ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 1 - Tadhg Crowley, Coimeádaí Oideachais


Tadhg Crowley

Is é Tadhg Crowley an Coimeádaí Sinsearach Oideachais ag an Glucksman i gColáiste na hOllscoile Corcaigh. Cuireann an Glucksman clár fadréimseach de thaispeántais shealadacha i láthair, chomh maith le clár fairsing oideachais chun cuairteoirí a bhfuil ábhair spéise agus cúlraí éagsúla acu a mhealladh. Is céimí de chuid Scoil Ealaíne agus Deartha Luimnigh é Tadhg, agus is é an ról atá aige sa Glucksman cabhrú le tuiscint ar na hamharcealaíona a chothú i measc an phobail i gcoitinne. Cheap agus chuir Tadhg an chéad mhodúl Amharc-Ealaíne i láthair go luath in 2015 ar an gcúrsa Teastas sa Mhaireachtáil Chomhaimseartha i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Mhéadaigh Tadhg clár scoileanna an Glucksman le trí bliana anuas agus d’fhreastail níos mó ná 2500 scoláire ar cheardlanna agus turais ag an ngailearaí in 2015. Thug Tadhg an clár Múinteoirí Glucksman isteach in 2014 agus anois, cuimsítear leis an gclár céanna; Máistir-Ranganna do Mhúinteoirí Ealaíne, chomh maith le Tráthnónta Réamhléirithe agus Cúrsa Samhraidh. Rinne Tadhg cur i láthair le gairid ag an bhFóram Oideachais Bhliantúil agus For-Rochtana de chuid Chumann Mhúsaem na hÉireann agus rinne sé an cur i láthair ar an lá a seoladh Lá Náisiúnta Thairseach na nEalaíon san Oideachas in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann. Thug sé léachtaí ar an MA a leanas: Clár Ealaíne agus Próisis i gColáiste Ealaíne is Deartha Crawford agus ar mhodúl PhD na dTodhchaíochtaí i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.

Nuair a thosaigh an Glucksman ag tabhairt isteach tionscadal agus imeachtaí do Mhúinteoirí Bunscoile ina chlár ar dtús, bhí roinnt coincheapa a ndearnamar iarracht iniúchadh a dhéanamh orthu agus a thug na múinteoirí a ndeachaigh muid i dteagmháil leo dúshlán dúinn aghaidh a thabhairt orthu. Bhí na smaointe seo mar bhunús leis na cláir a dearadh agus a soláthraíodh sna míonna agus sna blianta ina dhiaidh sin.

Glactar leis go forleathan gur féidir leis na hamharc-ealaíona ról suntasach a bheith acu i dtimpeallacht foghlama nuálach a chruthú, ach ceist lárnach d'fhoireann Glucksman ab ea, cad is féidir a dhéanamh chun caighdeán na ndeiseanna foghlama ealaíon do pháistí in Éirinn a fheabhsú sa lá atá inniu ann agus cad é ról an mhúsaeim ealaíne in aon tionscnamh? Cuireann músaeim ealaíne córais agus deiseanna oideachais ealaíne iontacha ar fáil lena n-áirítear teacht a bheith acu ar ealaíontóirí gairmiúla, eolas ar theicnící éagsúla déanta ealaíne, agus taithí a fháil ar shaothair shuntasacha ealaíne a fheiceáil agus a thuiscint. Conas is fearr áfach, a d'fhéadfaí na hacmhainní seo a úsáid chun deiseanna ealaíne do leanaí a fheabhsú? Ag an Glucksman, feicimid an tionchar dearfach a bhíonn ag an amharc-ealaín ar dhaoine óga i rith ama. Is féidir leis an deis féachaint ar shaothar ealaíne go dlúth gan cur isteach agus an deis tús a chur le tuiscint a fháil ar inspreagadh ealaíontóra dul i bhfeidhm go mór ar aigne an linbh. Mar sin féin, nuair a thugann leanaí cuairt ar mhúsaeim lena scoil nó lena dteaghlach ní bhíonn sé ar bhonn rialta i gcónaí agus d’fhéadfadh meas agus tuiscint theoranta a bheith mar thoradh ar an teagmháil neamhrialta seo. D’fhéadfaí meas agus tuiscint níos mó a bhaint amach trí idirghníomhú seasta nó trí chuar foghlama atá seasmhach, rud is féidir a bhaint amach i dtimpeallacht scoile.

Ba é an t-aiseolas a bhí á fháil againn ó mhúinteoirí Bunscoile ná go raibh brú méadaithe chun níos mó ama a chaitheamh ar an gcuraclam agus go háirithe ar an Straitéis Náisiúnta chun an Litearthacht agus an Uimhearthacht a Fheabhsú, rud a chiallaigh go raibh sé ag éirí níos deacra am sa seomra ranga a dhíriú ar ghníomhaíochtaí ealaíne agus ar thuiscint don ealaín. Agus tuiscint againn ar an am teoranta atá ar fáil do na healaíona sa seomra ranga, thosaíomar ag machnamh ar an gcaoi a bhféadfadh an Glucksman múinteoirí a chumasú chun tionscadail a fhorbairt a chomhcheanglaíonn gnéithe den amharc-ealaín le gnéithe eile den churaclam amhail an mata, an eolaíocht, an teanga, an stair nó OSPS. Trí leanúint ar aghaidh ag díriú ar réimsí bunúsacha den churaclam, ní bheadh tionchar diúltach ar ghnáthamh agus ar struchtúr an tseomra ranga. Ina áit sin d'fhéadfaí foghlaim na scoláirí a fheabhsú trí phróisis chruthaitheacha spreagúla agus trí teagmháil le hamharc-ealaíontóirí tábhachtacha chomh maith le gluaiseachtaí ealaíne.

Bhí tionchar ag múnla taispeántais Glucksman ar an smaoineamh seo le haghaidh cur chuige comhtháthaithe ealaíne. Baineann taispeántais ag an Glucksman leas as taighde na ranna acadúla agus as gairmithe Choláiste na hOllscoile, Corcaigh ó na ceithre choláiste, Coláiste na nEalaíon, an Léinn Cheiltigh agus na nEolaíochtaí Sóisialta; Coláiste an Ghnó agus an Dlí; Coláiste an Leighis agus na Sláinte; agus Coláiste na hEolaíochta, na hInnealtóireachta agus na hEolaíochta Bia. Ceann de phríomhspriocanna na dtaispeántas ná béim a leagan ar ról ar leith na meán fhísiúla maidir le heolas a chur in iúl agus an rud atá lárnach dó seo ná caidreamh dioscúrsach a chruthú idir disciplíní acadúla agus cleachtas ealaíne. Tá an Glucksman é féin in áit bhuntáisteach, áit ar féidir, ar a leac an dorais, idirphlé agus dialóga a chruthú le taighdeoirí atá ina gceannródaithe i réimsí éagsúla agus suimiúla. An luach a bhaineann le heolas fairsing agus iontaofa a thabhairt isteach ar théamaí agus smaointe ar leith, ná go spreagann sé imscrúduithe amhairc cuimsitheacha agus íogaire araon.

Tá mór-ealaíontóirí comhaimseartha de shíor ag baint úsáid as codanna de ghnéithe curaclaim cosúil leis an stair, an eolaíocht agus léann teanga mar ábhar dá gcleachtais chruthaitheacha.  Treisíonn go leor gluaiseachtaí ealaíne an tuiscint ar ábhair ar nós an mhata nó na heolaíochta agus is féidir le saothair ealaíne stairiúla deis a thabhairt do leanaí tuiscint níos fearr a fháil ar an domhan ag tréimhse áirithe ama. Chreideamar go bhféadfadh múinteoirí tosú ag foghlaim ó na healaíontóirí, na saothair ealaíne agus na gluaiseachtaí ealaíne seo chun tionscadail chruthaitheacha a fhorbairt a chuirfeadh le heispéireas agus tuiscint an scoláire.

In 2015, fuair an Glucksman aiseolas thar a bheith dearfach nuair a reáchtáladh a chéad chúrsa samhraidh do Mhúinteoirí Bunscoile bunaithe ar an múnla chomhtháthaithe ealaíne. Roinneadh na laethanta i dtrí shnáithe oideolaíocha – Tuiscint Ealaíne; Idirghníomhaíocht Ealaíne, agus Cruthú Ealaíne. Rinne seisiúin na maidine, faoi stiúir na foirne coimeádaíochta, imscrúdú ar ealaíontóirí, ar a saothair ealaíne agus ar an gcaoi a bhféadfadh baint a bheith ag a gcleachtais le gnéithe curaclaim. Bhí na seisiúin seo ar siúl sna spásanna taispeántais agus bhí léachtaí, cainteanna, turais agus plé ann. Thug na seisiúin tráthnóna cuireadh do mhúinteoirí oibriú le healaíontóirí gairmiúla ar thionscadail phraiticiúla don seomra ranga.

Mí Lúnasa seo chugainn feicfear an tríú chúrsa samhraidh comhtháthaithe ealaíne ag an Glucksman. Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gClár do Mhúinteoirí de chuid an Glucksman déan teagmháil le education@glucksman.org nó téigh chuig glucksman.org

Foilsithe

3/4/2017

Foirmeacha Ealaíne

Na hAmharcealaíona

Leibhéal

Bhunscoile

Réigiún

Corcaigh