ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 3 - Tom Dalton, Ealaíontóir & Oibrí Ealaíne


Collaborative Mural Project at Terrence McSwiney Community School, Cork

Tom Dalton

Is ealaíontóir agus oibrí ealaíon é Tom Dalton in Mayfield Arts Centre, Corcaigh. Is spás ealaíon tiomnaithe ar leith  é an t-ionad ealaíon atá lonnaithe i gcroílár Bhaile na mBocht i gcathair Chorcaí, ag Newbury House Family Centre. Cuireann Mayfield Arts deiseanna ar fáil do rannpháirtithe nascadh, foghlaim, machnamh a dhéanamh agus gníomhú trí phróisis chruthaitheacha. Is sampla é de dhea-chleachtas i réimsí na n-ealaíon pobail, an ionchuimsiú sóisialta, oideachas neamhfhoirmeálta agus pobail. Forbraíonn, bainistíonn agus soláthraíonn Mayfield Arts cláir ealaíon, oiliúna agus oideachais i gcomhairle leis an bpobal áitiúil agus soláthraíonn sé rochtain ar ghníomhaíochtaí agus próisis ealaíne a éascaíonn forbairt phearsanta agus pobail do dhaoine ar gach leibhéal cumais.  Is céimí de chuid Choláiste Ealaíne agus Deartha Crawford, Institiúid Teicneolaíochta Cheatharlach é. Tá ról ag Tom san ionad ealaíon tacú le forbairt ealaíonta agus chruthaitheach na n-ealaíontóirí stiúideo Cúig trí mheantóireacht aonair agus ghrúpa. Is grúpa de chúigear ealaíontóirí é Cúig ealaíontóir i stiúideonna tacaithe in Mayfield Arts Centre. Tá an tionscadal Cúig, le tacaíocht ó POBAL, in Mayfield Arts Centre ó 2008, agus is é an t-aon stiúideo tacaithe dá leithéid sa tír. Comhordaíonn agus éascaíonn Tom tionscadail for-rochtana do ghrúpaí scoile agus pobail ar fud na cathrach.



Tionscadal Múrphictiúr Comhoibríoch ag Pobalcholáiste Thraolaigh Mhic Shuibhne, Corcaigh

Is foirgneamh a bhfuil an-dúil ag daoine ann agus a úsáidtear go forleathan é Stiúideo Kabin ag Cnoc na hAoine. Suite amuigh i dtailte Pobalcholáiste Thraolaigh Mhic Shuibhne, táGMC Beats ann sa bhothán beag seo, tionscnamh cruthaitheach de chuid Garry McCarthy. Soláthraíonn GMC Beats ceardlanna i scríobh amhrán cruthaitheach, rapáil, amhránaíocht agus léiriú ceoil. Á n-obair le scoileanna agus grúpaí óige den chuid is mó, tugann na ceardlanna seo muinín agus scileanna do dhaoine a gcuid smaointe, briathra agus guthanna féin a chur i ngníomh trína gcuid amhrán féin a thaibhiú agus a thaifeadadh. Tháinig os cionn 600 rian a léirigh grúpaí pobail éagsúla amach as an spás seo le 5 bliana anuas, agus is minic a thabhaigh siad aird ar raidió agus ar na meáin áitiúla agus náisiúnta.

Cé go mbíonn furú oibre ar an taobh istigh, tháinig cuma chaite ar an taobh amuigh den fhoirgneamh agus bhí géarghá ann é a chóiriú. Chuaigh Norrie Louise Ross, Múinteoir Ealaíne i bPobalcholáiste Thraolaigh Mhic Shuibhne i dteagmháil linn ag Mayfield Arts Centre agus í ag smaoineamh ar obair lena daltaí chun anam nua a chur isteach san fhoirgneamh. Bhí an scoil ag lorg múrphictiúir, a chruthódh na daltaí agus an fhoireann, a léireodh an fuinneamh agus an táirgeacht a thagann ón gcábán beag seo.

Á shiúl trí hallaí Phobalcholáiste Thraolaigh Mhic Shuibhne, is léir go dtuigeann an fhoireann agus an bhainistíocht ansin an luach a bhaineann le rannpháirtíocht san ealaín ar shaol agus ar fhoghlaim a gcuid daltaí. Crochta ar shuíomh ardaithe os cionn na cathrach, líonann solas an foirgneamh, á soilsiú ballaí lán le saothar na ndaltaí. Is ann do chuid mhaith de na saothair seo mar gheall ar an spiorad comhoibrithe agus comhpháirtíochta idir pobal na scoile agus ealaíontóirí agus grúpaí áitiúla éagsúla.

Bhí an deireadh na bliana acadúla  ag teannadh linn agus bhí fonn ar Bhean Ross gné d'obair foirne agus spraoi a thabhairt isteach i ngníomhaíocht na scoile chun rannpháirteachas na ndaltaí a choinneáil ag am inar féidir le laghdú teacht ar fhreastal. Roghnaíodh grúpa de sheachtar dalta déag ón 2ú bliain le bheith páirteach sa tionscadal agus aithne ag Mayfield Arts Centre ar chuid mhór acu ó thionscadail eile thar na blianta. Bhí Bean Ross, Leabharlannaí CSTS Anne Masterson, Garry McCarthy agus foireann CRS in éineacht le ball foirne Mayfield Arts Wayne Ford agus mé féin leis an múrphictiúr a dhéanamh i gcomhar leis na daltaí.

Chruinnigh ár bhfoireann agus na daltaí ag an gcábán gach Céadaoin ar feadh trí seachtaine, chuireamar orainn cultacha aonphíosa bána agus luíomar isteach ar an obair. Mar gheall ar an achar ama gearr don tionscadal cheapamar creat ina ndearfaí an múrphictiúr ‘ar an mbonn’ agus do ndéanfadh ár bhfoireann é ón nóiméad a sheasamar ar an láthair.

Bhain an chéad chuid den phlean seo le líníocht 'gheoiméadrach‘ ar dhromchlaí an bhalla agus téip chumhdaigh in úsáid. Tugadh rolla de théip chumhdaigh do gach ball foirne agus cuireadh líne amháin téipe go trasnánach trasna bhalla an chábáin. Uaidh seo d'úsáid an grúpa a rollaí téipe chun an spás a roinnt ina chruthanna trasnaithe de thriantáin, muileataí, diamaint agus dronuilleoga. Scaip baill amach thar thrí thaobh an fhoirgnimh, agus a ndearadh ag fás agus ag athrú de réir mar a cuireadh níos mó téipe leis.

Anois is arís sheasfaimis go léir siar agus mar ghrúpa, phléfimis an chaoi a raibh rudaí ag dul; cén chuma a bhí ar ár ndearadh? An raibh cothromaíocht ann? An raibh orainn níos mó línte a chur leis? Nó roinnt línte a bhaint?

Nuair a thángamar ar chomhaontú tugadh lámhainní, tobán beag péinte agus scuab do gach duine. Roghnaíomar liatha cailce, liath-bána agus dubha gualaigh chun aeistéitic ghrafach a thabhairt dó, ach ghníomhaigh an phailéad seo mar thalamh neodrach le haghaidh oibreacha graifítí eile chun dul ar an mballa sa todhchaí.

Bhog an grúpa timpeall an fhoirgnimh ag péinteáil sna cruthanna a rinne an téip, agus dathanna á malartú  eatarthu féin. Nuair a bhí na spásanna go léir líonta agus am ag an bpéint le triomú, tarraingíodh siar an téip siar, rud a nocht dromchla a raibh patrún air. I rith na laethanta beaga rinneadh na próisis seo arís agus arís eile, ag cur cruthanna thar chruthanna leis, agus an spás a shnoigh ar bhealaí éagsúla.

B’iontach daltaí agus baill foirne na scoile araon a fheiceáil ag obair gualainn ar ghualainn. Gléasta go maith inár gcultacha aonphíosa péinteála, ba bhall cothrom muid den aon fhoireann amháin. Seasann an Kabin amach anois ar na bealaí cearta, agus tá braistint athnuaite úinéireachta ar an spás i measc daltaí na scoile.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin obair a bhíonn ar siúl ag The Kabin téigh chuig gmcbeats.com

Ba mhaith le Mayfield Arts Centre buíochas a ghabháil le Norrie Louise Ross, Anne Masterson, an Príomhoide Phil O’Flynn, Gary McCarthy agus na daltaí go léir as a dtacaíocht agus a dtiomantas don tionscadal.

Chun tuilleadh eolais a fháil téigh chuig mayfieldarts.ie



Foilsithe

18/10/2017

Foirmeacha Ealaíne

Foirm il-ealaíne

Leibhéal

Bhunscoile

Réigiún

Corcaigh