ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 2 - Muireann Ahern, Comhstiúrthóir Ealaíne Amharclann Lovett


Is Comhstiúrthóir Ealaíne ar Amharclann Lovett í Muireann Ahern. Tá iliomad seónna stiúrtha agus deartha aici d’Amharclann Lovett. Tá breis agus fiche bliain de thaithí ag Muireann ag obair san amharclann do lucht féachana óg. Roimhe seo, bhí sí ina Bainisteoir Clár Amharclainne agus ina Léiritheoir ag The Ark. Phleanáil sí don Séasúr Teaghlaigh d'Fhéile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath agus Féile Dhamhsa Bhaile Átha Cliath D’oibrigh Muireann le Rannán For-rochtana Amharclann na Mainistreach, TEAM, léachtóir páirtaimseartha i gcoláiste oiliúna múinteoirí Naomh Pádraig, agus is aoichainteoir rialta í ar amharclannaíocht do pháistí ag coláistí tríú leibhéal eile. Bhí sí i gceannas ar roinnt cúrsaí Forbartha Gairmiúla agus bhí sí ina ball den chroí-ghrúpa oibre ar Na Treoirlínte Ealaíontóirí~Scoileanna foilsithe: ‘I dTreo Dea-Chleachtais in Éirinn'. Bhí sí ina haoichainteoir ag comhdháil náisiúnta agus idirnáisiúnta a dhírigh ar ‘cháilíocht’ san amharclannaíocht do lucht féachana óg. Is céimí í de chuid Ionad Samuel Beckett do Léann na Drámaíochta agus na hAmharclainne, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus tá Ard-Dioplóma san Oideachas aici ó TCD.

Stiúrfaidh sí an chéad léiriú eile de chuid Amharclann Lovett de FRNKNSTN ​ag Amharclann na Mainistreach ar an stáitse Peacock.​

Cruthaíonn Amharclann Lovett drámaíocht do gach aois, do pháistí agus do dhaoine fásta, óg agus aosta, sicín agus ubh. Ainmníodh iad do Ghradam Speisialta na mBreithiúna ag Gradaim Amharclannaíochta The Irish Times 2017. Má tá tú ag lorg amharclannaíocht a dhéanann siamsaíocht, ar féidir éirí páirteach léi nó ar féidir eagla a chur uaireanta, cuirimid amharclannaíocht ar fáil duit mar ócáid eachtraíochta www.theatrelovett.com.

Muireann Ahern, Comhstiúrthóir Ealaíne Amharclann Lovett

Agus muid ag tarraingt ar léiriúchán nua go gasta eile le foireann chruthaitheach nua agus laethanta cleachtaidh gan deireadh, ‘athshlánú láithreach', agus imní orainn faoi rudaí beaga (gach uile ghráinne de), fiafraím díom féin arís cén fáth a ndéanaimid an méid a dhéanaimid? Cén fáth a bhfuil an amharclannaíocht de dhíth ar chor ar bith? An gá dúinn brí a chruthú trí scéalta? Bíodh páiste nó duine fásta i gceist? Bhí deasghnátha cosúil le hamharclannaíocht ag na sochaithe is sine seo ina bhfuil brí curtha in iúl trí scéalaíocht. Creidim gur féidir le hamharclannaíocht réimse a thabhairt do phaistí chun cosáin chruthaitheacha a spreagadh laistigh dá n-inchinní atá ag fás, cosáin ar a bhféadfaidís bualadh leo féin ag teacht agus ag imeacht, agus tacair scileanna nua á n-iompar acu lena bhfeabhsaítear a dtuiscint ar an domhan. Agus b'fhéidir é a athrú freisin.

Tá an malartú beo d'amharclannaíochta ag éirí níos tábhachtaí toisc go mbíonn páistí sáite 'béal fúthu i mód scáileáin' níos mó agus níos mó. Mar sin féin, ná hiarraimis a n-aird. Mar bhaill den lucht féachana, tá sé de cheart acu éirí as a bheith ag éisteacht agus a stopadh de bheith ag tabhairt airde más mian leo. Chomh maith leis sin, má tá siad gafa leis an bpíosa, tugaimid an rogha dóibh a bheith ina n-aonar ina dtaithí nó é a roinnt le comhbhaill den lucht féachana agus mar an gcéanna lena dteagmháil leis na pearsana ar an stáitse.  Mar lucht déanta amharclannaíochta, tá súil againn go meallfaidh agus go gcoimeádfaidh ár gcuid saothar a n-aird agus go n-éireoidh linn iad a dhéanamh rannpháirteach. Ar ndóigh, tá súil againn agus oibrímid go dian chuige seo ach arís, ná brúimis an cheist. Dírímid ar a chinntiú go mbíonn an méid a chruthaímid don stáitse difriúil gach uair. Agus tá súil againn – an rud a bheith lán de nóiméid d'ionaidh, scil agus iontais. D’fhéadfadh go mbeadh ár lucht éisteachta faoi dhraíocht an tsaothair á bhfiafraí díobh féin “Conas a rinne siad é sin?” Is féidir leis an “Cad chuige?” teacht níos moille, ach don nóiméad i láthair, is leor an “Conas?” Déanann sé rím le .....

Bímid ag súil go mbeidh páistí agus daoine óga, bíodh go bhfuil ar thuras lena rang nó lena dteaghlaigh, in ann smaoineamh ar spás na hamharclainne mar áit ar leith ó na torthaí a mbeifí ag súil leo. Ina ionad sin, lig dó a bheith éagsúil lena ngnáthrudaí. Éagsúil leis an seomra ranga nó leis an gcistin. Féidearthachtaí éagsúla ag eascairt as gníomhartha na bpearsana thuas ansin ar an stáitse. Sionapsaí éagsúla ag lasadh i gcodanna éagsúla den inchinn. Dearcthaí difriúla ar dhomhan a d’fhéadfadh cuma dhifriúil a bheith air nuair a fhágann muid an amharclann.

Gníomhú ar son do Lucht Féachana

Tá go leor ealaíontóirí breátha amharclannaíochta ag saothrú inniu agus iad ag díriú ar pháistí agus ar dhaoine óga. Tá lucht déanta amharclannaíochta níos óige ag casadh a gceann i dtreo saothair do pháistí freisin. Is rud maith é níos mó daoine ag éirí a bheith páirteach.  Nuair a thugaimid cuireadh d'ealaíontóirí ó ‘dhomhan na hamharclannaíochta do dhaoine fásta’ a gceird a thabhairt chun obair do lucht féachana óg nó cleachtóirí níos óige a thabhairt isteach don lucht féachana sin, ní mór dúinn a chinntiú go dtacaítear leo sa phróiseas. Má chuirtear ar seachrán nó má mhíthreoraítear iad, is féidir leis an lucht féachana agus na healaíontóirí éirí trína chéile nó a bheith i bponc ceart, mar a deir an seanfhocal. Is tábhachtaí anseo cruinneas ó thaobh cur i láthair aoise den phíosa amharclannaíochta.

In Amharclann Lovett, reáchtálaimid ár gcúrsaí oiliúna aisteora dar teideal Gníomhú ar son do Lucht Féachana. Is í an fhealsúnacht bhunúsach atá againn ná aisteoirí a spreagadh chun aghaidh a thabhairt ar na háiteanna ina bhfuil a gcuid egoanna sa phróiseas seo. Siúl lámh ar lámh le do ego, tabhair leat é, fág ag an doras é, múin dó “Suigh!”. Is é, cosúil le hoiliúint coileáin don Ego. Tabhair barróg dó ach cuimhnigh cé hé atá i gceannas.  Inár n-oiliúint, dírímid ar ‘ag cabhrú le loinnir a chur ar an duine taobh leat’ agus déanaimid ár ndícheall saothar a chruthú a lonróidh ón stáitse.

Ar an dea-uair, tá spéis mhaith againn ó ealaíontóirí, a bhfuil gach leibhéal taithí acu, ar mian leo páirt a ghlacadh ann. Is cinnte go bhfuil mian ann á méadú chun tuilleadh eolais a fháil faoin réimse seo. Is breá liom aisteoirí a fheiceáil ag dúnadh an bhearna idir a bheith ag léiriú do lucht féachana óg agus a bheith ag léiriú do dhaoine fásta. Is cúis áthais ar leith é, áfach, aisteoirí a aimsiú atá ar a suaimhneas ag idirghníomhú lena lucht féachana agus atá ar a suaimhneas leis an méid a d'fhéadfadh páistí a thairiscint dóibh le linn léiriúcháin. Baineann sé le fios a bheith agat cá huair ba chóir dóibh a bheith rannpháirteach agus cathain nár chóir dóibh a bheith rannpháirteach, ach i gcónaí leis an gciall álainn sin go nglactar le tairiscint gach páiste go hiomlán, ach go cáiréiseach. Tá clú ar mo Chomhstiúrthóir Ealaíne, Louis Lovett, as an gcineál seo idirghníomhaíochta. Tá fíor-mhian aige breisoiliúint a chur ar aisteoirí eile sa réimse seo. Pléann sé lena lucht féachana go galánta agus is annamh a fhágtar a lucht féachana gan aird nó a n-ionchur ar crochadh san aer. Is rud an-sciliúil é sin le bheith in ann a dhéanamh go héifeachtach agus mar stiúrthóir, is comhpháirt an-sásúil é seo de na seónna a stiúraim (a bhuíochas le scileanna na n-aisteoirí). Tá modheolaíocht iomlán taobh thiar dó nó nuair a admhaíonn nó má chuimsíonn aisteoir tairiscintí a thagann go spontáineach ó lucht féachana óg. Chun a bheith in ann é sin a dhéanamh, gan na coscáin a chur ar mhóiminteam an tseó, is é an rud is féidir leis an amharclannaíocht do pháistí a dhealú ón leagan do dhaoine fásta.

Stiúrfaidh Muireann an chéad léiriú eile de chuid Amharclann Lovett de FRNKNSTN, oiriúnú d’úrscéal clasaiceach Mary Shelley FRANKENSTEIN ag Amharclann na Mainistreach. Molta ag 16+ https://www.abbeytheatre.ie/whats-on/frankenstein/.

Foilsithe

25/6/2018

Foirmeacha Ealaíne

Amharclann