ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 4 - Aoi-bhlagálaí Milica Atanackovic, Bainisteoir Oiliúna & Cleachtais, Luath-Óige Éireann


Milica Atanackovic

Is Bainisteoir Cleachtais agus Oiliúna í Milica (Mili) Atanackovic le Luath-Óige Éireann. Tá taithí aici sna luathbhlianta, taithí a d’eascair as suim mhór sna hEalaíona Cruthaitheacha. Rinne Mili staidéar ar Chumarsáid Deartha sula ndeachaigh sí le Cúram agus Oideachas na Luath-Óige san Astráil.  Measann Mili gur príomhghnéithe iad oiliúint agus meantóireacht de na luathbhlianta, agus d’oibrigh sí mar Oideoir, mar Bhainisteoir agus Oiliúnaí Seirbhíse, baineann sí úsáid as taithí ar réimse disciplíní cruthaitheacha ina cuid oibre chomh maith.

Ealaín na Scéalaíochta

“Tá daoine den tuairim go múnlaíonn daoine scéalta. Ach i ndáiríre, is é a mhalairt atá ann.” Terry Pratchett

Cuireann ealaín na scéalaíochta ar chumas na bpáistí agus na ndaoine fásta, iad féin a chur in iúl. D’fhéadfadh scéal scríofa, léiriúchán agus an focal labhartha ceangal a spreagadh go láithreach. I gcás na bpáistí atá an-óg, d'fhéadfadh nach mbeadh focal ar bith sna scéalta agus d’fhéadfadh go mbeadh ciall an scéil soiléir fós, ach d‘fhéadfadh go mbeadh amhras ag baint leis an scéal féin i gcónaí – is í a súgradh an scéal. Caithfidh an múinteoir a bheith ar an airdeall agus éisteacht leis an gcaoi a bhfuil an páiste is óige ag cur a scéil in iúl, trína ghuth mar shampla, trína ghníomhaíochtaí, agus trína thaithí phraiticiúil. Teastaíonn uirlisí ón bpáiste chun scéal a spreagadh, chomh maith le deis agus am chun a smaointe a roinnt. I gcás na bpáistí níos sine atá ag déanamh fiosrú ar cheistiúchán níos doimhne, is féidir cuidiú lena bhfiosrúchán nuair a dhéanann an páiste agus an duine fásta an fiosrúchán le chéile.

Ach an oiread le scríbhneoir ag insint scéil, nuair atá páiste in ann a smaointe agus focail a léiriú trí phróisis chruthaitheacha, is féidir leo smaointe agus mothúcháin a chur in iúl. Cuireann siad na mothúcháin seo in iúl go siombalach nó go teibí. Níl aon iallach orainn tarraingt, péinteáil ná grianghraif a ghlacadh do pháistí. Is féidir roinnt teicnící léiritheacha a thaispeáint do pháistí níos sine, teicnící a spreagann ionadaíocht na smaointe dá gcuid féin, ach níl sé riachtanach.  Nuair a chuirimid na huirlisí ar fáil do na páistí, tacaímid leis na páistí chun iniúchadh a dhéanamh ar a bpróisis smaointeoireachta agus na próisis a chomhthéacsú go neamhspleách.  Is féidir leis na páistí tuiscint a fhorbairt orthu féin agus ar an saol ina dtimpeall trí iniúchadh teagmhálach agus trí theicnící léiritheacha. Is féidir leis na páistí a smaointeoireacht féin a thástáil agus a shíneadh amach, is féidir leo eolas nua a chruthú agus a bheith rannpháirteach go hindibhidiúil nó mar chuid de ghrúpa i bpróisis.

Tugtar spreagadh don pháiste cruthaitheach nuair a chuirtear ábhair i láthair sa chaoi agus gur féidir leo iniúchadh a dhéanamh orthu gan aon duine ag cur chucu ná uathu. Nuair a úsáideann páistí ealaín chun scéalta a insint, tugtar an deis dóibh fadhbanna a réiteach, chun roinnt, agus iniúchadh agus chun cumarsáid a dhéanamh trí na healaíona. Athraíonn rannpháirtíocht ghníomhach an méid atá ar eolas acu agus ar an méid a bhfuil siad in ann aige, forbraíonn sí coincheapa cruthaitheachta agus scéalaíochta, rud a chuireann ar chumas na bpáistí a bheith rannpháirteach ina smaointe agus chun a smaointe a chur in iúl, ar an gcaoi seo, aistríonn agus athraíonn siad an méid a d’fhoghlaim siad ó chomhthéacs amháin go comhthéacs eile.

Ceann de na bealaí ina dtugann Luath-Óige Éireann spreagadh do mhúinteoirí luath-óige chun scéalta na bpáistí a roinnt ná, trínár gClub Leabhar, is é an aidhm atá ag an gClub Leabhar chun spás a chruthú ina roinntear scéalta le páistí eile, le múinteoirí agus le teaghlaigh. Coinnímid na scéalta seo i Leabharlann na bPáistí ar líne atá againn, agus spreagann an stóras seo na páistí chun scéalta agus pictiúir a chruthú. Ní táirge é an club leabhar, ach is é aidhm an chlub seo chun áilleacht an mhéid a deir, a smaoiníonn agus a chruthaíonn páistí a fheiceáil.  Ní chaithfear scéal páiste a phleanáil, níl aon ghá le seicheamh ann, tá sé de chumas ag páistí ó dhúchas muid a thabhairt ar thurais spreagúla gan choinne.

Chun blaiseadh a fháil ar an spreagadh atá i scéalta na bpáistí nó chun scéal páiste a chur isteach, téigh chuig https://www.earlychildhoodireland.ie/?s=book+club

Foilsithe

28/11/2017

Leibhéal

Na luathbhlianta