ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 1 - Claire Murphy, Cumann Scoileanna Foraoise na hÉireann


Is múinteoir bunscoile, ceannaire scoile foraoise agus taighdeoir PhD í MarieClaire (Claire) Murphy i ​gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach​.​ A bhuíochas le maoiniú ón scéim Oidhreachta sna Scoileanna​, tá Claire ag obair i gcomhar le Ceannaire Scoile Foraoise faoi láthair chun eispéireas foghlama den scoth a thabhairt do pháistí bunscoile.​

 

Iniúchadh á dhéanamh ar Churaclam Bunscoile na nAmharc-Ealaíon ó dhearcadh na Scoileanna Foraoise. 

Tá a fhios againn nach gceapann duine as gach seisear de thuismitheoirí na hÉireann go bhfuil sé sábháilte dá bpáiste cúig bliana d'aois a bheith ag súgradh lasmuigh sa bhaile i rith an lae (Luath Óige Éireann 2019).​ Mar sin, tá deiseanna ann chun taiscéalaíocht a dhéanamh agus a bheith i dtimpeallachtaí nádúrtha ag éirí níos teoranta do pháistí óga. Spreagann Scoil Foraoise foghlaim trí chluichí idirghníomhacha, gníomhaíochtaí, amhráin, scéalta, ceardaíocht dúlra, sealgaireacht agus machnaimh chéadfacha ar an dúlra. Neartaíonn an t-iniúchadh céadfach naisc na páistí leis an dúlra mar thoradh ar fhiosracht a spreagadh agus a cheistiú, slí iontach chun foghlaim faoin dúlra.

Tarlaíonn Scoil Foraoise mar sheisiún seachtainiúil i gcomhthéacs caighdeánach réamhscoile nó bunscoile an pháiste. Is é príomhaidhm na Scoile Foraoise ná scileanna féinmheasa, féinmhuiníne agus neamhspleáchais na bpáistí a fhorbairt. An dara haidhm atá ann ná páistí a spreagadh chun meas, cúram agus meas a bheith acu don timpeallacht nádúrtha (Maynard 2007). Is gné thábhachtach den chur chuige seo rioscaí a ghlacadh freisin. Glacann na foghlaimeoirí páirt i ngníomhaíochtaí ar nós scáthláin a thógáil, cócaireacht ar thinte campa agus plandaí agus fiadhúlra a shainaithint (Harris 2017). Dírítear ar an bpáiste iomlán agus ar a thaithí, neamhspleáchas agus féinmheas an pháiste a fhorbairt trína theagmháil leis an timpeallacht nádúrtha (Murray agus O’Brien 2005).

Tugann Curaclam Bunscoile na nAmharc-Ealaíon réimse gníomhaíochtaí don pháiste chun an domhan amhairc a thabhairt faoi deara, a iniúchadh, freagairt a tabhairt air agus meas a bheith aige air, agus baineann sé seo le ‘ná dearcadh go feasach agus go tuisceanach ar na hamharcghnéithe agus mar a imríonn siad ar a chéile sa timpeallacht agus i saothar ealaíne.’ (CNCM 1999, lch. 2). Áirítear ar cheann d'aidhmeanna ginearálta atá ag na hEalaíona san Oideachas ná feasacht, íogaireacht agus taitneamh a fhorbairt sa pháiste i leith cáilíochtaí amhairc, cloiste, tadhaill agus spásúlachta sa timpeallacht (CNCM 1999, lch. 4).

Rinne mé iniúchadh ar an snáithe ‘Tógáil' de chuid na nAmharc-ealaíon tríd an gcur chuige Scoil Foraoise seo i staidéar ar mhionscála. Rinneadh é seo i Rang a hAon i scoil mhór, uirbeach le stádas DEIS. Ar an iomlán, fuair mé go raibh freagairt dhearfach ann mar gur thug formhór na bpáistí faoi deara gur 'thaitin' na ceachtanna leo. Bhí fianaise ann go raibh na páistí sáite sa phróiseas foghlama agus thaispeáin siad forbairt foclóra nua a bhaineann le Scoil Foraoise. Thug mé díograis agus rannpháirtíocht i bpróiseas déanta na n-amharc-ealaíon faoi deara. Fuair mé roinnt torthaí nach rabhthas ag súil leo sa staidéar freisin; bhí sé de nós agam obair ghrúpa a struchtúrú sa seomra ranga, ach fuair mé amach gur tharla sé seo níos nádúrtha i rith sheisiúin na Scoile Foraoise. Bhí spás ag na páistí bogadh ó ghrúpa go grúpa, bhain cuid acu taitneamh as obair i ngrúpaí beaga de 2 nó 3 pháiste, agus b'fhearr le cuid eile acu grúpaí níos mó. Bhí smacht ag páistí ar a spás sóisialta. Ba nós le páiste amháin éirí crosta ag páistí ina ghrúpa sa seomra ranga. Thug mé faoi deara gur bhog sé amach ón ngrúpa ar feadh tréimhsí áirithe ama chun oibriú leis féin, ag filleadh ar an ngrúpa nuair a bhí sé réidh. Bhí athrú dearcaidh ann i leith an taobh amuigh agus na créatúir atá le fáil taobh amuigh. Sampla amháin de seo is ea cinneadh an ranga péist talún a chosaint roimh sholas na gréine le duilleoga.

Táim ag leanúint leis an taighde seo anois i staidéar ar scála níos mó. Táim ag fiosrú an tionchar a bhíonn ag seisiúin sheachtainiúla den Scoil Foraoise a thabhairt isteach i suíomh Bunscoile in Éirinn. Reáchtálfar seisiúin na Scoile Foraoise i gceithre rang príomhshrutha, rud a chinntíonn go mbreathnaítear ar gach ceann de na leibhéil churaclaim mar a chuirtear ar fáil iad i gcóras Bunscoile na hÉireann. Tá sé seo á dhéanamh thar thréimhse bliana acadúla, rud a chinntíonn go dtéann gach rang i mbun seisiúin Scoile Foraoise ar feadh 10 seachtaine. Breathnófar ar an tionchar trí dhearcadh an mhúinteora agus an pháiste chun a fháil amach an dtagann na modheolaíochtaí teagaisc agus foghlama a úsáidtear i rith seisiúin Scoile Foraoise salach ar na modheolaíochtaí teagaisc agus foghlama a mholtar i gCuraclam Bunscoile na hÉireann

Is féidir tuilleadh léitheoireachta a fháil ar chomhtháthú chuspóirí curaclaim Amharc-ealaíon na hÉireann trí chur chuige na Scoile Foraoise i bpáipéar Claire in The Journal of Adventure Education and Outdoor Learning; https://www.tandfonline.com/doi/full/10.1080/14729679.2018.1443481

Foilsithe

24/4/2019