ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 2 - Lucy Elvis, Stiúrthóir Curo agus Coimeádaí Amharc-Ealaío


Image copyright Curo with the pupils of Ballyroan National School

Is stiúrthóir CURO í Lucy Elvis, ar eagraíocht sheachbhrabúsach é atá tiomanta d’fhealsúnacht phoiblí. Cuidíonn CURO le pobail smaoineamh le chéile níos éifeachtaí trí chuireadh a thabhairt dóibh a bheith ina bPobail Fiosrúcháin Fhealsúnaigh. Oibríonn CURO i scoileanna, leabharlanna, dánlanna agus féilte chomh maith le clubanna agus campaí a eagrú, cláir scoláireachtaí do pháistí a thagann ó chúlraí socheacnamaíocha nach bhfuil chomh maith as san áireamh. Is maith leo daoine a chur ag smaoineamh in áiteanna is lú a bhíonn súil acu leo agus a bheith ag éisteacht leis na ‘smaointe móra’ atá tábhachtach do ghrúpaí nach dtugtar guth dóibh go minic.

Nuair nach mbíonn Lucy i mbun fealsúnachta poiblí, bíonn sí ag críochnú a tráchtais PhD agus ag tabhairt léachtaí faoin bhfealsúnacht in Ollscoil na Gaillimhe. Chomh maith leis sin, is coimeádaí amharc-ealaíon neamhspleách agus comhalta boird í d’ Fhéile na nAmharc-ealaíon TULCA.

Ag caint faoi smaoineamh agus ag smaoineamh faoi Chaint - Blag 2

In amanna, is féidir le cuma ísealteicneolaíochta a bheith ar an obair a dhéanann ár bhfealsúna óga, ach ní mar a shíltear a bhítear. Siúil isteach ar PFF (Pobal Fiosrúcháin Fhealsúnaigh) agus feicfidh tú páistí ina suí i gciorcal, cuid acu ag caint, cuid acu ag éisteacht agus in amanna, ag baint úsáid as bréagán bog nó liathróid a léiríonn cé dó a bhfuil cead cainte aige. Ach, sna siopaí cainte a bhfuil cosúlacht ar an scéal go bhfuil siad simplí, mínítear agus roinntear smaointe dochreidte, athshamhlaítear domhain, fiú amháin.

Go dtí seo, níl sé ró-éagsúil le ham ciorcail, an bhfuil? Tá i bhfad níos mó ag tarlú in idirphlé fealsúnach ná ‘caint’ amháin, áfach. Murab ionann is comhrá, nuair a d’fhéadfainn cuid nuachta a roinnt agus ansin, cloisteáil ó dhuine éigin eile, tá ábhar sa PFF fréamhaithe i gceist fhealsúnach (ceist atá ‘mór’ ‘casta’ ‘inchonspóide’ agus ‘oscailte’) ar vótáil an pobal uirthi le chéile. Sa PFF, tá ár bhfoghlaimeoirí ag iarraidh ‘fadhbanna móra’ a réiteach le chéile. Tá smaointeoireacht chriticiúil chúramach de dhíth ar seo sula ndéanann tú ionchur. Agus ceisteanna móra á bhfreagairt, mar shampla, ‘Ar cheart pionós a ghearradh orainn as gadaíocht i gcónaí?’ Caithfidh mé mo dhearcadh ginearálta (ba cheart/níor cheart) a shocrú agus an fáth a gceapaim é.

Dá mbeadh tuairimí a chomhroinnt ar an aon sprioc a bheadh ag PFF, díospóireacht shimplí a bheadh ann. Ach, ciallaíonn plé fiosrúcháin fhealsúnaigh le chéile gur gá an freagra is fearr ar fáil a aimsiú dár ‘gceist mhór’ - ní dhéanfaidh teailí ‘tá’ agus ‘níl’ cúis. Beidh orainn tástáil a dhéanamh ar na torthaí a bhainfeadh le seasamh iomlán ar bith a ghlacaimis, rud a chiallaíonn go mb’fhéidir go mbeadh orainn cásanna a shamhlú, (‘céard faoi rud beag a ghoid ó do dheirfiúr?’), iad a athrú beagán, (céard faoi rud éigin a ghoid ar ais?’) nó soiléireacht a dhéanamh ar an méid atá i gceist agat ach analacha a úsáid chun cosúlachtaí agus difríochtaí a léiriú (‘is ionann rud éigin a ghoid ar ais agus cothroime a chruthú.’*)

Tá smaointeoireacht chriticiúil de dhíth ar an gcruthaitheacht a gcuirtear síos uirthi anseo freisin, chun tacú leis na féidearthachtaí nua a shamhlaíonn sí, agus chun teorainneacha a dhéanamh do smaointeoireacht chriticiúil le ‘dul níos faide’. Mar gheall ar na bealaí ina n-oibríonn obair chriticiúil agus chruthaitheach le chéile, ligeann an PFF dár bhfoghlaimeoirí óga a fheiceáil conas a oibríonn smaoineamh a dhéanamh ó réimsí éagsúla den churaclam le chéile, agus conas atá fionnachtain eolaíochta agus léiriú cruthaitheach aontaithe mar gheall ar chúram agus fiosracht a spreagann ár ndíograis chun ‘tuilleadh a fháil amach.’

Is áit é PFF le labhairt faoi fhreagraí féideartha, labhairt orthu agus iad a thógáil le chéile. Is féidir leis a bheith dúshlánach smaoineamh ar choincheapa nó ceisteanna móra a dhéanamh ‘inroinnte’, agus teastaíonn cruthaitheacht uaidh, agus athmhachnamh ar an méid is féidir a bheith i gceist le ‘bheith cruthaitheach’, le fáil amach an féidir linn bogadh ó smaointe a roinnt amháin go dtí na smaointe céanna a fhíorú agus dul siar orthu le chéile.

*Tá na samplaí seo bunaithe ar cheardlann le Scoil Náisiúnta Bhaile an Ruáin i leabharlann Bhaile an Ruáin, a chuir an cheist: ‘Ar cheart pionós a ghearradh orainn as gadaíocht’ ina ndiaidh dóibh ‘The Whopper’ le Rebecca Ashdowne a léamh le chéile.

Foilsithe

29/5/2019

Leibhéal

Bhunscoile