ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 4 - Yvonne Cullivan, Comhghleacaí Cruthaitheach do Scoileanna Ildánacha & Amharc-ealaíontóir


Yvonne Cullivan

Is amharc-ealaíontóir agus oideoir atá lonnaithe in Iarthar na hÉireann í Yvonne Cullivan. Tá cúig bliana déag de thaithí aici i gcleachtas na Mínealaíne, in Oideachas Ealaíon, in Ealaíona Poiblí agus Rannpháirteacha, agus i mBainistíocht Ealaíon. Tá B.A. aici sa Mhínealaín ó Choláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha Crawford i gCorcaigh agus tá M.Sc. aici sna hIlmheáin ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Is Léachtóir í Yvonne sa Choláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha i mBaile Átha Cliath ar Chlár Mínealaíne agus Deartha na Chéad Bhliana agus i Roinn na Meán Mínealaíne. Tá sí ag obair mar Chomhpháirtí Cruthaitheach mar chuid de Chlár na Scoileanna Ildánacha faoi láthair chomh maith.

Oibríonn Yvonne thar réimse leathan meán de nós clár faisnéise, lena n-áirítear fuaim, físeán, grianghrafadóireacht, agallamh/comhrá, tarraingt agus scríbhneoireacht agus is é bunchloch a cleachtais cur chuige láidir rannpháirtíochta agus comhoibrithe. Is minic a oibríonn sí laistigh de phobail áiteanna, agus rannpháirtíocht i dtaighde a bhaineann leis an suíomh agus giniúint eolais idirdhisciplínigh á bhfréamhú aici. Is é an toradh a bhíonn ar phróisis leanúnacha bhreathnóireachta, cháipéisíochta, chomhoibrithe, agus rannpháirtíochta eispéireasaí le háit ná cruthú saothar nua ar léiriú iad ar an bpróiseas, atá feiliúnach don phróiseas, agus atá múnlaithe ag an bpróiseas.



Blag 4 - Machnamh agus Beachtú

Tá deireadh anois le mo chéad bhliain mar Chomhlach Cruthaitheach ar Chlár na Scoileanna Ildánacha leis na trí scoil a tugadh dom. Ní áiríonn rud ar bith críochnaithe, áfach; tá an chuma air nach bhfuilimid ach ag tosú. Cé gur tugadh faoi ghníomhaíochtaí cruthaitheacha i ngach scoil mar thoradh ar an bpróiseas comhairliúcháin, breathnaímse ar obair na bliana seo mar a bheadh taighde agus forbairt ann agus ní bheadh iontas orm dá mbraithfinn mar seo i mbliain a dó. Bhí an próiseas comhairliúcháin i ngach cás an-chuimsitheach ar fad agus bhí na comhráite leis na comhordaitheoirí agus na comhráite leis an mbainistíocht, a bhí chomh tábhachtach céanna cé nár tharla siad chomh minic céanna, bhí na comhráite sin láidir agus leathan. Trí mheastóireacht le roinnt páistí ó gach scoil, den chuid is mó, dúirt siad gur bhain siad taitneamh go dtí seo as a rannpháirtíocht sa chlár agus gur fhoghlaim siad.

Dar liom, is éard atá i gceist le ról an Chomhlaigh Chruthaithigh ná cabhrú le cuir chuige chruthaitheacha i leith an teagaisc agus na foghlama (i leith na smaointeoireachta agus na maireachtála, d’fhéadfá a rá) a leabú laistigh de thimpeallacht na scoile. Ag machnamh air seo, bheadh sé éasca díomá a bheith orm le hobair na bliana, toisc nár éirigh léi an sprioc sin a bhaint amach ar chor ar bith. Bhí roinnt ábhar díomá; níor ghlac na múinteoirí ar fad páirt sna gníomhaíochtaí a eagraíodh, níor thuig na páistí ar fad an nasc idir tuairimí a chur siad in iúl le linn an phróisis comhairliúcháin agus na gníomhaíochtaí ar ghlac siad páirt iontu mar thoradh air sin, níor cuireadh i gcrích cuid de na gníomhaíochtaí a pleanáladh, níor bhain roinnt daoine taitneamh as na gníomhaíochtaí. Bhí roinnt deacrachtaí eagrúcháin níos mó ann freisin; ba é an toradh ar thús mall leis an gclár agus an próiseas comhairliúchán fada agus dian ná gur tugadh faoi fhormhór na ngníomhaíochtaí ag an am is gnóthaí den bhliain do scoileanna. Bhí an tionchar ba mhó aige seo in SNFLCG, áit ar fhorbair agus ar chuir muid i bhfeidhm clár uaillmhianach scoile uile i mí na Bealtaine agus i mí Meithimh. Cailleadh an comhtháthú scoile uile a bhí ag teastáil uainn chun cur chuige iomlánaíoch an chláir a chur i gcrích i ruaille buaille dheireadh na bliana. Tá cinneadh déanta agam breathnú air seo ar fad mar fhoghlaim.

Tá caidrimh á gcruthú agam féin agus ag mo thrí scoil, tá leibhéil tuisceana á mbaint amach againn, táimid ag fáil amach céard a oibríonn agus céard nach n-oibríonn i ngach suíomh. Táimid ar aistear. Mar thoradh ar an meon fadtéarmach seo agus ar an bhfís chomhroinnte maidir le hiarracht a dhéanamh dul isteach níos doimhne sa chruthaitheacht laistigh de thimpeallacht na scoile, tá moltaí soiléire againn do 2019/20. Bainfidh cuid mhór dár gcuid oibre le chéile le hinfheistiú a dhéanamh i bhforbairt ghairmiúil chruthaitheach do mhúinteoirí. Is cosúil gurb é seo an úsáid is riachtanaí agus is inbhuanaithe dár gcuid ama le chéile. Is iad na príomhdhúshláin a bheidh romhainn ná am na foirne a chur ar fáil agus dul níos faide ná an curaclam ealaíon. Glacfaidh SNFLCG páirt i dtionscadal Chéatadán don Ealaín a thógfaidh, le cúnamh Dé, ar bhealach an-spéisiúil ar fad, ar ár gcuid oibre i mbliana; tá na buachaillí i mBaile Átha na Rí dár treorú i dtreo cláir a bhaineann leis an spraoi cruthaitheach agus an timpeallacht lasmuigh; tá scoil na hEaglaise chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar shealbhú scileanna digiteacha. Tá an próiseas cruthaitheach agus faoi stiúir páistí agus tá ciall leis sin domsa.



Foilsithe

29/7/2019

Leibhéal

Bhunscoile

Réigiún

Gaillimh