ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 3: Jessica O’Brien, Clár na nDrámadóirí Óga


Is scoláire í Jessica O’Brien ó Chorcaigh atá 16 bliana d’aois agus ar mhaith léi a bheith ina húdar. Mar chuid de Chlár na nDrámadóirí Óga le Graffiti Theatre, scríobh sí féin agus ochtar daoine óga eile drámaí agus chuir siad ar bun in The Everyman iad mar chuid den Midsummer Festival sa bhliain 2018. Tá a céad leabhar á scríobh aici faoi láthair agus tá súil aici gairm bheatha a bheith aici i scríobh úrscéalta nó san iriseoireacht.

Is comhshraith blaganna í an tsraith seo le beirt rannpháirtithe ó Chlár na nDrámadóirí Óga, Jessica O’Brien agus Róisin O’Donnell.

An fáth a Scríobhaim

Tá cúis ann go scríobhaim, cé gur nádúr atá i gceist leis an gcuid is mó de. Ó bhí mé i mo pháiste, líonainn na cóipleabhair chrua seo le scríbhneoireacht chruthaitheach agus le dánta acrastacha agus líonainn mo mhálaí leis na leabhair ab fhearr liom do laethanta saoire an tsamhraidh – rud a chuir éadóchas ar mo Mham (bhíodh mo mhála i gcónaí róthrom). Is cuimhin liom go rímhaith an chéad leabhar do Dhaoine Óga a léigh mé, ‘‘The Fault In Our Stars’, agus bhí mé gafa láithreach. Níorbh fhéidir liom mo dhóthain a fháil de na carachtair agus na domhain seo a bhí réalaíoch, na daoine seo ar theastaigh uaim a bheith cairdiúil leo. Laistigh de dhá bhliain ní fhéadfá mo sheomra a aithint, agus seilfeanna ollmhóra ann le mo leabharlann bheag a choimeád.

Nuair a thosaigh mé ar an staidéar don Teastas Sóisearach, múineadh dom cén chaoi le léamh agus le breathnú ar fhoirmeacha eile ealaíne go criticiúil. Táim an-bhuíoch den rang Béarla, de na comhscoláirí agus den mhúinteoir a bhí agam. Seachas cibé rud a shíl mé a bheith go maith a chaitheamh amach, ghlac mé le critic ó dhaoine eile. D’éist mé leis na cailíní eile agus thuig mé go bhféadfainn a bheith chomh maith céanna leosan ag scríobh freagraí dá ndéanfainn iarracht. Ba ag an bpointe sin a thuig mé cé chomh mór is a thaitin an scríbhneoireacht liom. Thaitníodh sé go mór liom a bheith ábalta scríobh agus dearmad a dhéanamh ar an áit a raibh mé agus an focal ceart ag teacht chugam. Go tobann bhí mé i ngrá leis an gcineamatagrafaíocht, leis an mbrí taobh thiar d’fhocail, agus thosaigh mé ag scríobh agus ag léamh ar bhealach difriúil. Anois níorbh fhéidir liom leabhar do dhaoine óga ar bith a léamh, bhreathnaíonn ar an gcló agus ar na blurbaí, agus de réir mar a léinn, chuirinn tuilleadh leis an liosta a bhí agam i mo cheann de na rudaí a thaitin agus nár thaitin liom. Ábhar compoird a bhí i mo chuid dialann dom, agus is ábhar compoird go fóill iad.

Agus de réir mar a chuaigh mé in aois agus mar a d’fhoghlaim mé níos mó fúm féin agus faoin domhan, thuig mé nárbh fhéidir liom riamh i ndáiríre mé féin a aimsiú i leabhar. Tá an-easpa éagsúlachta ann, tá an oiread sin scéalta cliche a bhfuil críoch shona acu agus caidrimh heitrighnéasacha, agus bhí tuirse orm. Lá amháin agus mé ag siúl abhaile ón siopa leabhar le mo Dhaid, d’fhiafraigh sé díom céard faoi a raibh na leabhair a cheannaigh mé. Mhínigh mé dó, agus is dócha go raibh iontas air mar gheall go raibh téamaí chomh láidre sin sna leabhair. ‘Cheap mé gur léigh tú le héalú ón bhfíorshaol,’ a dúirt sé, lena mhála lán le leabhair choiriúlachta. ‘Is dóigh go scríobhaim le cabhrú le m’fhíorshaol a athrú,’ a shíl mé.

Scríobhaim mar nach bhfuil mé in ann an scríbhneoireacht a sheachaint. Scríobhaim le hinsint do dhaoine céard nach bhfuil mé in ann a rá nó chun mo smaointe a chur ar pháipéar. Is geall le leabhair ghearrthóg iad mo dhialanna ar bhealach. Ach níos tábhachtaí fós, scríobhaim anois mar go bhfuil scéalta agam is gá dom a insint. Tá daoine sa phobal LADT cosúil liomsa nach n-insítear a scéal riamh. Daoine de dhath. Creideamh difriúil. Míchumais. Na scéalta grá sin nach n-oibríonn amach agus cásanna fíorshaoil déagóirí. Táimid ar fad ar fud na háite. Bíonn sé i bhfad níos deise leabhar a léamh agus teacht leis ná leabhar a léamh agus a bheith ag iarraidh a bheith cosúil leis.

Scríobhaim dom féin agus d’éinne a thuill guth riamh. Lá amháin, b’fhéidir go mbeinn ag breathnú ar an rannóg do dhaoine óga agus go bhfeicfinn m’ainm féin ansin. Sin an aisling atá agam don saol seo.

Foilsithe

25/9/2018

Foirmeacha Ealaíne

Oideachas Dráma

Litríocht

Amharclann