ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 1 - Muireann Ahern & Louis Lovett, Comhstiúrthóir Ealaíne Amharclann Lovett


Is Comhstiúrthóir Ealaíne ar Amharclann Lovett í Muireann Ahern. Tá iliomad seónna stiúrtha agus deartha aici d’Amharclann Lovett. Tá breis agus fiche bliain de thaithí ag Muireann ag obair san amharclann do lucht féachana óg. Roimhe seo, bhí sí ina Bainisteoir Clár Amharclainne agus ina Léiritheoir ag The Ark. Phleanáil sí don Séasúr Teaghlaigh d'Fhéile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath agus Féile Dhamhsa Bhaile Átha Cliath D’oibrigh Muireann le Rannán For-rochtana Amharclann na Mainistreach, TEAM, léachtóir páirtaimseartha i gcoláiste oiliúna múinteoirí Naomh Pádraig, agus is aoichainteoir rialta í ar amharclannaíocht do pháistí ag coláistí tríú leibhéal eile. Bhí sí i gceannas ar roinnt cúrsaí Forbartha Gairmiúla agus bhí sí ina ball den chroí-ghrúpa oibre ar Na Treoirlínte Ealaíontóirí~Scoileanna foilsithe: ‘I dTreo Dea-Chleachtais in Éirinn'. Bhí sí ina haoichainteoir ag comhdháil náisiúnta agus idirnáisiúnta a dhírigh ar ‘cháilíocht’ san amharclannaíocht do lucht féachana óg. Is céimí í de chuid Ionad Samuel Beckett do Léann na Drámaíochta agus na hAmharclainne, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus tá Ard-Dioplóma san Oideachas aici ó TCD.

Stiúrfaidh sí an chéad léiriú eile de chuid Amharclann Lovett de FRNKNSTN ​ag Amharclann na Mainistreach ar an stáitse Peacock.​

Is Comhstiúrthóir Ealaíne ag Amharclann Lovett é Louis. Cruthaíonn Amharclann Lovett saothair do gach aoisghrúpa agus téann sí ar camchuairt go forleathan go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Scríobhann, cumann agus taibhíonn sé d'Amharclann Lovett. Áirítear leis na saothair They Called Her Vivaldi ​(Amharclann na Mainistreach, camchuairt náisiúnta, camchuairt i SAM 2019), The True Story of Hansel and Gretel ​(Féile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath 2015).​ Mr. Foley, The Radio Operator (camchuairt náisiúnta), A Feast of Bones (Féile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath, camchuairt sa Ríocht Aontaithe), The House that Jack Filled (Féile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath, camchuairt in Éirinn) agus The Girl who Forgot to Sing Badly (camchuairteanna in Éirinn, SAM/san ASTRÁIL). D'oibrigh Louis freisin le hAmharclann na Mainistreach, Amharclann an Gheata, The Corn Exchange, Siren Productions, Performance Corporation, Barabbas agus eile.  Bhí Louis ar stáitse agus stiúir sé roinnt léiriúchán de chuid The Ark, Ionad Cultúir do Leanaí, chomh maith leis sin. Áirítear leis an Teilifís agus Scannán Moone Boy, Stella Days, Anseo, Killinascully, The Tudors, Showbands, Story Lane, The Morbegs agus rudaí eile.

Beidh sé le feiceáil an chéad uair eile ar stáitse Peacock i léiriú Amharclann Lovett de FRNKNSTN.

Cruthaíonn Amharclann Lovett drámaíocht do gach aois, do pháistí agus do dhaoine fásta, óg agus aosta, sicín agus ubh. Ainmníodh iad do Ghradam Speisialta na mBreithiúna ag Gradaim Amharclannaíochta The Irish Times 2017. Má tá tú ag lorg amharclannaíocht a dhéanann siamsaíocht, ar féidir éirí páirteach léi nó ar féidir eagla a chur uaireanta, cuirimid amharclannaíocht ar fáil duit mar ócáid eachtraíochta www.theatrelovett.com.

Próiseas Amharclann Lovett

Ag Amharclann Lovett, is maith is eol dúinn ton ár seónna. I bhfad rómhinic, inár dtuairim, déantar neamhaird ar an gcuid tragóide do pháistí. Clúdaíonn ár roghchlár greann agus tragóid. Is turas sciliúil é, áfach, le páistí a thabhairt chuig áiteanna níos dorcha agus iad a thabhairt ar ais slán sábháilte, agus le cuidiú Dé, le gliondar orthu. Tá súil againn go síneoidh an t-ábhar agus an stáitsiú atá roghnaithe againn, ár lucht féachana.  Ní gá gur macasamhail é den mhéid atá ar eolas acu cheana féin agus a bhfuil tuiscint acu air. Tá súil againn nach measfaimid páiste faoina chumas.
Ar an dea-uair, feicimid níos lú agus níos lú den aisteoir amharclannaíochta réamhshocraithe, ardfhuinnimh agus dírithe ar pháistí le fuinneamh gan srian á phreabadh ar an ardán le héadaí geal daite air. Is amhail an iomarca siúcra a thabhairt do pháistí roimh an bpríomhbhéile é an fuinneamh seo gan bhunús. Inár gcroí istigh, déanfaimid an fhírinne, tá a fhios againn nach ndéanann sé maith dóibh.

Dá mbeadh pingin againn as gach uair a chualamar: ‘Ó, is lucht féachana dian iad, tá siad iontach ionraic, agus inseoidh siad duit go díreach an méid a cheapann siad.’ D’ainneoin a deirtear, agus an méid a thángthas air, ní insíonn páistí duit an méid a cheapann siad i gcónaí. Tá siad, den chuid is mó, múinte go leor. Tar éis an tseó, inseoidh siad duit freisin cad a cheapann siad gur mhaith leat a chloisteáil. Go háirithe, má tá foirm aiseolais faoina srón á croitheadh agat agus má sheasann tú idir iad agus an tslí amach/lón/am súgartha/gabháil abhaile.

Cad ba chóir do páistí a fháil ón amharclannaíocht, a fhiafraímid dúinn féin? An rud a dhéanann aon duine fásta a dhícheall a fháil – lá maith amuigh, le cuidiú Dé. Nó uair a chloig. Agus d'fhéadfadh an t-eispéireas sin a bheith greannmhar, léirsteanach, gríosaitheach, tochtmhar nó dúshlánach. Mar sin féin, tá creideamh ann go gcaithfidh páistí rud éigin a fhoghlaim. Tagann Muireann le Brecht a deir “gur oideachasúil í an amharclannaíocht ar fad” má osclaíonn sé tuiscint nua. Ní chiallaíonn gur gá go mbeadh na páistí faoi dhraíocht ag an bpíosa ar an ábhar gur chuir na tuismitheoirí ina saolta dua orthu féin iad a thabhairt chuig an amharclann. A Dhia na nGrást go Murgatroyd, a Batman! tá seans ann nach mbeidh sé maith ar chor ar bith. Mar is amhlaidh ag daoine fásta, tá sé de chart ag páistí fáil réidh le heispéireas amharclannaíochta óna gcuimhne a luaithe agus a imíonn siad ón halla éisteachta. B’fhéidir gurb é an rud ab chiallmhara le déanamh. Ná bímis ar leac an dorais acu agus iad ag imeacht á dtabhairt ceistneoirí dóibh faoina ‘bpíosaí ab ansa leo’ nó ‘na codanna ab fhearr’. Cé dó a bhfuil an cineál seo ceistiúcháin, i ndáiríre? Maidir le hAmharclann Lovett, tá na na nóiméid sin tar éis dúinn an amharclann a fhágáil ar chuid de na nóiméid is tábhachtaí san eispéireas ar fad. Tabhair spás análaithe dó, lig do dul i bhfeidhm nó gan dul i bhfeidhm. Tabhair spás do na páistí le gur féidir leo é a phróiseáil.

Uaireanta sna céimeanna deiridh sin de chleachtadh, tabharfaimid cuireadh isteach do lucht féachana leis an saothar atá idir lámha a fheiceáil. Cuidíonn seisiún Ceisteanna agus Freagraí ina dhiaidh sin linn ár rátaí ratha nó teipe i rannpháirtíocht lucht féachana a thomhas.  Cuirfidh Louis tús le rudaí leis:

“Bhuel, bhí píosaí iontach leadránach sa seó, nach raibh? An féidir leat aon cheann de na píosaí leadránacha a mheabhrú? Agus ar aghaidh linn. Bain triail as. Is féidir leis a bheith eolasach.

Is féidir leis a bheith an-eolasach.

Foilsithe

31/5/2018

Foirmeacha Ealaíne

Amharclann