ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 4: Fiona Lawton, Comhordaitheoir na Scoileanna Ildánacha agus Múinteoir


Image copyright: Scoil Bernadette Special School

Tá Fiona Lawton ag múineadh scoláirí meánscoile i ​Scoil Speisialta Bernadette​​ le deich mbliana anuas.​ Bhain sí Máistreacht amach i Léann na Drámaíochta agus na hAmharclannaíochta i gColáiste na hOllscoile Corcaigh in 1999. I rith na tréimhse sin bhí baint ag Fiona le scríbhneoireacht, stiúradh, aisteoireacht agus drámaí a léiriú timpeall Chorcaí. In 2005 bhí páirt an Ghiúistís aici sa scannán a bhuaigh duaiseanna, ‘The Wind that Shakes the Barley'. In 2008 d'fhill Fiona ar Choláiste na hOllscoile Corcaigh chun Dioplóma Iarchéime i dTreorú agus sa Chomhairleoireacht a dhéanamh agus ina dhiaidh sin in 2013 chríochnaigh sí an tArd-Dioplóma sa Bhunoideachas le Coláiste Hibernia. Múineann Fiona ábhair éagsúla ar scoil, ach tá an-dúil aici sa drámaíocht. Gach bliain oibríonn sí le grúpa scoláirí na hArdteistiméireachta Feidhmí chun dráma a cheapadh, a léiriú agus a chur ar an ardán. Creideann Fiona go láidir sa tábhacht a bhaineann le hoideachas trí na healaíona ina bhfuil cruthaitheacht agus comhoibriú lárnach sa phróiseas foghlama.

Scoileanna Ildánacha: Am Ceiliúrtha - Blag 4

Agus deireadh na scoilbhliana ag druidim linn táimid ag súil le ceiliúradh a dhéanamh ar ár gcuid saothair cruthaithí go léir a rinneamar i rith na bliana.

Ar an 31 Bealtaine ghlac gach scoláire i Scoil Bernadette páirt inár Lá Ceiliúrtha ​do Scoileanna Ildánacha Tháinig na scoláirí go léir chuig an halla chun páirt a ghlacadh in ocht stáisiún chruthaitheacha éagsúla i ngrúpaí beaga. Bhí cúinne breacaireachta, stáisiún lego, stáisiún damhsa, jenga, duán a chur i lacha, incredibox agus stáisiún déanta cárta ann. Fuair gach duine deis triail a bhaint as gach stáisiún chun cruthú, a bheith ag damhsa agus a bheith ag súgradh! Bhí an-spraoi againn agus bhaineamar go léir taitneamh as.

San iarnóin, thángamar go léir le chéile sa halla chun roinnt léirithe cruthaitheacha a fheiceáil. Inár scoil i mbliana, ghlac ár gcéad bhlianta páirt sa chlár Music Mash Up inar fhoghlaim siad conas uirlisí éagsúla a sheinm agus canadh i mbanna ceoil. Cuireann Music Mash rochtain ar fáil do dhaoine óga de gach cumas ar cheol ar bhealach spraíúil, suaimhneach agus cuimsitheach. Éamonn Nash a d'éascaigh an tionscadal seo.  Le haghaidh tuilleadh eolais, féach musicmashup.ie/about. Bhí an t-ádh orainn dhá léiriú a fheiceáil ag an ngrúpa seo.

An chéad léiriú eile a bhí againn chonaiceamar píosa damhsa a raibh baint ag rogha scoláirí ó cheann ceann na scoile leis. Bhí na scoláirí seo ag freastal ar cheardlanna damhsa gach Déardaoin sa scoil leis an ealaíontóir damhsa Lisa Cahill. Bhí an píosa damhsa mar chuid de ghluaiseacht idirnáisiúnta de Global Water Dances. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar an suíomh ​gréasáin globalwaterdances.org/ Ba léir go raibh go leor oibre agus cleachtaidh déanta ag na scoláirí ar a léiriú agus ba mhór an pléisiúr dóibh iad féin a chur in iúl go cruthaitheach.

Chonaiceamar athléiriú drámata ansin ar amhrán ‘A Boy Named Sue‘ le Johnny Cash ón rang ATF 2. Cheap an grúpa an píosa agus léirigh siad féin é. Bhí an dráma siamsúil agus greannmhar agus bhain an lucht féachana an-taitneamh as.

Ba é ár bpríomhfhócas i mbliana mar Scoil Ildánach ná Ceardlanna Amharcealaíona breise a thairiscint do scoláirí ar fud na scoile. Chríochnaigh na ceardlanna seo le crann cairdis atá curtha ar taispeáint le bród lasmuigh dár scoil. Dhathaigh agus tharraing gach dalta ar shraith dioscaí a bhí mar chuid den phictiúr comhoibritheach seo. Chun ár Lá Ceiliúrtha a thabhairt chun críche d'fhéachamar ar scéal grianghraf a rinne doiciméadú ar na ceardlanna seo. Chonaiceamar próiseas na hoibre a raibh go leor obair foirne agus comhoibrithe i gceist léi. Rosaleen Moore agus Ailbhe Barrett a d'éascaigh na ceardlanna seo, agus faoi stiúir Mairead O’Callaghan ó Crawford Supported Studios. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach:crawford.cit.ie/supported-studio-project-with-gasp-and-c_ig-artists/.

Fuair na scoláirí rannpháirteacha go léir teastas ón bpríomhoide as a ról sa tionscadal Scoileanna Ildánacha i mbliana.

Tá caidrimh reatha forbartha againn i mbliana agus tá naisc agus cairdis nua déanta againn le go leor ealaíontóirí agus eagraíochtaí lasmuigh dár scoil. Bhí sé de phribhléid againn go raibh na healaíontóirí go léir a d'oibrigh lenár scoil i mbliana mar aíonna ar ár Lá Ceiliúrtha.

Tá deireadh tagtha le Tionscadal na Scoileanna Ildánacha don bhliain seo ach leanann an chruthaitheacht ar aghaidh i Scoil Bernadette. I dtreo dheireadh an Mheithimh beidh Comórtas X Factor á reáchtáil againn ina mbeidh gach scoláire ag dul ar stáitse arís chun canadh agus damhsa a dhéanamh. Táimid ag tnúth cheana féin leis an mbliain seo chugainn nuair is féidir linn pleanáil a dhéanamh dár gcéad tionscadal eile de chuid na Scoile Ildánacha. Tá flúirse smaointe ag scoláirí cheana féin faoi cad ba mhaith leo a dhéanamh. Tá áthas orainn gur ghlacamar páirt sa tionscadal Scoileanna Ildánacha i mbliana agus táimid bródúil as ár rannpháirtíocht agus as ár n-éachtaí.

Foilsithe

17/6/2019

Réigiún

Corcaigh