ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 1 - Naomi Cahill, Comhlach Cruthaitheach do na Scoileanna Ildánacha agus Stiúrthóir Bespoke Productions


Image copyright Naomi Cahill - What is Creativity

Oibríonn Naomi Cahill mar Chomhlach Cruthaitheach do na Scoileanna Ildánacha agus is í bunaitheoir agus stiúrthóir Bespoke Productions. Is múinteoir drámaíochta cáilithe í a bhfuil taithí aici i mbunscoileanna, i meánscoileanna agus in oideachas aosach agus, i dteannta leis sin, d’oibrigh sí le daoine a bhfuil riachtanais speisialta acu agus le daoine fásta atá faoi mhíchumas intleachtach. Bhain Naomi céim amach i Léann na Drámaíochta agus an Téatair i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Chomh maith leis sin, chuir sí Ard-Dioplóma Ealaíon in Oideachas Drámaíochta i gcrích agus bronnadh ‘An Ghnóthachtáil Acadúil is Airde’ ó Scoil Ceoil agus Drámaíochta Laighean. Stiúrann Naomi cúrsaí drámaíochta trí Bespoke Productions in Éirinn agus ar an gcoigríoch, agus dírítear iontu ar mhuinín a fheabhsú, chomh maith le féinmheas agus scileanna cumarsáide a fhorbairt. Stiúir sí leagan nua-aimseartha de ‘Romeo & Juliet’ le déanaí in Teatro Re Grillo, Licata, sa tSicil. Tá taithí ag Naomi ar bheith ar stáitse agus i scannáin, agus taitníonn léi a taithí a roinnt lena cuid scoláirí. Tá an-áthas uirthi a bheith ag obair mar Chomhlach Cruthaitheach do Clár na Scoileanna Ildánacha.

 

Scoileanna Ildánacha: Tús an Aistir

Is tionscnamh píolótach é Scoileanna Ildánacha de Chlár Éire Ildánach. Is í an Chomhairle Ealaíon a stiúrann an tionscnamh mar aon leis an Roinn Oideachais agus Scileanna agus leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. Is í aidhm an tionscnaimh seo chun na healaíona agus cruthaitheacht a chur i gcroílár shaol na bpáistí agus na ndaoine óga. Tá dualgas orm mar Chomhlach Cruthaitheach feabhas a chur ar áit na cruthaitheachta sna scoileanna agus chun an áit chéanna a mhúnlú. Oibrím chun spreagadh, fuinneamh agus ugach a thabhairt do na scoileanna chun deiseanna cruthaitheacha a fhorbairt sa scoil agus sa phobal níos leithne. Cuirim ar chumas na scoileanna tuiscint a fháil ar rannpháirtíocht na ndaoine óga sna healaíona agus i gcruthaitheacht agus chun an rannpháirtíocht chéanna a fhorbairt agus a cheiliúradh.

Aithne a Chur ar Scoileanna:

Oibrím le roinnt scoileanna ar fud Chorcaí agus Chiarraí. Ghlac mé páirt i gcruinnithe ag tús mhí na Samhna, le Comhordaitheoirí na Scoileanna Ildánacha ó mo scoileanna ainmnithe. Tá sé de chuspóir agam sraith cuspóirí a bhaint amach sna cruinnithe seo. Téimid trí Chreat Pleanála na Scoileanna Ildánacha i dtosach. Ansin, déanaimid plé ar an gcéad chéim den chlár: ‘Tuig’. Cuireann sé seo ar chumas na scoileanna tuiscint a fháil ar a rannpháirtíocht reatha sna healaíona agus i gcruthaitheacht. Chomh maith leis sin, cuireann sé ar a gcumas Blag 1 - Naomi Cahill, Cmeasúnú a dhéanamh ar leas cruthaitheach na scoláirí agus ar na hacmhainní atá ar fáil sa scoil agus sa phobal níos leithne. Labhraímid ar rannpháirtíocht reatha na scoile sna healaíona agus sna réimsí ealaíne ar mhaith leo feabhas a chur orthu. Forbraím tuiscint níos fearr agus níos doimhne ar an scoil ina hiomláine sa chruinniú seo.

Cuirim ceardlann ar siúl i ngach scoil leis na scoláirí faoi ‘Ghuth na nDaoine Óga’. Bhí an t-ádh ar na comhlaigh chruthaitheacha go raibh sé de dheis acu oiliúint a fháil in Hub na nÓg. Is ionad náisiúnta sármhaitheasa é seo a thacaíonn linn guth a thabhairt do na páistí agus do na daoine óga i gcinnteoireacht. Úsáidim samhail Lundy chun a chinntiú go dtugtar tús áite do ghuth na ndaoine óga. Tugann an tsamhail seo le fios gur cheart go gcuirfí spás sábháilte agus eolas cuí ar fáil do na daoine óga, a chuirfidh ar a gcumas a gcuid tuairimí a chur in iúl. Chomh maith leis sin, tá sé tábhachtach a chinntiú go gcuireann daoine a gcuid tuairimí in iúl agus go bhfuil sé de fhreagracht orthu éisteacht, go nglacfaidh siad i ndáiríre iad agus go ngníomhóidh siad dá réir nuair is cuí.

Ceardlann:

Is féidir tuairimí na ndaoine óga a fháil go han-mhaith ach deis a thabhairt dóibh páirt ghníomhach a ghlacadh i gceardlann. Ba mhaith liom léargas gonta a thabhairt duit ar an gceardlann darb ainm ‘Guth na nDaoine Óga’. Úsáidim dhá mhodh éagsúla sa cheardlann seo darb ainm: ‘Modh an Spáis Oscailte’ agus ‘Modh World Café’ I gcás ‘Mhodh an Spáis Oscailte’ cuirim na trí cheist seo a leanas ar na scoláirí: 1) Céard í cruthaitheacht? 2) Cad iad na cineálacha rudaí cruthaitheacha a dhéanann tú cheana? 3) Cad iad na cineálacha rudaí cruthaitheacha ba mhaith leat a dhéanamh? Scríobhann na scoláirí a gcuid freagraí ar nótaí Post-It agus greamaíonn na scoláirí iad de thrí chuid éagsúla den bhalla. Ansin, roinneann na scoláirí na freagraí céanna i gcodanna de réir an chineáil gníomhaíochta ealaíne iad féin e.g. ceol, damhsa etc. Fágann sé seo go dtugtar léiriú amhairc an-éifeachtach ar spéiseanna ealaíne an scoláire. Ansin, bogaimid ar aghaidh chuig ‘Modh World Café’. Tugtar póstaer do na scoláirí ar a bhfuil sraith ceisteanna le freagairt ach bearnaí a líonadh: 1) Céard é…..? 2) Cad iad na cineálacha gníomhaíochtaí…… a rinne/a dhéanann tú cheana? 3) Cad iad na cineálacha gníomhaíochtaí….. ba mhaith leat a dhéanamh? Úsáideann na daoine óga na gníomhaíochtaí ealaíne ar chuimhnigh siad orthu sa chleachtas roimhe seo chun na bearnaí a líonadh sna ceisteanna seo. Ansin, dearann na scoláirí an póstaer ach úsáid a bhaint as sraith focal agus eiseamláirí chun na ceisteanna seo a fhreagairt. Is maith liom na modhanna seo a úsáid, de bharr go mbíonn na scoláirí freagrach as na cineálacha gníomhaíochtaí ealaíne ba mhaith leo a iniúchadh agus de bharr gur cinneadóirí ón tús iad. Chomh maith leis sin, tugaim suirbhéanna do na scoláirí de réir a n-aoise agus a n-inniúlachta, rud a chuireann ar a gcumas a gcuid tuairimí ar a n-eispéiris ar na healaíona a chur in iúl. Tá na suirbhéanna seo tábhachtach chun sonraí úsáideacha a fháil ó na scoláirí. Is é an bealach is fearr lena fháil amach céard atá na daoine óga a iarraidh ná, ceist a chur orthu. Is í an cheardlann a chuireann ar mo chumas an méid sin a dhéanamh.

Chomh maith leis sin, chruthaigh mé naisc idir an scoil agus na deiseanna ealaíne áitiúla mar Chomhlach Cruthaitheach. Go dtí seo, chas mé le daoine ar nós na ndaoine seo a leanas; an t-oifigeach ealaíne áitiúla, an bainisteoir cláir ón ionad ealaíne etc. Tá na naisc seo tábhachtach chun inbhuanaitheacht Chlár na Scoileanna Ildánacha a chinntiú.

Is é an chéad rud eile atá le déanamh agam mar Chomhlach Cruthaitheach ná Plean Scoileanna Ildánacha a fhorbairt. Agus ag an deireadh, déanfaidh na scoileanna ceiliúradh ar a dtaithí ar na healaíona ach a dtaithí a roinnt mar scoil, mar phobal agus araile.

Ó Neart go Neart:

Creidim go láidir nuair a chuirtear deiseanna feabhsaithe inbhuanaithe ealaíne ar fáil do dhaoine óga, go ndéanann sé leas dóibh anois agus as seo amach. Tá mé an-sásta a bheith ag obair mar chuid den chlár nua spreagúil seo a chuireann ar ár gcumas tionchar dearfach a imirt ar shaol na ndaoine óga sna healaíona agus i gcruthaitheacht.

Foilsithe

29/11/2018

Foirmeacha Ealaíne

Oideachas Dráma

Leibhéal

Bhun & Iar-bhunscoile

Réigiún

Corcaigh