ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 2 - Kerry Walker, Cumann Scoileanna Foraoise na hÉireann


Image copyright - IFSA

Cóipcheart íomhá - Cumann Scoileanna Foraoise na hÉireann

Sa dara blagphostáil seo, labhraíonn Kerry Walker faoin gcaoi ar féidir prionsabail na Scoile Foraoise a úsáid chun acmhainneacht chruthaitheach a spreagadh i bpáistí (agus daoine fásta!)

Is Cleachtóir Scoile Foraoise agus Teiripeoir Ealaíne paiseanta í Kerry Walker. Tá a meas ar an dúlra agus ar an ealaín tar éis í a thabhairt ar aistir chruthaitheacha ar fud an domhain. D'éascaigh sí cláir ealaíon cruthaitheacha le fócas ar ealaín agus dúlra a úsáid mar uirlis le haghaidh comhtháthaithe, naisc agus feasachta. Is comhbhunaitheoir í Kerry de Scoil Foraoise - Down to Earth, clár oideachais bunaithe ar an dúlra ina dtacaítear le páistí a bheith ag foghlaim agus ag cruthú tríd an dúlra. (www.downtoearthforestschool.com)​

An Chruthaitheacht a Scaoileadh Saor trí Phrionsabail na Scoile Foraoise 

Dá leithne an réimse féidearthachtaí a chuirimid ar fáil do pháistí, is ea is déine a bheidh a gcuid spreagtha agus is saibhre a gcuid eispéireas." – Loris Malaguzzi

Leanann Cumann Scoileanna Foraoise na hÉireann sé threoirphrionsabal a leag Cumann Scoileanna Foraoise amach​ sa Ríocht Aontaithe in 2011.​​ Is iad na prionsabail seo an bhunchloch a thugann saoirse don fhoghlaimeoir an chaoi a dtabharfaidh sé faoi dhúshláin agus gníomhaíochtaí i spásanna nádúrtha a roghnú.  Cruthaíonn Scoil Foraoise, bunaithe ar na prionsabail seo, spás chun spreagadh agus tacaíocht a thabhairt dúinn smaoineamh go criticiúil agus go cruthaitheach. Breathnóidh mé ar gach ceann de na prionsabail agus díreoidh mé aird ar an gcaoi a bhfuil siad ríthábhachtach chun forbairt chruthaitheach páistí a scaoileadh saor agus chun tacú léi, chomh maith le foghlaimeoirí athléimneacha agus neamhspleácha a chur chun cinn.

I mbeagán focal, is seo ar fad atá bainteach le Scoil Foraoise:

  • bíonn sí ar siúl i suíomh coillearnaí
  • is próiseas fadtréimhseach de sheisiúin rialta í
  • cruthaíonn sí pobal le haghaidh foghlama agus forbartha
  • cuireann sí forbairt iomlánaíoch chun cinn
  • cuireann sí an deis ar fáil chun rioscaí a ghlacadh
  • á reáchtáil ag cleachtóirí cáilithe Scoile Foraoise

 

Trí úsáid a bhaint as suíomh coillearnaí do sheisiúin Scoile Foraoise, táimid ag soláthar timpeallacht nádúrtha oscailte do na páistí le hiniúchadh a dhéanamh. Tá neart cipíní, duilleoga, ithir, clocha, agus go leor rudaí nádúrtha eile ag suíomh na Scoile Foraoise. Is ábhair iad is féidir a iompar, a bhogadh, a chomhcheangal agus a athdhearadh – is páirteanna scaoilte iad mar a thug Simon Nicholson (1971) orthu. Mhol sé go dtabharfadh fáil ar pháirteanna scaoilte spreagadh do chruthaitheacht pháistí agus go gcuirfeadh sé réimse níos mó deiseanna ar fáil (Nicholson, 1971). Lena chois sin, tugann an suíomh coillearnaí fáil leanúnach don fhoghlaimeoir ar an timpeallacht nádúrtha ina bhfuil sé in ann é féin a thumadh sa spreagadh cruthaitheach a chuireann an dúlra ar fáil go fial.

Is toisc thábhachtach é a chinntiú gur próiseas fadtéarmach seisiún rialta é Scoil Foraoise. Ar an ábhar go bhfuil na seisiúin leanúnach, tugtar am do na páistí filleadh ar a suíomh coillearnaí ar bhonn seachtainiúil i rith na séasúr. Leis an am seo, tugtar deis dóibh oibriú ar cheird nó scil áirithe ar a luas féin, agus a gcuid smaointe féin a fhorbairt agus a roinnt. Ní chuirtear deifir orthu nó ní insítear dóibh táirge deiridh a bheith acu; faigheann siad taithí ar an bpróiseas chun rud éigin a chruthú thar thréimhse ama.

Trí úsáid a bhaint as réimse próiseas atá dírithe ar an bhfoghlaimeoir, tá sé mar aidhm ag Scoil Foraoise pobal a chruthú le haghaidh forbartha agus foghlama. Soláthraíonn sí ardán do gach rogha foghlama. Tá súgradh agus rogha mar chuid lárnach de phróiseas foghlama na Scoile Foraoise, agus aithnítear súgradh mar rud ríthábhachtach d'fhoghlaim agus d'fhorbairt ag Scoil Foraoise (Cumann Scoileanna Foraoise, 2011). Tá súgradh faoi stiúir páistí lárnach i Scoil Fhoraoise agus éascaíonn an súgradh freagairt chruthaitheach ionainn go léir.

Meastar go bhfuil cur chun cinn forbairt iomlánaíoch agus deiseanna maidir le riosca a ghlacadh a bhfuil tacaíocht ann dóibh lárnach i Scoil Foraoise agus leis an gcruthaitheacht a fheabhsú freisin. Tá sé mar aidhm ag Scoil Foraoise, nuair is cuí, gnéithe fisiciúla, sóisialta, cognaíocha, teanga, mothúchánacha, sóisialta agus spioradálta an fhoghlaimeora a fhorbairt (Cumann Scoileanna Foraoise, 2011). Spreagann sé na páistí chun gníomhaíochtaí a stiúradh, cabhraíonn sé le scileanna mínluaileacha a fheabhsú, cuireann sé féinfheasacht chun cinn agus tugann sé úinéireacht don pháiste ar na seisiúin. Tugann Scoil Foraoise spreagadh do pháistí éirí amach as a gcrios compoird. Agus é sin á dhéanamh, tá na páistí in ann níos mó eolais a fháil ar a dteorainneacha fisiciúla agus meabhracha agus tá siad níos ábalta cásanna a mheas. Tugtar tacaíocht dóibh smaoineamh go cruthaitheach agus muinín a bheith acu astu féin.

Is eol do Chleachtóirí cáilithe Scoile Foraoise an tábhacht a bhaineann le gníomhaíochtaí faoi stiúir páistí agus mar sin ní mhúineann siad do pháistí cad ba chóir dóibh a dhéanamh ná ní insíonn siad dóibh cad ba chóir dóibh a dhéanamh. Ina ionad sin, cuireann siad smaointe, gníomhaíochtaí agus acmhainní ar fáil agus éascaíonn siad deiseanna do pháistí tabhairt faoina gcuid spéiseanna. Le himeacht ama tacaíonn sé seo le muinín na bpáistí agus cothaíonn sé smaointeoireacht chruthaitheach.

Trí phróiseas foghlama fadtéarmach a chur ar fáil do pháistí laistigh de shuíomh coillearnaí, agus ag an am céanna a bheith ag tacú le forbairt riosca agus forbairt iomlánaíoch, agus trí phobal foghlama a chruthú le cleachtóir cáilithe, tá prionsabail na Scoile Foraoise ríthábhachtach chun an chruthaitheacht i bpáistí a scaoileadh saor agus chun tacú léi.

Gill, Tim, (2007) No Fear: growing up in a risk adverse society

Nicholson, Simon (1971) The Theory of Loose Parts, An Important Principle of Design and Methodology. Open University.

 

Foilsithe

27/5/2019

Leibhéal

Bhunscoile