ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag. 1 - Chris McCambridge - Múinteoir Riachtanais Speisialta Oideachais, Virtually There


Is múinteoir Riachtanais Speisialta Oideachais é Christopher McCambridge i ​mBunscoil Naomh Colmán, Lann Bheag.​​ Scoil phríomhshrutha le 400 scoláire is ea Bunscoil Naomh Colmán le dhá rang aonaid tacaíochta foghlama. Is ball gníomhach de shaol ealaíne Bhéal Feirste é Christopher freisin. Chomhbhunaigh sé an eagraíocht ealaíon Belfast Platform for the Arts (Platform Arts) in 2010, eagraíocht a chuireann spás taispeántais agus stiúideonna ar fáil d’ealaíontóirí.

Sa bhliain 2016, roghnaíodh Christopher agus a rang 6/7 chun páirt a ghlacadh sa tionscadal 'Virtually There ‘ de chuid Comhpháirtíocht Foilsitheoireachta Kids’ Own. ‘Tionscadal fíorúil ealaíontóra cónaithe a fhiosraíonn an fhéidearthacht maidir le rannpháirtíocht chruthaitheach idir ealaíontóirí atá ag obair óna stiúideo, agus páistí agus múinteoirí sa seomra ranga, ag baint úsáid as teicneolaíocht físchomhdhála '. (Orla Kenny, Stiúrthóir Cruthaitheach Chomhpháirtíocht Foilsitheoireachta Kids’ Own). Anois agus iad ina 2ú bliain, tá an t-ealaíontóir John D’Arcy ag obair i gcomhar le Christopher agus a rang ag Bunscoil Naomh Colmán mar ealaíontóir cónaithe fíorúil.​​ 

Virtually There Bliain 1 

I mí Mheán Fómhair 2016, roghnaíodh mo rang 6/7 chun páirt a ghlacadh i dtionscadal Kids’ Own de chuid Virtually there.​ Is é atá i gceist leis an tionscadal Virtually there ná tionscadal nuálach fíorúil ealaíontóra cónaithe... agus iniúchadh á dhéanamh ar an bhféidearthacht do rannpháirtíocht chruthaitheacht idir ealaíontóirí atá ag obair óna stiúideo agus páistí agus múinteoirí sa seomra ranga ag baint úsáid as teicneolaíocht físchomhdhála (Orla Kenny, Stiúrthóir Chomhpháirtíocht Foilsitheoireachta Kids’ Own).

Cuireadh ár rang le chéile le healaíontóir, taibheoir agus cumadóir, John D’Arcy.​ Díríonn saothar John ar úsáid fuaime agus gutha in imeachtaí ealaíne idir-meáin. Mar mhúinteoir bunscoile, atá ag múineadh páistí a bhfuil riachtanais oideachais speisialta orthu, áirítear ar na meáin ealaíne a ndéanaim iniúchadh orthu laistigh den gcuraclam ná líníocht, péintéireacht, criadóireacht, priontáil agus dealbhóireacht 3-T. Ba choincheap an-spéisiúil é fuaim a úsáid mar fhoirm ealaíne nó mar imeacht, lasmuigh de cheachtanna ceoil agus cór, a raibh fonn orm aghaidh a thabhairt air.

I gcaitheamh na gceithre seachtaine déag rinne na scoláirí iniúchadh ar fhuaimeanna nádúrtha agus saorga i dtimpeallachtaí agus in áiteanna éagsúla. Dhírigh na chéad iniúchtaí ar fhuaimeanna ar ár dtimpeallacht scoile agus bhí idir na héin á ngiolcaireacht, glafarnach na gaoithe a fhad le bróga arda ag siúl síos an dorchla nó dordán an chláir bháin nó crónán na soilse ann. Dhírigh an plé seo ar na páistí a spreagadh chun cur síos a dhéanamh ar na fuaimeanna a chuala siad agus iarracht a dhéanamh iad a athchruthú ag baint úsáid as a nguth. I rith na chéad sheisiúin, thosaigh na páistí ag léiriú níos mó muiníne agus soiléireachta agus iad ag cur síos ar fhuaimeanna éagsúla.

“Cén chaoi a bhféadfá a rá gur bróga arda a bhí ann san fhuaim? An féidir leat cur síos a dhéanamh ar an bhfuaim?

“Clip clap a bhí ann... bhí an fhuaim spréite amach ... bhí an fhuaim gearr agus tharla sé arís eile ... bhí sí ag éirí níos ciúine agus an bhean ag siúl síos an dorchla ... bhí sí cosúil le bróga mo Mham sa chistin .”

De réir mar a chuaigh na seisiúin ar aghaidh, thosaigh John ag iarraidh ar na páistí na fuaimeanna a chuala muid a léirmhíniú mar líníochtaí. Mhúin sé do na páistí tuiscint a fháil ar an gcoincheap gur féidir le líníocht de línte, siombailí nó an dá rud fuaim a léiriú, smaoineamh teibí a thaitin go mór leis na páistí toisc go saorann sé iad ó iarracht a dhéanamh líníocht réalaíoch a dhéanamh.  Tar éis cuairt a thabhairt ar Belfast Zoo, d'iarr John ar na páistí fuaimeanna na n-ainmhithe a chuala siad agus a thaifead siad a léirmhíniú trí líníochtaí.

Phléigh sé leis an rang, cén chuma a d'fhéadfadh a bheith ar fhuaim ainmhí nó éin?

Bhí na pearóidí ag caint cosúil le líne chuartha dar le Kevin toisc go ndeachaigh an fhuaim ‘ó íseal go hard agus fuaim ghearr a bhí ann'.

Tharraing Daniel sraith ciorcal de mhéideanna éagsúla agus é ceangailte le línte d'fhuaim na bpearóidí. Chuaigh na fuaimeanna 'ó ghlórach go ciúin ... bhí sé amhail agus go raibh na pearóidí ag caint lena chéile.'

5_editCaitlin – Moncaí

“Bhí mé ag samhlú an moncaí ag déanamh fuaimeanna ‘oh, oh', is é sin an fáth ar roghnaigh mé O [le tarraingt]. Tharraing mé líne toisc go raibh sé ag nascadh an fhuaim le chéile. Shíl mé gur fuaim fheargach a bhí san fhuaim dhearg agus gur fuaim íochtarach a bhí san fhuaim chorcra

Oscar – Pearóidí

“Tharraing mé an cruth seo mar go raibh cuma ghob pearóide air. Tá an triantán ag éirí níos mó de réir mar atá an fhuaim ag éirí níos airde agus níos feargaí.”

Lean an tionscadal air ag forbairt líníochtaí agus fuaimeanna ina scóir ghrafacha, a dhéanfadh na páistí a léiriú agus a thaifeadadh ina dhiaidh sin mar phíosaí taibhithe ceoil teibí. D'fhás muinín na bpáistí de réir mar a thosaigh siad ag léirmhíniú líníochtaí a thug John dóibh mar fhuaimeanna. Bhí na páistí in ann an aip taifeadta fuaime Keezy, chun ocht bhfuaim a thaifeadadh agus iad a shocrú ina bpíosa fuaime teibí nó chun scór grafach a bhí eagraithe ag John a leanúint. I rith an tionscadail ba chúis áthais é páistí a raibh drogall orthu páirt a ghlacadh sna taibhithe ar dtús agus thosaigh na taifeadtaí ag fás faoi i muinín agus iad féin a chur in iúl trí fhuaim, líníocht agus taibhiú chomh maith le bheith in ann a gcuid smaointe agus cur síos a chur in iúl le soiléireacht níos fearr.

26-1_edit

Táimid tar éis dul isteach sa dara bliain ag obair laistigh de thionscadal Kids’ own. Tá John agus mé féin ag leanúint ar aghaidh ag iniúchadh meán ealaíne, a bheadh drogall orm mar mhúinteoir ranga triail a bhaint as gan a chúnamh. Ba eispéireas thar a bheith fiúntach é an chéad bhliain go leith ní hamháin dom féin, ach níos tábhachtaí do na páistí i mo rang.

 

Foilsithe

31/1/2018

Foirmeacha Ealaíne

Na hAmharcealaíona

Leibhéal

Bhunscoile

Réigiún

Tuaisceart Éireann