ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 2 - Chris McCambridge - Múinteoir Riachtanais Speisialta Oideachais, Virtually There


Is múinteoir Riachtanais Speisialta Oideachais é Christopher McCambridge i ​mBunscoil Naomh Colmán, Lann Bheag.​​ Scoil phríomhshrutha le 400 scoláire is ea Bunscoil Naomh Colmán le dhá rang aonaid tacaíochta foghlama. Is ball gníomhach de shaol ealaíne Bhéal Feirste é Christopher freisin. Chomhbhunaigh sé an eagraíocht ealaíon Belfast Platform for the Arts (Platform Arts) in 2010, eagraíocht a chuireann spás taispeántais agus stiúideonna ar fáil d’ealaíontóirí.

Sa bhliain 2016, roghnaíodh Christopher agus a rang 6/7 chun páirt a ghlacadh sa tionscadal 'Virtually There ‘ de chuid Comhpháirtíocht Foilsitheoireachta Kids’ Own. ‘Tionscadal fíorúil ealaíontóra cónaithe a fhiosraíonn an fhéidearthacht maidir le rannpháirtíocht chruthaitheach idir ealaíontóirí atá ag obair óna stiúideo, agus páistí agus múinteoirí sa seomra ranga, ag baint úsáid as teicneolaíocht físchomhdhála '. (Orla Kenny, Stiúrthóir Cruthaitheach Chomhpháirtíocht Foilsitheoireachta Kids’ Own). Anois agus iad ina 2ú bliain, tá an t-ealaíontóir John D’Arcy ag obair i gcomhar le Christopher agus a rang ag Bunscoil Naomh Colmán mar ealaíontóir cónaithe fíorúil.​​

Art as a Gateway 

Phléigh alt sa nuachtán Guardian, ​le déanaí, tábhacht na healaíne réamhstairiúla.​ Ealaín a rinne na Néandartálaigh agus Homo sapiens go háirithe. Bhí an léirmheastóir ealaíne, Jonathan Jones, ag scrúdú an tábhacht a bhaineann leis na torthaí a phéinteáil Néandartálaigh ar bhallaí uaimheanna sa Spáinn 65,000 bliain ó shin, na mílte blianta roimh Homo sapiens. Lorg láimhe stionsalaithe in ócar dearg ar an gcarraig ab ea an saothar ealaíne Néandartálaigh a bhí i gceist. Níorbh é an plé faoi cé acu arbh iad Néandartálaigh na chéad fhíorealaíontóirí nó ar cheart go mbainfeadh an onóir seo le speiceas daonna luath eile, Homo erectus, nó mar gheall ar cháilíocht an tsaothair ealaíne léirithe ag Homo sapiens, ba cheart go measfaí gurb iad na chéad ealaíontóirí ‘fíor', a mhúscail mo spéis, ba é an tábhacht a bhí ag an ealaín sin ar speiceas a mhúnlú. Is éard a bhí i gceist le ‘ealaín’ ná tús na hintleachta, an “cumas a bheith ag samhlú agus a bheith ag brionglóideach” agus laistigh dár speiceas féin, Homo sapiens “breith ardeaglais chasta na hintinne nua-aimseartha… [ag oscailt] an bealach, i stair an duine nua-aimseartha, chuig gach rud ó scríbhneoireacht chuig ríomhairí” (Jonathan Jones, 2018). – léigh an t-alt iomlán www.theguardian.com/artanddesign/2018/feb/23/neanderthals-cave-art-spain-astounding-discovery-humbles-every-human

Laistigh den earnáil oideachais, forbraíodh Curaclam Thuaisceart Éireann chun freastal ar gach ábhar, rud a thugann rochtain do na páistí ar oideachas éagsúil. Is í fírinne an scéil, de réir mar a théann páistí ar aghaidh tríd an mbunscoil, gur féidir le múinteoirí a bheith faoi bhrú an curaclam a sheachadadh, ag díriú go minic ar réimsí na huimhearthachta agus na litearthachta chun aimhleasa réimsí curaclaim eile, go háirithe an ealaín. Is féidir é seo a fheiceáil i Rang 6 agus sa chéad téarma de Rang 7, nuair a chaitear méid suntasach ama ag ullmhú na bpáistí do na tástálacha aistrithe GL agus AQE. Uaireanta is féidir go gcuireann an múinteoir an brú sin air féin, b'fhéidir go mbraitheann múinteoir go bhfuil sé tábhachtach do na páistí na scileanna seo a fhorbairt agus tar éis na dtástálacha a bheith críochnaithe, na réimsí eile sin a sheachadadh nó b'fhéidir gur féidir leo a bheith ina mbrúnna ag páirtithe leasmhara eile laistigh de phobal na scoile. Beag beann ar seo, threisigh alt the Guardian mo thuairim féin gur chóir go mbeadh Ealaín inchurtha leis na ‘heochairábhair nó eochair-réimsí‘ sin de réir dealraimh. Más rud é go bhfuil ndearnadh eiseamláir de shaothair ealaíne “mar chruthúnas ar ardchéimíocht chognaíoch daoine nua-aimseartha,” ba cheart go gciallódh sé seo gur féidir ról tábhachtach a bheith ag an ealaín sa churaclam.

Mar mhúinteoir Riachtanas Speisialta Oideachais, ag múineadh daltaí Rang 6/7, níl brúnna na dtrialacha GL agus AQE infheidhme maidir leis na páistí a mhúinim. Cosúil le gach múinteoir bunscoile, tá seachadadh Churaclam Thuaisceart Éireann riachtanach go fóill. Mar sin féin, gan na srianta dúshlánacha seo, tá deis ann ealaín a leabú níos mó ar fud an churaclaim. Ní gá go mbeadh sé ach ina bhuntáiste nó nasctha le hábhar faoin domhan thart orainn. D'éirigh le mo chuid oibre tionscadail le Kids’ Own​ é seo a éascú.​ Mar a shonraigh mé i mo phostáil dheireanach, táim anois sa dara bliain ag obair i dtionscadal Kids' Own agus ag obair go háirithe leis an ealaíontóir John D’arcy.​

Ag tús Bhliain 2, chuamar i gceann focal a roghnú a chuimseodh gach rud. Haiceáil an focal a roghnaíomar. Bheadh sé mar an bpointe tosaigh, as a n-eascródh gach gach mion-tionscadal nó ceacht. Bhraith John agus mé féin gur shaor sé sin ár bpleanáil, rud a thug solúbthacht níos fearr dúinn. Nuair a phléamar an focal leis na páistí, d'adhain sé a ndíograis, ag spreagadh bealaí nua foghlama nár smaoinigh mé féin agus John orthu roimhe seo.

I rith an tionscadail haiceála, tá gnéithe den uimhearthacht agus den litearthacht curtha san áireamh againn. Bhí seisiún ann ag déanamh iniúchta ar 'chóid agus teanga' ar cheann de na rogha ab fhearr liom. Sa seisiún seo bhí: Séamafór, cód Morse, an aibítir foghraíochta, emojianna agus Makaton. Tar éis don seisiún a bheith críochnaithe, bhí iontas orm páistí a fheiceáil a raibh deacrachtaí acu an aibítir a sheicheamhú á dtástáil a chéile maidir le húsáid Makaton agus an tsiombail le comhfhreagras litreach. Chuir an tionscadal ar chumas na bpáistí a gcuid scileanna cruthaitheachta agus réitigh fadhbanna a fhorbairt freisin. Tá siad i ndiaidh éirí siad níos fearr ag brí iontu féin agus iad ag plé topaicí, téamaí nó a gcuid oibre féin. Bhí tionchar aige seo ar bhealaí eile mar a bhfolláine shóisialta agus mhothúchánach.

Thosaigh mé an phostáil seo, ag scrúdú an tábhacht a bhí ag ealaín ar ár n-éabhlóid mar speiceas. Mar sin, braithim go bhfuil sé ábhartha an cheist a chur, má bhí tionchar chomh mór sin aige ar ár n-éabhlóid, cén fáth nach féidir leis an tionchar céanna a imirt ar oideachas ár bpáistí óga?

 

Foilsithe

26/3/2018

Leibhéal

Bhunscoile

Réigiún

Tuaisceart Éireann