ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 3 - Ciara Gallagher, Rannpháirtí ar an gclár um Chruthaitheacht agus Athr


Image copyright Ciara Gallagher

Tá PhD sa Bhéarla ag Ciara ó Ollscoil Mhá Nuad. D'oibrigh sí mar thaighdeoir ar National Collection of Children’s Books (Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath) agus ar “Gender Identity: Child Readers and Library Collections” ag an Centre for Children’s Literature and Culture, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Theagasc sí Béarla in ollscoileanna éagsúla agus faoi láthair tá sí ag obair ag Kids’ Own Publishing Partnership mar riarthóir oifige.

Ag tosú amach - Blag 3

Cuireann an cúrsa um Chruthaitheacht agus Athrú brú ar a rannpháirtithe i gcónaí, rud a spreagann muid chun páirt a ghlacadh, gníomhú agus machnamh a dhéanamh ar bhealaí nua agus ar bhealaí éagsúla. Is é ceann de na bealaí is bunúsaí a chuireann sé dúshlán roimh rannpháirtithe ná trí dheiseanna a thabhairt do na mic léinn rud éigin nua a thosú – tús a chur le gníomhartha, dúshláin agus eispéiris nua, agus sa phróiseas, teacht ar mhuinín nua do thús nua sa todhchaí.

Ag gach deireadh seachtaine den chúrsa, glacaimid páirt i ndiancheardlanna ar fhoirmeacha cruthaitheacha éagsúla. Mar shampla, dhírigh deireadh seachtaine amháin ar fhilíocht agus amharclannaíocht. Bhogamar ó fhilíocht a chruthú mar ghrúpa chuig scríbhneoireacht chruthaitheach ag an duine aonair, agus faoi dheireadh chuig taibhithe focal labhartha agus slam filíochta. An lá dar gcionn, díríodh taibhiú agus aicsean ar an amharclannaíocht agus muid ag plé le cuid de na teicnící a bhaineann le 'Theatre of the Oppressed' de chuid 

Augusto Boal. I rith an deireadh seachtaine bhogamar trí mhachnamh agus trí ghníomh; ónár bhfocail féin go gníomh agus taibhiú roinnte trí fhilíocht, agus ó ghníomh agus gluaiseacht 'Theatre of the Oppressed' a fhad le machnamh arís. Ní hamháin go raibh baint againn leis sin mar rannpháirtithe, rinneamar machnamh ar an bpróiseas seo mar éascaitheoirí – ag smaoineamh ar bhealaí a bhféadfaimis daoine a mhealladh trí na foirmeacha cruthaitheacha seo ar bhealach a spreagann idirghníomhaíocht chun tús a chur le hathrú a scríobh agus a chur i bhfeidhm.

Ba é an chéad tasc eile a bhí againn an deireadh seachtaine sin ná an timthriall machnaimh agus gnímh seo a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs nua agus muid ag bogadh ó spás sábháilte na gceardlanna Cruthaitheachta agus Athraithe go dtí spás poiblí na cathrach. Cuid den dúshlán a bhí romhainn san iarnóin ná an pobal a mhealladh ar bhealach éigin, daoine a spreagadh chun cur le rud éigin a chruthú agus iad ina ngrúpa. Thosaigh mo ghrúpa ag tabhairt ar dhaoine cur le dán líne, scríofa i gcailc ar an tsráid, ag tosú leis an líne “Tá a fhios agam go bhfuil mé sa bhaile nuair …” Chuir sé iontas orm an chaoi ar ghlac daoine páirt go héasca agus go fial, chuaigh a n-oscailteacht agus láíocht go croí ionam. Chuir daoine aonair agus grúpaí beaga a gcuid línte leis, ag scríobh ar an gcosán, ag marcáil spás na cathrach amach mar spás s’acu féin píosa níos mó.  Baineann grúpaí daoine, ag cur le rud le chéile, cuid den bhrú agus osclaíonn féidearthachtaí nua. B’fhíor an méid sin dár ngrúpaí, de réir mar a thrasnaigh ár stíleanna idirghníomhaíochta leis an bpobal agus gnéithe coitianta ann, agus rinneamar machnamh ar ghníomhartha a chéile agus d'fhoghlaimíomar uathu. Bíodh go raibh ár rannpháirteachas leis an bpobal beag agus neamhbhuan, d'fhoghlaimíomar gur féidir daoine a thabhairt le chéile chun rud fiúntach a chruthú, go bhfuil gean ag daoine air agus go n-éireoidh siad páirteach.

Is ábhar misnigh an toil agus an mian a bheith mar chuid de ghrúpa é laethanta an cháis. Tá sé in am anois na bealaí ar fad le tús a chur leis a aimsiú.

Foilsithe

27/3/2019

Leibhéal

An 3ú Leibhéal

Réigiún

Corcaigh