ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 2 - Aoi-Bhlagálaí Claire Halpin, Amharc-ealaíontóir, Léiritheoir agus Oideoir Ealaíon


Claire Halpin

Is amharc-ealaíontóir, léiritheoir agus oideoir ealaíne í Claire atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath. D’oibrigh Claire le réimse grúpaí le fiche bliain anuas ar fud go leor aoisghrúpaí ó leanaí Bunscoile chomh maith le scoláirí sa mheánscoil agus le mic léann, le múinteoirí, le grúpaí pobail, le grúpaí ar a bhfuil míchumas intleachtúil agus le daoine níos sine. Bhí na tionscadail seo ar siúl i réimse suíomhanna agus comhthéacsanna lena n-áirítear i ngailearaí músaeim, sa seomra ranga, i leabharlann, agus i suíomhanna cúraim sláinte, údaráis áitiúil agus i suíomhanna pobail agus thar réimse leathan amscálaí. Déanann Dánlann Olivier Cornet, Baile Átha Cliath ionadaíocht do Claire agus tá sí ag eagrú tionscadal comhoibríoch ealaíontóra darb ainm ‘Imní a dhéanamh faoin Duine eile’ leis an ngailearaí i mí Mheán Fómhair 2017.



Ar ais ar Scoil! Ar ais ar Scoil!

Níor imigh an imní ná an drogall a thagann orm riamh, ag mé ag teacht ar ais ar scoil thart ar mhí Mheán Fómhair. Go fiú anois! Mar dhuine atá féinfhostaithe, bíonn go leor imní ag baint le hobair agus le hobair íoctha, imní atá ann dhá uair sa bhliain (ar a laghad) – ag tús mhí Mheán Fómhair agus tús mhí Eanáir. Níl a fhios agam cén chaoi ar sciorr an samhradh ag tús mhí Mheán Fómhair. Cén chaoi nach raibh mé in ann dul chuig an stiúideo minic go leor? Cén uair a bheidh sé d’am agam mo chuid oibre a dhéanamh? Anois níl an obair nua tosaithe agam agus tá mé ar ais sna scoileanna! Ní bhíonn deireadh go deo leis an imní shíoraí.

Tuigfidh an chuid is mó de na healaíontóirí féinfhostaithe na tuairimí sin agus bíonn na tuairimí céanna acu – ach ní déarfainn go mbeadh aon trua acu dom. Cé gur cinnte nach bhfuil mé ag iarraidh gearán a dhéanamh sa bhlag seo – tá mé ag iarraidh an réadúlacht a bhaineann le hobair an ealaíontóra atá ag obair sna healaíona san oideachas a thabhairt chun solais. Tá dhá chleachtas agam i ndáiríre – cleachtas mar ealaíontóir ag a bhfuil cleachtas stiúideo, ealaíontóir a chuireann saothair ar taispeáint go leanúnach, arna léiriú ag Dánlann Olivier Cornet, ag eagrú tionscadal agus taispeántas ach chomh maith leis sin, oibrím mar ealaíontóir atá ag obair sna healaíona san oideachas nó b’fhéidir gurbh fhearr a rá gur oideoir ealaíon mé? An bhfuil aon bhaint ag an dá chleachtas lena chéile, a bhfuil siad nasctha lena chéile, an bhfuil tionchar acu ar a chéile, an imríonn siad tionchar ar a chéile? Cé go ndéanaim iarracht a mhaíomh gur fostaíocht íoctha é cleachtas na n-ealaíon san oideachas mar chúnamh dom cleachtas stiúideo a bheith agam, tá siad nasctha lena chéile ar ndóigh – caithfidh siad a bheith – is mé atá sa dá ról, mar sin, ní féidir deireadh a chur le sruth smaointeoireachta nuair a dhúntar doras i stiúideo amháin. Agus ar aon dul leis an méid sin, ní féidir srian a chur ar an tionchar atá ag mo chuid oibre sna healaíona san oideachas ar mó ról sa stiúideo. Mar sin, tá nasc láidir eatarthu cé go ndéanaim gach iarracht iad a choinneáil scartha óna chéile! Agus ní dhéanfaidh mé gearán – faighim an deis obair a dhéanamh a thugann sásamh mór dom agus cuidíonn sé seo liom cleachtas stiúideo a bheith agam. Is dóigh liom go bhfuil mé ag tabhairt chun solais an chaoi a gcaithfidh mé an dá thrá a fhreastal chomh maith leis an gcaoi a dteastaíonn go leor fuinneamh meabhrach agus fisiciúil le bheith ag obair sna healaíona san oideachas agus am a bheith curtha ar leataobh agat le bheith rannpháirteach sa chleachtas stiúideo. Agus i dteannta leis an méid sin ar fad, faighimse aitheantas as ucht an dá ról a dhéanamh – is é sin – ní hamháin gur ealaíontóir thú ach tá tú ag obair i scoileanna freisin? Déanann tú do chuid oibre féin freisin? Agus scaití, is í an ghéarchéim féinaithne a imríonn tionchar ar mo chuid iarratas a chuirim isteach chuig na comhlachtaí ealaíne, na húdaráis áitiúla, na heagraíochtaí etc. sa chaoi is go mb’fhéidir nach dtabharfaí aitheantas do ghné de mo chleachtas sa ghné eile de.

Cuirfidh mé deireadh leis an ngearán anois – céard a bhí mé a dhéanamh le linn an tsamhraidh?

Ní gnáthshamhradh a bhí ann sa chaoi is, de ghnáth – le roinnt blianta anuas – faighimse deis le linn an tsamhraidh díriú ar obair stiúideo agus tús a chur le pictiúir a phéinteáil nó chun leanúint ar aghaidh le pictiúir atá idir lámha fós le linn na scoilbhliana. D’oibrigh mé ar thionscadal amháin le linn an tsamhraidh le Olivier Cornet agus Eoin Mac Lochlainn, bhí mé ag eagrú tionscadal comhoibríoch – Imní a dhéanamh faoin Duine eile. Is tionscadal ealaíne comhoibríoch é seo a bhí ar siúl ar feadh deich seachtaine le linn an tsamhraidh in 2017. Bhí deichniúr ealaíontóirí comhaimseartha rannpháirteach ann a bhí ag obair le chéile ar chéad saothar ealaíne, chun éagsúlacht agus tuiscint na ngrúpaí mionlaigh a chur chun cinn sa lá atá ann inniu nuair a bhíonn ciníochas agus éadulaingt i mbarr a réime.

I measc na n-ealaíontóirí páirteacha bhí: James Hanley RHA, Brian Fay, Claire Halpin, Joanna Kidney, Eoin Mac Lochlainn, Gail Ritchie, Miriam McConnon, Kate Murphy, Ben Readman agus Susanne Wawra. Cuireadh tús leis mar thionscadal amhairc de bharr gur tugadh cuireadh do na healaíontóirí íomhá a chruthú ag an tús, agus cuireadh an íomhá chéanna ar aghaidh ar ríomhphost chuig an gcéad ealaíontóir eile sa ghrúpa. D’fhreagair an dara healaíontóir ach tuilleadh oibre a dhéanamh uirthi agus ansin, í a chur ar aghaidh chuig an tríú healaíontóir, a d’fhreagair agus a chuir ar aghaidh i ndiaidh sin í. Leanadh ar aghaidh leis an bpróiseas go dtí gur oibrigh an deichniúr ealaíontóirí ar gach ceann de na deich n-íomhá. Ba eispéireas cruthaitheach agus gníomhach a bhí ann do na healaíontóirí páirteacha, agus bhain gach duine acu an-tairbhe as aghaidh a thabhairt ar na modhanna éagsúla oibre agus ar phróisis chruthaitheacha na n-ealaíontóirí eile. Tugadh cuireadh do gach ealaíontóir saothar dá gcuid féin a chur ar taispeáint le haghaidh an taispeántais – píosa a forbraíodh as an nua nó saothar a bhí déanta acu cheana, in aon mheán, a bhí ar aon dul leis an téama Imní a dhéanamh faoin Duine eile, nó mar fhreagairt ar a gcomhpháirtíocht leis an tionscadal. D’fhorbair mé dhá phictiúr nua don taispeántas. Tá na deich saothar ealaíne deiridh ar taispeáint mar aon le roinnt pictiúr nuair nach raibh siad críochnaithe go fóill i nDánlann Olivier Cornet go dtí an 6 Deireadh Fómhair 2017.

D’fhiafraigh ealaíontóir a n-oibrím leis le gairid an ndéanaim cónaitheachtaí ealaíontóra. Rinne mé cinneadh cónaitheacht ealaíontóra a thabhairt dom féin i mo stiúideo féin ar feadh cúpla seachtain. Agus ní ar feadh lár an téarma amháin!

Naisc

Claire Halpin                          clairehalpin2011.wordpress.com/

Imní a dhéanamh faoin Duine eile         www.facebook.com/ConcerningtheOther/

Olivier Cornet Gallery          www.oliviercornetgallery.com

Foilsithe

27/9/2017