ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 1 - Carmel Brennan, Ceann Cleachtais, Luath-Óige Éireann


Carmel Brennan

Is Ceann Oiliúna agus Cleachtais í Carmel Brennan le Luath-Óige Éireann, agus tá sí freagrach as obair na heagraíochta chun an curaclam a fhorbairt, chun feabhas a chur ar chleachtas agus chun tacú leis na seirbhísí chun iad a chur in oiriúint do na creata náisiúnta. Is é an aidhm atá acu ná chun teorannacha ár smaointeoireachta agus ár gcleachtais a shárú agus muid rannpháirteach le híomhá an pháiste inniúil, spraíúil. Chomh maith leis sin, d’oibrigh Carmel mar oideoir luath-óige, mar mheantóir luath-óige agus mar thaighdeoir luath-óige. Tá spéiseanna taighde aici i réimsí an churaclaim agus i súgradh an pháiste go háirithe – is é sin ábhar a tráchtais PhD. Níos déanaí, díríonn sí ar pháistí ag cruthú scéalta lena chéile trí bheith ag súgradh agus tríd an gcaidreamh idir súgradh agus na healaíona i saol an pháiste. Rinne sí eagarthóireacht ar fhoilseachán IPPA ‘Power of Play’ agus tá caibidlí de ‘Early Childhood Education and Care’ (Mhic Mhathúna agus Taylor (eagrán), 2012), scríofa aici atá mar chuid den fhoilseachán le Pen Green darb ainm ‘Using Evidence for Advocacy and Resistance in Early Years Services’ (McKinnon (Eag.), 2014) chomh maith le dhá thuarascáil Kids Own ar thionscadail ealaíne le páistí óga, ‘Lullabies’ agus ‘Being and Belonging’. Is í údar na haiste ‘Artistic Enquiry in Early childhood Education’ ar an tairseach seo.

Ealaín Bheo le Páistí Óga

‘Tá sé thar a bheith tábhachtach go nglacaimid leis an méid atá na páistí in ann a dhéanamh nó an méid sin a aithint ar a laghad ionas go mbeifear in ann dul isteach i saol na samhlaíochta, saol ina bhfuil siad ag fanacht lenár gcrógacht’. Martin Brunsden, Ceoltóir

Is eol dúinn le fada an lá go mbreathnaíonn leanaí óga go géarchúiseach ar an gcaoi a n-oibríonn an domhan agus go mbíonn siad i gcónaí ag iarraidh brí a bhaint as an saol timpeall orthu ach, ar bhealach éigin, nílimid ach ag tosú ag teacht ar thuiscint faoina gcumas múineadh dúinne faoin saol.

Insíonn an pictiúr scéal faoi eispéireas na céad uaire. Léirítear an t-úll brúite, meata a chonaic sé ar a dhul ar réamhscoil lena mháthair, dar leis an ealaíontóir. Braithim iontas, áilleacht agús brón sa phictiúr – agus spreagann gach ceann acu seo smaointe agus ardaíonn siad ceisteanna. An raibh sé mar aidhm ag an bpéintéir an méid a chonaic sé a phéinteáil ón tús? Nó arbh é rud éigin a tháinig chun cinn, agus an t-ealaíontóir ag plé leis na hábhair ealaíne agus gur eascair an scéal as sin? B’fhéidir gur smaoineamh eile a bhí ann nuair nach raibh an pictiúr ach díreach tosaithe nó b’fhéidir nach raibh ann ach cuimiltí den scuab, ar nós na bpictiúr a phéinteálann go leor páistí, ina mbíonn gach cineál péinte ann, agus bíonn ciorcal donn ann ag an deireadh. Seans go spreagann an ciorcal cuimhne ar rud a tharla don phéintéir, nó ar rud a chonaic sé. Is í an cheist, ná cá bhfuil an ealaín san eispéireas seo ar fad? An í an ealaín an léargas nó an é an chéad uair a chonacthas an t-úll meata? An bhfuil an ealaín le fáil ina mhachnamh, sa chomhrá, san fhiosrúchán lena mháthair, ag an bpointe ama sin ina bhfuil ceangal, nó comhroinnt? Táimid breá ábalta cás a shamhlú ina bhfeiceann a mháthair é ag déanamh machnaimh – agus í ag míniú, mar a mhínítear, ach an oiread le nádúr an tsaoil – titeann úlla agus meathann siad.  Is féidir linn an ceistiúchán a shamhlú agus an t-áthas a fheiceáil i súile a pháiste nuair a fhaigheann sé tuiscint ar an gcoincheap – tá rud éigin suntasach ar a choinsias agus fágann sé lorg ar an bpáiste a bheidh ann go brách – chomh suntasach sin is go gcuireann sé faoi deara dó tosú é a chur in iúl trí bheith ag péinteáil. Péinteálann sé an scéal. An í an ealaín an méid atá fágtha ina chuimhne? Samhlaigh an t-oideoir a stopann agus a éisteann, a bhraitheann an ceangal, a thuigeann an áilleacht agus a ghlacann páirt sa mhachnamh. An eispéireas aeistéitiúil é seo? Is é an príomhrud atá le baint as an méid sin ná, go bhfuil ealaín le feiceáil i mbeagnach gach rud a dhéanann páistí, ag brath ar ár gcumas chun í a fheiceáil agus an dearcadh atá againn – de bharr go bhfuil rudaí tábhachtacha i ngaiscí páistí, lena n-áirítear fiosrúchán, ionadh, iontas agus ceangal mothúchánach. Níl sa táirge seo ach píosa beag den phróiseas ealaíne.

Bíonn saol cruthaitheach ag páistí óga, ón nádúr a bhaineann le tuiscint a fháil ar an saol. Tá siad ag feiceáil an tsaoil den chéad uair agus tá siad ag cruthú dearcthaí nua. Tugann siad rud éigin nua isteach sa saol.  Tugann Alison Gopnik ‘an rannóg taighde’ den saol ar luath-óige, tréimhse ina bhfuil páistí saor chun machnamh a dhéanamh agus cuimhneamh ar roinnt féidearthachtaí gan aon eolas acu ná dualgais orthu rudaí a dhéanamh i gceart – agus ní chuireann na torthaí deiridh isteach ná amach orthu. Agus muid ag obair le páistí na luathbhlianta, caithfimid neamhaird a thabhairt ar na hionchais a tugadh dúinn, agus ar na noirm thraidisiúnta, ar na clocha míle agus ar thomhais.  Ach caithfimid cuimhneamh ar na comhráite a chuirfidh ar chumas na bpáistí pearsanúlacht nua a fhorbairt agus é a chur in aithne don phobal. Ó tharla gur Oideoirí muid, tá dualgas orainn ár dtuiscint ar ionadh, ar shamhlaíocht agus ar spraíúlacht a úsáid. Cuireann sé iallach orainn a bheith rannpháirteach le fiosraithe agus aimsithe na bpáistí, chun aird a thabhairt orthu ach úsáid a bhaint as ár súile, ár gcluasa agus lenár gcroíthe – agus chun dearcadh nua a fháil ar an saol in éineacht leo. Tá an fhoghlaim san éisteacht, i measc na bpáistí, san eispéireas roinnte, sa chomhrá, sa

‘mhothúchán le bheith ansin le gach duine eile’ (Trevarthen, 2001:20).

Dar le Vecchi (2010:5) gurb ionann ealaín agus ‘dearcadh cúraim agus airde ar na rudaí a dhéanaimid, fonnchun brí a fháil, tá fiosracht agus machnamh i gceist leis, is í a mhalairt de neamhshuim agus de mhíchúram, d’easpa rannpháirtíochta agus mothúcháin.....’.

Sa deireadh thiar thall, is é sin an fáth ar ealaín é gach rud a dhéanann páistí – tugann siad dearcadh nua isteach sa saol – bealach nua chun rudaí a fheiceáil.

Tháinig mé ar an tuiscint seo go tréan, lá a chaith mé leis an ealaíontóir, Maree Hensey agus leis an gceoltóir, Martin Brunsden ar an tionscadal Lullaby, tionscadal ealaíne le leanaí, cúpla bliain ó shin. Bhí sé ar fad thar a bheith simplí. Socraíodh an seomra ach na bréagáin phlaisteacha ar fad a chur i gcoirnéal agus spás a chruthú i lár an tseomra inar cuireadh na hábhair áille i láthair; gaineamh, ribíní, boscaí, cleití, uirlisí ceoil. Tugadh cuireadh do na páistí súgradh in éineacht leo.  Tháinig athrú ar an spás sin – atmaisféar ina raibh eispéireas de shuantraí.

suaimhneas... an sámhnas...an tsuantraí.....tá sé bainte amach againn roinnt uaireanta agus scaití bíonn fórsa láidir ann is go n-éiríonn a bhfuil sa seomra mín agus mothúchánach ach sábháilte agus tacúil i gcónaí’ (Martin Brunsden)

Tháinig moill ar gach rud. Bhreathnaíomar ar an méid a tharla agus chuireamar suim ann – suim mhór sa chaoi a ndearna na leanaí seo machnamh agus an chaoi ar airigh siad agus ar fhreagair siad. Ní raibh rud ar bith sa saol níos tábhachtaí ná an pointe ama sin – an bhreathnóireacht, an tadhall, na mothúcháin, an blaiseadh, an machnamh, an ceistiúchán, an tarraingt, an brú, an éisteacht, an meangadh gáire, béal oscailte, iontas sna súile, lámha agus cosa ag croitheadh, agus na fuaimeanna iontais, glugarnaí, bualadh bos – díreach an méid a tharlaíonn gach nóiméad.

Úsáidimid an téarma ‘ealaín’ go minic mar Oideoirí chun tagairt a dhéanamh do rudaí statacha amhail pictiúir, dealbha agus amhráin ach deir Vea Vecchi (2010) linn go bhféadfadh gur mhodh maireachtála í an ealaín. Is eispéireas teagmhála í an ealaín, gluaiseacht an choirp, na scéalta a chruthaímid, an áilleacht a fheicimid, is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin. In earnáil na luath-óige, cuimhním ar an ealaín mar phróiseas le dul tríd – próiseas lena gcuimsítear fiosrú, braistint, gníomh, smaointeoireacht, aireachtáil, cur in iúl, cumarsáid agus cruthú. Tá sé le fáil i ngach meandar.

An raibh meandair san eispéireas a bhí agat inniu?

Foilsithe

4/7/2017

Foirmeacha Ealaíne

Foirm il-ealaíne

Leibhéal

Na luathbhlianta

Réigiún

Contae Bhaile Átha Cliath