ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Aoi-Bhlagálaí, Leanne Troy, Múinteoir Bunscoile


Leanne Troy

Is múinteoir bunscoile í Leanne Troy atá lonnaithe i Lár na Tíre. D’inis sí dúinn go bhfuil paisean láidir aici d’ealaín laistigh agus lasmuigh den seomra ranga. D’fhreastail sí ar an gcúrsa oideachais Ag Foghlaim tríd an gCruthaitheacht i nDánlann Glucksman an samhradh seo



Táim an-díograiseach le hamharc-ealaín agus an tionchar atá aige ar oideachas. Tugaim an dúshlán dom féin iarracht a bheith chomh cruthaitheach agus is féidir liom a bheith i mo chur chuige go léir le gach réimse ábhair a mhúineadh. Ligeann teagasc téamach dom ábhair a mheascadh níos oscailte agus úsáid a bhaint as modhanna amhairc. Tá an tionscadal bunaithe ar Oideachas Ceirde a ghlac mé le déanaí trí m’ionad oideachais áitiúil (scéim iontach atá ar eolas ag fíorbheagán múinteoirí ar an drochuair) mar shampla air seo. Le haghaidh an tionscadail seo bhí mé péireáilte le healaíontóir de mhuintir an cheantair chun tionscadal sé seachtaine a chríochnú. Mhúin mé féin agus an t-ealaíontóir snoíodóireacht adhmaid mo rang i mbloic dhá uair an chloig. Bhí lúcháir ar na leanaí i mo chéad rang le siséil agus píosa adhmaid a fháil! Bhaineamar an tionscadal ar thuras chuig an bpáirc Dheilbhe Loch na Buaraí i gContae Uíbh Fhailí, áit ar fhoghlaim na leanaí faoin bhfiadhúlra áitiúil agus faoi stair an phortaigh. Roghnaigh gach leanbh ainmhí chun tuairisc a scríobh air agus tharraing siad íomhá chun dul leis freisin. Bogadh an íomhá ar an adhmad ansin agus snoíodh amach é. Bhí na torthaí dochreidte. Chruthaíomar ár ‘Traein Spéire’ féin atá ar taispeáint go bródúil ag tosach na scoile.

Chuir mo thaithí le hOideachas Ceirde le mo spéis san oideachas ealaíne agus mar sin bím i gcónaí ag coinneáil súil amach ar smaointe nua agus bealaí chun uasoiliúint a dhéanamh ar mo chumas ealaíona agus chun iad a fhorbairt. Déanaim iarracht freastal ar an méid ceardlanna ealaíne áitiúla agus is féidir liom i réimsí amhail ceirmigh, mósáicí chomh maith le ranganna bunaithe ar oideachas ealaíne i nDánlann Glucksman i gColáiste na hOllscoile Corcaigh. Is é an rang a bhfreastalaím air le Hazel Green i Suí an Róin i gContae Uíbh Fhailí mar thionchar láidir go háirithe, ina mbímid ag péinteáil tírdhreacha ag úsáid aicriligh den chuid is mó. Bíonn pictiúir síoda agus pictiúir scine pailéid ar bun againn chomh maith. Faighim cuid mhór taithí chomh maith ón gcampa samhraidh do leanaí a chuirim ar fáil gach bliain.  Táim mar chomhbhunaitheoir ar champa ealaíne agus spóirt ailtéarnacha, darbh ainm Friosbaí Da Vinci, le mo pháirtí Liam. Seo an ceathrú samhradh rathúil dár gcampa agus tá sé lonnaithe in Uíbh Fhailí agus Corcaigh. Díríonn na gníomhaíochtaí ealaíne ar an bpróiseas a bhaineann le healaíon a dhéanamh agus a chruthú.

Mar sin an tseachtain seo bhí lúcháir orm an deis a thapú freastal ar mo champa samhraidh féin, i bhfoirm an chúrsa oideachais Ag foghlaim tríd an gCruthaitheacht atá reáchtáilte ag Tadhg Crowley i nDánlann Glucksman. Tá an dánlann gheal agus fhairsing mar áit fhoirfe chun ar dturas aimsithe seachtaine a éascú.  Cé go raibh críoch shaoire an tsamhraidh i ndán dúinn, bhí sceitimíní orm. I rith na seachtaine d’fhéachamar ar ealaíon agus an seans ar chomhtháthú le réimsí ábhar eile ar churaclam na bunscoile.  D’fhéachamar ar shamplaí éagsúla d’ealaíontóirí a d’fhéadfaí a úsáid chun an comhtháthú cruthaitheach d’Ealaíon le Matamaitic, Béarla, Stair, Eolaíocht agus OSPS a éascú. Gach iarnóin bhí an t-ádh orainn chomh maith an deis a fháil chun obair le healaíontóirí éagsúla chun teoiric ón seisiún ar maidin a chur i bhfeidhm.

Ar dtús thosaíomar ár bplé ar thionchar na healaíne ar oideachas. Díreach mar an gceanna le leabhar maith a bheith léite agat, ligeann oideachas ealaíne an deis duit comhbhá agus tuairimí éagsúla a fhorbairt agus do chiall a mhúscailt.  Chuir Tadhg coincheap na cruthaitheachta inár láthair mar pháirt riachtanach den oideachas agus toisc dhaonna ar leith a ligeann dúinn ár n-indibhidiúlacht a thaispeáint. Tá tréithe cruthaitheacha againn go léir ar bhealach éigin bíodh é trí do thuiscint ar an bhfaisean nó an dóigh a gcuireann tú na héadaí ar an líne níocháin! Tá cruthaitheacht ag éirí ar cheann de na tréithe is mó a bhíonn fostóirí ag teastáil agus iad i mbun fostaithe nuálacha, réitigh fadhbanna a earcú. Is iad leanaí an todhchaí agus ba cheart dúinn iad a ullmhú chomh maith agus is féidir linn!

Bhain mé sult go háirithe as an scigphictiúr a léirigh Ann Bamford, an t-oideoir ealaíne, a dhírigh aird ar an tábhacht a bhaineann le múinteoirí a bheith ag déanamh forbairt ar mhodheolaíocht teagaisc chun idirdhealú a dhéanamh do leanaí ina rang. Tá líne d’ainmhithe as an zú os comhair an chrainn.  D’fhéadfaí go mbeadh eilifint, leon, moncaí, rón agus séabra ann. Deir an múinteoir don rang, ‘Dreap suas an crainn anois’.  Phléamar mar oideoirí, uaireanta tugaimid an t-ordú céanna don rang go léir, ag baint úsáid as an modh céanna, nuair a bhíonn cuid mhór cumais agus scileanna éagsúla i láthair i ngach seomra ranga. Tríd an iarracht a dhéanamh cuir chuige shamhlaíocha éagsúla a thairiscint beidh éifeacht thairbheach i bhfad níos mó againn ar oideachas ár ndaltaí. Insíodh dúinn chomh maith faoin tionscadal éachtach sa scoil Leighis Harvard, ‘An tSúil a Thraenáil: Ealaín na Diagnóise Fisicí a Fheabhsú’. Sa tionscadal seo, scaradh grúpa dochtúirí ina dhá ghrúpa. Fuair grúpa A cúrsa bunaithe ar oideachas ealaíne agus ní bhfuair grúpa B seo.  Breathnaíodh ar an dhá ghrúpa le linn a ngairmeacha leighis agus fuarthas amach go raibh ráta diagnóise i bhfad níos airde ag grúpa A lena n-othair. Phléamar an dóigh ar féidir leat a bheith níos eolaí ar do thimpeallachtaí agus do chiall a mhúscailt de bharr an oideachais ealaíne agus bhí seo an-soiléir do na dochtúirí i ngrúpa A a bhí ag léiriú na scileanna seo.

Chomh maith leis seo, bhain mé an-sult as obair a dhéanamh le healaíontóir atá lonnaithe i gCorcaigh, Cassandra Eustace, a thug breac-chuntas ar go leor gníomhaíochtaí cruthaitheacha sárluachmhara a cheanglaíonn ealaíon agus teanga le chéile. Tá an líníocht de rudaí simplí neamhbheo trí úsáid a bhaint as cumascóir ar pheann luaidhe san áireamh sna tascanna seo. Thóg seo an strus go léir agus cuid den chumhacht amach as as líníocht. Tharraing sé d’aird agus lig sé duit a bheith eolach ar na línte agus an méid a bhí tú ag breathnú air.  Bhaineamar úsáid as lorgán radhairc agus bileog thréshoileach chun pictiúr dár lámha a tharraingt. Bhí go leor airde ag baint leis an dhá thasc seo ach bhí an-spraoi ann agus ní raibh ort a bheith ‘go maith’ ag an líníocht. Is féidir le gach duine a n-ealaíontóir a aimsiú!  Ina dhiaidh seo, bhí orainn rud ar bith sa seomra a roghnú agus cúr síos a scríobh faoi gan ainm an ruda a sceitheadh. Mar shampla, roghnaigh mé múchtóir dóiteáin agus rinne mé cur síos air mar rud atá crua agus geal agus déanta as miotal le gob a chuir ar mo shuaimhneas mé. Malartaíodh na cuntais seo le duine eile ansin. Bhí ort colláis focal agus íomhánna a chruthú ansin bunaithe ar an bpíosa scríbhneoireachta tuairisciúil a fuair tú, agus tháinig torthaí an-spéisiúil amach dá bharr. Gníomhaíocht tharraingteach eile a bhí ann ná aird a tharraingt ar an úsáid is féidir a bhaint as líníocht chun cumarsáid a dhéanamh agus muid féin a chur in iúl. Trí leabhair nótaí shimplí a úsáid bhí orainn freagra a thabhairt ar fhocail a bhí le rá ag Cassandra, ag úsáid línte neamhionadaíocha ar dtús agus ansin ag úsáid siombailí agus íomhánna.  Úsáideadh sraith focal ar nós dubh dóite, feargach, suaimhneach etc. Is beag ábhair, eagrúchán agus glanadh suas a bhí i gceist leis na gníomhaíochtaí go léir, a mheallfaidh go leor múinteoirí. Ach chomh maith leis sin cuireann siad an deis ar fáil do leanaí iad féin a chur in iúl ar bhealaí an-chruthaitheach.

Chuir ealaíontóir ar nós, Josef Albers, Sol Lewitt agus Bridget Riley spreagadh ar fáil dár ngníomhaíochtaí atá bunaithe ar ealaíon leis an ealaíontóir, Dominic Fee. Tá suíomh gréasáin iontach ag Dominic a cheanglaíonn go leor ealaíontóirí leis an domhan matamaitice agus thug sé breac-chuntas ar nascanna chuig snáitheanna éagsúla sa churaclam, go háirithe thart ar na réimsí de chruthanna, feasacht spásúil agus teasaláidí. Bhain mé taitneamh as na cruthanna 2T a chur os cionn a chéile ag baint úsáid as páipéar balla uigeach agus dúch. Cuireadh seo trí chlóphreas ansin. Den chuid is mó scoileanna, níl clóphreas mar rogha, mar sin thaispeáin Dominic dúinn an dóigh ar féidir an páipéar tréshoilseach atá téipeáilte síos a chlúdach i bpáipéar agus fillteán póca agus ansin is féidir spúnóg mhiotail/adhmaid a chuimilt go láidir ar bharr chun an prionta a chruthú.

Rinneamar scrúdú ansin ar na nascanna idir ealaíon agus stair. Thug Tadhg breac-chuntas ar chonas is féidir le saothair ealaíne eolas a thabhairt dúinn ar na héadaí, polaitíocht, cúinsí sóisialta agus na dálaí maireachtála ag tréimhsí éagsúla. Mar ghníomhaíocht traschuraclaim bhí orainn roinnt pictiúr a leag amach in amlíne (cheap mé go raibh sé an-deacair!)  Lean Tadhg ar aghaidh chun aird a tharraingt ar William Kentridge, Rita Duffy agus Kerry James Marshall mar ealaíontóirí is féidir a úsáid chun téamaí amhail coimhlint agus cearta daonna a phlé. Beadh an cur chuige seo mar bhealach amhairc samhlaíoch chun dul i ngleic le stair sa seomra ranga.

Níos déanaí sa tseachtain le treoir ón ealaíontóir Kevin Mooney, rinneamar staidéar ar roinnt seanphictiúr de dhéantáin ársa agus thugamar freagraí ar na híomhánna éagsúla trí phéinteáil. Bhí sé spéisiúil na patrúin éagsúla atá feicthe sna híomhánna agus na dealbha comhoibrithe de chuid na hAfraice, Leabhar Cheannais agus Sí an Bhrú a chur le chéile sa phíosa amháin. Ceann de na gníomhaíochtaí is fearr liom a thug Kevin breac-chuntas air na péinteáil mar fhreagra ar théacs. D’fhéadfaí an smaoineamh simplí seo a úsáid le haoisghrúpa ar bith. Chuireamar líne faoi na haidiachtaí sa chuid thuairisciúil bunaithe ar Chúchulainn agus ansin léiríomar na focail trí phéinteáil agus marc-chruthú.

Ó tharla go rabhamar sa dánlann cháiliúil de bharr an dearaidh ailtireachta, ní raibh ann ach an ceart turas an taispeántais reatha a fháil, Músclaíonn an Fharraige Anois. Ceapaim nach mbeadh mórán tábhachta ag na píosa ealaíne domsa mura raibh a stair agus a gcúlra faighte agam agus bhí meas ar fad agam ar an bpróiseas a bhaineann leis an bpíosa ealaíne a chruthú. Bhí mé an-tógtha leis na scéalta a tháinig le gach píosa. Bhí plé spéisiúil ag an ngrúpa dá bharr, mar shampla, phléamar cé ba cheart an cinneadh a dhéanamh ar na píosaí ealaíne atá fiúntach go leor chun a chrochadh sa dánlann. Ceapaim go bhféadfadh ealaíontóir seanbhunaithe údar a thabhairt ar a p(h)íosaí leis an bpróiseas táirgthe agus an smaoineamh atá taobh thiar dá gcruthú a achoimriú agus bíonn seo an-spéisiúil den chuid is mó, fiú mura mbíonn an píosa deiridh chomh spéisiúil uaireanta. Ceapaim go bhféadfainn a bheith ag stánadh ar an ealaín go héigiallta gan an turas agus eolas ag smaoineamh ar cad a bhí i gceist leis! Bhí orm a bheith níos eolaí ar mo thimpeallachtaí de bharr na taithí seo, ag mealladh mo chiall go léir sa phróiseas agus mé ag breathnú ar an ealaín. B’fhéidir an rud is tábhachtaí, mar mhúinteoir rinne sé forbairt níos faide ar mo thuiscint don chomhbhá sa phróiseas cruthaithe ealaíne, seachas an píosa deiridh den ealaín amháin. Ligeann an dearcadh seo dom meas a bheith agam ar an ealaín, (agus sa saol níos ginearálta) ó thuairimí agus peirspictíochtaí éagsúla, scil a cheapaim a bheadh thar a bheith tairbheach do na leanaí i mo seomra ranga.

Bhí ceisteanna agam de bharr an turais dánlainne maidir leis na rudaí ar féidir leat cur síos a dhéanamh orthu mar ealaín, tá na féidearthachtaí gan teorainn. Táim ag tosú le forbairt a dhéanamh ar choincheap níos leithne ar shamplaí ealaíne níos traidisiúnta. Mar ghníomhaíocht an-spéisiúil bhí orainn píosa ealaíne a roghnú ón taispeántas reatha, Músclaíonn an Fharraige Anois, agus sraith ceisteanna a d’fhéadfaí a úsáid le leanaí a fhorbairt. Bhí mé i bhfad níos eolaí ar a raibh mé ag breathnú de bharr an phróisis a bhaineann le breathnú ar an ealaín, an dóigh a gcruthaíodh é a aithint, cruthanna agus línte atá i láthair sa phíosa chomh maith leis an bpróiseas smaointeoireachta iomlán. Bhí an sraith ceisteanna a rinne mé don rang ag éirí níos faide agus mé ag smaoineamh ar cad a d’fhéadfadh na leanaí a fheiceáil agus conas a bheadh mé in ann a bpeirspictíochtaí a leathnú nuair atá siad ag déanamh staidéar ar phíosa ealaíne. Mar shampla, cad é do chéad chló nuair a fheiceann tú ar an ealaín seo, cén cineál mothúcháin a mhúsclaíonn sé sin ionat, cad é an meon/atmaisféar, an gcuireann sé rud ar bith i gcuimhne duit, cad é an pointe fócasach, cén teideal a thabharfá ar an bpíosa etc.

Lean Tadhg ar aghaidh ag plé na mbuntáistí a bhaineann le rud 3T a úsáid cosúil le dealbh nó déantán chun ceacht a thosú. Beadh rud mar thúsphointe spéisiúil chun aird na leanaí a mhealladh i gceacht. D’fhéadfadh amharc-spreagadh mar seo a bheith ilchéadfach agus freastal ar riachtanais foghlama éagsúla sa rang. Chuideodh sé chomh maith an amharc-litearthacht i leanaí a fhorbairt in éineacht lena gcumas do bhreathnóireacht chriticiúil chúramach a dhéanamh ar a ndomhan. Ceapaim go mbeadh orm cleachtadh a dhéanamh ar an gcur chuige seo sula dtabharfaidh mé isteach go dtí mo sheomra ranga é. Mar sin féin, tuigim go gcruthódh sé fuadar san seomra ranga le dealbh aisteach a chur ar an tábla agus an turas taiscéalaíochta trí na céadfaí a thosú.

Bhí obair a dhéanamh le Killian ar cheann de na buaicphointí den chúrsa, nuair a bhíomar ag comhtháthú Ealaín le hEolaíocht. Réalamar fótagraim! Sa seomra dorcha, shocraigh mé mo sheodra ar bhileog speisialta de pháipéar atá cóireáilte le solas agus chuir mé lampa díreach os a chionn ar feadh thart ar chúig shoicind. Cuireadh an píosa páipéir isteach i dtráidire uisce ansin leis an bhforbróir ceimiceáin go dtí gur tháinig an íomhá. Cuireadh an páipéar isteach san uisce a bhí measctha leis an bhforbróir ceimiceáin ar feadh trocha soicind sular sruthlaíodh é. Baineadh siar asam ach cuireadh ionadh orm chomh maith ar cé chomh simplí is a bhí an próiseas chun píosa ealaíne iontach mar sin a chruthú. Bhí lúcháir orm nuair a thuig mé cé chomh saor agus éasca is a bheadh sé seomra dorcha a shocrú i seomra stórais na scoile.  Bainfidh mo thríú bliain sult as an mbliain seo! Is fada liom go mbeidh mí Mheán Fómhair ann, táim ar bís triail a bhaint as roinnt de mo chuid smaointe nua!



Foilsithe

24/8/2017

Foirmeacha Ealaíne

Foirm il-ealaíne

Leibhéal

Bhunscoile

Réigiún

Corcaigh