomhaimseartha agus faoin mbealach a n-oibríonn gailearaí agus bhíomar an-sásta a bheith páirteach ina leithéid de thionscadal.

Scríofa ag Kotryna Knystautaite le cabhair ó Hannah Murphy agus Aoife Craddock

Foilsithe

22/3/2017

Foirmeacha Ealaíne

Na hAmharcealaíona

Leibhéal

Bhun & Iar-bhunscoile

Réigiún