Aoi-Bhlagálaí: Vicky Donnelly, Comhordaitheoir Oideachais Galway One World Centre
Is comhordaitheoir oideachais í Vicky Donnelly sa Galway One World Centre agus oibríonn sí ar chlár forbartha gairmiúla leanúnaí na Dámhachtana Múinteoirí Domhanda, oideachas forbartha agus ceardlanna frithchiníochais a dhearadh agus a sholáthar do scoileanna, grúpaí pobail agus ollscoileanna.
Iniúchadh ar Cheisteanna Tearmainn agus Imirce le Páistí Óga: nótaí ó Chúrsa Bunscoile Ionghairme Baboró, Uirlisí Drámaíochta don Seomra Ranga.
Tá a fhios agat go bhfuil tú faoi chúram maith nuair is féidir le héascaitheoir cúrsa seachtaine do mhúinteoirí bunscoile seomra lán le strainséirí a threorú ó fhoirmeáltacht bhéasach mhaidin Dé Luain go tobchumadh radharc ag aonach capall, agus smaointe pearsan óig maidir leis na cúiseanna is mó imní agus na mianta is mó atá aige a leanúint, agus seo ar fad a bhaint amach roimh lón ar an gcéad lá.
Don chéad seachtain i mí Iúil bhí sé d’ádh orm seachtain a chaitheamh ag glacadh páirt in ‘Uirlisí Drámaíochta don Seomra Ranga’ de chuid Baboró, a d’éascaigh bean den scoth darb ainm Irene O’Meara, a bhain leas as an méid mór taithí atá aici san amharclannaíocht, ceol, amharcealaíona, Máistreacht i Léann na Drámaíochta agus na hAmharclannaíochta, taithí a beachtaíodh mar thoradh ar bhlianta de thaithí ón bhfíorshaol sa seomra ranga. Chomh maith le roinnt múinteoirí bunscoile, bhí meantóir óige, múinteoir Spáinnise, comhordaitheoir Sorcais Phobail, beochantóir cláir iarscoile, cúpla teiripeoir súgartha, agus mise; oibreoir oideachais forbartha le Galway One World Centre (GOWC) mar chuid dár ngrúpa éagsúil.
Is é feidhm GOWC ná ceardlanna a chur ar fáil do scoileanna, grúpaí óige agus grúpaí pobail ina bpléitear réimse ceisteanna maidir le cóir áitiúil agus dhomhanda, lena n-áirítear tearmann agus imirce; bochtanas; agus dearcthaí frithchiníochais. Ó bhí 2012 ann, tá clár na Dámhachtana Múinteoirí Domhanda á sholáthar ag GOWC in Éirinn, ag cur oiliúna ar fáil ar fud na tíre do mhúinteoirí ar mhaith leo dearcadh níos mó maidir le cóir dhomhanda a thabhairt isteach ina gcuid oibre.
San am sin, tá an cheist maidir le cearta na ndaoine atá ag teitheadh ó chontúirt agus ó ghéarleanúint chomh maith leis an ngá le deiseanna a chruthú le plé a dhéanamh uirthi sa seomra ranga i ndiaidh éirí níos práinní agus níos práinní. Ach cén chaoi? Baineann fíordhúshláin le dul i ngleic le géarchéim atá chomh mór seo, i gcomhthéacs Ioslamafóibe, ciníochais agus meonta eite deise atá ag méadú, agus géarchéim throm lóistín sa bhaile. Agus tagann dúshláin níos mó fós chun cinn agus tú ag obair le páistí óga. Tá an t-uafás acmhainní teagaisc ar fáil, agus roinnt ábhar dár gcuid féin a réitíodh go hinmheánach freisin, ach bhí smaointe agus spreagthaí nua á lorg agam maidir leis an gcaoi a bhféadfadh an drámaíocht bealaí a chur ar fáil le páistí óga a dhéanamh rannpháirteach. Go sonrach, bhí cuir chuige oiriúnach ó thaobh aoise de á lorg agam a chuirfeadh deiseanna ar fáil maidir le hiniúchadh níos doimhne ar smaointe agus ar mhothúcháin, agus a fhorbródh comhbhá ach nach gcuirfeadh an iomarca brú ar pháistí, agus ag an am céanna, nach ndéanfadh beag is fiú de na ceisteanna.
I gcaitheamh na seachtaine, roinn Irene cuid mhór léargas, nod agus samplaí praiticiúla ón méid mór eolais agus taithí a bhí aici, agus phléigh sí roinnt mhaith nósmhaireachtaí drámaíochta, agus roinn sí smaointe faoi leabhair, dánta, déantáin, agus íomhánna is féidir a úsáid le plé/tasc a thosú. Do mo chuid cuspóirí féin, áfach, ba é an rud ab úsáidí ná na trí réamhriachtanas don drámaíocht sa seomra ranga a mheabhraigh sí dúinn: timpeallacht shábháilte; inneachar feiliúnach; agus dearcadh ficseanúil.
Cé go bhfuil siad seo riachtanach, ar ndóigh, le haghaidh a thabhairt ar théama ar bith, chuir siad creat cabhrach ar fáil dom le dearadh na ngníomhaíochtaí seomra ranga agus pleananna ceachta maidir le téarma an tearmainn agus na himirce a threorú agus a dhaingniú.
Maidir le sábháilteacht na timpeallachta, taobh amuigh den ghá praiticiúil atá ann le cinntiú go bhfuil an spás saor ó chontúirtí, d’fhéadfadh rudaí ar nós obair i ngrúpaí níos lú ar mhaithe le haird ‘ardbhéime’ is féidir a bheith bagrach a sheachaint, nó cinntiú go lorgaítear toiliú sula ndéantar aird a tharraingt ar dhaoine aonair a bheith i gceist freisin. Baineann an imní maidir le timpeallacht shábháilte leis an ngá le roghanna stuama a dhéanamh maidir leis an ábhar atá á chur in iúl freisin: an bhfuil sé feiliúnach ó thaobh aoise de? Cé leis an pheirspictíocht atá á roinnt? An mar dhaoine a bhfuil cumas gníomhaithe iontu a léirítear na pearsana, nó mar íospartaigh nach bhfuil in ann dada a dhéanamh dóibh féin?
Agus is ansin a thagann an dearcadh ficseanúil isteach. Ag tráth a bhfuil géarchéim ann nach bhfacthas a leithéid riamh cheana – tá breis is 65 milliún duine díláithrithe óna mbaile anois mar gheall ar chogadh, coinbhleacht agus géarleanúint – braithim gur stiúradh go bog mé ó dhomhan lom na staitisticí agus ó thuarascálacha nuachta scéiniúla, go domhan níos inrochtana an fhicsin.
Bhí meabhrúcháin rialta Irene maidir leis an gcumhacht a bhaineann le dearcadh ficseanúil a úsáid le hiniúchadh a dhéanamh ar ‘cheisteanna deacra’ a d’fhéadfadh teacht aníos breac le tagairtí ó leithéidí Emerson agus Camus (“Is ionann ficsean agus an bhréag trína n-insímid an fhírinne”). Thug sí freisin samplaí ón seomra ranga, ag baint úsáid as leabhair scéalta, mar shampla, When Jesse Came Across the Sea (Amy Hest agus PJ Lynch) agus Oskar and the Eight Blessings (Tanya agus Richard Simon), a bhfuil ealaín álainn iontu. Cé go mb’fhéidir gur mór, ó thaobh na tíreolaíochta agus ama de, idir na ceisteanna a ardaítear sna scéalta seo agus géarchéim an lae inniu, tá cuid mhór i bpáirt acu leis an ngéarchéim chomhaimseartha, agus cruthaíonn siad deiseanna do pháistí na naisc sin a dhéanamh go neamhspleách, agus dul i ngleic leis na luachanna, teannais, coinbhleachtaí agus deiseanna a bhaineann le gach ceann acu. Fiú i gcás leabhar scéalta a shílfeá a bheith aigeanta, ar nós The Lighthouse Keeper’s Rescue (Rhonda agus Simon Armitage), osclaíodh mar spásanna iad lenarbh fhéidir deis a thabhairt pháistí óga smaoineamh ar a bhféadfadh a bheith i gceist le bheith díláithrithe, nó le cabhair a bheith ag teastáil uait ón bpobal i gcoitinne. Spásanna a bhí iontu freisin le ceiliúradh a dhéanamh ar an éagsúlacht laistigh de phobal a dhéanann rud indéanta den athrú.
Cé go bhféadfadh an nuacht ón tSiria, ón tSúdáin nó ón Iaráic bheith iomarcach do pháistí (agus, le fírinne, do go leor daoine fásta), beidh roinnt sonraí agus cúiseanna imní ginearálta a bhaineann le saol gach duine i scéal páiste amháin, nó teaghlach amháin, agus d’fhéadfadh sé bheith níos éasca do pháistí sin a thuiscint. Is breá le gach páiste spraoi. Teastaíonn ó gach páiste mothú sábháilte.
Seo an smaointeoireacht a bhí taobh thiar de chinneadh an údair Ghearmánaigh, Kirsten Boie, a leabhar Everything Will Be Alright a bhunú ar eispéiris cailín óg ón tSiria, Rahaf, agus a clann. I leabhar Kirsten, goideann smúglálaithe daoine bagáiste an teaghlaigh, a bhfuil bábóg Rahaf ann, agus iad ar aistear trasna na Meánmhara. “Tá sí an-mhíshásta faoina bábóg a chailleadh ar an gcaoi sin. Tosaíonn na páistí anseo i gcónaí trí ‘An bhfuil a bábóg faighte ar ais aici?’ a fhiafraí. Sílim gurb é an chúis leis sin ná gur rud é seo is féidir leo ar fad a shamhlú [ag tarlú] dóibh féin, ach i gcás na mbuamaí agus na troda agus oícheanta ar an Meánmhuir... ní féidir leo sin a shamhlú ag tarlú dóibh fein. “Déanann scéalta,” míníonn sí, “…i bhfad níos éasca i gcónaí é do pháistí rud éigin a thuiscint a bhfuil níos mó i gceist leis ná eolas teoiriciúil. Sílim gurb é sin an seans atá againn…”