ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 2 - Ciara Gallagher, Rannpháirtí ar an gclár um Chruthaitheacht agus Athrú


Ciara Gallagher - Creativity & Change Programme

Tá PhD sa Bhéarla ag Ciara ó Ollscoil Mhá Nuad. D'oibrigh sí mar thaighdeoir ar National Collection of Children’s Books (Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath) agus ar “Gender Identity: Child Readers and Library Collections” ag an Centre for Children’s Literature and Culture, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Theagasc sí Béarla in ollscoileanna éagsúla agus faoi láthair tá sí ag obair ag Kids’ Own Publishing Partnership mar riarthóir oifige.

Naisc a dhéanamh - Blag 2

Tagann an clár um Chruthaitheacht agus Athrú le chéile uair sa mhí ar feadh deireadh seachtaine iomlán amháin. Bíonn eispéiris, dúshláin, naisc nua ann ag gach deireadh seachtaine. Tugann na deirí seachtaine iomlána seo deis do na rannpháirtithe taithí dhomhain a fháil ar fhoghlaim, ar smaointeoireacht chriticiúil agus ar chruthaitheacht. Tá spásanna ann freisin le haghaidh sosa, machnaimh, agus naisc a dhéanamh fite isteach i struchtúr an chúrsa, agus bím buíoch as an spás le haghaidh machnaimh a cheadaíonn na seachtainí idir gach cúrsa deirí seachtaine freisin.

Tá an smaoineamh go bhfuil rannpháirtíocht chruthaitheach ríthábhachtach chun eispéiris foghlama bunathraitheacha a éascú a d'fhéadfadh athrú a bheith aige ar an mbealach a bhfeicimid, a mairimid, agus a ngníomhaímid ar fud an domhain ag croílár an chláir um Chruthaitheacht agus Athrú. Leis an bhfócas seo, aimsítear féidearthacht nua laistigh de ghníomhartha laethúla, simplí de réir cosúlachta. Tugtar aird athnuaite ar dtús báire ar a bheith ag éisteacht, ag caint agus ag breathnóireacht, nithe atá mar chodanna tábhachtacha de chúrsaí oideachais aosaigh. Mar shampla, mar chuid dár gcuid foghlama i lá atá tiomnaithe d'fhoghlaim chlaochlaitheach agus don phróiseas cruthaitheach, téann na rannpháirtithe i mbeirteanna agus bíonn sealanna acu i mbun cainte agus i mbun éisteachta gan aon chur isteach. Léiríonn an taithí ar a bheith ag éisteacht go géar agus go gníomhach, agus ar labhairt gan chur isteach cé chomh minic, b'fhéidir, a ndéanaimid talamh slán de na gníomhartha seo maidir le labhairt agus éisteacht sa teagasc, san éascú, agus san fhoghlaim, agus maidir le cumarsáid a dhéanamh le daoine eile go díreach.

Cuirtear an chumarsáid agus an chruthaitheacht chun cinn ag deireadh seachtaine atá dírithe ar an iniúchadh a dhéanamh ar éascú amhairc, a thagraíonn do phróiseas chun cruinnithe, seimineáir agus malartuithe eile a éascú i bhfoirm amhairc go ginearálta. Déantar seo agus íomhánna, focail agus siombailí in úsáid. Ós rud gur duine mé atá cleachta le bheith ag obair leis an bhfocal scríofa amháin, ba dhúshlán é seo dom. Thosaigh muid trí 

fhuaimeanna a léiriú go físiúil agus marcanna a dhéanamh go spraíúil ar an leathanach i ngrúpaí. Nuair a rinneadh na chéad mharcanna scanrúla sin ar ár gcanbháis pháipéir, fuarthas réidh leis an gcathú an iomarca smaointeoireachta a dhéanamh a fhágfadh nach dtarlódh aon rud, go sealadach ar a laghad. De réir mar a thógamar i dtreo an dúshláin le comhráite rannpháirtithe eile a dhoiciméadú go físiúil, ba shoiléir an fiúntas a bhain le hobair dhúshlánach chruthaitheach a chuimsiú i m'éascaíocht féin agus i mo chuid foghlama. Mealladh cuid iomlán difriúil de mo smaointeoireacht agus aird. Fuair mé léargas nua ar an bpróiseas ina n-éistim chomh maith leis an gcaoi a gcuirim ord agus an chaoi a gcruthaím brí. Go díreach mar a tharraing an cleachtadh ar labhairt agus éisteacht aird ar dhinimic an idirphlé, thug an gníomh seo a léirigh focail na ngrúpaí aird nua ar an gcaoi a ndéanaim léirmhíniú agus doiciméadú, chomh maith le braistint fhreagrachta chun comhrá an grúpa a léiriú go beacht agus meas a thabhairt dó.

Leanadh den obair ar bhealaí nua d’fhorbairt agus léirmhíniú a dhéanamh i rith an deireadh seachtaine ar éascú amhairc. Cuireadh deireadh leis sin leis an rang ag obair i ngrúpaí beaga, cuireadh de chúram ar gach grúpa tacair éagsúla de shonraí a léiriú go cruthaitheach. D'oibrigh grúpaí ar shonraí a bhain le heasnaimh na scéime Íocaíochta Cúnaimh Tithíochta (HAP), na deacrachtaí atá ag daoine faoi mhíchumas agus iad ag iarraidh rochtain a fháil ar thithíocht shóisialta, agus líon na ndaoine ar liostaí tithíochta i gcoinne na n-aonad tithíochta sóisialta atá ar fáil, a léirshamhlú– sonraí tábhachtacha a d'fhéadfadh a bheith gan bhrí in ainneoin na fírinne millteanaí. Ó mheascán d'ábhair randamach de réir cosúlachta, chéile, agus dhear siad léiriúcháin ina gcuimsíodh ábhair leis na sonraí seo a léiriú. Is féidir gurbh é an rud a d'eascair as na héagsúlachtaí modhanna agus foirmeacha trína ndearnadh léiriú físiúil ar na sonraí seo ná an fórsa dó sin nach bhféadfaí a thomhas ná a shamhlú, an suaitheadh a bhainfeadh an méid a léirigh na sonraí seo nárbh fhéidir a choinneáil nó a chuimsiú go huimhriúil. Tríd an bpróiseas cruthaitheach seo, thosaigh na grúpaí ag teacht ar bhealaí nua chun cuid de na saincheisteanna ceartais is práinní inár sochaí chomhaimseartha a fheiceáil agus iniúchadh a dhéanamh orthu.

Foilsithe

24/1/2019

Leibhéal

Na luathbhlianta

Réigiún

Corcaigh