ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 2 - Sinéad Ní Bhrádaigh, Comhordaitheoir Scoileanna Ildánacha agus Múinteoir


Image copyright Galway Educate Together Senior Infants Down to Earth workshop

Sinéad Ní Bhrádaigh

Tá Sinéad Ní Bhrádaigh ag obair in Ag Foghlaim le Chéile, Gaillimh ón mbliain 2002. Bhí spéis aici riamh sna healaíona, i dtaobh ceoil na n-ealaíon go príomha. Seinneann sí an pianó clasaiceach go leibhéal an Teastais Shinsearaigh agus tá sí i ndiaidh a bheith páirteach le Comhaltas Ceoltóirí Éireann mar sheinnteoir agus teagascóir pianó agus fidle i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh. Sa bhliain 2001, bhain Sinéad Ard-Dioplóma i Riarachán na nEalaíon amach agus fuair sí an-taithí agus í i mbun obair dheonach le hAmharclann Halla an Bhaile agus Ionad Ealaíon na Gaillimhe. Bhunaigh sí cór scoile GETNS sa bhliain 2004, agus déanann sí comhoibriú le múinteoir eile anois le cór a bhfuil breis is 100 scoláire páirteach ann a stiúradh. Tá cór GETNS i ndiaidh ceol a sheinm ag cúpla Peace Prom, in Amharclann Halla an Bhaile agus ag imeachtaí pobail.

Tús a Chur le Rudaí

Is próiseas an-spéisiúil agus fuinniúil é an dara cuid den phróiseas seo, a bhaineann le clár imeachtaí a chur le chéile maidir leis an téama atá againn; Bia, Cócaireacht agus Dúlra. Bhraitheamar gur ghlac sé an t-uafás ama dul chomh fada le cinneadh a dhéanamh maidir le téama a léirigh riachtanais agus mianta na bpáistí, a gcuid tuismitheoirí agus na mball foirne. Bhí an-rogha againn. Nuair a thángamar ar shocrú maidir le téarma faoi dheireadh, bhí an-sceitimíní i gceist le tobsmaointeoireacht a dhéanamh agus teacht aníos le smaointe a léireodh riachtanais an phobail scoile i gclár gníomhaíochtaí.

Bhí Yvonne an-ghnóthach ar fad sa chúlra, ag dul i dteagmháil le healaíontóirí agus gairmithe a oibríonn sna réimsí seo. Bhí na gairmithe ar fad a raibh Yvonne i dteagmháil leo an-spreagtha faoi pháirt a ghlacadh sa Chlár Scoileanna Ildánacha agus bhí ríméad orthu nascadh lenár mbunscoil ar bhealach inbhuanaithe. Tá socrú déanta againn anois go mbeadh ceardlann/turas as an láthair á dhéanamh ag gach leibhéal ranga, agus ní fhéadfaimis seo a bhaint amach gan an maoiniú a fuaireamar mar chuid den phróiseas seo. Táimid an-bhuíoch ar fad go raibh rochtain againn ar an maoiniú seo agus is iontach an acmhainn é dár gclár dara bliain freisin. Trí na ceardlanna seo, tabharfaidh na páistí faoi thóraíocht feithidí, sealgaireacht inár gcoillte áitiúla, tintiúir a dhéanamh, bheith Feasach ar Bheacha agus tailte na scoile a dhéanamh oiriúnach do phailneoirí, cuairt a thabhairt ar Fheirm Orgánach, agus ceardlann le Yvonne maidir le roinnt gearrscannán a rinne sí faoi phróiseas déanta ime.

Rinne ár bpainéal múinteoirí agus scoláirí Scoileanna Ildánacha tobsmaointeoireacht le chéile freisin agus tháinig siad aníos le ‘‘Clár Gníomhaíochtaí’’ ar féidir le gach seomra ranga a bheith páirteach ann sna seachtainí amach romhainn. I measc na ngníomhaíochtaí seo tá turgnaimh Eolaíochta le hearraí bia, seomra ranga a leagan amach mar bhialann agus lón sláintiúil a ithe le chéile; cuireadh a thabhairt do thuismitheoirí teacht chuig an seomra ranga le bácáil leis na páistí nó lena gcuid scileanna, taispeáintí de chláir agus cláir faisnéise a bhaineann le bia a roinnt. Tá súil againn taifead a choimeád ar na gníomhaíochtaí a mbeidh na páistí ag glacadh páirt iontu sa chéad chúpla seachtain amach romhainn ionas gur féidir linn ceiliúradh a dhéanamh ar an gcruthaitheacht seo agus muid ar ais ó laethanta saoire an tsamhraidh. Beidh an-chuid ag tarlú sna seachtainí amach romhainn agus táimid ag súil go mór leis sin!

Foilsithe

29/5/2019

Leibhéal

Bhunscoile

Réigiún

Gaillimh