ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 1 - Jessica O’Brien, Clár na nDrámadóirí Óga


Is scoláire í Jessica O’Brien ó Chorcaigh atá 16 bliana d’aois agus ar mhaith léi a bheith ina húdar. Mar chuid de Chlár na nDrámadóirí Óga le Graffiti Theatre, scríobh sí féin agus ochtar daoine óga eile drámaí agus chuir siad ar bun in The Everyman iad mar chuid den Midsummer Festival sa bhliain 2018. Tá a céad leabhar á scríobh aici faoi láthair agus tá súil aici gairm bheatha a bheith aici i scríobh úrscéalta nó san iriseoireacht.

Is comhshraith blaganna í an tsraith seo le beirt rannpháirtithe ó Chlár na nDrámadóirí Óga, Jessica O’Brien agus Róisin O’Donnell.

 

Lig don Chruthaitheacht teacht ó ETIM

Ar feadh mo shaoil ar fad, bhí a fhios agam céard iad na hábhair a chuir in iúl go raibh mé ‘cliste’ agus céard iad na hábhair a chuir sa dara háit mé de réir an chórais oideachais.

Ó bhog mé ón mbunscoil go dtí an mheánscoil, tá mé i ndiaidh éirí níos feasaí ar na difríochtaí idir mé féin agus na scoláirí a n-éiríonn leo in ábhair ETIM. Tá sé soiléir go leor céard iad na gairmeacha beatha a shíltear a bheith ciallmhar, agus a bhaineann an-chlisteacht leo, mar ní phléitear gairmeacha sna healaíona riamh. Áirítear i measc ábhar ETIM an eolaíocht, an teicneolaíocht, an innealtóireacht agus an mhatamaitic - agus le déanaí tá sé tugtha faoi deara agam cé chomh mór is atá an iarracht atá á déanamh le gairmeacha beatha sna hábhair seo a chur chun cinn, go háirithe mar gheall gur scoil lán-chailíní mo scoilse. Tá cuairteanna tugtha ag ionadaithe gan áireamh orainn a rinne muid a spreagadh le tabhairt faoi ghairm beatha in ábhar ETIM agus bíonn roinnt seachtainí éagsúla againn ar scoil ina ndírítear ar an eolaíocht agus mata. Creidim go bhfuil sé seo fíordhearfach agus go spreagfaidh sé muid leis an teachtaireacht gur féidir linne freisin róil chumhachtacha a bheith againn i ngairmeacha a bhaineann leis na hábhair seo - ach sílim freisin go gcuirtear ar leataobh iad siúd nach bhfuil aon suim acu sna hábhair seo.

Cé gur rogha i mo scoil í an eolaíocht, mothaím i gcónaí nach raibh rogha riamh agam gan tabhairt fúithi. Ní raibh seachtainí riamh a díríodh ar na scoláirí a dhéanann an-obair sna healaíona. Cinnte, bíonn ranganna ar fáil, ach bhí troid mhór i gceist chun iad a fháil agus ní chaitheann an dream nach nglacann páirt iontu leo amhail is go bhfuil siad tábhachtach. Labhair mé le mo mhúinteoir ealaíne ag oíche oscailte uair amháin agus dúirt sí go dtiocadh tuismitheoirí chun labhairt léi agus go bhfiafraídís di, ‘an raibh an ealaíon chomh deacair sin i ndáiríre’.  Ní bhfuair mo mhúinteoirí ceoil am sa sceideal ach le déanaí don chleachtadh dár seirbhís charúl, atá ar cheann de na himeachtaí is mó san fhéilire scoile. Ní tharlódh sé seo riamh le haon cheann de na hábhair eile. Bhí mé ag cruinniú mar gheall go bhfuilim ar fhoireann iris na scoile. Agus níor tháinig ár múinteoir, rud a tharla minic go leor, ach bheartaigh muid go leanfaimis orainn inár n-aonar agus go dtaispeánfaimid don scoil an méid is féidir linn a dhéanamh. Ach ní féidir leis sin tarlú anois. Dúradh linn nach raibh an maoiniú ag an scoil don 6 leathanach bhreise a theastaigh uainn a chur amach. Ach faigheann banc na scoile na céadta chun aíonna cáiliúla a thabhairt isteach lena gcuid oibre a chur chun cinn. Bíonn rith bliantúil ag ár scoil le híoc as raon reatha nua don spórt. Bíonn neart stoc sna saotharlanna eolaíochta i gcónaí do thurgnaimh agus baintear úsáid as ár seomraí ealaíne mar chaibinéid soláthair nuair a bhíonn ar dhaoine póstaeir a réiteach. Más maith leat obair dhian a dhéanamh ar scoil in ábhar a bhaineann leis na healaíona, bíonn tú leat féin i ndáiríre. Braithim go bhfuil an chaoi a gcaitear le daoine a oibríonn go dian sna hábhair chruthaitheacha an-mhaslach. Is gairmeacha beatha fiúntacha iad an ceol, an ealaín, agus na hábhair eile atá bunaithe ar an gcruthaitheacht, agus is féidir go leor airgid a thuilleadh iontu sin freisin. Teastaíonn siad ón domhan chomh mór céanna agus a theastaíonn eolaithe agus innealtóirí sa domhan. An gcasfá ar aisteoir ar a bhfuil clú agus cáil ar fud an domhain agus tabhairt amach dó toisc nach bhfuil sé ina mhatamaiticeoir?

Ba rannpháirtí i gClár na nDrámadóirí Óga í Jessica leis an Graffiti Theatre ar buaiteoir Dhámhachtain Doiciméadaithe Thairseach na nEalaíon san Oideachas 2018 é.

Foilsithe

26/7/2018

Foirmeacha Ealaíne

Oideachas Dráma

Amharclann