ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 2 - Kate Heffernan, Scríbhneoir


Peat

Kate Heffernan

Is scríbhneoir í Kate Heffernan nach raibh ina scríbhneoir i gcónaí. Bhíodh sí ag obair mar léiritheoir neamhspleách, mar dhearthóir agus mar eagarthóir, agus tá tionchar ag na nithe seo ar a cuid saothar. Bhain a céad dráma, ‘In Dog Years I’m Dead’ (léiriúchán de chuid ‘MIRARI Productions’) Gradam Iontaobhais Stewart Park an Drámadóra atá ag Teacht i gCrann amach sa bhliain 2013. Comhealaíontóir agus dlúthchomrádaí le Theatre Lovett, is í an scríbhneoir, dearthóir agus eagarthóir í chomh maith dá sraith clár mór le rá don lucht féachana óg. Tá Kate coimisiúnaithe ag an Mermaid Arts Centre faoi láthair chun ‘Live at the Montague’ a scríobh, taispeántas nua a fhiosraíonn stair seanóstáin ina baile dúchais, a bhíodh ina ionad ceol tíre agus atá ina ionad Soláthair Dhírigh anois. Is Ealaíontóir na Chéad Ghlúine Eile 2017 de chuid na Comhairle Ealaíon í Kate. In 2015, fuair Kate sparánacht ón gComhairle Ealaíon chun taighde agus iniúchadh a dhéanamh ar a tionscadal ‘Peat’ in éineacht le lucht féachana óg, téacs taibhithe do pháistí idir 9 agus 12 bhliain d’aois, a thosaigh mar iniúchadh ar fhia mór na mbeann nach ann dóibh níos mó. Is féidir leat súil a choinneáil ar dhul chun cinn ‘Peat’ agus saothair eile de chuid Kate anseo www.kateheffernan.ie

Thosaigh Peat amach mar spadhar a bhuail mé chun scéal agus stair a fhiosrú do lucht féachana ar leith, agus ba spreagadh é chun mo chuid scríbhneoireachta a fhorbairt go mionchúiseach don lucht féachana óg.

Tar éis na céad cheardlainne a leag béim ar an scéal, an scéalaíocht agus miotaseolaíocht, d’fhill mé ar Rang a Trí an Chroí Ró-Naofa Phort Laoise le fiafraí díobh cuimhneamh ar scéalta don stáitse. Bhí na comhráite a d’eascair as an insint, athinsint agus athrú scéalta tar éis plé spéisiúil a spreagadh faoin gcuimhne, stair, scéalta coiteanna, ag iompú i do charachtar, agus an té sa tsochaí a bhfuil cead aige labhairt thar ceann duine eile.

Anseo, leathnaigh siad seo amach an plé ar an amharclannaíocht - ag tosú le plé ar róil, freagrachtaí agus scileanna na scríbhneoirí, na stiúrthóirí, na n-aisteoirí, na ndearthóirí. Labhraíomar: faoin gcaoi arb ionann drámadóir agus treoraí na himeartha; faoi thúis, láir agus deirí; faoin scéalaíocht seachas drámaíocht; faoin dialóg seachas monalóg; reacaireacht seachas comhrá; faoi sheiteanna, feistis, prapaí; faoin gcaidreamh leis an lucht féachana agus faoin gceathrú balla.

I dtreo dheireadh na ceardlainne sin, bhí na grúpaí tar éis plé a dhéanamh agus scéal pearsanta amháin a roghnú a bheadh mar scéal a ngrúpa. Ag leagan béim ar an gcomhoibriú, samplaí scripte faoi réir acu a d'ullmhaigh an múinteoir Jennifer Buggie, cuireadh de chúram ar na grúpaí an téacs seo a athrú ina scéal don stáitse.

Bhí sé ina chuar foghlama a bheith ag obair go héifeachtúil sa seomra ranga. Bhí mé ag éirí cleachta leis, agus ba mhór agam tacaíocht, saineolas agus díograis an mhúinteora chomhoibríche Jennifer Buggie. Ag deireadh shraith na gceardlann, ag smaoineamh ar mo chleachtas, rinne mé féin agus Jennifer plé ar chur leis an gcaidreamh seo, ar thionscadail amach anseo, ag ceistiú cuir chuige ar mhaithe le caighdeán na rannpháirtíochta a bheachtú agus a fheabhsú.

Chuir an taithí sa seomra ranga go mór leis an eolas don chéad chéim oibre eile - smaointe maidir leis an ngníomhú, guth, rannpháirtíocht, mothúchán, doimhneacht. I mí Meithimh 2016, le tacaíocht ó Ionad Cultúrtha do Leanaí, an Áirc, chaith mé seachtain ag obair ar théacs leis an stiúrthóir Maisie Lee agus na taibheoirí Nyree Yergainharsian agus Lloyd Cooney. Agus an obair ag forbairt agus ag leanúint ar aghaidh ag forbairt, bhí an fia féin in áit na leathphingine le taobh na hoibre pearsanta leis an lucht féachana óg. Bhí na ceisteanna móra faoin mbeatha agus faoin mbás a bhí ag fánaíocht thart faoin dromchla bunaithe ar thaithí an tseomra ranga sa Chroí Ró-Naofa.

Is comhrá meitifisiciúil fréamhaithe i ndomhan agus i ndearcadh bheirt leanaí 12 bhliain d’aois é an téacs a tháinig chun cinn. Ar mhachaire talamh portaigh ar imeall an oileáin, buaileann buachaill agus cailín le chéile chun cat a chur ina thalamh cosanta. Nuair a shuíonn siad síos agus tochlaíonn siad an uaigh bhogach, is éard a thagann ina dhiaidh sin ná comhrá faoin saol, faoin gcinniúint, faoin imirce, faoin mbás.

I ndiaidh ceithre lá, roinneamar píosa 15-nóiméad le Comhairle Leanaí na hÁirce, ba é sin an chéad uair dóibh é taispeántas atá fós idir lámha a fheiceáil. Bhí freagraí chomhaltaí 11 bhliain d’aois na comhairle macánta - d’inis siad dúinn go díreach na rudaí ar éirigh leo agus nár éirigh leo ina dtuairim féin, an stuif a bhí mealltach, barrúil, tochtmhar.

Bhí siad aigeanta faoi na carachtair ag úsáid an chluiche ‘Would You Rather? ‘, iad féin ag freagairt na gceisteanna a chur na carachtair ar a chéile (cuid acu go ciúin, cuid acu os ard, cuid acu níos deireanaí an lá sin). Ón tús agus i rith na hoibre sa seomra ranga, bhí mé ag iarraidh ar Peat iarracht a dhéanamh go mbeadh an caidreamh idir an stáitse agus an lucht féachana comhionann, go mbeadh fonn orthu dul isteach sa spás agus comhrá a bheith acu leis na carachtair, chun tuilleadh a fháil amach. De thairbhe aiseolas na Comhairle, is seift struchtúir bharrthábhachtach é Would you Rather? fós.

An mhí dár gcionn, léiríomar an taispeántas seo a bhí fós idir lámha de Peat ag ‘On the Edge, Birmingham’ Féile Dhomhanda na hAmharclannaíochta don Lucht Féachana Óg os comhair slua ealaíontóirí, léiritheoirí agus láithreoirí.

Leanfar leis an obair in 2017.

Ba í Sparánacht na Comhairle Ealaíon maidir le Daoine Óga, Leanaí agus Oideachas a lig don fhorbairt tosaigh. Thacaigh Ionad Cultúrtha do Leanaí, an Áirc leis an bhforbairt in 2016. Le tacaíocht ón Áirc, ón Amharclannaíocht do Lucht Féachana Óg na hÉireann agus ó Chultúr Éireann, léiríodh taispeántas oibre atá idir lámha ag ‘On the Edge Birmingham’ Féile Dhomhanda na hAmharclannaíochta don Lucht Féachana Óg (stiúrtha ag Maisie Lee, léirithe ag Lloyd Cooney agus Nyree Yergainharsian)

Cnámharlach an fhia mhóir ag an Zú Marbh, Baile Átha Cliath

Foilsithe

27/3/2017

Foirmeacha Ealaíne

Amharclann

Leibhéal

Bhunscoile

Réigiún

Laoise