ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 4 - Ciara Gallagher, Rannpháirtí ar an gclár um Chruthaitheacht agus Athrú


Tá PhD sa Bhéarla ag Ciara ó Ollscoil Mhá Nuad. D'oibrigh sí mar thaighdeoir ar National Collection of Children’s Books (Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath) agus ar “Gender Identity: Child Readers and Library Collections” ag an Centre for Children’s Literature and Culture, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Theagasc sí Béarla in ollscoileanna éagsúla agus faoi láthair tá sí ag obair ag Kids’ Own Publishing Partnership mar riarthóir oifige.

Blag 4 - aidir le Cruthaitheacht agus an t-Athrú a chleachtadh

Dhírigh an dara leath den​chúrsa um Chruthaitheacht agus Athrú ar “an cleachtas a chur i bhfeidhm” – ar na foirmeacha agus na modhanna rannpháirtíochta cruthaithí a chur i bhfeidhm a raibh taithí againn orthu agus a d'oibrigh muid leo sa chéad leath den chúrsa.​ Thar an iliomad deireadh seachtaine, rinneamar an chruthaitheacht a chleachtadh ar fud foirmeacha éagsúla. I bhfoirne beaga, rinneamar chomh-éascú ar ceardlanna cruthaitheacha chun díriú go criticiúil ar shaincheisteanna ceartais áitiúla agus domhanda tábhachtacha lenár gcomhghleacaithe. Chruthaíomar píosa ealaíne sráide a bhí 60 troigh ar fad – ag glacadh páirte sa phróiseas iomlán ó thús go deireadh.  Rinneamar roinnt gníomhartha sráide cruthaitheacha a phleanáil agus a dhearadh chun dul i dteagmháil leis an bpobal i gcathair Chorcaí chun tacú le Climate Case Ireland.

Cuid lárnach den chúrsa um Chruthaitheacht agus Athrú is ea a fhócas ar an bhfoghlaim a tharlaíonn tríd an gcloigeann, an lámh agus an croí a nascadh– trí mhachnamh agus smaointeoireacht chriticiúil, trí bheart a dhéanamh, trí ghníomh a dhéanamh agus trí fhoghlaim mhothachtálach agus naisc a chruthú. Bhí baint ag gach gníomhaíocht, gach deireadh seachtaine, leis na trí mhodh foghlama. Ní hamháin go ndearnamar cleachtadh ar chur i bhfeidhm na cruthaitheachta agus próisis chruthaitheacha chun machnamh agus gníomh criticiúil a spreagadh chun athrú a thabhairt i gcrích ar shaincheisteanna ceartais dhomhanda, thógamar pobal freisin, comharghrúpa, cibé chomh sealadach is atá sé. D'éirigh na héispirís seo laistigh níos fiúntaí dá bharr.

Ní cheart an tsamhail cheann, lámh agus croí a chur i bhfeidhm maidir le heispéiris foghlama áirithe amháin, ach rud gur féidir bonn eolais a chur faoi an oiread réimsí dár saolta, ár bhfoghlaim, ár dteagasc, an dóigh a mbímid beo. Is rud seo freisin, cosúil le cruthaitheacht, le cleachtach a dhéanamh air gach lá agus le bheith ag tógáil air go leanúnach.

Is cosúil gur anois, b'fhéidir níos mó ná riamh, an t-am le gníomh a dhéanamh inár ndomhan, chun diúltú gabháil siar chuig na easpa spéise. Is féidir go mbíonn cuma dodhéanta ar an tasc é scála agus dianseasmhacht na saincheisteanna ceartais dhomhanda atá romhainn. Is é an rud a spreagann an cúrsa um Chruthaitheacha agus Athrú ná nach gá mothú go bhfuil sé gan tairbhe a bheith ag tabhairt aghaidh ar na ceisteanna seo arís agus arís eile. Is é an rud eile ná nach mbeidh sé mar fhianaise nach n-athraíonn aon rud in ainneoin ár dtréaniarrachta. Is rud é le bheith beo leis agus a dhéanamh ina chuid dár saolta é ag tabhairt aghaidh ar shaincheisteanna ceartais shóisialta ar bhealaí nua, cruthaitheacha agus éagsúla. Is fearr seo a dhéanamh ina áit.

Foilsithe

31/7/2019

Leibhéal

An 3ú Leibhéal

Réigiún

Corcaigh