ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 4 - Tadhg Crowley, Coimeádaí Oideachais


Tadhg Crowley

Is é Tadhg Crowley an Coimeádaí Sinsearach Oideachais ag an Glucksman i gColáiste na hOllscoile Corcaigh. Cuireann an Glucksman clár fadréimseach de thaispeántais shealadacha i láthair, chomh maith le clár fairsing oideachais chun cuairteoirí a bhfuil ábhair spéise agus cúlraí éagsúla acu a mhealladh. Is céimí de chuid Scoil Ealaíne agus Deartha Luimnigh é Tadhg, agus is é an ról atá aige sa Glucksman cabhrú le tuiscint ar na hamharcealaíona a chothú i measc an phobail i gcoitinne. Cheap agus chuir Tadhg an chéad mhodúl Amharc-Ealaíne i láthair go luath in 2015 ar an gcúrsa Teastas sa Mhaireachtáil Chomhaimseartha i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Mhéadaigh Tadhg clár scoileanna an Glucksman le trí bliana anuas agus d’fhreastail níos mó ná 2500 scoláire ar cheardlanna agus turais ag an ngailearaí in 2015. Thug Tadhg an clár Múinteoirí Glucksman isteach in 2014 agus anois, cuimsítear leis an gclár céanna; Máistir-Ranganna do Mhúinteoirí Ealaíne, chomh maith le Tráthnónta Réamhléirithe agus Cúrsa Samhraidh. Rinne Tadhg cur i láthair le gairid ag an bhFóram Oideachais Bhliantúil agus For-Rochtana de chuid Chumann Mhúsaem na hÉireann agus rinne sé an cur i láthair ar an lá a seoladh Lá Náisiúnta Thairseach na nEalaíon san Oideachas in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann. Thug sé léachtaí ar an MA a leanas: Clár Ealaíne agus Próisis i gColáiste Ealaíne is Deartha Crawford agus ar mhodúl PhD na dTodhchaíochtaí i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.

Is clár oideachais dhá bhliain é Teastas sa Mhaireachtáil Chomhaimseartha (CCL) do dhaoine ar a bhfuil míchumais intleachtúla agus ceapadh é chun an clár a sholáthar i suíomh oideachais tríú leibhéal. Dírítear ann ar chúnamh a thabhairt do scoláirí scileanna straitéiseacha a fhorbairt chun féintuilleamaí agus neamhspleáchas a chur chun cinn chomh maith le rannpháirtíocht mhéadaithe sa tsochaí. Cuirtear deiseanna struchtúrtha ar fáil sa chúrsa CCL le haghaidh idirghníomhaíochta idir scoláirí ar a bhfuil míchumais intleachtúla orthu agus na scoláirí nach bhfuil míchumas ar bith orthu. Dá bhrí sin is cuimsiú atá i gceist leis seachas díreach rochtain.

Go dtí 2015, níor cuimsíodh le modúl na nEalaíon Léiritheach ar an gcúrsa teastas sa mhaireachtáil chomhaimseartha i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, ach seimeastar dírithe ar an gceol amháin. Thug an grúpa cuairteanna ar ionaid dhifriúla chultúrtha agus ar ghailearaithe ar feadh an tseimeastair ba iad freagairtí na scoláirí do na taispeántais amharc-ealaíne a spreag na comhordaitheoirí chun athbhreithniú a dhéanamh ar bhealaí a bhféadfaidís eispéireas níos iomlánaithe de na healaíona a chur ar fáil do na scoláirí. Go deireanach sa bhliain 2014 rinne comhordaitheoirí an chúrsa teagmháil leis an Glucksman agus é mar aidhm acu oibriú le chéile ar mhodúl amharc-ealaíne. Bhí sé mar aidhm acu an modúl a bhriseadh ina thrí shnáithe – Amharc-ealaíona, Ceol agus Drámaíocht.

Ceapadh an modúl amharc-ealaíne thart ar thrí phríomhphointe, agus d’fhilleamar ar na trí phointe sin arís agus arís eile thar thréimhse na gcúig sheisiún. Ba iad na trí phointe sin: indibhidiúlachas: an chaoi a bhfeiceann gach duine againn rudaí go difriúil agus go gcruthaímid rudaí go difriúil dá bharr. An cumas le bheith cruthaitheach: tá an cumas ag gach duine a bheith cruthaitheach, is féidir linn a bheith cruthaitheach ar bhealaí éagsúla agus cuireann meáin éagsúla ar chumas daoine éagsúla a bheith cruthaitheach. Do ghuth a aimsiú: trí thurgnaimh, trí chleachtadh, agus trí na modhanna/cuir chuige atá tairbheach a roghnú.

Roinneadh na laethanta i dtrí shnáithe oideolaíocha – meas ar na healaíona; idirghníomhaíocht sna healaíona, agus ealaín a chruthú. Úsáidtear na trí chur chuige seo go rialta in oideachas ealaíne agus déanann na cleachtais mheasa agus idirghníomhaíochta eolas don seisiún déanta ealaíne agus déanann tuiscint ar an bpróiseas a bhaineann le healaín a chruthú eolas do mheas ar na healaíona agus d’idirghníomhaíocht sna healaíona. Rinneamar scrúdú ar ealaíontóirí agus ar shaothair ealaíne éagsúla gach seachtain agus bhí an grúpa rannpháirteach i dtionscadail phraiticiúla leis an ealaíontóir Paul McKenna.

Ní hamháin gur díríodh ar na trí phríomhghnéithe de d’Indibhidiúlachas, Cumas agus Guth a Aimsiú, agus bhí nasc idir na healaíontóirí ar fad a ndearnamar staidéar orthu sna seisiúin mheasa; is é sin gur sháraigh siad deacrachtaí/constaicí móra chun saol cruthaitheach a bhaint amach.

Ba iad Henri Matisse agus Anni Albers, beirt ealaíontóirí a ndearnamar staidéar orthu. Ba phéintéir mór le rá é Henri Matisse ach theip ar a shláinte níos deireanaí ina shaol agus bhí sé ag coinneáil na leapa ar feadh tréimhsí fada. Agus a shoghluaisteacht teoranta, bhí air bealaí nua a fháil chun leanúint ar aghaidh lena ghairm ealaíne agus thosaigh sé ag obair le siosúr agus páipéar. Meastar gurb í seo an obair a chuir sé i gcrích ag an staid seo dá shaol, cuid den obair is tábhachtaí a rinne sé. Fuair Matisse bealach nua chun leanúint ar aghaidh lena chruthaitheacht agus d’eascair athbhreith ina ghairm ealaíne as na modhanna nua seo.

Bhí go leor bac ann le linn shaol ealaíne Anni Albers, agus ba shaol cruthaitheach éachtach a bhí ann. In ainneoin na ndúshlán a d’eascair as córas coláisteach claonta, in ainneoin Ghearmáin na Naitsithe agus in ainneoin na ndeacrachtaí a bhaineann le bheith mar inimirceach ag teacht chuig na Stáit Aontaithe Mheiriceá gan aon Bhéarla aici, bhunaigh sí cleachtas ealaíne agus bhunaigh sí oidhreacht, a fhágann gurb í duine de na healaíontóirí is suntasaí san 20ú haois.

Chuaigh na scoláirí ar shiúlóidí líníochta agus grianghrafadóireachta sna seisiúin idirghníomhaíochta agus iad ar a mbealach chun féachaint ar shaothair ealaíne sa taispeántas ‘Mothúchán sa Ghoile: Ealaín, bia agus mothúchán’ ag an Glucksman agus roghnúchán de shaothair shuntasacha i mBailiúchán Ealaíne Choláiste na hOllscoile, Corcaigh www.glucksman.org/collections.html

Bhí sé de dheis ag an ngrúpa smaointe agus modhanna a pléadh níos luaithe sa lá a thabhairt chuig na tionscadail phraiticiúla faoi threoir Paul McKenna. Agus iad ag obair leo féin agus as lámha a chéile, cuireadh roghnúchán ábhar agus teicnící i láthair do na scoláirí chun a nguth cruthaitheach a aimsiú.

Is é taispeántas de na saothair ealaíne a cruthaíodh a chuirfidh deireadh leis na trí shnáithe de mhodúl na nEalaíon, cuirfidh, mar aon le taifeadtaí fuaime, físeáin léiriú beo ag an Glucksman go luath i mí Bealtaine.

Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le do thoil trí education@glucksman.org nó téigh chuig glucksman.org

Foilsithe

6/4/2017

Foirmeacha Ealaíne

Na hAmharcealaíona

Leibhéal

An 3ú Leibhéal

Réigiún

Corcaigh