ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 1 - Deirdre Sullivan, Deiscríbhneoir agus múinteoir RSO


Deirdre Sullivan

Is scríbhneoir agus múinteoir RSO as Gaillimh í Deirdre Sullivan. Foilseofar an leabhar is déanaí dá cuid, Tangleweed and Brine, i mí Mheán Fómhair.


Aoi-Bhlag – Cúrsa FGL ag The Ark

Chláraigh mé do chúrsa FGL cúig lá in The Ark tar éis dom cúrsa samhraidh eile a dhéanamh. Thug mé roinnt cuairteanna ar The Ark cheana le mo rang agus bhí siad i gcónaí tacúil agus cuidiúil. Is múinteoir oideachais speisialta mé, agus baineann mo chuid scoláirí taitneamh as na gnéithe céadfacha sna hamharc-ealaíona, mar sin, bhí mé ag iarraidh cur le mo chuid scileanna féin freisin agus cúpla cleas nua a fhoghlaim.

Bhí an spás ceardlainne an-fháilteach a bhuí le cairdiúlacht agus tuiscint Jole Bortoli, éascaitheoir an chúrsa. Tuigim mo chuid laigí maidir leis na hamharc-ealaíona, níl mé “go maith ag tarraingt”, ach ba ar an rannpháirtíocht agus ar an gcleachtas a bhí an bhéim seachas ar an toradh. Mar sin féin, chuaigh cumas agus cruthaitheacht mo chuid comhscoláirí i gcion go mór orm. Tá an t-ádh ar roinnt seomraí ranga agus leabharlanna i mBaile Átha Cliath!

Thosaíomar leis an tarraingt, agus chaitheamar roinnt ama ar thionscadal comhoibríoch le línte agus cuair, ar rollaí móra páipéir. Bhí sé seo ar taispeáint ar an tsíleáil i rith an chúrsa ionas go bhféadfaimis breathnú air. Cleachtadh simplí agus praiticiúil a bhí ann, agus bhí an toradh go hálainn. Ansin, d’oibríomar de réir threoracha Jole, ach bhaineamar ar fad ár gciall féin astu, mar sin, bhí na torthaí an-éagsúil. Ba shoiléir dom na féidearthachtaí a bheadh ann nasc a dhéanamh le OSPS agus an mhatamaitic.

Ansin, thugamar cuairt ar an taispeántas dealbhóireachta ainmhithe in The Ark agus d’úsáideamar na sceitsí a rinneamar chun bonn eolais a chur faoi thionscadal deireanach an lae a bhí bunaithe ar obair a rinne Jole le réimse leanaí. Bhí sí iontach paiseanta agus díograiseach faoi na daoine óga lena n-oibríonn sí, agus thaispeáin sí samplaí dúinn de na bealaí a gcuireann sí a cuid gníomhaíochtaí in oiriúint d’aoiseanna agus cumais éagsúla. Thaispeáin sí físeán dúinn freisin de thionscadal a rinne sí le Saplings i Ráth Fearnáin, áit a raibh foireann ag obair le leanaí a bhfuil uathachas orthu.

Lá a dó, péint agus dath, agus bhí fáilte mhór roimh na himreacha geala tar éis lá a haon (nuair a dhíríomar ar an dubh agus bán den chuid is mó), agus rinneamar tionscadal comhoibríoch eile, scléip cruthanna agus dathanna an uair seo. Tugadh blaiseadh dúinn de réimse ábhar éagsúil. Bhí mé féin an-tógtha leis bataí péinte go háirithe, a bhí cosúil le bataí gliú ach le péinteanna. Bhíomar ag péinteáil agus ár súile dúnta, ag éisteacht le ceol, agus arís agus ár súile oscailte. Thaitin sé go mór linn ár bpéinteanna teampara uibhe féin a dhéanamh, agus réimse péinteanna uigithe a fhiosrú, ar féidir a dhéanamh sa bhaile nó sa seomra ranga, ag brath ar an suíomh. D’fheadfaí an ghníomhaíocht seo a nascadh leis an gcuraclam eolaíochta, agus is mór an spórt é.

Lá a trí, 3T! Dhíríomar ar an tógáil, agus chuamar i ngleic le colláisí, cineálacha éagsúla cré (ar an téama spásanna tuaithe agus uirbeacha agus an fiadhúlra istigh ionainn féin) agus an rud is spéisiúla ar fad, an dealbhóireacht. D’úsáideamar gallúnach agus scian chun róin a shnoí (agus gealbhan amháin), agus ba ghníomhaíocht an-spéisiúil é. Bhí na sceana sábháilte (maol), agus d’fhéadfaí an ghníomhaíocht seo a dhéanamh sa seomra ranga. Spreag se mé le smaoineamh go leor faoi chruthanna agus spás, agus bhraith mé go raibh sé éasca a bheith ag plé le cré i gcomparáid leis. Arís, bhí Jole agus na héascaitheoirí eile an-tacúil, spreag siad muid agus thug siad an spás dúinn a bheith cruthaitheach, agus mar sin, bhí na tortaí iontach.

Ar Lá 4, d’oibríomar le Fabraic agus Snáithín, agus chaitheamar an lá ag déanamh hataí agus masc. As cairtchlár, fabraic, coirníní agus rudaí nádúrtha amhail adhmad raice agus cleití a rinneadh na hataí, agus fuair Jole a cuid inspioráide arís ó ealaíontóirí na gCéad Náisiún i dtuaisceart Cheanada chun muid féin a spreagadh sa ghníomhaíocht chruthaitheach. Luíonn sé seo leis an gcuid “Breathnú agus Freagairt” den churaclam amharc-ealaíon. Bhí dhá thaobh ar na maisc, ainmhí amháin ar an taobh amuigh agus ceann eile ar an taobh istigh, agus as páipéar ar chairtchlár a rinneadh iad. Ghlac an dá thionscadal seo go leor ama, agus bhí roinnt daoine chomh díograiseach sin gur lean siad orthu i rith an tsosa caife chun iad a chur i gcrích, agus is dea-chomhartha é sin.

An Aoine an lá deireanach agus d’oibríomar ar léarscáileanna a dhéanamh le réimse gníomhaíochtaí éagsúla, péintéireacht rilífe agus sileadh dúigh. Bhí na torthaí spéisiúil, agus thug Jole roinnt leideanna dúinn maidir leis na hábhair chuí le húsáid chun na torthaí is fearr a bhaint amach sa seomra ranga.

Choinníomar dialanna machnamhacha i rith an chúrsa, agus mhínigh Jole cárbh as ar tháinig gach cleachtadh, agus an bealach le forbairt a dhéanamh air. Bhí meascán deas ann den fhoghlaim agus den chruthú, agus bhí mé an-spreagtha ina dhiaidh cuid de mo scileanna nua a roinnt le mo scoláirí sa bhliain amach romhainn. Molaim go hard é.

Foilsithe

28/8/2017

Foirmeacha Ealaíne

Na hAmharcealaíona

Réigiún

Cathair Bhaile Átha Cliath